Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0431

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    PE/89/2021/REV/2

    IO L 88, 16.3.2022, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/431/oj

    16.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 88/1


    TREOIR (AE) 2022/431 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Márta 2022

    lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (a), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a thagann as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha san ionad oibre. Leis an Treoir sin, déantar foráil maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann leis an nochtadh ceirde do charcanaiginí agus só-ghineacha trí bhíthin chreat na bprionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ceanglais íosta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is é is aidhm do na ceanglais íosta sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais. Is féidir leis na Ballstáit forálacha níos déine a shocrú.

    (2)

    Trí cheanglais íosta a leagan síos le haghaidh cosaint oibrithe ar fud an Aontais, le Treoir 2004/37/CE, feabhsaítear an tsoiléireacht agus cuirtear le machaire comhréidh níos fearr do na gníomhaithe eacnamaíocha sna hearnálacha a úsáideann na substaintí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, rud a léiríonn tábhacht ghníomhaíocht an Aontais sa réimse sin.

    (3)

    De réir na fianaise eolaíche is déanaí, is féidir le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar an bhfheidhm ghnéasach agus ar thorthúlacht i bhfireannaigh fhásta agus i mbaineannaigh fhásta, agus ar fhorbairt an tsleachta. Ar aon dul le carcanaiginí nó só-ghineacha, is iad is substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh substaintí arb údar mór imní iad agus a bhféadfaidís éifeachtaí tromchúiseacha dochúlaithe a bheith acu ar shláinte oibrithe iad substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a rialáil freisin faoi Threoir 2004/37/CE chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht, inter alia, le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus chun íosleibhéal cosanta comhchosúil a áirithiú ar leibhéal an Aontais.

    (4)

    I gcás fhormhór na substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, is féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha don tsláinte mar thoradh ar nochtadh faoina mbun. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le híoslaghdú nochta a leagtar síos i dTreoir 2004/37/CE ach amháin maidir leis na substaintí sin atá tocsaineach don atáirgeadh nach féidir leibhéal sábháilte nochta a shainaithint ina leith agus a shainaithnítear mar “shubstaintí neamhthairsí” sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE. Maidir le gach substaint eile atá tocsaineach don atáirgeadh, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go ndéanfar an riosca a bhaineann le nochtadh oibrithe a laghdú a mhéid is féidir.

    (5)

    De réir na sonraí eolaíocha is déanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le teorainnluachanna bitheolaíocha i gcásanna sonracha chun oibrithe a chosaint ar nochtadh do roinnt carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart teorainnluachanna bitheolaíocha agus forálacha ábhartha gaolmhara a áireamh i dTreoir 2004/37/CE.

    (6)

    Le Prionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (5), a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás an 17 Samhain 2017, déantar foráil maidir le ceart na n-oibrithe chun ardleibhéal cosanta dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair, lena n-áirítear cosaint ar nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh san ionad oibre.

    (7)

    Is gné thábhachtach de na socruithe ginearálta a bhaineann le hoibrithe a chosaint a bunaíodh le Treoir 2004/37/CE iad teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde agus ní ceadmhach na teorainnluachanna sin a shárú. Ba cheart teorainnluachanna agus forálacha eile atá ábhartha go díreach a bhunú le haghaidh na gcarcanaiginí, na só-ghineach agus na substaintí sin uile atá tocsaineach don atáirgeadh ar ina leith atá an fhaisnéis, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla atá cothrom le dáta, ar fáil lenar féidir déanamh amhlaidh.

    (8)

    I gcás só-ghineach agus fhormhór na gcarcanaiginí, ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha sláinte mar thoradh ar nochtadh faoina mbun. Bíodh is nach féidir na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe as nochtadh do charcanaiginí agus só-ghineacha ag an obair (riosca iarmharach) a dhíothú trí theorainnluachanna maidir le nochtadh do charcanaiginí agus só-ghineacha san ionad oibre a leagan síos i dTreoir 2004/37/CE, ní beag an cúnamh sin, mar sin féin, mar go laghdaítear go mór na rioscaí a eascraíonn as nochtadh dá leithéid sin trí bhíthin an chur chuige céim ar chéim agus chuspóirdhírithe a glacadh sa Treoir sin.

    (9)

    Ní dochar teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde do na hoibleagáidí eile atá ar fhostóirí de bhun Threoir 2004/37/CE, amhail úsáid carcanaiginí, só-ghineach agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh san ionad oibre a laghdú nó nochtadh oibrithe do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a chosc nó a laghdú, ná do na bearta ba cheart a chur chun feidhme chun na críche sin. A mhéid is féidir go teicniúil, ba cheart a áireamh ar na bearta sin substaint, meascán nó próiseas a chur in ionad na carcanaigine, an tsó-ghinigh agus na substainte atá tocsaineach don atáirgeadh nach bhfuil contúirteach nó nach bhfuil chomh contúirteach céanna do shláinte oibrithe, córas dúnta a úsáid, nó bearta eile a bhfuil sé d’aidhm acu leibhéal nochta oibrithe a laghdú.

