Strasbourg, 12.9.2023

COM(2023) 535 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Pacáiste Faoisimh do FBManna


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Pacáiste Faoisimh do FBManna

1Tá gnólachtaí beaga tábhachtach

Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) lárnach do chreat eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa. Maidir leis an 24 mhilliún FBM san Eoraip, arb iad 99 % de na gnólachtaí uile san Aontas, cuireann siad dhá thrian de na poist san earnáil phríobháideach san Aontas ar fáil 1 agus tá siad leabaithe go domhain i bpobail áitiúla, go háirithe i gceantair thuaithe 2 . Is mó ná leath den bhreisluach in earnáil ghnó neamhairgeadais an Aontais iad agus is timpeallacht chuí iad san Eoraip don nuálaíocht 3 , don éagsúlacht agus don chomhionannas 4 . Tá FBManna fíor-riachtanach d’aistriú glas agus digiteach na hEorpa 5   agus do rathúnas fadtéarmach na hEorpa. 

Dá réir sin, is cuid de bheartas an Choimisiúin iad FBManna i gcónaí, go háirithe ó seoladh Straitéis FBM 2020 6 . Faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair (2021-2027) agus faoi NextGenerationEU 7 , tá coinne ag an gCoimisiún go gcuirfear níos mó ná EUR 200 billiún ar fáil do FBManna faoina chláir chistiúcháin éagsúla. I dtréimhse inar tharla géarchéimeanna i ndiaidh a chéile, bhí téarnamh marthanach agus athléimneacht FBManna ina bpríomhthosaíocht. Leis an Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 8 cuirtear suas le EUR 45 bhilliún de thacaíocht gan fasach ar fáil do FBManna 9 , chomh maith le EUR 65 bhilliún ar an iomlán faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe 10 . Ba iad FBManna príomhthairbhithe na hionstraime Eorpaí le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), a ceapadh chun poist agus ioncaim a ndearnadh paindéim an choróinvíris difear dóibh a chosaint. Thairis sin, bhí leasanna FBManna i gcroílár chreat sealadach an Choimisiúin maidir le státchabhair 11 , rud a chuir ar a gcumas do na Ballstáit an tacaíocht is gá a chur ar fáil do ghnólachtaí atá i ngátar agus ag an am céanna cóir chomhionann á háirithiú agus teorainn á cur le saobhadh míchuí ar iomaíocht a bhainfeadh an bonn den Mhargadh Aonair.

Chuidigh raon gníomhaíochtaí le FBManna na hEorpa deiseanna margaidh nua a thapú ar deiseanna iad a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas agus digiteach agus leis an gcomhar trasearnála agus trasteorann. Ó 150 Mol Nuálaíochta Digití a chur in úsáid ar fud na mór-roinne go líonra comhairleoirí inbhuanaitheachta a chur ar fáil do FBManna 12 ; ó chonairí aistrithe a sheoladh d’éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa 13 go athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais 14 ; ó chuidiú le FBManna rochtain a fháil ar shonraí faoi dhálaí cothroma 15 go leas a bhaint as caipiteal riosca do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna i réimsí straitéiseacha amhail an spás 16 ; agus ó idirnáisiúnú 17 agus trádáil 18 a neartú, deiseanna gnó a fheabhsú tríd an Tairseach Dhomhanda 19 go sócmhainní maoine intleachtúla a chosaint 20 : bhí riachtanais FBManna chun tosaigh in obair an Choimisiúin.

Mar sin féin, tá ar FBManna dul i ngleic le héiginnteachtaí móra, srianta soláthair, ganntanas lucht saothair agus iomaíocht nach mbíonn cóir i gcónaí. Mar gheall ar luaineacht agus ar dhothuarthacht sa chomhthéacs eacnamaíoch reatha, tá sé níos deacra do FBManna gnó a dhéanamh. Le linn tréimhsí de 2021 agus 2022, bhí deacrachtaí acu foireann nua a earcú chun freastal ar an téarnamh láidir san éileamh. Ina theannta sin, bhí orthu dul i ngleic le costais fuinnimh níos airde mar thoradh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ag an am céanna, chuir na praghsanna amhábhar a bhí ag méadú go tapa níos mó brú ar ghnólachtaí beaga. Mar thoradh ar rátaí úis atá ag dul i méid, tá rochtain FBManna ar mhaoiniú níos troime freisin.

Is dócha go leanfaidh na dúshláin seo ar aghaidh. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de thacú gan staonadh le FBManna, cuidiú leo a dtéarnamh a chomhdhlúthú agus leas a bhaint as a n‑acmhainneacht iomlán, ionas gur féidir leo ar fad - ón siopa cúinne agus ón óstán teaghlaigh go dtí an gnólacht nuathionscanta teicneolaíochta - leanúint de bheith ag rannchuidiú le rathúnas fadtéarmach na hEorpa.

Leis an bPacáiste Faoisimh do FBManna seo, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún faoiseamh gearrthéarmach a chur ar fáil, borradh a chur faoi iomaíochas agus athléimneacht fhadtéarmach FBManna, agus timpeallacht ghnó atá cothrom agus fabhrach do FBManna a chothú. Áirítear ann na nithe seo a leanas:

·togra le haghaidh Rialachán maidir le híocaíochtaí déanacha,

·togra le haghaidh Treoir maidir le simpliú cánach do FBManna,

·sraith beart chun cúrsaí a dhéanamh níos éasca do FBManna, chun rochtain ar mhaoiniú agus ar lucht saothair oilte a fheabhsú, agus chun tacú le FBManna ar feadh a saolré gnó.

Tá an chéad tuarascáil cur chun feidhme maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an chéad réamh-athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an gcaidreamh idir ardáin agus gnólachtaí (‘Rialachán P2B’) 21 ag gabháil leis an Teachtaireacht.

2Dúshláin: FBManna agus a dtéarnamh marthanach

Níor fhill FBManna ar an leibhéil feidhmíochta a bhí acu roimh an bpaindéim go fóill. Nuair a dhéantar coigeartú don bhoilsciú, tuartar go bhfanfaidh breisluach FBManna do 2023 3,6 % faoi bhun a leibhéil in 2019 (i gcoinne 1,8 % i gcás fiontair mhóra), agus is ar éigean atá fostaíocht FBManna tagtha ar ais go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim 22 . I dtéarmaí réadacha in 2022, tháinig laghdú ar bhreisluach do FBManna in 12 as na 14 éiceachóras thionsclaíocha 23 agus tuartar go dtiocfaidh laghdú ar bhreisluach do FBManna sna héiceachórais uile in 2023.

Fíor 1: Príomhdhúshláin do FBManna; foinse: Flais-Eorabharaiméadar 486

Tá ualach riaracháin nó bacainní rialála ar na fadhbanna is mó atá ag 55 % de FBManna 24 . Rannchuidíonn timpeallacht rialála intuartha, dea-rialachas agus creat institiúideach éifeachtúil le hiomaíochas a fheabhsú, cothroime a bhaint amach agus faoiseamh a sholáthar.

Leis na híocaíochtaí déanacha a mbíonn ar FBManna dul i ngleic leo, cuirtear bac ar iomaíochas, méadaítear neamhchinnteacht, agus i gcás soláthar poiblí, díspreagtar an rannpháirtíocht. In aon chuideachta dá ndéantar difear, méadaíonn siad riachtanais chaipitil oibre agus costais mhaoinithe, cuireann siad le costais mar gheall ar an am a chaitear ag dul sa tóir ar fhéichiúnaithe, agus ar an gcaoi sin laghdaítear an cumas infheistíocht a dhéanamh.

Bíonn ar ghnólachtaí beaga tuilleadh iarrachta a dhéanamh chun rochtain a fháil ar mhaoiniú i gcomparáid le cuideachtaí móra. Le neamhchinnteacht mhéadaithe agus costais níos airde i gcistiú laghdaítear cumas FBManna infheistíocht a dhéanamh. Ag deireadh 2022, bhí coinne ag FBManna le meathlú ar infhaighteacht gach cineáil airgeadais 25 .

Is í infhaighteacht foirne oilte nó bainisteoirí a bhfuil taithí acu an fhadhb is tábhachtaí anois do 27 % de FBManna san Aontas 26 , agus tuairiscíonn 70 % de FBManna méadú ar chostais saothair 27 . Léiríonn torthaí an Eorabharaiméadair maidir le scileanna 28   a chuirtear i láthair i gcomhthráth leis an Teachtaireacht seo go gcuireann ganntanas scileanna srian le gníomhaíochtaí gnó do 63 % de FBManna, agus go gcuireann siad bac freisin ar a niarrachtaí maidir le digitiú (do 45 % de FBManna) agus glasú (39 %).

Díreofar ar na dúshláin sin sna gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa Phacáiste Faoisimh do FBManna seo, mar a thuairiscítear thíos.

3Faoiseamh do FBManna: Cuidiú le FBManna gnó a dhéanamh le linn tréimhsí dúshlánacha

Cúrsaí a dhéanamh níos éasca do FBManna

3.1.1Cánacha a shimpliú

Bíonn ar ghnólachtaí, go háirithe iad siúd a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann, dul i ngleic le castacht agus costais arda chomhlíontachta toisc go mbíonn orthu córais éagsúla cánach corparáide a chomhlíonadh agus iad i mbun gnó i níos mó ná Ballstát amháin. Dá bhrí sin, mar chuid den Phacáiste Faoisimh do FBManna seo, tá simpliú mór á mholadh ag an gCoimisiún i réimse an chánachais dhírigh do FBManna a chruthaigh láithreacht incháinithe i mBallstát eile trí bhuanbhunaíocht. Bheadh cead ag na FBManna sin bonn cánach a mbuanbhunaíochtaí a ríomh i mBallstáit eile i gcomhréir le rialacha a mBallstáit tionscnaimh, ina gcoinníonn siad a gceannoifig agus ar a bhfuil an cur amach is mó acu. Rachaidh na rialacha atá beartaithe chun tairbhe FBManna go háirithe ag céim luath den leathnú idirnáisiúnta. Meastar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra go bhféadfadh sé laghdú 32 % a dhéanamh ar chostais chomhlíontachta cánach FBManna, rud a chruthódh coigiltis fhoriomlán suas le EUR 3,4 billiún in aghaidh na bliana. 

Ina theannta sin, chun an tualach atá ar ghnólachtaí beaga a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann a laghdú agus iad ag déileáil le CBL ar fud an Aontais, beidh feidhm ag rialacha nua CBL ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh 29 . Beidh sé de rogha ag gnólachtaí beaga incháilithe a soláthairtí earraí agus seirbhísí a dhéantar in aon cheann de Bhallstáit eile an Aontais sa bhreis ar a mBallstát bunaíochta a dhíolmhú ó CBL.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 1: molann sé treoir maidir le simpliú cánach lena mbunaítear córas cánach Ceannoifige do FBManna.

3.1.2Rialáil níos fearr do FBManna

Tá an Coimisiún tiomanta do thimpeallacht rialála atá fabhrach do ghnólachtaí a áirithiú a chuidíonn le FBManna a bheith táirgiúil, iomaíoch agus athléimneach. In 2021 rinne an Coimisiún an tástáil FBM a neartú a thuilleadh, arb uirlis í lena ndéantar anailís ar thionchar tograí ar FBManna, chun a anailís a fheabhsú a thuilleadh agus chun tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar na tionchair sin 30 . Ní mór an tástáil FBM a dhéanamh agus a thuairisciú ar bhealach níos córasaí i ngach tuarascáil ar mheasúnú tionchair, i gcás ina bhfuil sé comhréireach le hábharthacht tionscnaimh do FBManna. Tá tuilleadh feabhais ar chur i bhfeidhm na tástála FBM indéanta agus riachtanach, áfach: Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na moltaí a eiseoidh an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ 31 níos déanaí in 2023 maidir le cur i bhfeidhm na tástála FBM chun measúnuithe níos mionsonraithe agus níos comhsheasmhaí fós a áirithiú ar thionchair a thograí dlí ar FBManna 32 .

