Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0167

    Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

    IO L 49, 12.2.2021, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/167/oj

    12.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 49/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/167 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Feabhra 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat comhchoiteann reachtach maidir le cearta an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fheidhmiú i gcásanna sonracha áirithe. Baineann ceann de na cásanna sin leis na sásraí réitigh díospóidí arna gcur ar bun leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha. Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, cuirtear ar chumas an Aontais lamháltais nó oibleagáidí eile faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhionraí tar éis imeachtaí um réiteach díospóidí a bheith tugtha i gcrích.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, ní dhéileáiltear le cásanna ina bhfuil ceart caingne ag an Aontas mar fhreagairt ar bheart atá á choinneáil i bhfeidhm ag tríú tír ach ina bhfuil bac curtha ar réiteach díospóidí trí bhreithniú nó nach bhfuil fáil air ar shlí eile toisc nach bhfuil an tríú tír a bhfuil an beart glactha aici ag comhoibriú.

    (3)

    Ní raibh Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT in ann folúntais a líonadh i gComhlacht Achomhairc EDT (“Comhlacht Achomhairc EDT”). Ní bhíonn Comhlacht Achomhairc EDT in ann a fheidhm a chomhlíonadh a thuilleadh nuair is lú ná triúr líon na gComhaltaí de Chomhlacht Achomhairc EDT atá fágtha. Go dtí go réiteofar an cheist sin agus chun prionsabail shár-riachtanacha agus gnéithe sár-riachtanacha chóras réitigh díospóidí EDT agus cearta nós imeachta an Aontais i ndíospóidí leanúnacha agus i ndíospóidí a bheidh ann amach anseo a chaomhnú, tá iarracht déanta ag an Aontas socruithe eatramhacha a chomhaontú maidir le headráin achomhairc de bhun Airteagal 25 de Chomhaontú EDT maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí (“Comhaontú EDT um Réiteach Díospóidí”). D’fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige sin an 27 Bealtaine 2019, an 15 Iúil 2019 agus an 15 Aibreán 2020 agus tacaíodh leis i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le géarchéim Chomhlacht Achomhairc EDT. Má dhiúltaíonn Comhalta de chuid EDT socrú den sórt sin a dhéanamh, agus má chuireann sé achomharc faoi bhráid Chomhlacht Achomhairc EDT atá neamhfheidhmiúil, is amhlaidh a chuirtear bac ar réiteach na díospóide dá dhroim sin.

    (4)

    D’fhéadfadh cás comhchosúil teacht chun cinn faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, i gcás nach gcomhoibríonn tríú tír ar an mbealach is gá le go bhfeidhmeoidh réiteach díospóidí, mar shampla i gcás nach gceapann sí eadránaí agus i gcás nach bhforáiltear d’aon sásra chun feidhmiú réitigh díospóidí i gcás den sórt sin a áirithiú.

    (5)

    Má tá bac ar réiteach díospóidí, níl an tAontas in ann comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leathnú chun cásanna den sórt sin a chumhdach.

    (6)

    Chuige sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann lamháltais nó oibleagáidí eile faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, a fhionraí go gasta más rud é nach féidir dul ar iontaoibh réitigh díospóidí cheangailtigh ar bhealach éifeachtach toisc nach gcomhoibríonn an tríú tír chun é a dhéanamh indéanta dul ar iontaoibh réitigh díospóidí den sórt sin.

    (7)

    Is iomchuí freisin a leagan amach, i gcás ina ndéantar bearta chun srian a chur ar thrádáil le tríú tír, nár cheart do bearta den sórt sin dul thar neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis, i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta.

    (8)

    Baineann bearta atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo go sonrach leis an trádáil idirnáisiúnta sa mhéid go bhfuil siad ceaptha go bunúsach chun trádáil den sórt sin a rialú agus chun éifeachtaí díreacha agus láithreacha a bheith acu uirthi agus, dá bhrí sin, go dtagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais de bhun Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (3).

    (9)

    Is ionann seirbhísí agus cearta maoine intleachtúla agus sciar mór atá ag dul i méid den trádáil dhomhanda agus cumhdaítear iad le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha de chuid an Aontais. Maidir le bearta i réimsí na trádála i seirbhísí agus na ngnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i raon feidhme na mbeart beartais trádála atá ar fáil don Aontas chun go mbeidh Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí.