    (10)

    Is gá oiliúint leordhóthanach agus iomchuí a chur ar oibrithe nuair a nochtar nó nuair is dócha go nochtfar do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh iad, lena n-áirítear iad siúd atá i dtáirgí íocshláinte guaiseacha áirithe. An oiliúint a cheanglaítear ar an bhfostóir a chur ar fáil de bhun Airteagal 11 de Threoir 2004/37/CE, ba cheart í a oiriúnú chun riosca nua nó athraithe a chur san áireamh, go háirithe nuair a nochtar oibrithe do charcanaiginí nua, do shó-ghineacha nua nó do shubstaintí nua atá tocsaineach don atáirgeadh nó do roinnt carcanaiginí éagsúla, só-ghineacha éagsúla nó substaintí éagsúla atá tocsaineach don atáirgeadh, lena n-áirítear i dtáirgí íocshláinte guaiseacha, nó i gcás athrú ar dhálaí a bhaineann leis an obair.

    (11)

    Tá substaint amháin nó níos mó i dtáirgí íocshláinte guaiseacha áirithe a chomhlíonann na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A nó 1B), in aicme shó-ghineach (catagóir 1A nó 1B) nó in aicme mar thocsaineach don atáirgeadh (catagóir 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Níl rochtain éasca ag oibrithe, fostaithe ná údaráis forfheidhmithe, áfach, ar fhaisnéis shoiléir agus nuashonraithe i dtaobh an gcomhlíonann táirge íocshláinte na critéir sin. Chun cur chun feidhme cuí Threoir 2004/37/CE a áirithiú agus chun soiléireacht a chur ar fáil maidir le húsáid na dtáirgí íocshláinte guaiseacha sin agus na rioscaí a bhaineann lena láimhseáil, is gá céimeanna a ghlacadh chun cabhrú le fostóirí iad a shainaithint. I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 dar teideal an EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 [creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027], tá an Coimisiún le treoirlínte a chur ar fáil, lena n-áirítear maidir le hoiliúint, prótacail, faireachas agus faireachán, chun oibrithe a chosaint ar nochtadh do tháirgí íocshláinte guaiseacha.

    (12)

    Maidir leis an measúnú riosca dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir 2004/37/CE, ba cheart d’fhostóirí aird ar leith a thabhairt, agus measúnú á dhéanamh acu ar nochtadh do tháirgí íocshláinte guaiseacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, chun a áirithiú nach rachadh an ceanglas maidir le táirgí den sórt sin a ionadú chun dochair do shláinte na n-othar.

    (13)

    Leis an Treoir seo, neartaítear cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe san ionad oibre. Ba cheart teorainnluachanna nua a leagan amach i dTreoir 2004/37/CE i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla atá cothrom le dáta, agus ba cheart é sin a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag prótacail maidir le leibhéil nochta a thomhas san ionad oibre agus ar fháil na bprótacal sin. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin, más féidir, sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte oibrithe, tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (ECHA), agus le tuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (7) (ACSH). Tá faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach, a cuireadh ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais, luachmhar i ndáil le haon obair a dhéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh.

    (14)

    Ba cheart don Choimisiún a chur de chúram ar ACSH féachaint tuilleadh ar an bhféidearthacht modheolaíocht rioscabhunaithe a ghlacadh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, agus é mar aidhm leis teorainnluachanna a shocrú ar leibhéal nochta a chomhfhreagraíonn do riosca go bhforbrófaí éifeacht dhíobhálach ar an tsláinte, amhail ailse, lena n-áirítear an rogha iad a bhunú sa raon idir uasleibhéal riosca agus íosleibhéal riosca.

    (15)

    I gcomhréir le moltaí RAC agus ACSH, i gcás inar féidir, bunaítear teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta maidir le tréimhse thagartha 8 n-uaire mar mheán am-ualaithe (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh) agus, i gcás carcanaiginí áirithe, só-ghineacha áirithe agus substaintí áirithe atá tocsaineach don atáirgeadh maidir le tréimhse thagartha níos giorra, 15 nóiméad mar mheán am-ualaithe i gcoitinne (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh), chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a theorannú, a mhéid is féidir.

