This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Bunaítear leis Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpach NextGenerationEU chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 agus leagtar amach ann an dóigh a n-oibreofar í.
Ionstraim théarnaimh shealadach is ea Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpach dar luach suas le EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018. Tá sí ag croílár fhreagairt an Aontais Eorpaigh (AE) do ghéarchéim COVID-19 agus tá sé mar aidhm léi tacú leis an téarnamh agus todhchaí níos glaise, níos digití agus níos athléimní a fhorbairt, go sonrach chun borradh a chur faoin acmhainn le haghaidh fás agus fostaíocht inbhuanaithe chun tacú le haistriú na mBallstát i dtreo geilleagar glas agus digiteach.
Beidh an ionstraim seo ina cuidiú chomh maith leis an damáiste láithreach eacnamaíoch agus sóisialta de dheasca ghéarchéim COVID-19 a dheisiú agus Eoraip i ndiaidh COVID-19 a bheidh breá ábalta déileáil le dúshláin reatha agus dúshláin a thiocfaidh chun cinn a fhorbairt.
Is í an chuid is tábhachtaí d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh leithdháileadh maoinithe ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta — trí dheontais agus iasachtaí a sholáthar chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit AE dar luach EUR 672.5 billiún i bpraghsanna 2018 ar an iomlán:
Chomh maith leis sin, le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh neartófar cláir AE faoi mar a leanas:
Chun Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú, éascóidh an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse (Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053) (féach an achoimre) an Coimisiún Eorpach chun iasacht a fháil ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh. Faoi mar atá leagtha amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, is féidir an aisíocaíocht a dhéanamh thar an bhfadtéarma, go dtí 2058 ar a dhéanaí. Ar an tslí sin ní chuirfear brú láithreach ar airgeadas náisiúnta na mBallstát agus cuirfear ar a gcumas díriú ar na hiarrachtaí ar an téarnamh.
Faisnéis bhreise:
Níl feidhm ag an Rialachán ar an Ríocht Aontaithe.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle faoin 31 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an dóigh a bhfuil na cistí á n-úsáid faoin ionstraim seo.
Tá feidhm leis ó 23 Nollaig 2020.
Tá an EUR 1.8 trilliún, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus buiséad fadtéarmach AE 2021-2027 le chéile ar an bpacáiste spreagthaí ba mhó riamh a maoiníodh trí bhuiséad AE.
Beidh an pacáiste sin ina chuidiú le hEoraip i ndiaidh COVID-19 a atógáil, Eoraip a bheidh níos glaise, níos digití, níos athléimní agus a bheidh breá ábalta do na dúshláin reatha agus na dúshláin a thiocfaidh chun cinn.
Chomh maith leis an Rialachán seo, cuimsítear sa phacáiste freisin:
Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 23-27)
Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 28-46)
Cinneadh ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (OJ L 424, 15.12.2020, lgh. 1-10)
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)
Nuashonraithe 20.05.2021