Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L1160

    Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

    PE/53/2019/REV/1

    IO L 188, 12.7.2019, p. 106–115 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1160/oj

    12.7.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    106


    TREOIR (AE) 2019/1160 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Meitheamh 2019

    lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Áirítear ar chomhchuspóirí de chuid Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus de chuid Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cothroime iomaíochta a áirithiú i measc gnóthais chomhinfheistíochta agus deireadh a chur le srianta le saorghluaiseacht aonad agus scaireanna gnóthas comhinfheistíochta san Aontas, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh cosaint níos aonfhoirmí ann d'infheisteoirí. Cé gur baineadh na cuspóirí sin amach den chuid is mó, cuireann bacainní áirithe isteach ar chumas bainisteoirí cistí tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach fós.

    (2)

    Is comhlánú ar an Treoir seo é Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Leis an Rialachán sin, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna). Ba cheart na coinníollacha le haghaidh bainisteoirí cistí atá i mbun oibríochta sa mhargadh inmheánach a chomhordú a thuilleadh agus dáileadh trasteorann na gcistí atá á mbainistiú acu a éascú leis an Rialachán sin agus an Treoir seo le chéile.

    (3)

    Is gá an bhearna rialála a líonadh agus an nós imeachta um fhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi athruithe maidir le GCUInna a ailíniú leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE.

    (4)

    Le Rialachán (AE) 2019/1156 neartaítear a thuilleadh na prionsabail is infheidhme maidir le teachtaireachtaí margaithe a rialaítear le Treoir 2009/65/CE agus leathnaítear cur i bhfeidhm na bprionsabal sin chun BCIManna a chumhdach, rud a mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí mar thoradh air, gan beann ar an gcineál infheisteora. Dá bhrí sin, níl aon ghá a thuilleadh leis na forálacha comhfhreagracha i dTreoir 2009/65/CE maidir le teachtaireachtaí margaithe agus inrochtaineacht dlíthe agus rialachán náisiúnta atá ábhartha maidir leis an socrú i dtaca le haonaid de chuid GCUInna a mhargú, agus ba cheart iad a scriosadh.

    (5)

    Tá sé léirithe go mbaineann ualach trom leis na forálacha i dTreoir 2009/65/CE, lena gceanglaítear ar GCUInna saoráidí a chur ar fáil d'infheisteoirí, faoi mar atá siad curtha chun feidhme ag córais náisiúnta dlí áirithe. Sa bhreis air sin, is annamh a úsáideann infheisteoirí saoráidí áitiúla ar an mbealach a beartaíodh sa Treoir sin. Is é an t-idirghníomhú díreach idir infheisteoirí agus bainisteoirí cistí, bíodh sin go leictreonach nó ar an nguthán, an modh cumarsáide is fearr anois, cé go ndéantar íocaíochtaí agus fuascailtí a fhorghníomhú ar bhealaí eile. Cé go n-úsáidtear na saoráidí áitiúla sin chun críocha riaracháin faoi láthair, amhail aisghabháil trasteorann táillí rialála, ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna den chineál sin ar mhodhanna eile, comhar idir údaráis inniúla san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú lena nuachóireofar agus lena sonrófar na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola, agus níor cheart do na Ballstáit láithreacht fhisiciúil áitiúil a éileamh chun saoráidí den chineál sin a sholáthar. I gcás ar bith, ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go mbeidh rochtain ag infheisteoirí ar an bhfaisnéis a bhfuil siad ina teideal.

    (6)

    Chun a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach le hinfheisteoirí miondíola, is gá na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur i bhfeidhm freisin ar BCIManna i gcásanna ina gceadóidh Ballstáit dóibh aonaid nó scaireanna de chuid chistí infheistíochta malartacha (CIManna) a mhargú le hinfheisteoirí miondíola ina gcríoch féin.

    (7)

    In éagmais coinníollacha soiléire agus aonfhoirmeacha le haghaidh margú aonaid nó scaireanna de chuid GCUI nó CIM i mBallstát óstach a scor, cruthaítear éiginnteacht eacnamaíoch agus dhlíthiúil do bhainisteoirí cistí. Dá bhrí sin, ba cheart go leagfaí amach le Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE coinníollacha soiléire faoina bhféadfaí fógraí a chur ar ceal i dtaca leis na socruithe arna ndéanamh maidir le cuid de na haonaid nó na scaireanna nó iad uile a mhargú. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht sna coinníollacha sin idir, ar thaobh amháin, cumas gnóthas comhinfheistíochta nó a mbainisteoirí a socruithe arna ndéanamh chun scaireanna nó aonaid a mhargú a scor nuair a chomhlíonfar na coinníollacha bunaithe agus, ar an taobh eile, leasanna infheisteoirí sna gnóthais sin.