    (16)

    Ina theannta sin, is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile seachas ionanálú i gcás na gcarcanaiginí uile, na só-ghineach uile agus na substaintí uile atá tocsaineach don atáirgeadh, lena n-áirítear go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann, chun an leibhéal cosanta is fearr is féidir a áirithiú. Leagtar síos nodaireachtaí breise do shubstaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    (17)

    Is ar shaineolas eolaíoch ábhartha arna sholáthar ag RAC a bhunaítear an measúnú ar éifeachtaí sláinte carcanaiginí faoi réir na Treorach seo. De bhun Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse a shínigh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú de chuid an Choimisiúin agus ECHA, cuireann RAC meastóireachtaí eolaíocha ar fáil maidir le próifíl thocsaineolaíoch gach ceann de na substaintí ceimiceacha tosaíochta roghnaithe i dtaca lena n-éifeachtaí díobhálacha ar shláinte oibrithe.

    (18)

    Comhlíonann aicrilinítríl na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach fadtéarmach agus gearrthéarmach a shocrú don charcanaigin sin. Is féidir aicrilinítríl a ionsú tríd an gcraiceann chomh maith. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh aicrilinítríle faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE agus an nodaireacht “craiceann” a shannadh di. Chomhaontaigh ACSH, bunaithe ar thuairim ó RAC, gurbh fhóinteach an faireachán bitheolaíoch i gcás aicrilinítríle. Ba cheart sin a chur san áireamh agus treoir á forbairt maidir le húsáid phraiticiúil an fhaireacháin bhitheolaíoch.

    (19)

    Maidir le haicrilinítríl, d’fhéadfadh sé a bheith deacair teorainnluach de 1 mg/m3 (0,45 csm) agus teorainnluach gearrthéarmach 4 mg/m3 (1,8 csm) a chomhlíonadh sa ghearrthéarma. Ba cheart idirthréimhse 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo a thabhairt isteach, dáta ón mbeidh feidhm ag an Teorainnluachanna um Nochtadh Ceirde (OEL) sin.

    (20)

    Comhlíonann comhdhúile nicile na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluachanna a shocrú don ghrúpa carcanaiginí sin. D’fhéadfadh íogrú craicinn agus íogrú na conaire riospráide teacht as nochtadh do chomhdhúile nicile san ionad oibre. Dá bhrí sin, is iomchuí dhá theorainnluach a bhunú le haghaidh chodáin in-ionanálaithe agus inanálaithe na gcomhdhúl nicile faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE agus an nodaireacht “íogrú craicinn agus riospráide” a shannadh dóibh.

    (21)

    Maidir le comhdhúile nicile, d’fhéadfadh sé a bheith deacair teorainnluach 0,01 mg/m3 le haghaidh an chodáin inanálaithe agus teorainnluach 0,05 mg/m3 le haghaidh an chodáin in-ionanálaithe a chomhlíonadh i roinnt earnálacha nó próiseas, go háirithe an bruithniú, scaglanna agus an táthú. De bhreis air sin, ós rud é gur féidir na bearta bainistithe riosca comhionanna a úsáid le haghaidh comhdhúile cróimiam (VI) agus nicile, maidir leis na bearta idirthréimhseacha a bhfuil sé d’aidhm acu nochtadh don dá ghrúpa carcanaiginí sin a laghdú, ba cheart iad a ailíniú. Dá bhrí sin, ba cheart idirthréimhse go dtí an 17 Eanáir 2025 a thabhairt isteach, an dáta sin san áireamh, ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag teorainnluach 0,1 mg/m3 le haghaidh chodán in-ionanálaithe na gcomhdhúil nicile. Leis an idirthréimhse, d’áiritheofaí ailíniú le dáta theacht i bhfeidhm OEL le haghaidh comhdhúile cróimiam (VI) a glacadh le Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (22)

    Comhlíonann beinséin na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is féidir beinséin a ionsú tríd an gcraiceann chomh maith. Ba cheart an teorainnluach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE le haghaidh beinséine a athbhreithniú i bhfianaise sonraí eolaíocha níos nuaí agus is iomchuí an nodaireacht “craiceann” a choinneáil. Chomhaontaigh ACSH, bunaithe ar thuairim ó RAC, gurbh fhóinteach an faireachán bitheolaíoch i gcás beinséine. Ba cheart sin a chur san áireamh agus treoir á forbairt maidir le húsáid phraiticiúil an fhaireacháin bhitheolaíoch.

    (23)

    Maidir le beinséin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair teorainnluach athbhreithnithe 0,2 csm (0,66 mg/m3) a chomhlíonadh i roinnt earnálacha sa ghearrthéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach a thabhairt isteach. Mar bheart idirthréimhseach, ba cheart do theorainnluach 1 csm (3,25 mg/m3) dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) leanúint d’fheidhm a bheith aige go dtí an 5 Aibreán 2024 agus ba cheart feidhm a bheith ag teorainnluach idirthréimhseach 0,5 csm (1,65 mg/m3) ón 5 Aibreán 2024 go dtí an 5 Aibreán 2026.