Meastar go bhfuil 80 % de thionscnaimh reachtacha uile an Aontais ábhartha do FBManna, bunaithe ar an scagaire FBM 33 , uirlis a úsáidtear i luathchéimeanna an cheaptha beartas, a fheidhmíonn mar chuid lárnach den tástáil FBM. Ó bhí mhí Eanáir 2022 ann, tá aird tarraingthe ag an uirlis sin ar leasanna FBManna, i ndlúthchomhar le Toscairí FBManna 34 . Treisíodh é sin a thuilleadh ó mhí an Mhárta 2023 leis an tseiceáil nua ar iomaíochas, ina ndéantar tuairisciú ar bhealach comhtháite i ngach measúnú tionchair ar an tionchar a bhíonn ag an iomaíochas ar ghnó, lena náirítear ar iomaíochas FBManna. An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, comhlacht maoirseachta neamhspleách an Choimisiúin maidir le rialú cáilíochta ar dhréacht-mheasúnuithe tionchair agus meastóireachtaí, rinneadh é a threisiú le beirt chomhaltaí nua agus neartaíodh a shainordú chun a fhócas ar iomaíochas a mhéadú. Sa bhreis ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ agus ar chomhtháthú na gné fadbhreathnaitheachta i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí an Choimisiúin, tá sé de cheangal ar an mBord anois aird ar leith a thabhairt ar na tionchair ar iomaíochas. Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh sé measúnú ar cháilíocht na meastachán ar chostais agus ar cé acu an bhfiosróidh nó nach bhfiosróidh na tuarascálacha go leordhóthanach an bhféadfaí reachtaíocht a shimpliú agus ualach nach bhfuil gá leis ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh a laghdú. Sa chéad chruinniú bliantúil eile a bheidh aige le comhlachtaí maoirseachta, déanfaidh an Bord plé níos doimhne ar na tionchair ar iomaíochas agus ar thionchair FBManna, agus déanfaidh sé dea-chleachtais a mhalartú le grinnscrúdúoirí eile de chuid an Aontais 35 .

Ceapfaidh an Coimisiún Toscaire AE tiomanta na FBManna a thuairisceoidh go díreach don Uachtarán, agus a thuairisceoidh don Choimisinéir um an Margadh Inmheánach freisin maidir le gach gníomhaíocht a bhaineann le FBManna a dhéantar i gcomhar le seirbhísí na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW), a thacóidh le hobair an Toscaire. Chomh maith le hobair níos leithne tathanta agus comhordaithe laistigh den Choimisiún, le Líonra Toscairí na FBManna agus go seachtrach, agus ag tógáil ar na forbairtí roimhe seo, beidh Toscaire AE na FBManna in ann feasta páirt a ghlacadh in éisteachtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála le hArd-Stiúrthóireachtaí maidir le tionscnaimh a bhfuil tionchar mór acu ar FBManna. Sa chomhthéacs sin, agus gan dochar d’fheidhmiú agus do neamhspleáchas an Bhoird, beidh Toscaire AE na FBManna in ann saincheisteanna a ardú agus an Bord a chur ar an airdeall maidir le drochthionchair shuntasacha ar FBManna, maidir le bearta breise a d’fhéadfadh a bheith ann chun iad a mhaolú, maidir le hiontaofacht anailísí costais/sochair agus iomaíochais agus maidir leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin. Ina theannta sin, soláthróidh Toscaire AE na FBManna don Choimisiún, bunaithe ar an scagaire FBM, liosta na dtionscnamh is mó a mbeidh tionchar acu ar FBManna, ar a ndéanfaidh an Coimisiún an tástáil FBM iomlán.

Cé go bhfuil a spriocanna á mbaint amach ag an gcóras ar an iomlán 36 , tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún na hualaí ó reachtaíocht an Aontais a laghdú a thuilleadh. Faoin gclár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), is é atá i gceist le gach meastóireacht agus athbhreithniú ar reachtaíocht scagadh córasach a dhéanamh ar an acmhainneacht chun an tualach a laghdú. Rannchuidíonn an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ leis an bpróiseas sin. I gcás gach togra suntasach, cinntítear le measúnuithe tionchair cuimsitheacha gur mó na tairbhí ná na costais. Ó bhí mhí Eanáir 2022 ann, lena chur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, thug an Coimisiún isteach ‘bac costas’, arb é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar costais riaracháin i réimse beartais ar leith a fhritháireamh agus go ndéanfar costais choigeartaithe a chúiteamh a mhéid is féidir. Mar thoradh ar an gcéad bhliain de chur chun feidhme iomlán an chur chuige, tháinig laghdú suntasach ar chostais riaracháin le tograí lena gcuirfear glanchoigilteas EUR 7,3 billiún ar fáil 37 . Tá an Coimisiún tiomanta go hiomlán d’acmhainneacht na huirlise sin a bhaint amach sna blianta amach romhainn.

Chun creat rialála atá níos fabhraí don nuálaíocht agus a sheasfaidh an aimsir a chumasú 38 , cuireann an Coimisiún úsáid boscaí gainimh rialála chun cinn 39 i roinnt réimsí nuálacha, amhail an intleacht shaorga 40 agus an domhan fíorúil 41 . Ba cheart ionstraimí den sórt sin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos leithne, rud a chuirfeadh ar a gcumas do ghnólachtaí san Aontas, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, triail a bhaint as teicneolaíochtaí, cleachtais, seirbhísí, feidhmchláir agus samhlacha gnó nua i bhfíorthimpeallacht rialaithe, go háirithe i gcásanna ina bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil nó bearnaí agus bacainní rialála ag cur isteach ar a bhforbairt.

Chun leasanna FBManna a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus tograí reachtacha nua á n‑ullmhú ag an gCoimisiún, déanfaidh sé cineálacha áirithe forálacha atá fabhrach do FBManna a mheas go córasach. Áirítear orthu sin na nithe seo a leanas, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina bhfuil údar maith leo:

(1)an fhéidearthacht idirthréimhsí níos faide a cheadú do FBManna, chun intuarthacht a áirithiú agus comhlíonadh ag FBManna a éascú;

(2)ceanglais maidir le treoraíocht shonrach do FBManna atá le cur ar fáil ag an gCoimisiún agus/nó ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta atá beartaithe (e.g. achoimre ar an reachtaíocht, ábhar oiliúna ar líne) nuair is gá;

(3)ceanglas ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ar FBManna, lena sainítear go minic leibhéal na gcostas do FBManna agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara a spreagadh trí aiseolas a thabhairt tríd an ardán ‘Cloisimis uait: Simplímis iad!’ 42 ; nó

(4)clásal athbhreithnithe nó clásal éagtha sa reachtaíocht thánaisteach, le huainiú comhsheasmhach leis an bpróiseas meastóireachta ex post, chun ceanglais tuairiscithe agus comhlíonta eile a íoslaghdú agus chun measúnú fóinteach a áirithiú an bhfuil an reachtaíocht oiriúnach dá cuspóir i gcónaí agus go leanann a forálacha de bheith ag oibriú go maith do FBManna.

Leanfaidh an Coimisiún d’fheabhas a chur ar a phróisis maidir le rialáil níos fearr, lena náirítear infheictheacht a ghníomhaíochtaí rialála níos fearr maidir le FBManna agus maidir leis an iomaíochas, chun a áirithiú go noibreoidh dlíthe agus beartais an Aontais ar bhealach níos fearr do FBManna. Leis na gníomhaíochtaí uile a chuirtear i láthair sa teachtaireacht seo, beidh an Coimisiún in ann dlús a chur le cáilíocht a mheasúnaithe ar thionchair tograí dlíthiúla ar FBManna agus ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘Tús Áite d’Fhiontair Bheaga’ 43 i mbeartais uile an Aontais.

Ní ghníomhaíonn an Coimisiún ina aonar agus is tábhactach freisin tiomantas na gcomhreachtóirí, na n‑údarás náisiúnta agus réigiúnach, ag gníomhú dóibh laistigh dá n‑inniúlachtaí. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, beifear in ann gné na FBManna a áireamh sa phróiseas reachtóireachta idirinstitiúideach, ós rud é gur freagracht chomhpháirteach de chuid na gcomhreachtóirí é a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais ar ardcháilíocht bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchair. Ina theannta sin, tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir lena áirithiú go dtacaíonn an reachtaíocht náisiúnta, lena n‑áirítear bearta lena dtrasuítear dlí an Aontais, leis an bprionsabal ‘Tús Áite d’Fhiontair Bheaga’ agus go laghdaítear an t‑ualach riaracháin ar FBManna.

Ar deireadh, ba cheart do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, gníomhaireachtaí díláraithe agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais 44 cur chun feidhme bheartais an Aontais atá fabhrach do FBManna a chur chun cinn, go háirithe trí bhíthin deasca cabhrach FBManna nó pointí teagmhála FBManna, treoraíocht ábhartha do FBManna i ngach teanga de chuid an Aontais nó uirlisí ar líne a oireann do FBManna 45 .

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 2: déanfaidh sé breithniú córasach ar fhorálacha sonracha atá fabhrach do FBManna i dtograí reachtacha nua, i gcás inarb iomchuí, ina bhfuil údar leis agus ina bhfuil sé i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais.

·Gníomhaíocht 3: ceapfaidh sé Toscaire AE tiomanta na FBManna chun treoraíocht agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir le saincheisteanna FBManna agus chun tacú le leasanna FBManna go seachtrach. Tuairisceoidh an Toscaire go díreach don Uachtarán, agus tuairisceoidh sé freisin don Choimisinéir um an Margadh Inmheánach maidir le gach gníomhaíocht a bhaineann le FBManna a dhéantar i gcomhar le seirbhísí AS GROW, a thacóidh le hobair an Toscaire.

·Gníomhaíocht 4: áiritheoidh sé go nglacfaidh Toscaire AE na FBManna páirt in éisteachtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála le hArd-Stiúrthóireachtaí maidir le tionscnaimh a bhfuil tionchar mór acu ar FBManna.

·Gníomhaíocht 5: déanfaidh sé cur chun feidhme measúnaithe ‘ar an láthair’ a chur chun cinn i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle ar an tionchar a bheidh ag leasuithe substaintiúla atá beartaithe ar thograí an Choimisiúin ar FBManna agus ar iomaíochas le linn an phróisis chomhreachtaigh.

·Gníomhaíocht 6: déanfaidh sé teagmháil le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus díláraithe chun dea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun cinn le haghaidh tacaíocht do FBManna d’fhonn é a dhéanamh níos éasca do FBManna úsáid a bhaint as seirbhísí na ngníomhaireachtaí.

·Gníomhaíocht 7: oibreoidh sé leis na Ballstáit chun turgnamh agus nuálaíocht a chur chun cinn do ghnólachtaí nuathionscanta trí bhoscaí gainimh rialála.