    (8)

    Maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur le margú GCUInna nó CIManna i mBallstát áirithe, níor cheart costas a bheith ar infheisteoirí dá barr ná níor cheart a gcoimircí faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE a bheith níos lú dá barr, go háirithe i dtaca lena gceart rochtana ar fhaisnéis chruinn faoi ghníomhaíochtaí na gcistí sin atá ar siúl i gcónaí.

    (9)

    Tá cásanna ann inar mian le BCIM suim infheisteoirí i smaoineamh nó i straitéis infheistíochta ar leith a thástáil ach nach mór dó dul i ngleic le cineálacha éagsúla láimhseála réamh-mhargaithe i gcórais náisiúnta dlí éagsúla. Maidir le sainiú an réamh-mhargaithe agus na coinníollacha faoina gceadaítear é, tá éagsúlacht nach beag ann idir na Ballstáit sin ina gceadaítear é, ach i mBallstáit eile, níl coincheap an réamh-mhargaithe ann in aon chor. Chun dul i ngleic leis na héagsúlachtaí sin, ba cheart sainmhíniú comhchuibhithe ar réamh-mhargú a chur ar fáil agus ba cheart na coinníollacha faoinar féidir le BCIM AE páirt a ghlacadh i réamh-mhargú a bhunú.

    (10)

    Chun go n-aithneofar gníomhaíocht mar réamh-mhargú faoi Threoir 2011/61/AE, ba cheart a dhíriú ar infheisteoirí gairmiúla ionchasacha agus ba cheart baint a bheith aige le smaoineamh infheistíochta nó straitéis infheistíochta chun a suim in CIM nó i ndeighleog nach bhfuil bunaithe fós a thástáil, nó atá bunaithe ach nár tugadh fógra faoina mhargú go fóill i gcomhréir leis an Treoir sinn. Dá réir sin, le linn an réamh-mhargaithe, níor cheart go bhféadfadh infheisteoirí suibscríobh d'aonaid nó scaireanna CIM, agus níor cheart go gceadófaí dáileadh foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla ar infheisteoirí gairmiúla ionchasacha, i ndréachtfhoirm nó i bhfoirm dheiridh. Ba cheart do BCIManna AE a áirithiú nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid ná scaireanna in CIM trí réamh-mhargú agus nach féidir le hinfheisteoirí a dtéitear i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargú aonaid ná scaireanna a fháil sa CIM sin ach amháin tríd an margú a cheadaítear faoi Threoir 2011/61/AE.

    Ba cheart a mheas gur de thoradh an mhargaithe aon suibscríobh ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don BCIM AE tús a chur le réamh-mhargú, le haonaid nó scaireanna CIM dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs an réamh-mhargaithe, nó aon CIM arna bhunú de thoradh an réamh-mhargaithe, agus ba cheart iad a mheas a bheith faoi réir na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear i dTreoir 2011/61/AE. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla náisiúnta smacht ar réamh-mhargú ina mBallstát a fheidhmiú, ba cheart do BCIM AE litir neamhfhoirmiúil a sheoladh, taobh istigh de choicís ó thús a chur leis an réamh-mhargú, i bhfoirm páipéir nó go leictreonach, chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ina sonrófar inter alia cad iad na Ballstáit ina gcuireann nó inar chuir sé réamh-mhargú ar bun, na tréimhsí ina bhfuil an réamh-mhargú ag tarlú nó inar tharla sé, agus lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, liosta a CIManna agus deighleoga CIManna atá nó a bhí mar ábhair an réamh-mhargaithe. Ba cheart d'údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil nó ina raibh réamh-mhargú orthu sin curtha ar bun ag an BCIM AE a chur ar an eolas go pras.

    (11)

    Ba cheart do BCIManna AE a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leordhóthanach ar a réamh-mhargú.