    (24)

    Ba cheart an teorainnluach le haghaidh deannach silice criostalta inanálaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2398 a athbhreithniú i bhfianaise mheastóireachtaí an Choimisiúin de bhun Threoir 2004/37/CE agus i bhfianaise sonraí eolaíocha agus teicniúla a tháinig chun cinn le déanaí.

    (25)

    Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chuaigh sé i gcomhairle le ACSH freisin, a ghlac tuairimí le haghaidh na substaintí tosaíochta uile a bhaineann leis an Treoir seo, agus a mhol teorainnluach ceangailteach um nochtadh ceirde amháin nó níos mó le haghaidh gach ceann acu, chomh maith le nodaireachtaí, i gcás inarb iomchuí.

    (26)

    Ba cheart grinnscrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna a bunaíodh sa Treoir seo go rialta chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú. Go háirithe, maidir le beinséin, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ACSH, measúnú ar a indéanta atá sé OEL a laghdú tuilleadh, agus tuairim RAC ó 2018 á cur san áireamh mar aon le haon fhaisnéis nua ábhartha.

    (27)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena n-áirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a eascraíonn as nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair, nó ar dócha go n-eascróidh siad as, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (28)

    Ós rud é gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe san ionad oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

    (29)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2004/37/CE

    Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an teidil:

    “TREOIR 2004/37/CE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle)”;

    (2)

    in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   Is é is aidhm don Treoir seo oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena n-áirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a eascraíonn as nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair nó ar dócha go n-eascróidh siad as.”;

    (3)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(ba)

    ciallaíonn ‘substaint atá tocsaineach don atáirgeadh’ substaint nó meascán a chomhlíonann na critéir lena haicmiú nó aicmiú mar thocsain atáirgthe de chatagóir 1A nó 1B a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

    (bb)

    ciallaíonn ‘substaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh’ substaint atá tocsaineach don atáirgeadh nach ann do leibhéal sábháilte nochta ó thaobh sláinte oibrithe ina leith agus a shainaithnítear amhlaidh sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III;

    (bc)

    ciallaíonn ‘substaint tairsí atá tocsaineach don atáirgeadh’ substaint atá tocsaineach don atáirgeadh arb ann do leibhéal sábháilte nochta ina leith agus nach ann d’aon riosca do shláinte oibrithe faoi bhun an leibhéil sin agus a shainaithnítear amhlaidh sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    ciallaíonn ‘teorainnluach’, mura sonraítear a mhalairt, an teorainn don mheán am-ualaithe den tiúchan le haghaidh carcanaigine, só-ghinigh nó substaint atá tocsaineach don atáirgeadh atá san aer laistigh de chrios análaithe oibrí i ndáil le tréimhse thagartha shonraithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III;”;

    (c)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(d)

    ciallaíonn ‘teorainnluach bitheolaíoch’ teorainn na tiúchana sa mheán bitheolaíoch iomchuí den oibreán ábhartha, a mheitibilít, nó táscaire éifeachta;

    (e)

    ciallaíonn ‘faireachas sláinte’ measúnú ar oibrí aonair chun staid sláinte an duine sin a chinneadh, de réir mar a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí sonracha, do shó-ghineacha sonracha nó do shubstaintí sonracha atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair.”;

    (4)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí ina nochtar oibrithe nó inar dócha go nochtfar iad do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh mar thoradh ar a gcuid oibre.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

    “2.   I gcás aon ghníomhaíochta ar dócha go mbeidh riosca nochta do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag baint léi, cinnfear cineál, méid agus fad nochtadh na n-oibrithe ionas go mbeifear in ann aon riosca do shláinte nó do shábháilteacht na n-oibrithe a mheas agus na bearta a bheidh le déanamh a leagan síos.

    Déanfar an measúnú a athnuachan go rialta agus in aon chás nuair a thagann athrú ar na coinníollacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do nochtadh oibrithe do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Nuair a dhéanfar an measúnú riosca, tabharfaidh fostóirí aird ar leith ar aon éifeachtaí a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht oibrithe atá i mbaol ar leith agus cuirfidh siad san áireamh, inter alia, a inmhianaithe atá sé gan na hoibrithe sin a fhostú i réimsí ina bhféadfaidís teacht i dteagmháil le carcanaiginí, le só-ghineacha nó le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh.”;

    (5)

    in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Laghdóidh an fostóir úsáid carcanaigine, só-ghinigh nó substainte atá tocsaineach don atáirgeadh san ionad oibre, go háirithe trí shubstaint, meascán nó próiseas nach bhfuil contúirteach nó nach bhfuil chomh contúirteach céanna, faoi na coinníollacha úsáide a bhaineann léi nó leis, do shláinte nó do shábháilteacht oibrithe, de réir mar a bheidh, a chur ina hionad nó ina ionad, a mhéid is féidir go teicniúil.”;

