EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0539

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/539 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/772

IO L 108, 29.3.2021, p. 10–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/539/oj

29.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/10


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/539 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 131(18) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mí Iúil 2018, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) modheolaíocht athbhreithnithe chun measúnú a dhéanamh ar bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo. Thug an mhodheolaíocht athbhreithnithe táscaire nua chun tábhacht shistéamach a thomhas, a bhaineann leis an méid trádála agus a áirítear sa chatagóir a dhéanann inionadaitheacht seirbhísí nó inionadaitheacht bhonneagar airgeadais a chuir grúpa baincéireachta ar fáil a thomhas. Le tabhairt isteach an táscaire sin, mar sin féin, níl tionchar aige ar ualú na catagóire sin, toisc go seach-chuirtear an t-ualú coibhneasta a sannadh don mhéid trádála nua le laghdú, ó 6,67 % go 3,33 %, in ualú coibhneasta na n-idirbheart frithgheallta sa tháscaire fiachas agus margaí cothromais. Is í an chatagóir a dhéanann inionadaitheacht seirbhísí nó inionadaitheacht bhonneagar airgeadais a chuir grúpa baincéireachta ar fáil a thomhas dá bhrí sin an chatagóir a choinníonn a hualú coibhneasta de 20 % mar scór foriomlán do gach eintiteas. Áirítear sa mhodheolaíocht athbhreithnithe freisin gníomhaíochtaí árachais sa chur chuige tomhais atá bunaithe ar tháscairí a mbaintear úsáid as chun measúnú a dhéanamh ar thábhacht shistéamach na ngrúpaí baincéireachta. Ba cheart na hathruithe sin ar an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ba cheart do na húdaráis ábhartha scóir na n-eintiteas ábhartha a ríomh a bheidh le háireamh sa sampla ar thug ÚBE fógra ina leith tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain chun gur féidir teacht ar chomhaontú ar leibhéal an Aontais.

(3)

Tosóidh an bailiú sonraí a bunaíodh i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe, lena n-áirítear táscaire an mhéid trádála, sa chéad ráithe de 2022. Déanfar G-SIInna a shainaithint ar bhonn an chreata athbhreithnithe den chéad uair sa ráithe dheiridh de 2022. Chun cur i bhfeidhm fhorálacha na modheolaíochta athbhreithnithe a ailíniú leis na dátaí ar a gcuirfear an mhodheolaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ina léirítear na hathruithe sa mhodheolaíocht athbhreithnithe ón 1 Nollaig 2021.

(4)

Leasaíodh Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun scór foriomlán breise a thabhairt isteach i dTreoir 2013/36/AE do G-SIInna le táscaire na ngníomhaíochtaí trasteorann cé is moite de ghníomhaíochtaí trasteorann ar fud na mBallstát atá rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair. Tugadh an scór foriomlán breise sin isteach chun léiriú ordúil a thabhairt ar an gcumas grúpaí trasteorann laistigh den aontas baincéireachta Eorpach a réiteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme tháscaire gníomhaíochta trasteorann a leasú chun an t-athrú sin a léiriú.

(5)

Cuireadh ar chumas na n-údarás inniúil agus ainmnithe tuilleadh le Treoir (AE) 2019/878 úsáid a bhaint as breithiúnas maoirseachta fónta chun institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi (G-SII) a ath-leithdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle ar bhonn an scóir fhoriomláin bhreise lena ndéantar cuntas ar shainiúlachtaí an aontais baincéireachta Eorpaigh agus ar an Sásra Réitigh Aonair laistigh de tháscairí gníomhaíochta trasteorann. Chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag laghdú géar ar thábhacht shistéamach arna leithdháileadh ar G-SII, áfach, agus i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe, ba cheart an fhéidearthacht atá ag na húdaráis inniúla agus ainmnithe ábhartha G-SII a ath-leithdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle a theorannú do laghdú uasta fochatagóire amháin ón leithdháileadh fochatagóire bunaidh a eascraíonn as scór foriomlán tosaigh an G-SII. Ina theannta sin, aon bhreithiúnas maoirseachta as a n-eascraíonn ath-leithdháileadh G-SII ar fhochatagóir níos ísle, ba cheart a thuairimí a chur san áireamh go leordhóthanach chun comhsheasmhacht le tuairimí CBMB a áirithiú.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 a leasú dá réir sin.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(8)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann, agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“(1)