    (12)

    Níor cheart míbhuntáiste i gcaoi ar bith a bheith ann i gcomhair BCIManna AE vis-à-vis BCIManna neamh-AE mar thoradh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhfuil gá leo chun Treoir 2011/61/AE a chomhlíonadh agus, go háirithe, chun rialacha comhchuibhithe maidir le réamh-mhargú a chomhlíonadh. Baineann sé sin leis an gcás reatha, nach bhfuil cearta i dtaca le nós imeachta an phas ag BCIManna neamh-AE ann, agus cás ina mbíonn feidhm ag na forálacha maidir le nós imeachta sin an phas atá i dTreoir 2011/61/AE.

    (13)

    Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2019/1156 chun feidhme a mhéid a bhaineann le forálacha ábhartha maidir le teachtaireachtaí margaithe agus réamh-mhargú.

    (14)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (6), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE

    Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar seo a leanas:

    (1)

    in Airteagal 17(8), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

    “I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonfadh an chuideachta bhainistíochta an Treoir seo a thuilleadh, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta in iúl don chuideachta bhainistíochta, faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú sin le cur chun feidhme aici. Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta ar an eolas dá réir sin.

    I gcás ina gcuirtear athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis faisnéis a bheith tarchurtha i gcomhréir leis an dara fomhír agus nach mbeadh an chuideachta bhainistíochta ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh dá bhun an athraithe sin, glacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98 agus tabharfaidh siad fógra d'údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta gan aon mhoill mhíchuí faoi na bearta arna ndéanamh.”;

    (2)

    scriostar Airteagal 77;

    (3)

    in Airteagal 91, scriostar mír 3;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 92:

    “Airteagal 92

    1.   I ngach Ballstát ina bhfuil sé i gceist ag GCUI aonaid a mhargú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an GCUI saoráidí ar fáil chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    orduithe um shuibscríobh, athcheannach agus fuascailt a phróiseáil agus íocaíochtaí eile do shealbhóirí aonad a dhéanamh a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX;

    (b)

    faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;

    (c)

    láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a eascaríonn as a n-infheistíocht sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú, a éascú;

    (d)

    an fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94, chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a fháil díobh;

    (e)

    faisnéis atá ábhartha maidir leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil ar mheán marthanach d'infheisteoirí; agus

    (f)

    gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

    2.   Ní cheanglóidh na Ballstáit ar an GCUI láithreacht fhisiciúil a bheith aige sa Bhallstát óstach nó riarthóir tríú páirtí a cheapadh chun críocha mhír 1.

    3.   Áiritheoidh an GCUI go gcuirfear na saoráidí ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go leictreonach, a dhéanamh:

    (a)

    i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an GCUI nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin;

    (b)

    ag an GCUI féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na gcúraimí a bheidh le déanamh, nó iad araon.

    Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí le conradh i scríbhinn ina sonrófar cad iad na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an GCUI agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ón GCU.”;

    (5)

    leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “Sa litir fógra áireofar freisin na sonraí is gá, lena n-áirítear an seoladh chun críocha sonrasctha, nó chun aon táillí nó muirir rialála is infheidhme ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur in iúl agus faisnéis maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a dhéanamh.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   I gcás athrú ar an bhfaisnéis sa litir fógra a tíolacadh i gcomhréir le mír 1, nó i gcás athrú ar an aicme scaireanna atá le margú, tabharfaidh an GCUI fógra i scríbhinn faoin athrú d'údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI agus Bhallstát óstach an GCUI mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an t-athrú sin chun feidhme.

    I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonfadh an GCUI an Treoir seo a thuilleadh, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI in iúl don GCUI, faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú sin le cur chun feidhme aige. Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI dá réir sin.

    I gcás ina gcuirfear athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun feidhme tar éis faisnéis a tharchur i gcomhréir leis an dara fomhír agus nach mbeidh an GCUI ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh de bhun an athraithe sin, glacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an toirmeasc sainráite ar mhargú an GCUI agus cuirfidh siad fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI gan aon mhoill mhíchuí maidir leis na bearta arna nglactha.”;

    (6)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 93a

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh GCUI fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú a mhéid a bhaineann le haonaid lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, maidir le haicme scaireanna i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige i ndáil leis i gcomhréir le hAirteagal 93, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:

    (a)

    maidir le gach aonad den sórt sin atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát sin, déanfar iltairiscint chun iad a athcheannach nó a fhuascailt, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, a chur ar fáil go poiblí ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint, go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais, chuig gach infheisteoir sa Bhallstát sin, duine ar dhuine, arb eol a gcéannacht;

    (b)

    maidir leis an rún i dtaca le socruithe arna ndéanamh chun na haonaid sin a mhargú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh, poibleofar é trí mheán atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, ar gnách é a úsáid chun GCUI a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in GCUInna;

    (c)

    maidir le haon socruithe conarthacha le hidirghabhálaithe nó toscairí airgeadais, déanfar iad a mhodhnú nó a fhoirceannadh le héifeacht ón dáta a chuirfear an fógra ar ceal ionas go gcuirfear cosc le haon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith na n-aonad a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2.

    Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), tabharfar cur síos soiléir ar na hiarmhairtí a bheidh ann d'infheisteoirí mura nglacfaidh siad leis an tairiscint a n-aonaid a fhuascailt nó a athcheannach.

    Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil fógra déanta ag GCUI ina leith i gcomhréir le hAirteagal 93 nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar aghaidh, déanfaidh an GCUI aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith a aonad a bhí faoi réir fógra a thabhairt a scor sa Bhallstát sin.

    2.   Déanfaidh an GCUI fógra a thíolacadh d'údaráis inniúla a Bhallstáit baile ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

    3.   Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a fhíorú an bhfuil an fógra a chuir an GCUI isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ó fhógra iomlán a fháil an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2, agus chuig ESMA.

    Tar éis tharchur an fhógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an tarchur sin in iúl go pras don GCUI.

    4.   Déanfaidh an GCUI an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagail 68 go 82 agus faoi Airteagal 94 a chur ar fáil d'infheisteoirí atá go fóill infheistithe sa GCUI mar aon le húdaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI.

    5.   Tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir le haon athrú ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

    6.   Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), Airteagal 97(3) agus Airteagal 108. Gan dochar do ghníomhaíochtaí faireacháin agus do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus in Airteagal 97, amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 5 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an GCUI lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

    7.   Ceadóidh na Ballstáit úsáid aon mhodha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis agus an modh cumarsáide ar fáil d'infheisteoirí i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-infheisteoir lonnaithe nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

    (*1)  Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L 188, 12.7.2019, lch. 55).”;"

    (7)

    in Airteagal 95(1), scriostar pointe (a).

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Threoir 2011/61/AE

    Leasaítear Treoir 2011/61/AE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aea)

    ciallaíonn ‘réamh-mhargú’ soláthar díreach nó indíreach faisnéise nó cumarsáide, faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a dhéanann BCIM AE, nó a dhéantar thar a cheann, d'infheisteoirí gairmiúla ionchasacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas d'fhonn a suim in CIM nó i ndeighleog, nach bhfuil bunaithe fós, nó atá bunaithe, ach nár tugadh fógra faoina mhargú go fóill i gcomhréir le hAirteagal 31 nó le hAirteagal 32, a thástáil, sa Bhallstát sin ina bhfuil sainchónaí ar na hinfheisteoirí ionchasacha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus i ngach cás, nach tairiscint ná láithriú don infheisteoir ionchasach é go ndéanfadh sé infheistíocht i n-aonaid nó i scaireanna den CIM sin nó den urrann sin;”;

    (2)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach ag tús Chaibidil VI:

    “Airteagal 30a

    Coinníollacha maidir le réamh-mhargú san Aontas ag BCIM AE

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE údaraithe páirt a ghlacadh i réamh-mhargú san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí gairmiúla féideartha:

    (a)

    go bhfuil sí leordhóthanach le cur ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de CIM ar leith a fháil;

    (b)

    is ionann í agus foirmeacha síntiúis nó doiciméid chomhchosúla i ndréachtfhoirm nó i bhfoirm chríochnúil; nó

    (c)

    is ionann í agus doiciméid bhunreachtúla, réamheolaire nó doiciméid tairisceana le haghaidh CIM nach bhfuil bunaithe fós i bhfoirm chríochnúil.

    I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach chun go gcuirfear ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

    (a)

    ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh suibscríobh leis na haonaid nó na scaireanna de chuid CIM; agus

    (b)

    níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá iontu ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus d'fhéadfadh go dtiocfadh athrú uirthi.

    Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceangal ar BCIM AE fógra a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le hinneachar nó le seolaithe an réamh-mhargaithe, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtugann sé faoin réamh-mhargú.

    2.   Áiritheoidh BCIManna AE nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid ná scaireanna in CIM trí réamh-mhargú agus nach bhfaighidh infheisteoirí a dtéitear i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargú aonaid ná scaireanna sa CIM sin ach amháin faoin margú a cheadaítear faoi Airteagal 31 nó faoi Airteagal 32.