    (6)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

    “2.   I gcás nach mbeidh sé indéanta go teicniúil substaint, meascán nó próiseas nach bhfuil contúirteach nó nach bhfuil chomh contúirteach céanna, faoi na coinníollacha úsáide a bhaineann léi nó leis, don tsláinte nó don tsábháilteacht a chur in ionad na carcanaigine, an tsó-ghinigh nó na substainte atá tocsaineach don atáirgeadh, áiritheoidh an fostóir, a mhéid is féidir go teicniúil, go ndéanfar an charcanaigin, an só-ghineach nó an tsubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh a mhonarú agus a úsáid i gcóras dúnta.

    3.   I gcás nach mbeidh córas dúnta indéanta go teicniúil, áiritheoidh an fostóir go laghdófar leibhéal nochta oibrithe don charcanaigin, don só-ghineach nó don tsubstaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh go dtí an leibhéal is ísle agus is féidir go teicniúil.

    3a.   I gcás nach mbeidh sé indéanta go teicniúil substaint tairsí atá tocsaineach don atáirgeadh a úsáid nó a mhonarú i gcóras dúnta, áiritheoidh an fostóir go laghdófar an riosca a bhaineann le nochtadh oibrithe don tsubstaint tairsí sin atá tocsaineach don atáirgeadh a mhéid is féidir.

    3b.   Déanfaidh an fostóir, maidir le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh seachas substaintí neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh agus substaintí tairsí atá tocsaineach don tsláinte, mír 3a den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, agus an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 3 á dhéanamh, cuirfidh an fostóir san áireamh go cuí go bhféadfadh sé nach mbeadh ann do leibhéal sábháilte nochta ó thaobh sláinte oibrithe i gcás substaint den sórt sin atá tocsaineach don atáirgeadh agus leagfaidh sé síos bearta iomchuí i ndáil leis sin.

    4.   Ní rachaidh an nochtadh thar an teorainnluach do charcanaigin, do shó-ghineach nó do shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.”;

    (b)

    leasaítear mír 5 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

    “5.   I gcás ina n-úsáidtear carcanaigin, só-ghineach nó substaint atá tocsaineach don atáirgeadh, cuirfidh an fostóir na bearta seo a leanas i bhfeidhm:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    teorainn a chur le cainníochtaí de charcanaigin, de shó-ghineach nó de shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh san ionad oibre:”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c), (d) agus (e):

    “(c)

    próisis oibre agus bearta rialaithe innealtóireachta a cheapadh chun scaoileadh carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh isteach san ionad oibre a sheachaint nó a íoslaghdú;

    (d)

    aslonnú carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an bhfoinse, córas eastósctha áitiúil nó aeráil ghinearálta atá iomchuí agus comhoiriúnach don ghá atá ann an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint;

    (e)

    nósanna imeachta iomchuí atá ann cheana a úsáid chun carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a thomhas, go háirithe chun nochtadh neamhghnách a eascraíonn as imeacht nó timpiste nárbh fhéidir a thuar a bhrath go luath;”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

    “(j)

    limistéir riosca a theorannú agus comharthaí rabhaidh agus sábháilteachta leordhóthanacha a úsáid lena n-áirítear comharthaí ‘cosc ar thobac’ i limistéir ina nochtar oibrithe, nó inar dócha go nochtfar iad, do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh;”;

    (7)

    in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    “(a)

    na gníomhaíochtaí agus/nó na próisis thionsclaíocha a dhéantar, lena n-áirítear na cúiseanna a n-úsáidtear carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh;

    (b)

    cainníochtaí na substaintí nó na meascán a mhonaraítear nó a úsáidtear ina bhfuil carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh;”;

    (8)

    leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “1.   Beidh sé d’oibleagáid ar fhostóirí, i gcás na ngníomhaíochtaí uile a mbaineann riosca éillithe de bharr carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh leo, bearta iomchuí a dhéanamh chun an méid seo a leanas a áirithiú:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    ní itheann, ní ólann ná ní chaitheann oibrithe i limistéir oibre ina bhfuil riosca éillithe de bharr carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh;”;

