EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis úr AE um Margadh Aonair Digiteach

Le Margadh Aonair Digiteach chuirfí tomhaltóirí agus gnólachtaí ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis na teicneolaíochtaí Idirlín agus digiteacha.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (COM(2015) 192 final an 6.5.2015)

ACHOIMRE

Le Margadh Aonair Digiteach chuirfí tomhaltóirí agus gnólachtaí ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis na teicneolaíochtaí Idirlín agus digiteacha.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Leagtar amach an straitéis ann do mhargadh aonair digiteach, ceann de 10 dtosaíocht bheartais an Choimisiúin Eorpaigh ina chlár oibre i gcomhair post, cothroime agus an athraithe dhéimeagrafaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach 16 ghníomh spriocdhírithe sa straitéis bunaithe ar 3 cholún:

  • 1.
    Rochtain níos fearr do thomhaltóirí ar earraí agus ar sheirbhísí digiteacha ar fud na hEorpa. Faoin gcolún seo molfaidh an Coimisiún:
    • rialacha chun ríomhthráchtáil trasteorann a dhéanamh níos fusa;
    • athbhreithniú ar an Rialachán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí chun rialacha tomhaltóirí a chur i bhfeidhm níos gaiste agus níos comhsheasmhaí;
    • seachadadh beartán trasteorann níos éifeachtaí agus níos inacmhainne;
    • chun deireadh a chur le geobhlocáil* gan údar agus mar sin rogha agus rochtain do thomhaltóirí Eorpacha ar líne a mhéadú;
    • buarthaí féideartha iomaíochta a théann i gcion ar mhargaí ríomhthráchtála Eorpacha a aithint;
    • dlí um chóipcheart níos nua-aimseartha, níos Eorpaí;
    • athbhreithniú ar an Treoir maidir le Satailítí agus Cáblaí chun measúnú a dhéanamh ar cibé ar cheart a scóip a leathnú chun tarchur ar líne craoltóirí a chur san áireamh nó nár cheart.
    • an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a tharlaíonn i ngeall ar chórais CBL éagsúla a laghdú.
  • 2.
    Na dálaí cearta agus cothrom na féinne a chruthú chun go n-éireoidh le líonraí digiteacha agus seirbhísí nuálacha. Molann an Coimisiún:
    • athchóiriú iomlán a dhéanamh ar rialacha teileachumarsáide AE;
    • athbhreithniú a dhéanamh ar chreat na meán closamhairc chun é a dhéanamh feiliúnach don 21ú haois;
    • anailís a dhéanamh ar ról na n-ardán ar líne amhail innill chuardaigh, na meáin shóisialta srl., sa Mhargadh Aonair Digiteach agus measúnú a dhéanamh ar an dóigh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach;
    • muinín agus slándáil sna seirbhísí digiteacha a mhéadú, go háirithe láimhseáil sonraí pearsanta. Áireofar air sin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach
    • comhpháirtíocht le tionscal maidir le cibearshlándáil lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí agus slándáil líonraí ar líne.
  • 3.
    Acmhainneacht fáis an gheilleagair dhigitigh a uasmhéadú. Déanfaidh an Coimisiún:
    • “saorshreabhadh tionscnamh sonraí” a mholadh chun saorghluaiseacht sonraí in AE, chomh maith le tionscnamh um “ Néalríomhaireacht Eorpach ” a chur chun cinn;
    • tosaíochtaí maidir le caighdeáin agus idir-inoibritheacht gléasanna, feidhmchlár, stóir shonraí agus líonraí atá ríthábhachtach don Mhargadh Aonair Digiteach a shainiú;
    • tacú le sochaí digiteacha cuimsitheacha sa chás go bhfuil na scileanna cearta ag saoránaigh chun deiseanna an Idirlín a ghabháil agus a seansanna post a fháil a mhéadú.

Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha sin i bhfeidhm faoi dheireadh 2016.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Margadh Aonair Digiteach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Geobhlocáil: sa chás go ndiúltar rochtain do chustaiméirí ar líne ar shuíomh gréasáin bunaithe ar a suíomh nó go ndéantar iad a athródú chuig stór áitiúil le praghas difriúil.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip - Anailís agus fianaise a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (SWD(2015) 100 final an 6.5.2015)

Nuashonraithe 17.08.2015

Top