3.1.3Teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun an tualach a laghdú agus chun athléimneacht a fheabhsú

Féadfaidh digitiú méadaithe an tualach agus na costais do FBManna a laghdú go mór. Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 46 , cuirtear ionad ilfhreastail ar fáil le haghaidh faisnéis iontaofa riaracháin agus rialála, nósanna imeachta ar líne agus cúnamh ar gach leibhéal den riarachán poiblí. Cuidíonn sí le FBManna leas níos fearr a bhaint as na deiseanna a chuireann an Margadh Aonair ar fáil agus laghdaíonn sí an tualach riaracháin atá orthu go mór trí nósanna imeachta ar líne i bpríomhréimsí. Léirítear sa chéad tuarascáil ar chur chun feidhme na Tairsí Aonair Digití, arna cur i láthair mar chuid den Phacáiste Faoisimh do FBManna, gur chuidigh an Tairseach Aonair Dhigiteach le FBManna rochtain a fháil ar fhaisnéis ardcháilíochta faoi rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme ar fud an Mhargaidh Aonair, rud atá an-tairbheach do ghnólachtaí beaga a bhfuil acmhainní teoranta riaracháin acu. 

Mar a leagtar amach sa tuarascáil, oibríonn an Coimisiún leis na Ballstáit chun nósanna imeachta ar líne a bhunú agus chun an Córas Teicniúil Aonuaire a sheoladh, a mheastar a bheidh ag feidhmiú go hiomlán faoi mhí na Nollag 2023. Leis sin, beifear in ann príomhdhoiciméid a mhalartú ar bhonn trasteorann idir údaráis phoiblí, rud a sheachnóidh an gá do FBManna doiciméid a chur isteach arís i mBallstáit éagsúla. Laghdóidh sé freisin costas na saorghluaiseachta sa Mhargadh Aonair, deacrachtaí agus bacainní riaracháin agus, ag an am céanna, ní fhorchuirfear aon oibleagáid breise ar ghnólachtaí.

Cás samplach is ea an deacracht a bhíonn ag go leor FBManna leis an doiciméad iniompartha A1 (chun a chinneadh cén reachtaíocht slándála sóisialta a chumhdaíonn an sealbhóir). Ó dheireadh na bliana seo, éascóidh an Córas Teicniúil Aonuaire iarrataí athfhillteacha ar an doiciméad A1, agus beifear in ann an taschur a fháil go leictreonach. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir leis an digitiú i gcomhordú slándála sóisialta, cuirtear i láthair bearta breise chun an idirghníomhaíocht a éascú idir saoránaigh shoghluaiste agus gnólachtaí atá ag feidhmiú thar lear, go háirithe FBManna, le húdaráis náisiúnta i réimse na slándála sóisialta, amhail an treoirthreoirthionscadal maidir le Pas Slándála Sóisialta na hEorpa (ESSPASS) i ndáil leis an doiciméad iniompartha A1 47 . Ar an gcaoi chéanna, i gcomhthéacs an tionscnaimh maidir le laghdú agus simpliú tuairiscithe (roinn 3.1.4 thíos), má chruthaítear formáid leictreonach (ríomhdhearbhú) le haghaidh postú oibrithe, laghdófar go mór an tualach riaracháin agus na costais chomhlíonta d’fhostóirí, rud a fhágfaidh go mbeidh siad in ann dearbhú cuíchóirithe a úsáid i bhformáid aonair ina dteanga féin sna Ballstáit rannpháirteacha uile.

Is céim thábhachtach chun cinn i ndigitiú dhlí na gcuideachtaí é an togra le déanaí maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha i ndlí cuideachtaí an Aontais a leathnú a thuilleadh, rud a chuidíonn le FBManna gnó a dhéanamh san Aontas 48 . Laghdóidh sé go mór an tualach riaracháin ar chuideachtaí le thart ar EUR 437 milliún in aghaidh na bliana, a bhuí leis an Deimhniú Cuideachta AE agus le cur i bhfeidhm phrionsabal na haonuaire nuair a bhunaíonn cuideachtaí fochuideachtaí agus brainsí i mBallstáit eile 49 . Is féidir le cuideachtaí tairbhe a bhaint freisin as a bhfaisnéis a bheith infheicthe trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) 50 sa Mhargadh Aonair. Ina theannta sin, is féidir le FBManna a ndéanann sáruithe ar dhlí an Aontais difear dóibh brath ar SOLVIT 51 chun díospóidí a réiteach agus sásamh lasmuigh den chúirt a fháil.

Tá digitiú breise FBManna fíor-riachtanach dá niomaíochas, dá nathléimneacht agus dá gcumas chun nuáil a dhéanamh. Tá sé d’aidhm ag an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach 52 go mbainfidh níos mó ná 90 % de FBManna bunleibhéal déine digití amach faoi 2030. Is iad na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, arna gcómhaoiniú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach, an phríomhuirlis chun tacú leis an gcuspóir sin. Tacaíonn siad le cuideachtaí, go háirithe FBManna, ina dturas digitithe. Trí mheasúnú a dhéanamh ar aibíocht dhigiteach FBManna (Measúnú ar Aibíocht Dhigiteach), cuireann na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach cúnamh spriocdhírithe ar fáil, a chuimsíonn saineolas teicniúil agus tástáil (‘tástáil roimh infheistíocht’) go seirbhísí nuálaíochta, amhail comhairle airgeadais, oiliúint, agus forbairt scileanna. Faoi láthair, tá 151 EDIH i 30 tír éagsúil san Eoraip. Faoi dheireadh 2025, ba cheart go mbeidh na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach ag cuidiú le tuairim is 100 000 gnólacht agus eintiteas san earnáil phoiblí san Eoraip. Tacaíonn na Saoráidí Tástála agus Turgnaimh earnála le forbróirí IS chun IS iontaofa a thabhairt chuig an margadh ar bhealach níos éifeachtúla, rud a éascaíonn a glacadh i measc gnólachtaí beaga san Eoraip 53 .

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 8: déanfaidh sé an córas teicniúil aonuaire a sheoladh faoi dheireadh 2023 i gcomhar leis na Ballstáit agus raon feidhme na Tairsí Aonair Digití a leathnú a thuilleadh chun nósanna imeachta nua a chumhdach, agus riachtanais FBManna á gcur san áireamh.

3.1.4Nósanna imeachta agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

I gcomhthéacs iomaíochas fadtéarmach a ghnólachtaí a fheabhsú 54 , tá an Coimisiún ag éileamh go ndéanfaí cuíchóiriú ar na ceanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, agus é d’aidhm aige an tualach sin a laghdú 25 % gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais lena mbaineann. Baineann an sprioc sin leis an ualach rialála ar ghnólachtaí de gach méid a laghdú ach tá sí ábhartha go háirithe do FBManna. Tá ceanglais tuairiscithe tábhachtach chun faireachán agus forfheidhmiú cuí a dhéanamh ar reachtaíocht, i gcás go leor cuideachtaí, go háirithe FBManna, ach is féidir leo a bheith ródhian, costais a spreagadh agus tionchar a imirt ar a gcumas fás. D’fhéadfadh oibleagáidí atá iomarcach, dúbláilte, nó imithe i léig, minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó modhanna bailithe neamhleora a bheith mar thoradh ar a gcarnadh le himeacht ama 55 . I gcásanna den sórt sin, is féidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe nó aghaidh a thabhairt ar riachtanais grúpaí sonracha gnólachtaí, amhail FBManna, a bheith ina deis chun an tualach ar ghnólachtaí a laghdú.

Tá na chéad phíosaí suntasacha reachtaíochta lena ndéantar oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú molta cheana ag an gCoimisiún ó mhí an Mhárta 2023 ann 56  agus cuirfear bearta breise i láthair in éineacht le clár oibre an Choimisiúin. Go sonrach, le modheolaíocht shimplí chaighdeánaithe chun tuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna CSR (comhshaoil, sóisialta, rialachais), laghdófar an tualach agus éascófar rochtain FBManna ar mhaoiniú inbhuanaithe (féach an roinn 3.2.4 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí). Ina theannta sin, an togra ón gCoimisiún chun an spriocdháta maidir le glacadh na gCaighdeán Eorpach earnála um Thuairisciú Inbhuanaitheachta 57 a chur ar atráth, rachaidh sé chun tairbhe cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, lena náirítear FBManna liostaithe. Leis sin, beidh siad in ann díriú ar chur chun feidhme na chéad sraithe caighdeán. Le coigeartuithe na dtairseach lena sainítear FBM faoin Treoir Chuntasaíochta, laghdófar líon na gcuideachtaí a thagann faoi láthair faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht 58 .

Ina theannta sin, laistigh den chreat chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, má laghdaítear a mhinice is gá d’oibreoirí sna hearnálacha leictreachais, dianfhuinnimh agus eitlíochta tuairisciú a dhéanamh ar fheabhsuithe ar a modheolaíochtaí, laghdófar an t‑ualach ar chuideachtaí gan éifeachtacht an fhaireacháin a chur i mbaol. Ina theannta sin, déanfaidh oibleagáidí tuairiscithe simplithe ó reachtaíocht an Aontais maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí minicíocht na gceanglas tuairiscithe a chomhdhlúthú agus a laghdú gan difear a dhéanamh do thrédhearcacht ná do cháilíocht na sonraí.

Sna seachtainí amach romhainn, cuirfidh an Coimisiún i láthair ar bhealach níos cuimsithí na bearta a glacadh agus atá le glacadh chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú do gach gnólacht. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún é a bheith ina ghné shuntasach dá chlár oibre 2024, a mbeidh pacáiste tograí agus meastóireachtaí beartaithe ag gabháil leis. Déanfar an obair sin a chórasú faoi dheireadh 2023, do na timthriallta atá le teacht, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

-modhanna caighdeánaithe a bhunú ar fud sheirbhísí an Choimisiúin chun ceanglais tuairiscithe a mhapáil sa reachtaíocht atá ann cheana nó i socruithe riaracháin agus i dtograí nua;

-réimsí tosaíochta a shainaithint i gcomhar le tacar ionadaíoch cuideachtaí, comhlachas earnála agus údarás náisiúnta (a fheidhmíonn go minic mar chomhéadan don tuairisciú sin);

-pleananna spriocdhírithe cuíchóirithe a ullmhú ag gach seirbhís de chuid an Choimisiúin le haghaidh 2024 agus ina dhiaidh sin.

Tá ról tábhachtach ag ionchur ó FBManna agus páirtithe leasmhara eile chun a áirithiú go n‑éireoidh leis an laghdú ualaigh sin ar an iomlán. Tríd an ardán ‘Cloisimis uait: Simplímis iad!’ is féidir a n‑ionchur maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a bhailiú. Iarradh ar an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ aird ar leith a thabhairt ar oibleagáidí tuairiscithe agus tuairim amháin nó níos mó a thiomnú ar an tsaincheist sin ina Chlár Oibre Bliantúil 2024.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 9: cuirfidh sé i láthair, i mí Dheireadh Fómhair 2023, an chéad tacar tograí eile chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú i dteannta an chláir oibre, lena náirítear na bearta thuasluaite, mar chuid de thimthriall córasach agus athfhillteach chun an sprioc tuairiscithe 25 % a bhaint amach.

Leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú

3.1.5Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha

Tá tionchar ag íocaíocht dhéanach sonrasc ar chuideachtaí ó gach earnáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais. Tá tionchar diúltach ar leith aige ar FBManna, ós rud é go mbíonn siad ag brath ar shruthanna rialta intuartha airgid 59 , agus go bhfuil rochtain níos teoranta acu ar leachtacht ná mar atá ag gnólachtaí móra. Bíonn ar FBManna a íoctar go déanach an teasnamh leachtachta a eascraíonn as sin a chumhdach trí iasachtaí gearrthéarmacha, rud lena méadaítear a gcostais mhaoinithe. Is príomhghné é íocaíochtaí déanacha a laghdú chun an leachtacht a bhfuil géarghá léi a chur ar fáil do FBManna chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht nó chun laghduithe costais a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí 60 .