    (9)

    leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Maidir leis an oiliúint:

    cuirfear in oiriúint í chun riosca nua nó athraithe a chur san áireamh, go háirithe nuair a nochtar nó nuair is dócha go nochtfar oibrithe do charcanaiginí nua, do shó-ghineacha nua nó do shubstaintí nua atá tocsaineach don atáirgeadh nó do roinnt carcanaiginí éagsúla, só-ghineacha éagsúla nó substaintí éagsúla atá tocsaineach don atáirgeadh, lena n-áirítear iad siúd atá i dtáirgí íocshláinte guaiseacha, nó i gcás athrú ar dhálaí a bhaineann leis an obair,

    cuirfear ar fáil go tréimhsiúil í i suíomhanna cúraim sláinte do gach oibrí a nochtar do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, go háirithe i gcás ina n-úsáidtear táirgí íocshláinte guaiseacha nua ina bhfuil na substaintí sin, agus

    déanfar arís í go tréimhsiúil i suíomhanna eile más gá.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfaidh fostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi shuiteálacha agus faoi choimeádáin ghaolmhara ina bhfuil carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, áiritheoidh siad go ndéanfar gach coimeádán, pacáiste agus suiteáil ina bhfuil carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a lipéadú go soiléir agus go soléite, agus cuirfidh siad comharthaí rabhaidh agus guaise atá feiceálach soiléir ar taispeáint.

    I gcás ina bhfuil teorainnluach bitheolaíoch socraithe in Iarscríbhinn IIIa, beidh faireachas sláinte éigeantach i gcás obair leis an gcarcanaigin, leis an só-ghineach nó leis an tsubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh faoi dtrácht, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Cuirfear an ceanglas sin in iúl d’oibrithe sula ndéanfar iad a shannadh don chúram lena mbaineann riosca nochta don charcanaigin, don só-ghineach nó don tsubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh lena mbaineann.”;

    (10)

    leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Má fhaightear amach go bhfuil oibrí ag fulaingt de bharr mínormáltacht a mheastar a bheith mar thoradh ar nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, nó má fhaightear amach gur sáraíodh teorainnluach bitheolaíoch, féadfaidh an dochtúir nó an t-údarás atá freagrach as faireachas sláinte a dhéanamh ar oibrithe iarraidh ar oibrithe eile ar nochtadh ar an gcaoi chéanna dul faoi fhaireachas sláinte.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   I gcásanna ina ndéantar faireachas sláinte, coinneofar taifead leighis aonair agus molfaidh an dochtúir nó an t-údarás atá freagrach as an bhfaireachas sláinte aon bhearta cosanta nó coisctheacha a bheidh le déanamh i leith aon oibrithe aonair. Féadfaidh faireachán bitheolaíoch agus ceanglais ghaolmhara a bheith mar chuid den fhaireachas sláinte.”;

    (c)

    i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “8.   Tabharfar fógra don údarás inniúil faoi gach cás d’ailse, d’éifeachtaí díobhálacha ar an bhfheidhm ghnéasach agus ar thorthúlacht in oibrithe fásta fireanna agus baineanna nó de thocsaineacht fhorbarthach sa sliocht a shainaithnítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta mar chás a d’eascair as nochtadh ceirde do charcanaigin, do shó-ghineach nó do shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh.”;

    (11)

    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha, coinneofar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (c), agus an taifead leighis dá dtagraítear in Airteagal 14(4) ar feadh 40 bliain ar a laghad tar éis dheireadh an nochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

    1a.   Maidir le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, coinneofar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (c), agus an taifead leighis dá dtagraítear in Airteagal 14(4) ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dheireadh an nochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.”;

    (12)

    leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle amach i dTreoracha, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), teorainnluachanna i ndáil leis na carcanaiginí sin uile, na só-ghineacha sin uile nó na substaintí sin uile atá tocsaineach don atáirgeadh ar féidir déanamh amhlaidh ina leith agus, i gcás inar gá, forálacha eile atá ábhartha go díreach.”;

    (b)

    cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

    “3.   Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, mar aon le faisnéis ábhartha eile maidir le faireachas sláinte, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2), pointe (b), CFAE, teorainnluachanna bitheolaíocha a leagan amach i dTreoracha.

    4.   Leagtar amach teorainnluachanna bitheolaíocha agus faisnéis eile maidir le faireachas sláinte in Iarscríbhinn IIIa.”;

    (13)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 16a

    Substaintí neamhthairsí agus tairsí atá tocsaineach don atáirgeadh a shainaithint

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2), pointe (b), CFAE, a shainaithint, ar bhonn na sonraí eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil, sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, cibé acu an substaint tairsí atá tocsaineach don atáirgeadh nó substaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh í substaint atá tocsaineach don atáirgeadh.”;

    (14)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn II, chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua maidir le carcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh.”;

    (15)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18a:

    “Airteagal 18a

    Meastóireacht

    Déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den chéad mheastóireacht eile ar chur chun feidhme na Treorach seo i gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE, meastóireacht freisin ar an ngá atá ann an teorainnluach do dheannach silice criostalta inanálaithe a mhodhnú. Seolfaidh an Coimisiún an próiseas sin in 2022 agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé ina dhiaidh sin na leasuithe agus na modhnuithe riachtanacha a bhaineann leis an tsubstaint sin in athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an Treoir seo.