    (10)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go gcuirfear an sásra forfheidhmiúcháin i ndíospóidí trádála a bhaineann le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, i bhfeidhm go comhleanúnach. Is dlúthchuid de bheartas trádála an Aontais é sásra forfheidhmiúcháin na gcaibidlí Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta an Aontais agus bheadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí agus maidir le bearta a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe ar na caibidlí sin, má cheadaítear, agus a mhéid a cheadaítear, bearta den sórt sin agus má tá, agus a mhéid atá, údar leis na bearta sin sna himthosca.

    (11)

    Ba cheart do chlásal athbhreithnithe Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 cur i bhfeidhm na leasuithe ar an Rialachán sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chumhdach freisin.

    (12)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    lamháltais nó oibleagáidí eile sa chaidreamh trádála le tríú tíortha a athchothromú, nuair a athraítear an chóireáil a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí ón Aontas ar bhealach a dhéanann difear do leasanna an Aontais.”;

    (2)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    ciallaíonn ‘lamháltais nó oibleagáidí eile’ lamháltais taraife nó oibleagáidí nó tairbhí eile i réimse na trádála in earraí nó i seirbhísí, nó a bhaineann le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas ina leith go gcuirfidh sé i bhfeidhm iad ina thrádáil le tríú tíortha de bhua comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí iontu;”;

    (3)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    tar éis tuarascáil a scaipeadh ó phainéal EDT lena seastar, go hiomlán nó go páirteach, leis na héilimh arna dtabhairt ag an Aontas, murar féidir achomharc faoi Airteagal 17 de Chomhaontú EDT um Réiteach Díospóidí a thabhairt i gcrích agus mura bhfuil an tríú tír tar éis aontú le headráin eatramhach achomhairc faoi Airteagal 25 de Chomhaontú EDT um Réiteach Díospóidí;”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ba)

    i ndíospóidí trádála a bhaineann le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, murar féidir breithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag an tríú tír chun go bhfeidhmeoidh nós imeachta um réiteach díospóidí, lena n-áirítear moill mhíchuí a chur ar na himeachtaí arb ionann í agus neamh-chomhoibriú sa phróiseas;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    i gcásanna ina modhnaíonn comhalta de chuid EDT lamháltais nó gealltanais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), i gcás nár comhaontaíodh aon choigeartuithe cúiteacha agus, maidir le seirbhísí, nach ndéantar coigeartuithe cúiteacha i gcomhréir le cinntí na headrána de bhun Airteagal XXI de GATS.”;

    (4)

    in Airteagal 4, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ba)

    i gcás ina ndéantar bearta chun trádáil le tríú tír a shrianadh i gcásanna faoi phointe (aa) nó (ba) d’Airteagal 3, ní rachaidh leibhéal na mbeart sin thar neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    i gcás ina ndéantar lamháltais nó gealltanais a mhodhnú nó a aistarraingt sa trádáil le tríú tír i ndáil le hAirteagal XXVIII de CGTT 1994 agus an Comhaontú gaolmhar (*1), nó le hAirteagal XXI de GATS agus na nósanna imeachta cur chun feidhme gaolmhara, beidh siad coibhéiseach go substaintiúil leis na lamháltais nó na gealltanais arna modhnú nó arna n-aistarraingt ag an tríú tír sin, i gcomhréir leis na téarmaí a bunaíodh in Airteagal XXVIII de CGTT 1994 agus leis an gComhaontú gaolmhar nó le hAirteagal XXI de GATS agus leis na nósanna imeachta cur chun feidhme gaolmhara.;

    (*1)  Comhaontú ‘Léirmhíniú agus Cur i bhFeidhm Airteagal XXVIII’.”"

    (5)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(ba)

    oibleagáidí a fhionraí i ndáil le trádáil i seirbhísí agus srianta a fhorchur ar thrádáil i seirbhísí;

    (bb)

    oibleagáidí a fhionraí i ndáil le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil arna ndeonú ag institiúid nó gníomhaireacht de chuid an Aontais agus atá bailí ar fud an Aontais, agus srianta a fhorchur ar chosaint na gceart maoine intleachtúla sin nó ar shaothrú tráchtála na gceart maoine intleachtúla sin, i ndáil le sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann;”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “1a.