Mar chuid den Phacáiste Faoisimh do FBManna seo, molann an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le híocaíochtaí déanacha, agus rialachán a chur in ionad na Treorach maidir le hÍocaíochtaí Déanacha atá ann cheana lena ngabhann uastéarmaí ceangailteacha íocaíochta 30 lá le haghaidh gach idirbheart tráchtála. Fágfaidh sé go n‑íocfar táillí cúiteacha agus ús uathoibríoch i gcás íocaíochtaí déanacha agus cuirfear na bearta nua sin in éineacht le creat láidir forfheidhmithe. Ina theannta sin, beidh sé níos éasca do chuideachtaí a gcearta a fheidhmiú tríd an ualach a bhaineann le sásamh éifeachtach trí idirghabháil a laghdú agus trí rochtain ar an sásamh sin a éascú.

Agus é á chur san áireamh gurb ionann lá déanach agus EUR 158 mhilliún de chostais bhreise airgeadais do chuideachtaí Eorpacha, is é is aidhm do na rialacha nua seo laghdú 35 % a chur ar íocaíochtaí déanacha. Ina theannta sin, laghdófar go mór an méid ama a chaitheann cuideachtaí ar dhul sa tóir ar a bhféichiúnaithe, rud a shábhálfaidh 340 milliún daonuair ar ghnólachtaí Eorpacha, arb ionann é sin agus EUR 8,7 billiún. Sa bhreis ar na tairbhí díreacha airgeadaíochta, ba cheart go ndéanfaí leachtacht a athdháileadh ar bhealach níos cothroime sa gheilleagar agus spleáchas FBManna ar mhaoiniú seachtrach a laghdú.

Is rialachán í an ionstraim a roghnaíodh don athbhreithniú, chun an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha atá ann faoi láthair a aisghairm agus a ionadú. Tá go leor buntáistí ag baint le rialachán, go háirithe maidir leis an ngá atá le dul i ngleic le gné thrasteorann na n‑íocaíochtaí déanacha. Ceadaítear leis na réitigh chéanna a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir leis na príomhghnéithe, amhail an t‑uastéarma le haghaidh íocaíochtaí agus nósanna imeachta fíoraithe, an ráta úis ar íocaíochtaí déanacha agus méid an chúitimh de réir buntáille. An tráth céanna, beidh cead ag na Ballstáit forálacha níos déine a ghlacadh maidir le gnéithe áirithe.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 10: molann sé Rialachán nua maidir le hÍocaíochtaí Déanacha, lena dtreisítear go mór rialacha an Aontais chun cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála.

3.1.6Leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht iomlán a chuirtear ar fáil le cláir an Aontais do FBManna

Meastar go mbeidh níos mó ná EUR 200 billiún sa tacaíocht do FBManna go dtí 2027 faoi chláir chistiúcháin an Aontais 61 , agus dá bhrí sin tá rochtain ag FBManna ar raon leathan tacaíochta airgeadais. Go háirithe, cuireadh roinnt beart i bhfeidhm chun na deacrachtaí méadaitheacha atá ag FBManna maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú a leigheas 62 , ag tosú le gné FBM den chlár InvestEU 63 , lena dtugtar rochtain níos fearr ar mhaoiniú do FBManna a bhfuil coinníollacha maoinithe níos fabhraí acu. Le gné FBM, cuidítear freisin le FBManna iad féin a chur in oiriúint do chleachtais ghnó inbhuanaithe agus cistítear gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil teicneolaíochtaí nua inbhuanaitheachta á bhforbairt acu.

Beidh ról mór ag an ngné FBM de InvestEU maidir le tacaíocht fiachais agus cothromais a chur ar fáil do FBManna Eorpacha sna blianta atá amach romhainn. Tá éileamh suntasach léirithe ag bainc, institiúidí ráthaíochta agus idirghabhálaithe airgeadais eile trí iarratas a dhéanamh ar an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI), inar iarr siad trí oiread acmhainneacht fhoriomlán 2021-2027 a leithdháileadh ar ráthaíochtaí. Tá éileamh an mhargaidh ar infheistíochtaí cothromais ar lánacmhainneacht cheana féin le haghaidh 2021-2027 le haghaidh go leor réimsí téamacha lena n‑áirítear an teicneolaíocht ghlan, na heolaíochtaí beatha, agus an claochlú digiteach, chomh maith leis an bhfiontraíocht shóisialta. Leis an ró-éileamh sin ar ghné FBM de InvestEU, meastar go gcuirfear cosc ar CEI comhaontuithe nua ráthaíochta a dhéanamh le hidirghabhálaithe airgeadais ó 2025 ar aghaidh, ós rud é go mbeidh na hacmhainní arna leithdháileadh ar ráthaíochtaí úsáidte ina n‑iomláine faoin am sin.

Tá sé molta ag an gCoimisiún, mar chuid den Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) 64 , méadú EUR 7,5 billiún a chur ar ráthaíocht an Aontais atá ar fáil trí gné tiomnaithe STEP de chuid InvestEU. A luaithe a fhormheasfaidh na comhreachtóirí STEP, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall acmhainní breise arna leithdháileadh ar InvestEU a chur chun feidhme go tapa, ar mhaithe le FBManna.

Is féidir leis na Ballstáit ról lárnach a bheith acu trí acmhainní breise a leithdháileadh ar InvestEU ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó ó bhuiséid náisiúnta, chomh maith le leas a bhaint as na féidearthachtaí aistrithe atá ann cheana faoi chistí bainistíochta comhroinnte, chun borradh a chur faoin infheistíocht ina dtír féin.

I gcomhthéacs togra STEP, chuir an Coimisiún roinnt bealaí i láthair chun úsáid na nacmhainní sin a éascú do na Ballstáit agus chun méid an mhaoinithe arna thacú le InvestEU a mhéadú do FBManna, go háirithe trí ghnéithe státchabhrach a shoiléiriú maidir le gach aistriú acmhainní chomh maith le gnéithe ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm 65 .

I gcás ina gcinneann Ballstát acmhainní a leithdháileadh ar urrann InvestEU an Bhallstáit chun táirge airgeadais InvestEU atá ann cheana a chur chun feidhme, táirge a d’fhorbair Institiúid Idirnáisiúnta Airgeadais mar chomhpháirtí cur chun feidhme le haghaidh urrann an Aontais, amhail Grúpa BEI nó an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), níl státchabhair i gceist leis sin ann féin, mar a mhínigh an Coimisiún a thuilleadh i dtogra STEP 66 . Dá bhrí sin, is sásra tapa, éasca agus roghnach iad na haistrithe féideartha acmhainní sin (ó bhainistíocht chomhroinnte, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó ó bhuiséid náisiúnta) atá ar fáil do na Ballstáit chun maoiniú a bhfuil géarghá leis a dhíriú ar FBManna gan ualaí tuairiscithe thar na hualaí a éilítear le InvestEU. Go dtí seo, bhain roinnt Ballstát úsáid as an bhféidearthacht aistrithe sin. I bhfianaise an éilimh mhóir sa mhargadh, moltar do na Ballstáit nach bhfuil ranníocaíocht déanta acu go fóill é sin a dhéanamh trí urrann InvestEU an Bhallstáit, chun tacú le cur chun feidhme táirgí airgeadais le haghaidh FBManna ina mBallstát. Leanfaidh an Coimisiún an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme faoin ngné FBM in éineacht le líonra Toscairí na FBManna.

Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit agus leis na réigiúin ionstraimí airgeadais a bhunú arna gcómhaoiniú ag cláir bainistíochta comhroinnte an Aontais chun acmhainní an Aontais a dhíriú ar tháirgí airgeadais éagsúla, lena náirítear iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas, agus sásraí rioscúla eile. Is féidir leis an tacaíocht sin cabhrú go díreach le FBManna. Chun an próiseas sin a éascú, cuirtear acmhainní ar fáil le hardán fi-compass an Choimisiúin 67 , lena náirítear faisnéis ghinearálta, treoir, uirlisí praiticiúla, agus deiseanna foghlama, rud a threoraíonn údaráis bhainistíochta maidir le hionstraimí airgeadais a úsáid faoi gach ceann de Chistí bainistíochta comhroinnte an Aontais.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 11: déanfaidh sé na Ballstáit a spreagadh, trí struchtúr rialachais ábhartha InvestEU, acmhainní breise a leithdháileadh ar urranna náisiúnta InvestEU agus ranníocaíochtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le InvestEU a éascú trí threoraíocht bhreise a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023.

 

Tá ról bunúsach ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin chun tacú le cuideachtaí sa trádáil idirnáisiúnta. Tá tús á chur le cur chuige níos comhordaithe idir creidmheasanna onnmhairiúcháin na mBallstát agus uirlisí maoinithe ar leibhéal an Aontais agus ba cheart é a neartú a thuilleadh. Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chuir formhór de ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin an Aontais a gclúdach riosca don Úcráin ar fionraí, rud a raibh tionchar diúltach aige ar chumas chuideachtaí an Aontais onnmhairiú a dhéanamh chuig an Úcráin. Le saoráid phíolótach de thart ar EUR 300 milliún le linn 2024 faoi ghné FBM de InvestEU, beidh Gníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin in ann a gcuid gnó a atosú maidir leis an Úcráin. Meastar go gcuirfear feabhas ar iomaíochas FBManna na hEorpa leis an tsaoráid phíolótach trí naisc níos láidre a bhunú leis an Úcráin, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tacú leis na céadta milliún euro in onnmhairiú nua.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 12: oibreoidh sé le CEI chun saoráid phíolótach a bhunú le linn 2024 chun ligean do Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin tacú le FBManna agus iad ag trádáil leis an Úcráin.

Mar chuid den tionscnamh níos leithne Aontas na Margaí Caipitil 68 , cuireadh feabhas ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna le margadh fáis FBManna, cistí caipitil fiontair uile-Eorpacha agus sluachistiú a chruthú. Leis an gcomhaontú polaitiúil a rinneadh le déanaí maidir leis an bPointe Rochtana Aonair Eorpach, beidh cuideachtaí, idir bheag agus mhór, níos feiceálaí d’infheisteoirí, agus leis na rialacha athbhreithnithe maidir le rialáil cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha agus cistí infheistíochta malartacha méadófar an cistiú comhthiomsaithe atá ar fáil do FBManna. Tá sé d’aidhm ag tograí an Ghnímh um Liostú 69 rochtain ar mhaoiniú ar mhargaí poiblí a chothú do chuideachtaí, agus FBManna san áireamh, trí rómhaorlathas a laghdú, rialacha a chuíchóiriú agus cead a thabhairt d’úinéirí cumhachtaí cinnteoireachta a choinneáil tar éis a gcuideachtaí a liostú. Tá ardleibhéal uaillmhéine do thograí an Ghnímh um Liostú ríthábhachtach chun a áirithiú go leanfaidh cuideachtaí ardfháis de bheith ag forbairt agus ag cruthú post san Aontas. Chun rochtain níos fearr a thabhairt do FBManna ar fhoinsí cistiúcháin agus caipitil cothromais atá bunaithe ar an margadh, beidh sé tábhachtach na tograí reachtacha faoi Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 a ghlacadh go pras agus tuilleadh plé a dhéanamh ar fhorbairt Aontas na Margaí Caipitil amach anseo, go háirithe sa Ghrúpa Euro.

