EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document JOL_2011_347_R_0062_01_TREATY_1972__62

Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972 ( Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 73 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27.3.1972 agus Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 2 Eagrán Speisialta Gaeilge an 1.1.1973 )

IO L 347, 30.12.2011, p. 62–62 (GA)

30.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/62


MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972

( Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 73 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Márta 1972 agus Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 2 Eagrán Speisialta Gaeilge an 1 Eanáir 1973 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 2 Nollaig 2011 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

Ceartúchán ar an gConradh ag bunú Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (arna shíniú sa Róimh an 25 Márta 1957), ar cuireadh cóip de i gceangal leis an gConradh réamhluaite

I dtéacs seanAirteagal 40, mír 2, mír 3 agus mír 4:

in ionad:

“2.   Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, bunófar comheagraíocht mhargaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an eagraíocht sin:

a)

comhrialacha iomaíochta;

b)

comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta margaíochta;

c)

eagraíocht Eorpach mhargaíochta.

3.   An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír 2, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 39, go háirithe rialú praghasanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí sa Chomhphobal.

Bunófar aon chomhbheartas praghasanna ar chomhchaighdeáin agus ar chomhmhodhanna ríomhaireachta.

4.   Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear i mír 2 a haidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoireacht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.”,

léitear:

“2.   Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, bunófar comheagrú na margaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an t-eagrú sin:

(a)

comhrialacha iomaíochta;

(b)

comhordú éigeantach ar na heagruithe náisiúnta margaidh;

(c)

eagrú Eorpach ar an margadh.

3.   An comheagrú a bhunófar de réir mhír 2, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 39, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagrú cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí sa Chomhphobal.

Bunófar aon chomhbheartas praghasanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.

4.   Chun a chumasú don chomheagrú dá dtagraítear i mír 2 a aidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.”.


Top