    Measfar gur de thoradh an mhargaithe aon suibscríbhinn ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don BCIM AE tús a chur le réamh-mhargú, le haonaid nó scaireanna CIM dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs an réamh-mhargaithe, nó CIM arna bhunú de thoradh an réamh-mhargaithe, agus beidh siad faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt is infheidhme dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 32.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh BCIM AE, laistigh de 2 sheachtain tar éis dó tús a chur leis an réamh-mhargú, litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit inar tharla an réamh-mhargú agus na tréimhsí ina bhfuil sé ag tarlú nó ina tharla sé, cur síos gairid ar an réamh-mhargú lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb ábhartha, liosta de na CIManna agus d'urranna na CIManna ar iadsan nó arbh iadsan ábhar an réamh-mhargaithe. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil nó ina raibh réamh-mhargú curtha ar bun ag an BCIM AE ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina dtarlaíonn nó inar tharla an réamh-mhargú a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargú atá ag tarlú nó a tharla ina chríoch.

    3.   Ní rachaidh tríú páirtí i mbun réamh-mhargú thar ceann BCIM AE údaraithe ach amháin i gcás ina bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar BCIM i gcomhréir leis an Treoir seo, nó i gcás ina ngníomhaíonn sé i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh tríú páirtí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

    4.   Áiritheoidh BCIM AE go ndéanfar doiciméadú leordhóthanach ar réamh-mhargú.

    (*2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

    (*3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).”;"

    (3)

    in Airteagal 32(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

    “Más rud é, de bhun athrú atá beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, cuirfidh údaráis inniúla ábhartha Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú le cur i bhfeidhm aige. Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM dá réir sin.

    I gcás ina gcuirtear athrú atá beartaithe chun feidhme d'ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, nó, de bhun athrú nach raibh beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart cuí i gcomhréir le hAirteagal 46, lena n-áirítear, más gá, toirmeasc sainráite ar mhargú an CIM agus tabharfaidh siad fógra dá réir sin d'údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gan moill mhíchuí.

    Mura ndéanfaidh na hathruithe difear don mhéid a chomhlíonann an bainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM an Treoir seo, nó don mhéid a chomhlíonann an BCIM an Treoir seo ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, laistigh de 1 mhí amháin, na hathruithe sin a chur in iúl d'údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM.”;

    (4)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 32a

    Fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú aonad nó scaireanna de roinnt CIManna AE nó iad go léir sna Ballstáit cé is moite de Bhallstát baile an BCIM

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú i ndáil le haonaid nó scaireanna de roinnt dá CIManna nó díobh go léir i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 32, i gcás ina bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir á gcomhlíonadh:

    (a)

    seachas i gcás na CIManna iata agus na gcistí a rialaítear le Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), déanfar iltairiscint chun gach aonad CIM den sórt sin, atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát sin a athcheannach nó a fhuascailt, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, a chur ar fáil go poiblí ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint, go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais, chuig gach infheisteoir sa Bhallstát sin, duine ar dhuine, arb eol a gcéannacht;

    (b)

    maidir leis an rún i dtaca le socruithe arna ndéanamh chun aonaid nó scaireanna de chuid dá CIManna nó iad go léir a mhargú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh, poibleofar é trí mheán atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, ar gnách é a úsáid chun CIManna a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in CIM;

    (c)

    maidir le haon socruithe conarthacha le hidirghabhálaithe nó toscairí airgeadais, déanfar iad a mhodhnú nó a fhoirceannadh le héifeacht ón dáta a chuirfear an fógra ar ceal ionas go gcuirfear cosc le haon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith na n-aonad nó na scaireanna a sainaithnítear san fógra dá dtagraítear i mír 2.

    Ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar aghaidh, déanfaidh an BCIM aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith aonaid nó scaireanna den CIM ar a ndéanann sé bainistiú a scor sa Bhallstát a bhfuil fógra tíolactha aige ina leith i gcomhréir le mír 2.

    2.   Déanfaidh an BCIM fógra a thíolacadh d'údaráis inniúla a Bhallstáit baile ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

    3.   Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fógra a chuir an BCIM isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ó fhógra iomlán a fháil an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2, agus chuig ESMA.

    Ar tharchur an fhógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an tarchur sin in iúl láithreach don BCIM.