Bealach eile chun tacú le FBManna is ea an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach arb í an phríomhionstraim de chuid an Aontais í chun maoiniú cumaiscthe (deontais agus cothromas nó cuasachothromas) a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna atá ag fás go tapa agus a bhfuil nuálaíochtaí ceannródaíocha á saothrú acu. Cuireann Ciste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí cistiú cothromais idir EUR 0,5 milliún agus EUR 15 mhilliún ar fáil do chuideachtaí den sórt sin, lena ngiaráiltear buiséad EUR 10 mbilliún chun EUR 30 billiún go EUR 50 billiún a charnadh isteach ó infheisteoirí príobháideacha. I gcás cuideachtaí a bhfuil babhtaí maoiniúcháin leantacha nó méideanna infheistíochta níos mó de dhíth orthu, déantar foráil sa togra ón gCoimisiún i ndáil le STEP maidir le buiséad breise de EUR 2,63 billiún chun cur ar chumas Chiste Comhairle Nuálaíochta Eorpaí infheistíochtaí cothromais idir EUR 15 mhilliún agus EUR 50 milliún a sholáthar i dteicneolaíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Eoraip. Trí infheistíochtaí príobháideacha breise a ghiniúint, d’fhéadfadh EUR 13 bhilliún de thacaíocht cothromais úr a bheith mar thoradh air sin do FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

Cuideoidh an Coimisiún freisin le FBManna bearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh (idir iniúchtaí fuinnimh agus teicneolaíochtaí agus oiliúint), trí EUR 10 milliún a chur ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair tríd an Líonra Fiontar Eorpach trí ghlaonna oscailte.

3.1.7Soláthar poiblí

Le rochtain níos éasca ar mhargaí soláthair phoiblí, féadfar cabhrú le FBManna leas a bhaint as a nacmhainneacht agus tionchar dearfach acu ar an bhfás agus ar an téarnamh eacnamaíoch. Caitear cuid mhór den infheistíocht phoiblí trí sholáthar poiblí, ar fiú 14% de OTI an Aontais é. Mar sin féin, tá deacrachtaí ag FBManna rochtain a fháil ar sholáthar. Tá tionscnaimh curtha i láthair ag an gCoimisiún lena néascaítear rochtain cuideachtaí, lena náirítear FBManna, ar sholáthar poiblí, ar bhonn trasteorann freisin 70 . Is é an aidhm atá ann sciar na FBManna den soláthar poiblí a mhéadú i gcomhréir lena nualach foriomlán sa gheilleagar. Chun rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí a fheabhsú, beidh sé tábhachtach úsáid forálacha caighdeánaithe agus clásal caighdeánaithe a chur chun cinn i ndoiciméid soláthair, go háirithe i gcás conarthaí a mbaineann riosca íseal leo nó conarthaí ar luach íseal, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do FBManna doiciméid tairisceana a láimhseáil. Ba cheart cleachtais lena gcuirtear feabhas ar rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn, amhail coinníollacha a úsáid atá oiriúnach do FBManna (cáilíochtaí airgeadais níos fabhraí agus téarmaí íocaíochta níos fabhraí).

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 13: úsáid forálacha agus coinníollacha caighdeánaithe soláthair a chur chun cinn atá oiriúnach do FBManna chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí.

3.1.8É a dhéanamh níos éasca do FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú inbhuanaithe 

Tá ról tábhachtach ag FBManna maidir le cuidiú leis an Eoraip a spriocanna aeráidneodrachta agus spriocanna comhshaoil eile a bhaint amach 71 . Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, maoiniú a thiomsú d’aistriú inbhuanaitheachta FBManna, agus an tualach riaracháin a íoslaghdú ag an am céanna. Chun a nacmhainneacht iomlán i dtreo an aistrithe chuig geilleagar inbhuanaithe a bhaint amach, ní mór do FBManna go háirithe na nithe seo a leanas a bheith acu: (1) creat simplí caighdeánaithe chun tuairisc a thabhairt ar shaincheisteanna CSR (Comhshaol – Sóisialta – Rialachas); agus (2) institiúidí airgeadais a thacaíonn leo agus iad ag iarraidh aistriú chuig gnó inbhuanaithe.

In ainneoin na mbeart a cuireadh i bhfeidhm cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas 72 , bíonn sé deacair ar FBManna maoiniú a fháil dá dtionscadail ghlasa. Níl FBManna, cé is moite de FBManna liostaithe, faoi réir cheanglais chreat airgeadais inbhuanaithe an Aontais go foirmiúil. Mar sin féin, is eol don Choimisiún go bhfuil méadú ag teacht ar iarrataí faisnéise ar fhaisnéis inbhuanaitheachta ó chomhpháirtithe airgeadais agus slabhra luacha na FBManna sin, i bhformáid neamhchaighdeánaithe go minic. I bhfianaise an mhéid sin, aithníonn an Coimisiún ábhair imní ó FBManna faoi éifeachtaí na rialacha nua sin ón mbarr anuas maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta.

Tá an Coimisiún ag gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin. Ar an gcéad dul síos, mhol an Coimisiún 73 d’idirghabhálaithe móra corparáideacha agus airgeadais prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus iad i dteagmháil le FBManna agus srianta a theannadh agus faisnéis á hiarraidh acu ó chomhpháirtithe slabhra luacha FBManna. Cuireann sé treoraíocht shonrach chun tosaigh freisin, lena náirítear uirlisí deonacha ar féidir le FBManna iad a úsáid chun rochtain a fháil ar mhaoiniú aistrithe.

Tá caighdeáin tuairiscithe shimplithe do FBManna liostaithe á bhforbairt ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na caighdeáin sin do FBManna liostaithe comhréireach. Leis na caighdeáin, cuirfear teorainn leis an bhfaisnéis a cheanglaítear ar FBManna liostaithe faoi raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach a thuairisciú. Cuirfear teorainn dhlíthiúil ar fáil freisin leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a chur de cheangal ar chuideachtaí móra a fháil ó FBManna ina slabhra luacha le Caighdeáin Tuairiscithe Inbhuanaitheachta Eorpacha, agus dá bhrí sin cuirfear teorainn leis na héifeachtaí ón mbarr anuas. Is coimirce thábhachtach é sin ón Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach chun teorainn a chur leis an tionchar indíreach a bhíonn ar FBManna ag ceanglais tuairiscithe slabhra luacha a fhorchuirtear ar ghnólachtaí móra. Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú, sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, go dtabharfar na coimircí sin ar aghaidh sa chomhthéacs sin. Ina theannta sin, forbróidh an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais caighdeán deonach do FBManna neamhliostaithe. Is féidir le FBManna é sin a úsáid chun an fhaisnéis inbhuanaitheachta is mian leo a thuairisciú a chaighdeánú, lena gcruthaítear deiseanna níos fearr chun maoiniú glas a fháil agus ar an gcaoi sin lena n‑éascaítear an t‑aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe.

Le huirlisí so-úsáidte, faisnéis agus comhroinnt eolais, i gcomhar le páirtithe leasmhara tionscail, cuideofar le FBManna dul i ngleic le creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais. Go háirithe, le cineálacha cur chuige simplithe, arna bhforbairt i gcomhar leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, ba cheart go mbeadh FBManna neamhliostaithe in ann tairbhe a bhaint as úsáid na tacsanomaíochta.

Ina theannta sin, ní mór d’institiúidí airgeadais tacú le FBManna agus iad ag iarraidh aistriú chuig gnó inbhuanaithe. Chuige sin, ní mór maoiniú glas FBManna a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i samhlacha gnó na mbanc. Is gá coincheap na n‑iasachtaí glasa a shainiú agus caighdeáin a leagan síos d’iasachtaí glasa ar leibhéal an Aontais chun a nglacadh a fheabhsú. Trí iasachtaí den sórt sin chuig FBManna a áireamh in uimhreoir Chóimheas Sócmhainní Glasa na mbanc, ba cheart, mar shampla, níos mó infheictheachta a thabhairt d’iasachtú glas do FBManna agus institiúidí airgeadais a spreagadh chun maoiniú inbhuanaithe a chur ar fáil do FBManna.

Maidir leis an gCoimisiún, bunaithe ar thorthaí staidéir leanúnacha éagsúla an Choimisiúin maidir le FBManna agus tuairisciú tacsanomaíochta/maoiniú inbhuanaithe:

·Gníomhaíocht 14: déanfaidh sé a áirithiú go mbeidh creat simplí caighdeánaithe ag FBManna chun tuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna CSR, trí theorainn a chur leis an riosca go mbeadh ceanglais maidir le nochtadh ag brath ar FBManna neamhliostaithe i slabhra luacha na ngnóthas i raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, agus trína áirithiú go gcuirfear caighdeáin dheonacha ar fáil go tapa do FBManna neamhliostaithe.

·Gníomhaíocht 15: spreagadh a thabhairt d’institiúidí airgeadais maoiniú glas FBManna a áireamh ina samhlacha gnó tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a.oibriú i dtreo caighdeán nó sainmhíniú le haghaidh iasachtaí glasa, go háirithe do FBManna, atá bunaithe ar chomhairle ón Údarás Baincéireachta Eorpach (UBE) atá ar na bacáin 74 ;

b.measúnú a dhéanamh ar oiriúnú an Chóimheasa Sócmhainní Glasa atá fabhrach do FBManna a bheidh le cur san áireamh i nuashonrú amach anseo ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta.

Rochtain ar bhaill foirne oilte a chumasú

An chaoi a bhfoghlaimíonn FBManna agus a n‑oibrithe, a nglacann siad páirt sa tsochaí, agus a mbíonn siad i gceannas ar a ngnó laethúil, tá sí ag athrú de bharr forbairtí teicneolaíochta agus dúshláin dhomhanda agus dhéimeagrafacha. Teastaíonn rochtain ó FBManna ar lucht saothair oilte chun dul i ngleic leis na hathruithe sin agus chun a n‑athléimneacht a áirithiú agus iad ag rannchuidiú leis an tsochaí, leis an táirgiúlacht agus leis an nuálaíocht ag an am céanna.

Tá an Coimisiún ag cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip 75 chun cabhrú leis na Ballstáit a chinntiú go nglacfaidh 60 % de na daoine fásta atá in aois oibre páirt i gcláir oiliúna gach bliain, i gcomhréir leis an sprioc a leagtar síos sa phlean gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 76 . Le Bliain Eorpach na Scileanna agus leis na hacmhainní airgeadais AE nach bhfacthas a leithéid riamh atá ar fáil chun scileanna a fhorbairt le linn chlárthréimhse CAI 2021-27, go háirithe tuairim is EUR 65 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, tugtar deis uathúil freisin chun dlús a chur le gníomhaíochtaí a rachaidh chun tairbhe do rochtain FBManna ar linn domhain éagsúil scileanna, amhail na tograí maidir le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha 77 . Ar an gcaoi sin, leis an gclár píolótach maidir leis an Deimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha 78 , i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara, rannchuideofar le trédhearcacht agus aitheantas scileanna digiteacha a fheabhsú, rud a éascóidh rochtain FBManna ar na daoine tréitheacha a theastaíonn uathu don aistriú digiteach.

Mar chuid de chórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a nuachóiriú 79 , tá an tAontas ag tacú freisin le hionaid barr feabhais gairme 80    chun ‘éiceachórais scileanna’ áitiúla a fhorbairt ó ardmhonarú go dtí an intleacht shaorga, go dtí teicneolaíocht uisce agus glasú uirbeach. Oibríonn siad go dlúth le gnólachtaí lena náirítear FBManna, agus rannchuidíonn siad leis an bhforbairt réigiúnach, leis an bhfiontraíocht, leis an nuálaíocht agus le straitéisí um speisialtóireacht chliste. Tacaíonn an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí le tuilleadh printíseachtaí agus printíseachtaí níos fearr a chur chun cinn ar fud an Aontais, mar bhealaí éifeachtacha foghlama chun na hoibrithe oilte atá de dhíth ar chuideachtaí, go háirithe ar FBManna, a aimsiú.