    Tráth nach déanaí ná an 11 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an rogha leasú a dhéanamh ar an Treoir seo chun forálacha a chur isteach maidir le teaglaim de theorainn um nochtadh ceirde aeriompartha agus teorainnluach bitheolaíoch le haghaidh caidmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach.

    Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2022, i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH), agus aird á tabhairt aige ar na moltaí atá ann cheana ó ghníomhaireachtaí éagsúla, geallsealbhóirí éagsúla agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí tosaíochta atá tocsaineach don atáirgeadh a bhfuil teorainnluachanna ag teastáil ina leith, déanfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta a thíolacadh chun teorainnluachanna nua nó athbhreithnithe um nochtadh ceirde a bhaint amach i gcás 25 shubstaint, ghrúpa substaintí nó shubstaint a ghintear trí phróisis ar a laghad. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, agus an plean gníomhaíochta sin agus na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige, agus tar éis dul i gcomhairle le ACSH, tograí reachtacha a thíolacadh de bhun Airteagal 16 gan mhoill.

    I gcás inarb iomchuí agus tráth nach déanaí ná an 5 Aibreán 2025, déanfaidh an Coimisiún, agus na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige agus tar éis comhairliúchán iomchuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, sainmhíniú a fhorbairt ar na táirgí íocshláinte guaiseacha nó na substaintí atá iontu agus liosta táscach díobh a bhunú, ar táirgí nó substaintí iad a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar charcanaigin de chatagóir 1A nó 1B a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, mar shó-ghineach nó mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh.

    Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2022, ullmhóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán iomchuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte de chuid an Aontais maidir le táirgí íocshláinte guaiseacha a ullmhú, a thabhairt do dhaoine, agus a dhiúscairt san ionad oibre. Foilseofar na treoirlínte sin ar shuíomh gréasáin EU-OSHA agus scaipfidh na húdaráis inniúla ábhartha iad sna Ballstáit uile.

    I gcás inarb iomchuí, tar éis dó tuairim ó ACSH a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus an mhodheolaíocht atá ann cheana chun teorainnluachanna a shocrú do charcanaiginí i roinnt Ballstát agus an tuairim ó ACSH á gcur san áireamh aige, an t-uasleibhéal riosca agus an t-íosleibhéal riosca a bhunú. Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dó tuairim ó ACSH a fháil, ullmhóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán iomchuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte de chuid an Aontais maidir leis an modheolaíocht lena mbunaítear teorainnluachanna rioscabhunaithe. Foilseofar na treoirlínte sin ar shuíomh gréasáin EU-OSHA agus scaipfidh na húdaráis inniúla ábhartha iad sna Ballstáit uile.

    Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún, agus na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige, agus tar éis comhairliúchán iomchuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, teorainnluach le haghaidh cóbailt agus comhdhúile cóbailt neamhorgánacha a mholadh, i gcás inarb iomchuí.”;

    (16)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    Ní mór don dochtúir agus/nó don údarás atá freagrach as faireachas sláinte a dhéanamh ar oibrithe a nochtar do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a bheith ar an eolas faoi dhálaí nochta nó imthosca gach oibrí.”;

    (17)

    leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Aibreán 2024. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna déanamh in Strasbourg, 9 Márta 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    C. BEAUNE


    (1)  IO C 56, 16.2.2021, lch. 63.

    (2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2022.

    (3)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (5)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (7)  Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

    (8)  Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 345, 27.12.2017, lch. 87).

    (9)  Treoir (AE) 2019/130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 30, 31.1.2019, lch. 112).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn III, leasaítear pointe A mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le beinséin:

    “Ainm an oibreáin

    Uimh CE (1)

    Uimh CAS (2)

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 n-uaire an chloig (3)

    Gearrthéarmach (4)

    mg/m3 (5)

    ppm (6)

    f/ml (7)

    mg/m3

    ppm

    f/ml

    Beinséin

    200-753-7

    71-43-2

    0,66

    0,2

    Craiceann(8)

    Teorainnluach 1 csm (3,25 mg/m3) go dtí an 5 Aibreán 2024. Teorainnluach 0,5 csm (1,65 mg/m3) ón 5 Aibreán 2024 go dtí an 5 Aibreán 2026.”

    (b)

    cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

    “Ainm an oibreáin

    Uimh CE  (1)

    Uimh CAS  (2)

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 n-uaire an chloig  (3)

    Gearrthéarmach  (4)

    mg/m3  (5)

    ppm  (6)

    f/ml  (7)

    mg/m3

    ppm

    f/ml

    Aicrilinítríl

    203-466-5

    107-13-1

    1

    0,45

    4

    1,8

    Craiceann (8)

    Íogrú craicinn  (9)

    Beidh feidhm ag na teorainnluachanna ón 5 Aibreán 2026.