    Go ceann tréimhse 36 mhí ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní chuirfidh an BCIM réamh-mhargú ar bun ar aonaid nó scaireanna na CIManna AE dá dtagraítear san fhógra, nó i ndáil le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta comhchosúla, sa Bhallstát a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Soláthróidh an BCIM an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 22 agus faoi Airteagal 23 d'infheisteoirí atá fós infheistithe sa CIM AE mar aon le húdaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM.

    5.   Tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2, faisnéis maidir le haon athrú ar an doiciméadacht agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) d'Iarscríbhinn IV.

    6.   Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 45.

    7.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 45(3), amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 45 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an BCIM lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5)

    8.   Ceadóidh na Ballstáit úsáid aon mhodha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4.

    (*4)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98)."

    (*5)  Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L 188, 12.7.2019, lch. 55).”;"

    (5)

    in Airteagal 33(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

    “Más rud é, de bhun athrú atá beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, cuirfidh údaráis inniúla ábhartha Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú le cur i bhfeidhm aige.

    I gcás ina gcuirtear athrú atá beartaithe chun feidhme d'ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír nó, de bhun athrú nach raibh beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart cuí i gcomhréir le hAirteagal 46 agus tabharfaidh siad fógra dá réir sin d'údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gan moill mhíchuí.”;

    (6)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 43a

    Saoráidí a bheith ar fáil d'infheisteoirí miondíola

    1.   Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/760, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh BCIM ar fáil, i ngach Ballstát ina bhfuil sé ar intinn aige aonaid nó scaireanna CIM a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, saoráidí leis na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    orduithe um shuibscríobh, íocaíocht, athcheannach agus fuascailt de chuid infheisteoirí a phróiseáil, ar orduithe iad a bhaineann le haonaid nó scaireanna an CIM, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméid an CIM;

    (b)

    faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;

    (c)

    láimhseáil faisnéise a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí de bharr a n-infheistíochta sa CIM sa Bhallstát ina bhfuil an CIM á mhargú, a éascú;

    (d)

    an fhaisnéis agus na doiciméid a éilítear de bhun Airteagail 22 agus 23 a chur ar fáil d'infheisteoirí chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a dhéanamh díobh;

    (e)

    faisnéis atá ábhartha do na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil d'infheisteoirí ar mheán marthanach mar atá sainmhínithe i bpointe (m) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE; agus

    (f)

    gníomhú mar phointe teagmhála le cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

    2.   Ní cheanglóidh na Ballstáit ar BCIM láithreacht fhisiciúil a bheith aige sa Bhallstát óstach nó riarthóir tríú páirtí a cheapadh chun críocha mhír 1.

    3.   Áiritheoidh an BCIM go ndéanfar na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, lena n-áirítear go leictreonach, a sholáthar:

    (a)

    i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an CIM nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin;

    (b)

    ag an BCIM féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na tascanna a bheidh le déanamh, nó acu araon.

    Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí sin le conradh i scríbhinn ina sonrófar cad iad na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an BCIM agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ón BCIM.”;

    (7)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 69a

    Measúnú ar an gcóras pasanna

    Sula dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) i bhfeidhm, ar dá mbun a bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 35 agus in Airteagal 37 go hAirteagal 41, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ina gcuirfear san áireamh toradh measúnaithe ar an gcóras pasanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear leathnú an chórais sin chun BCIManna neamh-AE a chumhdach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.”;

    (8)

    in Iarscríbhinn IV, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(i)

    na mionsonraí is gá, lena n-áirítear an seoladh, chun críocha sonrasctha nó chun aon táillí nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh;

    (j)

    faisnéis maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43a a dhéanamh.”;

    Airteagal 3

    Trasuí

    1.   Faoin 2 Lúnasa 2021, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2021.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na slite le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Meastóireacht

    Faoin 2 Lúnasa 2024 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphléití le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm na Treorach seo. Faoin 2 Lúnasa 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

    Airteagal 5

    Athbhreithniú

    Faoin 2 Lúnasa 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair ina ndéanfar measúnú, inter alia, ar a fhiúntaí atá sé na forálacha is infheidhme maidir le cuideachtaí bainistíochta GCUI a chomhchuibhiú lena ndéanfar suim an infheisteora i smaoineamh nó straitéis infheistíochta ar leith a thástáil, agus cibé acu is gá nó nach gá aon leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE chuige sin.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 7

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

    (3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    (4)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (Féach leathanach 55 den Iris Oifigiúil seo).

    (6)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.”


    Top