Laistigh de Chomhshocrú an Aontais um Scileanna 81 , oibríonn 18 gComhpháirtíocht Scileanna ar Mórscála lena gcumhdaítear na héiceachórais thionsclaíocha uile i dtreo riachtanais scileanna a shainaithint agus oiliúint a chur i bhfeidhm i bhfiontair agus ina slabhraí soláthair chun 10 milliún oibrí a uas-sciliú agus a athsciliú faoi 2030. Bíonn baint ghníomhach ag FBManna le gach Comhpháirtíocht Scileanna ar Mórscála go díreach, mar chomhaltaí aonair agus go hindíreach trí eagraíochtaí líonraí earnála. Tugann an chomhpháirtíocht le gníomhaithe eile, amhail comhpháirtithe sóisialta, agus líonraí faoi na Comhpháirtíochtaí Scileanna ar Mórscála rochtain dóibh ar chláir oiliúna, ar ábhar agus ar ábhar nach mbeadh acu go minic murach sin mar gheall ar a méid agus a nacmhainní teoranta.

Tá ról tábhachtach ag an Líonra Fiontar Eorpach maidir le hoiliúint a chur ar fáil do FBManna chun cuidiú leo ceanglais nua a chomhlíonadh, deiseanna beart a thapú amhail an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta nó an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus dul i ngleic le himpleachtaí an Chomhaontaithe Ghlais agus na reachtaíochta inbhuanaitheachta, amhail an Treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach.

Tá scileanna fiontraíochta ríthábhachtach chun cabhrú le fiontraithe atá ann cheana a ngnó a fhás agus chun níos mó daoine a spreagadh chun tús a chur leis an bhfiontraíocht mar ghairm bheatha. Chun mná a chumhachtú le bheith ina bhfiontraithe, tá gníomhaíochtaí múscailte feasachta á saothrú ag an gCoimisiún mar aon le hoiliúint, meantóireacht, agus cóitseáil agus feabhas á chur ar an rochtain atá ag fiontraithe ban ar líonraí airgeadais agus gnó. Mar shampla, le Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga 82 tugadh tacaíocht do bhreis agus 9 000 fiontraí ar mná iad agus chuir Women TechEU 83 maoiniú ar fáil do chuideachtaí a bhunaigh mná agus tá buiséad os cionn EUR 10 milliún acu. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh oibre chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht fiontraíochta na mban, na ndaoine óga agus na ngrúpaí atá i mbaol eisiaimh.

Ar deireadh, ní mór na próisis a bheith níos éasca do FBManna tallann a mhealladh ó thar lear. Níos déanaí i mbliana, molfaidh an Coimisiún pacáiste maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na soghluaisteachta tallainne lena n‑áireofar togra reachtach maidir le Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a bhunú agus tionscnamh chun oibriú leis na Ballstáit chun aitheantas níos tapúla a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla náisiúnach tríú tír, lena n‑áirítear trí chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha, chun feabhas a chur ar earcaíocht agus ar mheaitseáil post.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 16: déanfaidh sé togra a thíolacadh chun Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a bhunú agus tionscnamh a thíolacadh chun aitheantas cáilíochtaí agus scileanna náisiúnach tríú tír a fheabhsú chun cuidiú le bearnaí scileanna i margadh saothair an Aontais — faoi R4 2023.

·Gníomhaíocht 17: oibriú le grúpaí a bhfuil acmhainneacht fiontraíochta neamhshaothraithe acu fós, amhail mná, daoine óga agus daoine faoi mhíchumas, trí fheachtais feasachta, meantóireachta agus cóitseála.

Tacú le FBManna ar feadh a saolré gnó ar fad

3.1.9Gnólacht nua a thosú

Ó rinneadh an tathbhreithniú ar an Acht um Ghnólachtaí Beaga 84 , tá an Coimisiún ag oibriú leis na Ballstáit chun an tam nuathionscanta a laghdú d’fhiontair nua. I dTionscnamh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis 2016 85 bhí réimse gníomhaíochtaí chun é a dhéanamh níos tarraingtí d’fhiontraithe gnólacht a chur ar bun agus é a leathnú san Eoraip. Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát freisin chun cruthú gnólachtaí nuathionscanta a chothú trí na prionsabail agus na dea-chleachtais a leagtar amach sa dearbhú maidir le Caighdeán Barr Feabhais an Aontais i leith Gnólachtaí Nuathionscanta (‘Start-up Nations Standard’) 86 a chur chun feidhme, amhail na nithe seo a leanas:

·cruthú eintiteas dlíthiúil nua a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta, ar líne agus as líne araon, laistigh de thréimhse íosta ama agus ar an gcostas is lú is féidir, lena náirítear an deis doiciméid riaracháin a chur isteach ar líne chun gnólacht nuathionscanta nó fochuideachta a chruthú i mBallstáit eile 87

·córas mear a bhunú le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta (lena náirítear deasc chabhrach um rochtain ar an margadh) trí ionad ilfhreastail ar líne lena soláthraítear faisnéis iomlán faoi cheanglais riaracháin náisiúnta agus faoi dheiseanna cistiúcháin, atá le nascadh leis an Tairseach Aonair Dhigiteach;

·tacú leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú, i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta freisin 88 .

3.1.10An gnólacht a fhás

Cuirfidh na bearta sa teachtaireacht seo ar chumas FBManna dul san iomaíocht agus fás. Faoi láthair, sainmhínítear FBManna mar chuideachtaí a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu, mar aon le láimhdeachas bliantúil suas le EUR 50 milliún nó iomlán an chláir chomhardaithe suas le EUR 43 mhilliún. Bunaíodh na tairseacha sin in 2003. Cé go bhfuil formhór mór na gcuideachtaí cumhdaithe fós ag sainmhíniú FBM fiche bliain ina dhiaidh sin, éiríonn roinnt cuideachtaí as an sainmhíniú agus éiríonn siad ina gcuideachtaí meánchaipitlithe, mar a thugtar orthu.

In 2021 rinne an Coimisiún meastóireacht ar an sainmhíniú ar FBM agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh sé fós ábhartha (agus meánláimhdeachas FBM an Aontais i bhfad faoi bhun na tairsí) 89 . Rinneadh an mheastóireacht sin ar bhonn shonraí 2018 agus níorbh fhéidir léi tionchar na paindéime, an chogaidh san Úcráin agus na géarchéime fuinnimh a léiriú, rudaí a chuir isteach go mór ar gheilleagar an Aontais ó shin i leith, agus a spreag borradh suntasach ar an mboilsciú go háirithe nach bhfuil ag teacht anuas ach de réir a chéile. Thairis sin, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo — ón digitiú go dtí an tathrú déimeagrafach — d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí aitheantas níos fearr a thabhairt do na gnóthachain táirgiúlachta le fiche bliain anuas, trína gcur san áireamh agus teorainneacha uachtaracha stádas FBM á sainiú.

Aithníodh i meastóireacht 2021 freisin gur gá ‘breathnú a dhéanamh ar na dúshláin a bheidh roimh chuideachtaí a luaithe a bheidh siad ‘rómhór’ do chéim FBM’ 90 . Mar shampla, d’fhéadfadh éifeachtaí tairsí a bheith ann dá gcaillfí na tairbhí a bhaineann le bearta éagsúla i bhfabhar FBManna i gcás ina sáraíonn cuideachta atá ag fás ceann amháin de na paraiméadair sin.

Léiríodh i staidéar a rinne an Coimisiún le déanaí an ról ríthábhachtach atá ag cuideachtaí meánchaipitlithe i ngeilleagar an Aontais 91 : is cuideachtaí beaga (250-499 fostaí) agus cuideachtaí meánchaipitlithe móra (500-1499 bhfostaí) a bhíonn i gceist le breise agus 13 % den fhostaíocht fhoriomlán in earnáil ghnó neamhairgeadais na hEorpa. Tá sciar na ngnólachtaí meánchaipitlithe thar a bheith ard in éiceachórais thionsclaíocha atá ríthábhachtach d’iomaíochas agus do cheannasacht theicneolaíoch an Aontais: leictreonaic, aeraspás agus cosaint, fuinneamh, tionscail dianfhuinnimh, agus sláinte.

Scéimeanna maoinithe éagsúla le haghaidh maoiniú riosca agus uas-scálaithe atá faofa ag an gCoimisiún Eorpach, tá siad ar fáil chun tacú lena bpróiseas dinimiciúil fáis agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoinithe atá acu. Sna Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn, tá sainmhíniú ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus ceadaítear tacaíocht do na cuideachtaí sin faoi choinníollacha áirithe. Cuireann an Coimisiún ar chumas na mBallstát freisin tacú le cuideachtaí meánchaipitlithe faoin gCreat Sealadach um Ghéarchéim agus Aistriú 92 agus faoin Rialachán Ginearálta athbhreithnithe maidir le Blocdhíolúine 93 .

Fásann cuideachtaí meánchaipitlithe beaga níos tapúla de ghnáth, bíonn siad níos nuálaí agus téann siad i ngleic ar bhealach níos fearr leis an digitiú ná mar a dhéileálann siad le FBManna, ach fós féin tá dúshláin áirithe rompu amhail easpa fostaithe oilte nó ualach riaracháin. Tá sonraí staidrimh maidir le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga teoranta agus tá cur chuige comhleanúnach chun tacú le fás na gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga in easnamh.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 18: beidh sé airdeallach ar riachtanais cuideachtaí a sháraíonn tairseacha shainmhíniú FBM, chomh maith le raon níos leithne na gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga, agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas faoi dheireadh 2023:

a.anailís ar an tionchar a bhíonn ag boilsciú ard agus méaduithe níos faide ar tháirgiúlacht, chomh maith leis an idirghníomhaíocht le bearta breise a d’fhéadfadh a bheith ann do chuideachtaí meánchaipitlithe, chun tairseacha airgeadais an tsainmhínithe reatha ar FBManna a ardú — nuair atá údar cuí leis;

b.sainmhíniú comhchuibhithe a fhorbairt do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga;

c.ina dhiaidh sin, na bearta is gá chun sainmhíniú athbhreithnithe FBM a léiriú i ngníomhartha reachtacha ábhartha, agus

d.tacar sonraí a thógáil a bheidh bunaithe ar an sainmhíniú beag meánchaipitlithe agus measúnú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun tacú leis na cuideachtaí sin ina bhfás (lena náirítear cur i bhfeidhm féideartha i bhfoirm oiriúnaithe de bhearta áirithe i bhfabhar FBManna).

3.1.11An gnó a aistriú, dócmhainneacht a chosc agus dara deis a thabhairt d’fhiontraithe

Téann aistrithe rathúla gnó chun tairbhe gheilleagar na hEorpa agus a creatlach shóisialta, chun caillteanas post a sheachaint agus chun an ghníomhaíocht eacnamaíoch a chosaint. An Moladh ón gCoimisiún maidir le haistrithe gnó, lena dtugtar aghaidh ar phríomhghnéithe dlíthiúla, fioscacha agus riaracháin na naistrithe gnó, tá sé bailí fós sa lá atá inniu ann. 94 Tá dea-chleachtais maidir le haistrithe gnó á gcur chun cinn ag an gCoimisiún a forbraíodh faoi roinnt tionscadal arna gcistiú ag an Aontas 95 nó a d’fhorbair páirtithe leasmhara eile atá i mbun oibre sa réimse sin. In 2021 rinne an Coimisiún staidéar maidir le feabhas a chur ar an mbonn fianaise ar aistrithe gnó 96 . Ina theannta sin, i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí le haghaidh an gheilleagair shóisialta a fhorbairt 97 , mhol sé do na Ballstáit creat cumasúcháin a áirithiú le haghaidh aistrithe gnó chuig fostaithe chun comharchumainn oibrithe a chruthú. I bhfianaise thábhacht na naistrithe gnó, tá an Coimisiún sásta na forbairtí is déanaí sna Ballstáit a mheas.