Ciallaíonn “eintiteas ábhartha” grúpa a bhfuil máthairinstitiúid de san Aontas Eorpach, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas Eorpach i gceannas air, nó institiúid nach fochuideachta de mháthairinstitiúid san Aontas Eorpach í, de mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh nó de mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas Eorpach;”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh an t-údarás ábhartha luachanna táscaire gach eintiteas ábhartha ag a bhfuil tomhas neamhchosanta iomlán, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), os cionn EUR 200 billiún atá údaraithe laistigh dá dhlínse, déanfaidh sé iad a thuairisciú do ÚBE tráth nach déanaí ná an 31 Iúil gach bliain. Baileoidh an t-údarás ábhartha na luachanna táscaire agus sonraíochtaí breise na sonraí bunúsacha mar a leagtar amach in aon treoirlíne arna forbairt ag ÚBE de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) á gcur san áireamh. Áiritheoidh an t-údarás ábhartha gurb ionann na luachanna táscaire agus na luachanna a cuireadh faoi bhráid Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).”;"

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Nós imeachta um shainaithint

1.   Ríomhfaidh an t-údarás ábhartha scóir na n-eintiteas ábhartha a áirítear sa sampla ar thug ÚBE fógra ina leith agus a údaraítear ina dhlínse tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain.

2.   I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos ísle go fochatagóir níos airde nó i gcás ina n-ainmneoidh sé eintiteas ábhartha mar G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (a) nó (b), de Threoir 2013/36/AE faoi seach, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain.

3.   I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain.

4.   Beidh feidhm ag an ath-leithdháileadh nó ag an ainmniú dá dtagraítear i mír 2 ón 1 Eanáir den dara bliain tar éis na bliana féilire inar tugadh fógra faoi na hainmníochtaí do na húdaráis ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(3). I gcás ina leithdháiltear G-SII ar fhochatagóir níos ísle ná i bpróiseas sainaitheantais na bliana roimhe sin, tiocfaidh ceanglas maoláin níos ísle an G-SII i bhfeidhm ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an ath-leithdháilte, ach amháin má fheidhmíonn an t-údarás ábhartha a bhreithiúnas maoirseachta fónta chun moill a chur ar chur i bhfeidhm an cheanglais sin go dtí an dáta dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.

5.   Áireofar ar shainaithint eintitis ábhartha mar G-SII ag an údarás ábhartha Aitheantóirí Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na heintitis dhlíthiúla ar fad a áirítear i raon feidhme stuamachta chomhdhlúthú an G-SII. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a shainaithin an t-údarás ábhartha a struchtúr grúpa a nochtadh don údarás ábhartha trí LEInna na n-eintiteas comhdhlúthaithe uile sa ghrúpa a sholáthar, má tá fáil orthu, faoin 1 Márta den bhliain tar éis bhliain an aitheantais. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a áirithiú go ndéanfar a struchtúr grúpa mar a nochtar é trí bhunachar sonraí domhanda LEI a nuashonrú go buan.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar mhír 1, áireofar freisin sna luachanna táscaire dá dtagraítear in Airteagal 6(1), in Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 6(4), pointe (a) agus pointe (b), fochuideachtaí árachais.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cinnfidh an t-údarás ábhartha scór gach eintitis ábhartha sa sampla mar mheán simplí na scór catagóire faoi réir scór catagóire uasta 500 bonnphointe don chatagóir ina ndéantar inionadaitheacht a thomhas.

