An Conradh ar an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom)
ACHOIMRE AR:
An Conradh ar an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?
Mar is léir ó fhoclaíocht Theideal II ann, is é is aidhm le Conradh Euratom “dul chun cinn i réimse an fhuinnimh núicléach a spreagadh”.
Go háirithe, áirítear an méid a leanas sa chuspóir, laistigh de chomh-mhargadh fuinnimh núicléach:
- taighde a chur chun cinn;
- slándáil an tsoláthair a bhaint amach le haghaidh thíortha uile AE;
- córas a chur ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar úsáid shíochánta ábhar núicléach atá beartaithe le haghaidh úsáid shibhialtach, agus comhchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta á n–áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá an conradh teoranta go docht d’úsáid shibhialtach (seachas míleata) a bhaint as fuinneamh núicléach.
Struchtúr an chonartha
Leagtar amach 8 dtasc a cuireadh faoi chúram Euratom i dTeideal I agus déantar mionléiriú orthu sin le rialacha sainiúla i dTeideal II:
- taighde, comhar i dtaighde agus malartú faisnéise teicniúla a chur chun cinn — bunaítear Ionad Comhpháirteach Taighde;
- caighdeáin sábháilteachta aonfhoirmeacha a chur ar bun chun sláinte na n–oibreoirí agus an phobail i gcoitinne a chosaint agus a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad;
- infheistíocht a éascú agus a áirithiú, go háirithe trí spreagadh a thabhairt do chomhfhiontair, go gcuirtear na bunsuiteálacha ar bun atá riachtanach chun fuinneamh núicléach a fhorbairt;
- a áirithiú trí chomhbheartas soláthair go bhfaigheann na húsáideoirí uile sa Chomhphobal (an AE anois) soláthar rialta agus cothrom mianta gus breoslaí núicléacha — bunaítear Gníomhaireacht Soláthair Euratom;
- rialú a dhéanamh ar úsáid iomchuí (neamh-mhíleata go háirithe) agus shíochánta ábhar núicléach — déanann cigirí tiomnaithe cosaintí Euratom a áirithiú, a dhéanann seiceálacha fisiceacha agus cuntasaíochta sna suiteálacha núicléacha uile sa Chomhphobail;
- ceart a fheidhmiú maidir le húinéireacht ar roinnt ábhar eamhnach speisialta (tá ábhair eamhnacha déanta d’adaimh ar féidir iad a scoilteadh le neodróin in imoibriú slabhrúil féinchothaithe chun méideanna ollmhóra fuinnimh a scaoileadh);
- cómhargadh a chruthú d’ábhair agus trealamh speisialaithe, ina bhfuil saorghluaiseacht caipitil le haghaidh infheistíochta i réimse an fhuinnimh núicléach agus saoirse fostaíochta do speisialtóirí;
- caidreamh a chur ar bun le tíortha eile agus eagraíochtaí idirnáisiúnta lena gcothófaí dul chun cinn maidir le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach.
Baineann Teideal III agus Teideal IV le hinstitiúidí agus cúrsaí airgeadais:
- Tá na comhlachtaí feidhmiúcháin céanna ag Euratom agus AE ó cuireadh an Conradh Cumaisc i bhfeidhm (1967). Bhí roinnt comhinstitiúidí aige cheana féin.
- Tá comhroinnt na gcumhachtaí arna mbronnadh ar na hinstitiúidí le Conradh Euratom difriúil ó na cinn atá ag comhlachtaí CEE (comhlachtaí AE anois ag gníomhú faoi raon feidhme AE). Níl an méid sin cumhachta ag an bParlaimint go háirithe i leith Euratom, níl ach cumhachtaí comhairliúcháin aici (gan chomhchinneadh).
- Tá pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas airgeadais ag Gníomhaireacht Soláthair Euratom, comhlacht sainiúil de chuid Euratom, agus tá sí faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.
- Ó cuireadh an Conradh Cumaisc i bhfeidhm, comhroinneann Euratom buiséad riaracháin aonair le hinstitiúidí AE chomh maith. Coinnítear an caiteachas T&F faoi Chonradh Euratom faoi bhuiséad ar leithligh áfach.
Sa chúigiú agus sa séú teideal faoi seach, pléitear le rialacha ginearálta agus rialacha a bhaineann leis an tréimhse tosaigh (bunú na n–institiúidí, rialacha feidhmithe tosaigh agus rialacha idirthréimhseacha).
Tá cúig iarscríbhinn leis an gconradh chomh maith, ina bpléitear leis an méid a leanas:
- na réimsí taighde a bhaineann le fuinneamh núicléach dá dtagraítear in Airteagal 4 den chonradh;
- na gníomhaíochtaí tionsclaíochta dá dtagraítear in Airteagal 41 den chonradh;
- na buntáistí a bhféadfaí iad a thabhairt do chomhghnóthais de réir Airteagal 48 den chonradh;
- liosta earraí agus táirgí atá faoi réir fhorálacha Chaibidil 9 maidir leis an gcómhargadh núicléach; agus
- an clár taighde agus oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 215 den chonradh (rinneadh airteagal 215 a aisghairm sa leagan reatha den chonradh).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?
Síníodh an conradh an 25 Márta 1957, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958.
CÚLRA
Rinneadh an Conradh ar an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (CEFA, “Euratom” mar ab fhearr aithne air )a shíniú sa Róimh in 1957, in éineacht leis an gconradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), ag na sé thír bhunaidh de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach (CEGC). Tagraítear do na conarthaí CEE agus CEGC uaireanta mar “Chonarthaí na Róimhe”, fad is a thugtar “Conradh na Róimhe” ar Chonradh CEE.
Murab ionann agus Conradh CEE, ní dhearnadh athruithe móra ar Chonradh Euratom riamh, agus tá sé fós i bhfeidhm. Go háirithe, ní dhearnadh Euratom a chumasc leis an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin tá sé fós ina phearsantacht dhlítheanach ar leith, cé go bhfuil an bhallraíocht chéanna aici.
In éineacht leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá Conradh Euratom ina chuid de phríomhdhlí AE mar cheann dá chonarthaí gníomhacha.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conradh ar an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, an 25 Márta 1957 — leagan comhdhlúite (IO C 203, 7.6.2016, lgh. 1-112)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
An Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 25 Márta 1957 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)
Conradh Cumaisc an 8 Aibreán 1965 (IO 152, 13.7.1967, lgh. 2-17 (DE, FR, IT, NL))
Conradh Maastricht an 7 Feabhra 1992 (IO C 191, 29.7.1992, lgh. 1-112)
Conradh Liospóin, an 13 Nollaig 2007 (IO C 306, 17.12.2007, lgh. 1-271)
Nuashonraithe 25.05.2018