Forbróidh Acadamh Meantóra Luathrabhaidh na hEorpa 98 clár foghlama ar líne do mheantóirí, a bheidh in ann tacaíocht níos fearr a thabhairt do chuideachtaí atá i mbaol dócmhainneachta agus a chabhróidh le húinéirí gnó a ngnó a aistriú chuig an gcéad ghlúin eile.

Ar deireadh, ós rud é go dteipeann ar thart ar 50 % de ghnólachtaí nua le linn a gcéad 5 bliana 99 , le beartas dócmhainneachta an Choimisiúin tacaítear le fiontraithe a ndeachaigh i ngleic leis an bhféimheacht chun a chinntiú gur féidir leo an dara deis a fháil go tapa. Is é is aidhm don Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht féimheacht a chosc agus cabhrú le gnólachtaí dócmhainneacha a bheith ar a seanléim arís. Faoi lár 2026, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar fhorálacha na Treorach. Ina theannta sin, in 2022, mar chuid d’Aontas na Margaí Caipitil, mhol an Coimisiún Treoir maidir le gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú 100 . Baineann gné is nuálaí na Treorach sin le nós imeachta foirceanta simplithe, tapa agus costéifeachtach a thabhairt isteach do mhicrifhiontair. Molann an Coimisiún don chomhreachtóir dul chun cinn práinneach a dhéanamh maidir leis an togra sin. Tá sé sin ríthábhachtach chun imeachtaí dócmhainneachta níos éifeachtúla a áirithiú, agus, dá bhrí sin, líon méadaithe na ninfheistíochtaí trasteorann a áirithiú, lena náirítear i gcás FBManna.

Maidir leis an gCoimisiún:

·Gníomhaíocht 19: déanfaidh sé measúnú ar chreatdhálaí le haghaidh aistrithe gnó sna Ballstáit in éineacht le Líonra Toscairí na FBManna — faoi R2 2024.

4Conclúidí

Leanann FBManna de bheith ag feidhmiú i ndálaí eacnamaíocha an-éiginnte. Leis na leibhéil boilscithe atá ag dul i léig ach atá láidir go leor, leanfar de bheith ag cur brú ar bhreisluach agus ar fhostaíocht, fad is a choinneofar srian ar go leor slabhraí soláthair le héiginnteacht gheopholaitiúil.

Chomh maith le tacaíocht a mhaoiniú, lena n‑áirítear an iarracht ollmhór ón gCoimisiún le tuairim is EUR 200 billiún san iomlán go dtí 2027, is gá, dá bhrí sin, dlús a chur leis an tacaíocht bheartais do FBManna, ag cur leis na gníomhaíochtaí a cuireadh chun cinn sa Teachtaireacht seo. Baineann na gníomhaíochtaí sin go léir leis na trí phríomhdhúshlán oibríochtúla atá os comhair FBManna — ualach riaracháin, airgeadas agus scileanna — agus é mar aidhm ag na gníomhaíochtaí sin spriocanna nithiúla a bhaint amach: creat rialála cumasúcháin a sholáthar, ceanglais tuairiscithe a laghdú, cánacha a shimpliú, leachtacht a chothú, rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, na scileanna cearta a sholáthar do FBManna agus tacú leo ar feadh a saolré.

Mar a mheabhraítear i Straitéis FBM an Choimisiúin 101 , braitheann faoiseamh agus tacaíocht éifeachtach do FBManna ar iarracht chomhbheartaithe agus ar chomhpháirtíocht láidir i measc na ngníomhaithe uile — institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, FBManna, cuideachtaí móra, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus infheisteoirí. Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an prionsabal ‘Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús’ a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

A mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, ní mór gach luamhán lena bhféadfaí cuidiú le saol FBManna a dhéanamh níos éasca agus níos soiléire a ghníomhachtú. Is cuid lárnach de chur chuige an Choimisiúin é faoiseamh gearrthéarmach a sholáthar, an bunobair a leagan síos dá n‑iomaíochas agus dá n‑athléimneacht fhadtéarmach, agus timpeallacht ghnó atá cothrom agus fabhrach do FBManna a chothú.

(1)

SME Performance Review 2023 [Athbhreithniú ar Fheidhmíocht FBManna 2023], https://single-market-economy.ec.europa.eu/smes/sme-strategy/sme-performance-review_en.  

(2)

 Flash Eurobarometer 486, SMEs, start-ups, scale-ups and entrepreneurship [Flais-Eorabharaiméadar 486, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus fiontraíocht], Meán Fómhair 2020], https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2244.

(3)

 Productivity in SMEs and large firms [Táirgiúlacht in FBManna agus i ngnólachtaí móra], ECFE, 2021, https://www.oecd-ilibrary.org/sites/54337c24-en/index.html?itemId=/content/component/54337c24-en .

(4)

 Flash Eurobarometer 486, SMEs, start-ups, scale-ups and entrepreneurship [Flais-Eorabharaiméadar 486, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus fiontraíocht], Meán Fómhair 2020,  https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2244 .

(5)

Tá tuairim is 89 % de FBManna ag gníomhú cheana le bheith níos tíosaí ar acmhainní, Flash Eurobarometer 498, SMEs, resource efficiency and green markets [Flais-Eorabharaiméadar 498, FBManna, éifeachtúlacht acmhainní agus margaí glasa], Márta 2022, https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2287.  

(6)

COM (2020) 103 final.

(7)

COM (2021) 250 final.

(8)

  https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and-resilience-scoreboard/smart.html .

(9)

Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, modheolaíocht clibeála colúin, ‘Tacaíocht do FBManna’ mar phríomhréimse beartais nó mar réimse tánaisteach beartais.

(10)

Áirítear leis sin EUR 43 bhilliún faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus EUR 22 bhilliún san iomlán faoi Thionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas de chuid an Bheartais Chomhtháthaithe agus REACT-EU.

(11)

An Creat Sealadach maidir le Státchabhair COVID-19; Creat Sealadach Géarchéime an Choimisiúin le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; na rialacha ginearálta leasaithe maidir le blocdhíolúine (Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún; an tathbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán maidir le cabhair de minimis, https://competition-policy.ec.europa.eu/public-consultations/2022-de-minimis_en .

(12)

Laistigh den Líonra Fiontar Eorpach.

(13)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/industry/transition-pathways_en .

(14)

COM (2023) 148 final. Leis an togra, cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit rialuithe praghsanna a chur i bhfeidhm ar FBManna agus ar thomhaltóirí le linn géarchéimeanna fuinnimh.

(15)

COM (2022) 68 final.

(16)

Tá beagnach EUR 700 milliún á chur isteach ag saoráid infheistíochta CASSINI i gcistí caipitil fiontair a infheistíonn sa spás, lena slógtar ar a laghad EUR 1,5 billiún de chaipiteal riosca iomlán do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna.

(17)

 Ina theannta sin, tá tairbhe á baint ag FBManna as maoiniú EUR 1 bhilliún faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, atá curtha i leataobh chun tacú le hiomaíochas FBManna agus lena n‑idirnáisiúnú a neartú agus chun tacaíocht a chur ar fáil do FBManna trí idirghabhálaithe FBManna, mar shampla tríd an Líonra Fiontar Eorpach agus Euroclusters, arna éascú ag an Ardán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha.

(18)

 I ngach comhaontú trádála nua de chuid an Aontais tá caibidlí dírithe ar FBManna ina bhfuil forálacha chun cuidiú le FBManna a ngnó a fhás le margaí eachtracha agus sna margaí sin. Le sásra tiomnaithe gearán ( https://trade.ec.europa.eu/access-to-markets/en/content/single-entry-point-0) is féidir le FBManna bacainní a thuairisciú agus rochtain á fáil acu ar mhargaí eachtracha.

(19)

  https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/global-gateway_ga .

(20)

COM (2020) 760. Leis an bPlean Gníomhaíochta, cuidítear le cuideachtaí, go háirithe FBManna, an leas is fearr is féidir a bhaint as a n‑aireagáin agus a gcruthúcháin.

(21)

Le Rialachán (AE) 2019/1150 (‘Rialachán P2B’) leagtar amach rialacha chun timpeallacht ghnó atá cothrom, trédhearcach agus intuartha a chruthú, go háirithe do ghnólachtaí beaga agus do thrádálaithe ar ardáin ar líne.

(22)

 SME Performance Review 2023 [Athbhreithniú ar Fheidhmíocht FBManna 2023], https://single-market-economy.ec.europa.eu/smes/sme-strategy/sme-performance-review_en .

(23)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/industry/transition-pathways_en .

(24)

 Flash Eurobarometer 486, SMEs, start-ups, scale-ups and entrepreneurship[Flais-Eorabharaiméadar 486, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus fiontraíocht], Meán Fómhair 2020, https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2244 .

(25)

 Survey on the Access to Finance of Enterprises [Suirbhé ar Rochtain Fiontar ar Mhaoiniú], SAFE, Nollaig 2022, https://single-market-economy.ec.europa.eu/access-finance/data-and-surveys-safe_en .

(26)

Ibid.

(27)

Ibid.

(28)

Flash Eurobarometer 529 on European Year of Skills: Skills shortages, recruitment and retention strategies in small and medium-sized enterprises [Flais-Eorabharaiméadar 529 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna: Ganntanas scileanna, earcaíocht agus straitéisí coinneála i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide] (a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2023).

(29)

 Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle .

(30)

COM (2021) 219 final agus https://commission.europa.eu/law/law-making-process/planning-and-proposing-law/better-regulation/better-regulation-guidelines-and-toolbox_en .

(31)

Is sainghrúpa ardleibhéil é an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ a chuidíonn leis an gCoimisiún agus é ag iarraidh dlíthe an Aontais a shimpliú agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú, https://commission.europa.eu/law/law-making-process/evaluating-and-improving-existing-laws/refit-making-eu-law-simpler-less-costly-and-future-proof/fit-future-platform-f4f_en .

(32)

Leanann sé sin freisin na tograí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in 2022 chun borradh a chur faoi iomaíochas FBManna agus chun an tástáil FBM a threisiú (tograí 12, 17 agus 35).

(33)

  https://ec.europa.eu/docsroom/documents/53934 .

(34)

Grúpa saineolaithe ardleibhéil ó na Ballstáit a thugann comhairle don Choimisiún maidir le gach gné de bheartas FBManna, https://single-market-economy.ec.europa.eu/smes/sme-strategy/sme-envoys-network_en .

(35)

Áirítear orthu sin freisin baill de RegWatchEurope, ina bhfuil comhlachtaí maoirseachta de chuid na hÍsiltíre, na Fionlainne, na Sualainne, na Gearmáine, na Danmhairge, na hIorua, Phoblacht na Seice, na Ríochta Aontaithe.

(36)

I Réamhaisnéis ECFE 2021 maidir le Beartais Rialála aicmíodh córas rialála níos fearr an Choimisiúin Eorpaigh mar an córas is mó dul chun cinn maidir le comhairliúcháin agus meastóireachtaí le páirtithe leasmhara agus aicmíodh é sa tríú háit maidir le measúnuithe tionchair

(37)

 Annual Burden Survey 2022 – The European Union’s efforts to simplify legislation[Suirbhé Bliantúil Ualaigh 2022 – Iarrachtaí an Aontais Eorpaigh reachtaíocht a shimpliú], Meán Fómhair 2023.

