EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0673

Rialachán (AE, Euratom) 2018/673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

IO L 114I, 4.5.2018, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/673/oj

4.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2018/673 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Bealtaine 2018

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaítear stádas dlíthiúil Eorpach sonrach ar féidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe tairbhe a bhaint as agus déantar foráil maidir le hiad a chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(2)

Aithníodh go bhfuil gá ann Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú chun gurbh fhearr a bhainfí amach an cuspóir arb é páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a spreagadh ina ndícheall nasc láidir a sholáthar idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, agus go háirithe Parlaimint na hEorpa, agus cuidiú leo sa dícheall sin.

(3)

Tar éis athruithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“an Rialachán Airgeadais”), ba cheart an sainmhíniú ar Phointe Teagmhála Náisiúnta a athbhreithniú. Ba cheart do na húdaráis ábhartha sna Ballstáit duine nó daoine a ainmniú go sonrach chun faisnéis a mhalartú le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, d'fhéadfaidís rogha a dhéanamh idir na daoine nó na comhlachtaí sin atá ainmnithe cheana do shaincheisteanna a bhaineann leis an gCóras luathbhraite agus eisiaimh arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(4)

Is gá fíorghné thrasnáisiúnta páirtithe Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a áirithiú ar dhóigh níos fearr chun gur féidir leo stádas dlíthiúil Eorpach sonrach a fháil trí chlárú. Thairis sin, chun an nasc a láidriú idir an pholaitíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus chun an páirtí náisiúnta céanna a chosc níos mó ná páirtí polaitiúil Eorpach amháin a chruthú a bhfuil claonadh polaitiúil comhchosúil nó an claonadh polaitiúil céanna iontu, níor cheart baill den pháirtí polaitiúil náisiúnta céanna a chur san áireamh maidir le comhaontais pholaitiúla éagsúla, chun críche na gceanglas íosta ionadaíochta le go gclárófaí na comhaontais sin mar pháirtí Eorpach. Dá bhrí sin, níor cheart ach páirtithe polaitiúla, agus ní daoine aonair a thuilleadh, a chur san áireamh chun críche na gceanglas íosta ionadaíochta sin.

(5)

Ba cheart é a chur ar chumas páirtithe Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe sciar níos mó de na leithreasaí atá luaite le cistiú na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí sin i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart an sciar uasta de na ranníocaíochtaí airgeadais nó na deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sa chaiteachas in-aisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus sna costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach a mhéadú.

(6)

Ar chúiseanna trédhearcachta, agus chun grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an nasc idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, agus go háirithe Parlaimint na hEorpa, a neartú, ba cheart an rochtain ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thabhairt a bheith coinníollach ar na ballpháirtithe de chuid AE clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann a fhoilsiú, ar bhealach atá infheicthe go soiléir agus áisiúil don úsáideoir. Ba cheart cuimsiú faisnéise faoin gcothromaíocht inscne maidir le gach ballpháirtí den pháirtí polaitiúil Eorpach a spreagadh.

(7)

Chun go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh ar dhóigh níos comhréirí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ar leithdháileadh é a léireoidh fíorthacaíocht thoghchánach páirtí pholaitiúil Eorpaigh go hoibiachtúil, ba cheart cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus, ag teacht as sin, cistiú a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe faoi seach, a nascadh ar bhealach níos dlúithe le leibhéal inléirithe tacaíochta toghchánaí. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le dáileadh cistiúcháin a oiriúnú chun aird níos mó a thabhairt ar an sciar de chomhaltaí tofa atá ag gach páirtí polaitiúil Eorpach i bParlaimint na hEorpa.

(8)

Más rud é, i ngeall ar athrú tosca, nach gcomhlíonann páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha le haghaidh clárú a thuilleadh, ba cheart é nó í a bhaint den Chlár.

(9)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht ba cheart a fhoráil go sainráite gur féidir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár laistigh de thréimhse réasúnta i gcás inar thug an páirtí nó an fhondúireacht fianaise bhréagach nó neamhiomlán ar dá bonn a rinneadh cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht sin a chlárú.

(10)

Ba cheart an chosaint a thugtar do leasanna airgeadais an Aontais a neartú trína fhoráil go ndéanfaí, i gcás sáraithe, aisghabháil éifeachtach an chistiúcháin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a áirithiú trí shuimeanna arna n-íoc go míchuí a aisghabháil ó dhaoine nádúrtha atá freagrach as an sárú i dtrácht, ag cur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, imthosca eisceachtúla maidir leis na daoine nádúrtha sin.

(11)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar impleachtaí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 arna leasú leis an Rialachán seo ar bhonn fianaise shubstainteach ar chur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin sin, ba cheart dáta an athbhreithnithe chuimsithigh atá beartaithe a chur siar. Ba cheart go dtabharfaí aird ar leith san athbhreithniú cuimsitheach sin ar impleachtaí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, arna leasú leis an Rialachán seo, do sheasamh páirtithe polaitiúla Eorpacha beaga agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe.

(12)

I dtaca leis na ceanglais nua maidir le foilsiú chlár polaitiúil agus lógó na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, ba cheart feidhm, a mhéid is féidir, a bheith ag na ceanglais sin cheana féin maidir leis na hiarratais ar chistiú do 2019, an bhliain ina mbeidh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa ar siúl. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le socruithe idirthréimhseacha.