    Agus bearta atá le glacadh de bhun phointe (ba) de mhír 1 den Airteagal seo á roghnú aige, déanfaidh an Coimisiún bearta a mheas i gcónaí de réir ordlathas na gcéimeanna seo a leanas:

    (a)

    bearta a bhaineann le trádáil i seirbhísí ar gá údarú ina leith atá bailí ar fud an Aontais agus atá bunaithe ar reachtaíocht thánaisteach, nó, i gcás nach bhfuil bearta den sórt sin ar fáil,

    (b)

    bearta a bhaineann le seirbhísí eile i réimsí ina bhfuil reachtaíocht fhairsing de chuid an Aontais ann, nó, i gcás nach bhfuil bearta den sórt sin ar fáil,

    (c)

    bearta ar léiríodh leis an gcleachtadh bailithe faisnéise a rinneadh de bhun Airteagal 9(1a), dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1b), nach gcuirfeadh siad ualach díréireach ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha.

    1b.

    Maidir le bearta a glacadh de bhun phointí (ba) agus (bb) de mhír 1:

    (a)

    beidh siad faoi réir cleachtadh bailithe faisnéise de bhun Airteagal 9(1a);

    (b)

    coigeartófar iad, más gá, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 4(1) i gcás, tar éis athbhreithniú arna dhéanamh de bhun Airteagal 9(1a), ina dtagann an Coimisiún ar an tátal nach bhfuil na bearta sách éifeachtach nó go gcuirtear ualach míréasúnta ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha leo. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú den sórt sin den chéad uair 6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin;

    (c)

    beidh siad faoi réir tuarascáil mheastóireachta, 6 mhí tar éis a bhfoirceanta agus beidh siad bunaithe inter alia ar ionchur ó gheallsealbhóirí, a dhéanfaidh scrúdú ar a n-éifeachtacht agus a n-oibriú, agus a thiocfaidh ar chonclúidí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bearta a dhéanfar amach anseo.”;

    (6)

    in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.

    Maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, tuigfear an téarma ‘náisiúnaigh’ sa chiall chéanna agus a úsáidtear é i mír 3 d’Airteagal 1 de Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil.”;

    (7)

    in Airteagal 7, an chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    i gcásanna ina ndéanann comhalta de chuid EDT lamháltais nó gealltanais a aistarraingt siar nó a mhodhnú faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó faoi Airteagal XXI de GATS, nuair a thugann an tríú tír lena mbaineann cúiteamh leordhóthanach agus comhréireach don Aontas tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 4(1).”;

    (8)

    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.

    Lorgóidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí maidir le leasanna eacnamaíocha an Aontais in earnálacha sonracha earraí nó seirbhísí, nó maidir le gnéithe sonracha de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, trí fhógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó trí mhodhanna cumarsáide poiblí oiriúnacha eile, lena gcuirtear in iúl an tréimhse ina bhfuil ionchur le tíolacadh. Cuirfidh an Coimisiún an t-ionchur arna fháil san áireamh.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.

    I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún bearta de bhun phointe (ba) nó (bb) d’Airteagal 5(1), cuirfidh sé geallsealbhóirí, go háirithe comhlachais tionscail, a ndéanann bearta féideartha beartais tráchtála difear dóibh agus údaráis phoiblí na mBallstát a bhfuil baint acu le reachtaíocht lena rialaítear na réimsí lena mbaineann a fhoirmliú nó a chur chun feidhme ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin leo. Gan moill mhíchuí a chur ar ghlacadh beart den sórt sin, lorgóidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    tionchar beart den sórt sin ar sholáthraithe seirbhíse tríú tír nó sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann agus ar iomaitheoirí, úsáideoirí nó tomhaltóirí seirbhísí den sórt sin nó sealbhóirí ceart maoine intleachtúla san Aontas;

    (b)

    idirghníomhú beart den sórt sin le rialacháin ábhartha na mBallstát;

    (c)

    an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta den sórt sin.

    Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar an bhfaisnéis a bhailítear le linn comhairliúcháin den sórt sin.

    Cuirfidh an Coimisiún anailís ar fáil do na Ballstáit ar na bearta atá beartaithe agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á mholadh aige de bhun Airteagal 8.”;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    Airteagal 10

    Athbhreithniú

    1.

    A luaithe is féidir tar éis an 13 Feabhra 2021, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar na bearta beartais tráchtála a fhéadfar a ghlacadh, chomh maith lena chur chun feidhme, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.

    Ag gníomhú dó de bhun mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú lena ndírítear ar bhearta breise beartais tráchtála a bheartú faoin Rialachán seo lena ndéantar lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí i réimse na ngnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 13 Feabhra 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Feabhra 2021.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).

    (3)  Tuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, ECLI:EU:C:2017:376, mír 36.


    Top