Déanfar gach scór catagóire, cé is moite den chatagóir lena dtomhaistear inionadaitheacht na seirbhísí agus an bhonneagair airgeadais arna sholáthar ag an ngrúpa, a ríomh mar mheán simplí na luachanna mar thoradh ar gach ceann de luachanna táscaire na catagóire sin a roinnt ar ainmneoir an táscaire ar thug ÚBE fógra ina leith.

Déanfar scór na catagóire lena dtomhaistear inionadaitheacht na seirbhísí agus an bhonneagair airgeadais arna soláthar ag an ngrúpa a ríomh mar mheán ualaithe luachanna táscaire na catagóire sin. Chun na críche sin, déanfar na táscairí le haghaidh sócmhainní faoi choimeád dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (a), agus le haghaidh gníomhaíochta íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (b), a ualú go hiomlán, agus déanfar na táscairí le haghaidh idirbheart frithgheallta i margaí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (c), agus le haghaidh méid trádála dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (d), a ualú ag 50 %.

Cuirfear na scóir in iúl i mbonnphointí agus slánófar iad go dtí an bonnphointe iomlán is gaire.”;

(c)

cuirtear isteach na míreanna 5a agus 5b seo a leanas:

“5a.   Cinnfidh an t-údarás ábhartha scór foriomlán breise do gach eintiteas ábhartha a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann aige ar fud na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) tríd an bpróiseas a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a leanúint, ach cuirfidh sé luachanna táscaire a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo in ionad luachanna táscaire an eintitis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointe (a) agus pointe (b), agus cuirfidh sé ainmníochtaí athbhreithnithe arna soláthar ag ÚBE in ionad na n-ainmníochtaí comhfhreagracha.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an t-údarás ábhartha gach éileamh agus dliteanas i leith contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhreithniú mar éilimh intíre agus dliteanais intíre. Le haghaidh catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 131(2), pointe (a) go pointe (d), de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh an t-údarás ábhartha breithniú ar na luachanna táscaire céanna gan athrú arna dtuairisciú ag an eintiteas ábhartha agus ag na hainmníochtaí ábhartha ar thug ÚBE fógra ina leith.;

5b.   Ar bhonn an scóir fhoriomláin bhreise dá dtagraítear i mír 5a, má dhéantar cinneadh G-SII a ath-leithdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE, beidh sé bunaithe ar mheasúnú an mbeadh tionchar diúltach níos ísle ag cliseadh G-SII ar an margadh airgeadais domhanda agus ar an ngeilleagar domhanda. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin, i gcás inarb iomchuí, aon tuairim nó cuntar arna glacann CBMB i gcomhréir lena mhodheolaíocht atá ar fáil go poiblí chun measúnú ar an gceist a dhéanamh ar thábhacht shistéamach banc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo.

Féadfaidh an scór foriomlán breise dá dtagraítear i mír 5a a chinneadh go ndéanfaidh an t-údarás ábhartha G-SII a ath-leithdháileadh ar an gcéad fhochatagóir níos ísle eile dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Beidh ath-leithdháileadh G-SII ar fhochatagóir níos ísle teoranta do leibhéal fochatagóire amháin ar a mhéid.”

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1)."

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tabharfar tacaíocht do na cinntí dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 5b le táscairí coimhdeacha, táscairí nach mbeidh ina dtáscairí maidir leis an dóchúlacht go gclisfidh ar an eintiteas ábhartha. Beidh na cinntí sin bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil atá dea-dhoiciméadaithe agus infhíoraithe.”

(5)

cuirtear pointe (d) a leanas le hAirteagal 6(3):

“(d)

méid trádála.”;

(6)

Scriostar Airteagal 7.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag pointí 4(a), 4(b) agus 5 ón 1 Nollaig 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 330 15.11.2014, lch. 27).

(3)  Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Top