I dtreo beartais ghinearálta ar an gcomhrac in éadan na cibearchoireachta

Agus an tidirlíon mar chuid dár ngnáthshaolta anois, tá úsáideoir an idirlín i gcontúirt coirpeach a oibríonn ar mhór-ranna eile go minic chomh maith. I bhfianaise an mhéadaithe thapa ar an gcibearchoireacht*, d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach an foras le haghaidh beartas cuimsitheach chun dul i ngleic léi in 2007.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste na Réigiún: I dtreo beartais ghinearálta ar an gcomhrac in éadan na cibearchoireachta (COM(2007) 267 final an 22.5.2007)

ACHOIMRE

Agus an tidirlíon mar chuid dár ngnáthshaolta anois, tá úsáideoir an idirlín i gcontúirt coirpeach a oibríonn ar mhór-ranna eile go minic chomh maith. I bhfianaise an mhéadaithe thapa ar an gcibearchoireacht*, d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach an foras le haghaidh beartas cuimsitheach chun dul i ngleic léi in 2007.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID SEO?

Féachadh inti le beartas ginearálta a chur i láthair chun an comhrac in éadan na cibearchoireachta a chomhordú níos fearr.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí agus gníomhartha

Bhí sé d’aidhm leis seo an comhrac in éadan na cibearchoireachta a neartú ar na leibhéil náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta trí:

ÉACHTAÍ

Áirítear orthu sin:

Chun tuilleadh eolais a fháil féach leathanaigh ghréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar chibearchoireacht.

CÚLRA

Rinneadh ról oirirc Chomhairle na hEorpa maidir le reachtóireacht sa réimse gnóthaí baile a aithint go foirmiúil in Airteagal 68 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tháinig i bhfeidhm in 2009. Leis sin is féidir gníomh i gcoinne na cibearchoireachta a chomhlánú le dlíthe AE agus tionscnaimh fhadtréimhseacha.

PRÍOMHTHÉARMA

Cibearchoireacht: gníomhartha coiriúla a dhéantar ag baint úsáid as líonraí cumarsáide leictreonaí agus córais faisnéise nó i gcoinne líonraí agus córas dá leithéid.

Is féidir é a roinnt ina 3 chineál:

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Comhchumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéis Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán (JOIN (2013) 1 final an 7 Feabhra 2013).

Nuashonraithe 26.05.2015