Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Caibidlíocht na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an athrú aeráide — forbhreathnú

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi mar a bhaineann sé le rannpháirtíocht AE i gcaibidlíocht NA maidir leis an athrú aeráide

AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS CAIBIDLÍOCHT NA MAIDIR LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE

  • In Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sainmhínítear cuspóirí agus prionsabail bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh (AE) agus is é atá mar bhonn agus mar thaca faoi rannpháirtíocht AE i gcaibidlíocht NA maidir leis an aeráid. Go háirithe:
    • sa cheathrú fleasc d’Airteagal 191(1) de CFAE, luaitear go sonrach go bhfuil sé mar cheann de na príomhaidhmeanna le beartas comhshaoil AE bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh athrú aeráide; agus
    • sa cheathrú mír d’Airteagal 191, tagraítear do chomhar sa réimse sin le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe.
  • Tá mar aidhm le caibidlíocht NA maidir leis an aeráid teacht ar chomhaontú idirnáisiúnta ar bhearta éifeachtacha chun dul i ngleic leis an téamh domhanda. Sa chéad chaibidlíocht, i 1992, tugadh gealltanas go gcoinneofaí an méadú ar théamh domhanda faoi bhun 2 oC i gcomparáid leis an ré réamhthionsclaíoch.
  • Glacadh comhaontú domhanda nua maidir leis an aeráid in 2015 chun luas a chur faoin aistriú i dtreo geilleagar domhanda ísealcharbóin. Tá an comhaontú sin ina thoradh ar iarrachtaí an phobail idirnáisiúnta ar feadh blianta fada chun comhaontú uilíoch iltaobhach a chur i gcrích maidir leis an athrú aeráide.

PRÍOMHCHÉIMEANNA CHUN AN T-ATHRÚ AERÁIDE A CHOMHRAC

  • 1992: Le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC), bunaíodh an bonn le haghaidh comhar idirnáisiúnta chun an t-athrú aeráide a chomhrac trí theorainn a chur le méaduithe ar an meánteocht dhomhanda agus leis an athrú aeráide a éiríonn aisti sin.
  • 1997: Faomhadh Prótacal Kyoto, an chéad chomhaontú riamh ar domhan atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Gheall na tíortha forbartha a bhí rannpháirteach a n-astaíochtaí iomlána a laghdú 5 % ar a laghad sa chéad tréimhse gealltanais (idir 2008 agus 2012) i gcomparáid le leibhéil 1990. Gheall na 15 thír AE (mar a bhí ann ag an am) go mbainfidís amach laghdú 8 %.
  • 2009: Baineadh amach comhaontú polaitiúil le Comhaontú Chóbanhávan, inar éilíodh gníomh sainiúil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú. Ba é sin an chéad uair a thug na geilleagair mhóra ar fad gealltanais fhollasacha idirnáisiúnta i leith na haeráide. Thacaigh breis is 140 tír leis.
  • 2010: I gComhaontuithe Cancún, sainaithníodh i gcinneadh foirmiúil de chuid NA den chéad uair gur gá an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 oC i gcomparáid le teochtaí réamhthionsclaíocha. Aithníodh ann gur ghá na hiarrachtaí foriomlána a mhéadú chun an sprioc sin a bhaint amach.
  • 2011: Daingníodh i nDearbhú Durban an gá atá le comhaontú dlíthiúil nua chun an t-athrú aeráide a chomhrac ó 2020 ar aghaidh — comhaontú ina bhféadfadh gach aon tír a cuid a dhéanamh chomh maith agus atá ar a cumas. In 2015 a chomhaontófaí é sin.
  • 2012: Thacaigh Dearbhú Doha le toilteanas 38 tír fhorbartha, lena n-áirítear AE, a bheith páirteach sa dara tréimhse gealltanais faoi Phrótacal Kyoto (2013-2020). Cuimsítear 14 % d’astaíochtaí an domhain leis sin.
  • 2013: I Vársá, cruthaíodh sceideal do thíortha chun a ngealltanais a chur síos chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú faoin gcomhaontú nua maidir leis an aeráid dhomhanda atá le cur i gcrích in 2015.
  • 2014: I Líoma, tacaíodh le gealltanais Vársá agus ceanglaíodh ar gach tír cur síos a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe acu do chomhaontú 2015 ar bhealach soiléir, trédhearcach agus intuigthe. Anuas air sin, thángthas ar chomhaontú maidir le dréachtghnéithe don chomhaontú agus maidir le luas a chur faoi ghníomhartha roimh 2020.
  • 2015: I bPáras, glacadh an chéad chomhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir leis an aeráid dhomhanda. Tá an comhaontú le cur i bhfeidhm ó 2020 ar aghaidh. Leagtar amach plean gníomhaíochta domhanda sa chomhaontú chun an domhan a chur ar an mbóthar ceart chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint. Déanfar é sin tríd an téamh domhanda a choinneáil cuid mhaith faoi bhun 2 oC. Is trí sprioc cheangailteach chun astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 a chuirfidh AE leis an gcomhaontú nua.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal XX — Comhshaol — Airteagal 191 (iar-Airteagal 174 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 132–133)

Nuashonraithe 17.11.2016

Top