(38)

2020/C 447/01.

(39)

SWD (2023) 277 final.

(40)

COM (2021) 206 final.

(41)

COM (2023) 442 final.

(42)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say-simplify_ga

(43)

 Sainíodh an prionsabal ‘Tús Áite d’Fhiontair Bheaga’ san Acht um Ghnólachtaí Beaga (SBA) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52008DC0394 agus rinneadh tuilleadh forbartha air san athbhreithniú ar SBA https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A52011DC0078 .

(44)

Comhlachtaí eile atá ábhartha do FBManna amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

(45)

Áirítear ar na dea-chleachtais an uirlis don mheasúnú riosca digiteach a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Uirlis um Measúnú ar Aibíocht Cibearshlándála do FBManna de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil nó an tairseach atá tiomnaithe d’fhiontraithe in Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

(46)

COM (2018)1724. Is féidir teacht air tríd an tairseach ar líne ‘An Eoraip Agatsa’: https://europa.eu/youreurope/ .

(47)

COM (2023) 501 final.

(48)

COM (2023) 177 final.

(49)

 Féach an measúnú tionchair lena mbaineann, SWD(2023) 178 final.

(50)

Nascann BRIS gach clár náisiúnta agus cuireann sé faisnéis faoi 20 milliún cuideachta agus brainse ar fáil go poiblí.

(51)

  https://ec.europa.eu/solvit/what-is-solvit/index_ga.htm ; i mí an Mhárta 2023 mhol an Coimisiún tagarmharc do SOLVIT chun 90 % ar a laghad de na cásanna a réiteach laistigh de 12 mhí i ngach Ballstát.

(52)

Cinneadh (AE) 2022/2481 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach.

(53)

https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/activities/testing-and-experimentation-facilities.

(54)

COM (2023) 168 final

(55)

Má tá ceanglais tuairiscithe dea-dheartha, déantar na costais a bhaineann leo a fhritháireamh den chuid is mó leis na tairbhí a bhaineann leo, mar shampla trí fhaireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir nó trí mhaoirseacht a dhéanamh ar an earnáil airgeadais agus trí chobhsaíocht airgeadais a chothabháil. Ní hamháin go n‑áirítear ceanglais den sórt sin sa reachtaíocht phríomha, ach áirítear iad freisin i ngníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe nó fiú i socruithe oibríochtúla.

(56)

  Athbhreithniú ar chreat bainistithe géarchéime bainc agus árachais taiscí an Aontais; ; Caighdeáin Theicniúla Cur Chun Feidhme maidir le tuairisciú agus nochtadh ag gnóthais árachais agus athárachais; ; Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach ; Athbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch-an tuairisciú a shimpliú ; Togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe ; Cód Custaim an Aontais ; Creat dlíthiúil ginearálta cógaisíochta; roinnt tionscnamh atá á nullmhú nó á moladh i réimse an iompair, amhail an Treoir maidir le hiompar comhcheangailte ,  creat dlíthiúil comhchuibhithe maidir le toilleadh iarnróid agus bainistiú tráchta agus deireadh a chur leis na conairí lasta iarnróid mar chuid den phacáiste maidir le glasú lasta , na hathbhreithnithe ar na hUalacha agus ar na Toisí (féach an pacáiste lasta um ghlasú) chomh maith leis na  Treoracha um Rialú Stáit ar Chalafoirt , etc.

(57)

Leis an gcéad tacar de Chaighdeáin Eorpacha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta (COM (2023) 5303 final), laghdaíodh go mór an t‑ualach tuairiscithe i gcomparáid leis an gcomhairle theicniúil a fuarthas ó EFRAG. Leathnaigh an Coimisiún an prionsabal gan ach faisnéis ábhartha a thuairisciú, thug sé isteach roinnt céimnithe isteach, agus rinne sé ceanglais áirithe maidir le nochtadh deonach.

(58)

Airteagail 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(59)

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an tuarascáil ar an measúnú tionchair maidir le híocaíochtaí déanacha, a foilsíodh i gcomhthráth leis an teachtaireacht seo.

(60)

Agus na haidhmeanna sin á gcur san áireamh, sheol an Coimisiún roinnt nósanna imeachta um shárú le déanaí i réimse na níocaíochtaí déanacha, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/inf_23_1808 .

(61)

D’áireofaí leis sin cistiú a bheadh ar fáil do FBManna trí na hionstraimí seo a leanas (meastacháin sheirbhísí an Choimisiúin): InvestEU (EUR 6,9 billiún ón ngné tiomanta FBM agus EUR 0,82 billiún sa bhreis tríd an réimse bheartais Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 45,2 billiún), CNE (EUR 10 mbilliún), Cassini (EUR 0,7 billiún), Colún FBM Chlár an Mhargaidh Aonair (EUR 1 bhilliún), Ciste FBManna Maoine Intleachtúla (EUR 0,08 billiún), an Clár don Eoraip Dhigiteach (EUR 0,7 billiún), an Ciste Eorpach Cosanta (os cionn EUR 0,2 billiún), Clár Spáis an Aontais (EUR 1 bhilliún), Nascacht Shlán — IRIS2 (EUR 0,72 billiún), Fís Eorpach (EUR 15 bhilliún), an Ciste um Aistriú Cóir (EUR 4,8 billiún), Eoraip na Cruthaitheachta (EUR 2,3 billiún), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (EUR 38,71 billiún), Tionscnaimh Infheistíochta an Bheartais Chomhtháthaithe mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus REACT-EU (EUR 22 bhilliún), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EUR 30 billiún), an Ciste Comhtháthaithe (EUR 0,05 billiún), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EUR 2,52 billiún), Clár LIFE (EUR 0,13 billiún), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (EUR 0,2 billiún), an Ciste don Nuálaíocht (EUR 0,17 billiún), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (EUR 0,82 billiún), an Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht i réimse na rochtana ar mhaoiniú (EUR 45 bhilliún) do ghnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

(62)

As na hionstraimí airgeadais éagsúla atá ar fáil do FBManna le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil a bhí ann roimhe seo (tréimhse 2014-2020), leis an tSaoráid Ráthaíochta Iasachta COSME í féin spreagadh EUR 68 mbilliún de mhaoiniú do bheagnach 900 000 FBM, rud a chuidigh le breis agus 4 mhilliún post a chruthú nó a choinneáil ar bun.

(63)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/access-finance/investeu/investeu-fund-sme-window_en .

(64)

COM (2023) 335 final.

(65)

Trí leasú a dhéanamh ar an treoraíocht theicniúil maidir le cur i bhfeidhm ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoi Rialachán (AE) 2021/241. Éascófar leis sin freisin leithdháileadh acmhainní chuig InvestEU ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(66)

 Tá an méid sin gan dochar d’oibleagáid ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais a bheith comhsheasmhach le rialacha maidir le Státchabhair de bhun Airteagal 209(2)(c) den Rialachán Airgeadais.

(67)

  https://www.fi-compass.eu.

(68)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_7348 .

(69)

COM (2022) 760 final.

(70)

COM (2017) 572 final. In 2020 agus 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún dhá staidéar ar rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/eec8227c-ecc4-11ea-b3c6-01aa75ed71a1 agus https://ec.europa.eu/docsroom/documents/46111/attachments/1/translations/en/renditions/native . Foilsíodh dhá bhróisiúr in 2023 chun rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta sa soláthar poiblí a chothú: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/54254 , https://ec.europa.eu/docsroom/documents/54276 .

(71)

 Activity Report 2023 of the OECD Platform on Financing SMEs for Sustainability [Tuarascáil Gníomhaíochta 2023 ó Ardán ECFE maidir le FBManna a mhaoiniú le haghaidh Inbhuanaitheachta] (leathanach 6), https://www.oecd.org/cfe/smes/SME%20activity-report-2023.pdf .

(72)

Le déanaí tríd an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Creat airgeadais inbhuanaithe a oibreoidh ar an láthair’ ó mhí an Mheithimh 2023, COM (2023) 317 final, ina n‑iarrtar go háirithe cuimsitheacht, inúsáidteacht agus comhréireacht creata den sórt sin chun a chur ar chumas FBManna maoiniú a thiomsú dá n‑aistriú inbhuanaitheachta.

(73)

Moladh (AE) 2023/1425 ón gCoimisiún maidir le maoiniú a éascú don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe.

(74)

Glao an Choimisiúin ar chomhairle maidir le hiasachtaí glasa agus morgáistí glasa, a eisíodh do ÚBE i mí na Samhna 2022.

(75)

COM (2020) 274 final.

(76)

Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhormhuinigh na cinn stáit agus rialtais in 2020,  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1607&langId=en .

(77)

COM (2023) 205 final agus COM (2023) 206 final.

(78)

https://education.ec.europa.eu/focus-topics/digital-education/action-plan/action-9? .

(79)

Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle.

(80)

  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1501 .

(81)

Leis an gComhshocrú, spreagtar comhpháirtíochtaí ar an leibhéal réigiúnach freisin chun tacú le huas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair, lena náirítear iad siúd in FBManna. De réir thorthaí an tsuirbhé, ó seoladh an Comhshocrú in 2020, chuaigh iarrachtaí comhbheartaithe chomhaltaí an Chomhshocraithe i bhfeidhm ar mheastachán de bheagnach dhá mhilliún duine. Ina theannta sin, tá infheistíocht chomhiomlán de bheagnach EUR 160 milliún déanta ag comhaltaí i ngníomhaíochtaí uas-scilithe agus athscilithe. https://pact-for-skills.ec.europa.eu/index_en . 

(82)

https://www.erasmus-entrepreneurs.eu/.

(83)

https://eismea.ec.europa.eu/programmes/european-innovation-ecosystems/women-techeu_en.

(84)

COM (2011) 78 final.

(85)

COM (2016) 733 final.

(86)

  https://startupnationsstandard.eu/files/SNS-declaration.pdf .

(87)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1151 agus le togra COM (2023) 177 final.

(88)

COM (2021) 778 final.

(89)

An mheastóireacht is déanaí COM SWD (2021) 280 final.

(90)

SWD (2021) 280 final.

(91)

 Study to map, measure and portray the EU mid-cap landscape, 2022 [Staidéar chun tírdhreach meánchaipitlithe an Aontais a mhapáil, a thomhas agus a léiriú, 2022], https://op.europa.eu/en/publication- detail/-/publication/ad5fdad5-6a33-11ed-b14f-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-277396461 .

(92)

COM (2023) 1711.

(93)

Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún.

(94)

COM 94/1069/EC. Go háirithe, mhol an Coimisiún dreasachtaí cánach spriocdhírithe, amhail laghdú coinníollach ar chánacha oidhreachta agus bronntanais i gcomharbas teaghlaigh, iarchur cánach coinníollach nó faoiseamh cánach athinfheistíochta, nó dreasachtaí cánach sonracha chun aistriú na cuideachta chuig fostaithe a spreagadh — d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear marthanas an ghnó i mbaol le cánacha aistrithe.

(95)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/smes/supporting-entrepreneurship/transfer-businesses_en .

(96)

  https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/fdfae129-69bb-11eb-aeb5-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-190448642 .

(97)

 COM (2023) 316 final.

(98)

  https://www.earlywarningeurope.eu/mentor-academy .

(99)

COM (2012) 795 final.

(100)

COM (2022) 702 final.

(101)

COM (2020) 103 final.