This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Comhaontú um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Singeapór
Leis an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Singeapór áiritheofar ardleibhéal cosanta infheistíochta, agus cearta AE agus Shingeapór á gcosaint maidir le cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a rialú agus tabhairt fúthu, amhail cosaint na sláinte poiblí, na sábháilteachta agus an chomhshaoil.
Sonraítear leis an gcinneadh síniú, thar ceann AE, an chomhaontaithe um chosaint infheistíochta le Singeapór.
Cuimsítear sa chomhaontú um chosaint infheistíochta na nuálaíochtaí uile maidir le cur chuige úr um chosaint infheistíochta AE agus a shásraí forfheidhmiúcháin nach bhfuil cuimsithe sa 12 chonradh infheistíochta dhéthaobhacha atá ann cheana idir Singeapór agus tíortha AE. Gné thar a bheith tábhachtach den chomhaontú um chosaint infheistíochta is ea go dtagann sé in ionad an 12 chonradh infheistíochta dhéthaobhacha atá ann cheana agus go bhfuil sé níos fearr ná iad. Rinneadh an comhaontú um chosaint infheistíochta a idirbheartú i gcomhthráth le comhaontú saorthrádála.
I gcomhréir leis na cuspóirí arna leagan amach leis na treoracha idirbheartaíochta, rinne an Coimisiún Eorpach a áirithiú go dtabharfar déileáil chóir agus chothrom d’infheisteoirí AE agus dá n–infheistíochtaí i Singeapór agus nach ndéanfar idirdhealú ina n–aghaidh i gcomparáid le hinfheistíochtaí Singeapórach i gcásanna comhchosúla.
Ag an am céanna, leis an gcomhaontú um chosaint infheistíochta cosnaítear infheisteoirí AE agus a n–infheistíochtaí i Singeapór ar dhíshealbhú*, ach amháin sa chás:
Bunaítear sásra réitigh díospóidí infheistíochta comhaimseartha agus athchóirithe leis an gcomhaontú um chosaint infheistíochta chomh maith. Áirithítear leis sin go gcloífear le rialacha um chosaint infheistíochta, agus tá sé mar aidhm leis cothromaíocht a fháil idir infheisteoirí a chosaint ar bhealach trédhearcach agus ceart an Stáit chun rialála a chosaint d’fhonn tabhairt faoi chuspóirí beartais phoiblí. Déanfar imeachtaí réitigh díospóidí tríd an mbuanchóras idirnáisiúnta iomlán neamhspleách um réiteach díospóidí ina gcuimsítear Buanbhinsí Céadchéime agus Achomharc.
Síníodh an comhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2018 agus ní mór do thíortha AE é a dhaingniú sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Féach freisin:
Comhaontú um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Singeapór
Cinneadh (AE) 2018/1676 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, de pháirt eile (IO L 279, 9.11.2018, lgh. 1-2)
Comhaontú Saorthrádála idir AE agus tíortha AE le Singeapór
Cinneadh (AE) 2018/1599 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 267, 25.10.2018, lgh. 1-2)
Nuashonraithe 07.02.2019