    Comhdhúile nicile

    0,01  (10)

    0,05  (11)

    Íogrú craicinn agus riospráide  (12)

    Beidh feidhm ag an teorainnluach  (10) ón 18 Eanáir 2025.

    Beidh feidhm ag an teorainnluach  (11) ón 18 Eanáir 2025. Go dtí sin, beidh feidhm ag teorainnluach 0,1 mg/m3  (11).

    Luaidhe neamhorgánach agus a comhdhúile

     

     

    0,15

     

     

     

     

     

     

     

    N,N-Démheitiolaicéataimíd

    204-826-4

    127-19-5

    36

    10

     

    72

    20

     

    Craiceann (8)

     

    Nítribeinséin

    202-716-0

    98-95-3

    1

    0,2

     

     

     

     

    Craiceann (8)

     

    N,N Démheitiolformaimíd

    200-679-5

    68-12-2

    15

    5

     

    30

    10

     

    Craiceann (8)

     

    2-Meatocsa-eatánól

    203-713-7

    109-86-4

     

    1

     

     

     

     

    Craiceann (8)

     

    Aicéatáit 2-Meatosca-eitile

    203-772-9

    110-49-6

     

    1

     

     

     

     

    Craiceann (8)

     

    Eatánól 2-Eatocsa

    203-804-1

    110-80-5

    8

    2

     

     

     

     

    Craiceann (8)

     

    Aicéatáit 2-Eatocsa-eitile

    203-839-2

    111-15-9

    11

    2

     

     

     

     

    Craiceann (8)

     

    1-Meitil-2-pioróladón

    212-828-1

    872-50-4

    40

    10

     

    80

    20

     

    Craiceann (8)

     

    Mearcair agus comhdhúile mearcair défhiúsacha neamhorgánacha, lena n-áirítear ocsaíd mhearcarach agus clóiríd mhearcarach (arna dtomhas mar mhearcair)

     

     

    0,02

     

     

     

     

     

     

     

    Bisfeanól A 4,4’-Iseapróipilidéindéfheanól

    201-245-8

    80-05-7

    2  (13)

     

     

     

     

     

     

     

    Aonocsaíd charbóin

    211-128-3

    630-08-0

    23

    20

     

    117

    100

     

     

     

    (2)

    cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas isteach:

    “IARSCRÍBHINN IIIa

    TEORAINNLUACHANNA BITHEOLAÍOCHA AGUS BEARTA FAIREACHAIS SLÁINTE

    (Airteagal 16(4))

    1.

    Luaidhe agus a comhdhúile ianacha

    1.1.

    Mar chuid den fhaireachán bitheolaíoch, caithfear tomhas a dhéanamh ar an leibhéal luaidhe san fhuil (PbB) trí úsáid a bhaint as speictriméadracht ionsúcháin nó modh lena dtugtar torthaí coibhéiseacha. Is é seo a leanas an teorainnluach bitheolaíoch ceangailteach:

    70 μg Pb/100 ml fola

    1.2.

    Déantar faireachas leighis más amhlaidh is airde nochtadh do thiúchan luaidhe san aer ná 0,075 mg/m3, arna ríomh mar mheán am-ualaithe thar 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, nó má dhéantar leibhéal luaidhe san fhuil níos airde ná 40 μg Pb/100 ml fola a thomhas in oibrithe aonair.


    (1)  Is í an uimhir CE, i.e. Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a shainmhínítear i Roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    (2)  Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

    (3)  Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha 8 n-uaire an chloig mar mheán am-ualaithe (TWA).

    (4)  Teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár cheart nochtadh tarlú os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.

    (5)  mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d’aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

    (6)  csm = codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).

    (7)  f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

    (8)  D’fhéadfadh sé go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp trí nochtadh don chraiceann.

    (9)  D’fhéadfadh íogrú craicinn eascairt as nochtadh don tsubstaint seo.

    (10)  Codán inanálaithe, arna thomhas mar nicil.

    (11)  Codán in-ionanálaithe, arna thomhas mar nicil.

    (12)  D’fhéadfadh an tsubstaint bheith ina cúis le híogrú craicinn agus íogrú na conaire riospráide.

    (13)  Codán in-ionanálaithe.”;


    Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le raon feidhme Threoir 2004/37/CE

    Tá an chomhthuiscint ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le táirgí íocshláinte guaiseacha ina bhfuil substaintí a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar charcanaigineach (catagóirí 1A nó 1B), só-ghineach (catagóirí 1A nó 1B) nó tocsaineacht maidir le síolrú (catagóirí 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, go dtagann siad faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Tá feidhm ag ceanglais uile Threoir 2004/37/CE maidir le táirgí íocshláinte guaiseacha dá réir sin.


    Top