(13)

Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a thugtar isteach leis an Rialachán seo go tráthúil, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 12:

“(12)

Maidir leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe ar mian leo aitheantas a fháil mar pháirtí nó fondúireacht den sórt sin ar leibhéal an Aontais trí bhíthin stádas dlíthiúil Eorpach bheith acu agus ar mian leo cistiú poiblí a fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh prionsabail áirithe a urramú agus coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Go háirithe, ní mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a urramú, go háirithe ina gclár agus ina ngníomhaíochtaí, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine de ghrúpaí mionlaigh iad.”;

(2)

cuirtear isteach an aithris seo a leanas:

“(30a)

I gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1939 (*1) ón gComhairle, tá sé de chúram ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla líomhnaithe i gcomhthéacs chistiú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, de réir bhrí Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). Tá feidhm ag an oibleagáid faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 maidir leis an Údarás.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1)."

(*2)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).”;"

(3)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

“(10)

ciallaíonn ‘Pointe Teagmhála Náisiúnta’ aon duine nó daoine atá ainmnithe go sonrach ag na húdaráis ábhartha sna Ballstáit chun faisnéis a mhalartú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;”;

(4)

leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“ní mór dá bhallpháirtithe a bheith ionadaithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, de pharlaimintí náisiúnta, de pharlaimintí réigiúnacha nó de thionóil réigiúnacha, nó”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

ní comhaltaí de pháirtí polaitiúil Eorpach eile iad a bhallpháirtithe,”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 10(3):

“Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di uaithi féin nó ar iarraidh réasúnaithe ó ghrúpa saoránach, arna tíolacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha a Rialacha Nós Imeachta, nó an Chomhairle nó an Coimisiún, iarraidh ar fhíorú an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) a thaisceadh leis an Údarás. I gcásanna den sórt sin agus sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 16(3), iarrfaidh an tÚdarás ar choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce arna bhunú le hAirteagal 11 tuairim a thabhairt uaidh ar an ábhar. Tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh laistigh de 2 mhí.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(4):

“4.   Ní bheidh ranníocaíochtaí airgeadais ná deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh níos mó ná 90 % den chaiteachas inaisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus 95 % de na costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach. Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha aon chuid de ranníocaíocht an Aontais a dámhadh ach nár úsáideadh a úsáid chun caiteachas in-aisíoctha laistigh den bhliain airgeadais tar éis a dhámhachtana a chumhdach. Déanfar suimeanna nár úsáideadh tar éis na bliana airgeadais sin a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.”;

(7)

in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach a áireamh ina iarratas fianaise lena léirítear go ndearna a bhallpháirtithe de chuid AE, de ghnáth, clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a fhoilsiú ar a shuíomhanna gréasáin, ar bhealach atá infheicthe go soiléir agus áisiúil don úsáideoir, i rith na tréimhse 12 mhí roimh an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(1):

“1.   Déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil do na páirtithe polaitiúla Eorpacha sin agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin ar ar dámhadh ranníocaíochtaí nó deontais i gcomhréir le hAirteagal 18 a dháileadh go bliantúil ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

dáilfear 10 % i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe ina scaireanna comhionanna,

dáilfear 90 % i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe i gcomhréir lena sciar de chomhaltaí tofa de Pharlaimint na hEorpa.

Úsáidfear an eochair dháilte chéanna chun cistiú a dhámhachtain ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar bhonn a gcleamhnachta le páirtí polaitiúil Eorpach.”;

(9)

leasaítear Airteagal 27(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó (2);”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ba)

i gcás ina bhfuil cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann a chlárú bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach as a bhfuil an t-iarratasóir freagrach, nó i gcás gur le calaois a fuarthas cinneadh den sórt sin; nó”;

(10)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 27a

Freagracht daoine nádúrtha

I gcás ina bhforchuirfidh an tÚdarás smachtbhanna airgeadais sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(v) nó (a)(vi) d'Airteagal 27(2) féadfaidh sé a shuí, chun críche aisghabhála de bhun Airteagal 30(2), go mbeidh freagracht as an sárú sna cásanna seo a leanas freisin ar dhuine nádúrtha atá ina bhall de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí, nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe aige maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó maidir leis an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach:

(a)

sa chás dá dtagraítear i bpointe (a)(v) d'Airteagal 27(2), más rud é gur suíodh, sa bhreithiúnas dá dtagraítear san fhoráil sin, go bhfuil an duine nádúrtha freagrach freisin as na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i dtrácht;

(b)

sa chás dá dtagraítear i bpointe (a)(vi) d'Airteagal 27(2) más rud é go bhfuil an duine nádúrtha freagrach freisin as an iompar nó na míchruinnis i dtrácht.”;

(11)

leasaítear Airteagal 30(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar forchuireadh smachtbhanna air nó uirthi as aon cheann de na sáruithe atá liostaithe in Airteagal 27(1) agus i bpointe (v) agus pointe (vi) d'Airteagal 27(2)(a), ní bheidh sé nó sí, ar an gcúis sin, ag comhlíonadh Airteagal 18(2) a thuilleadh. Dá thoradh sin, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an comhaontú nó an cinneadh um ranníocaíocht nó deontas maidir le cistiú an Aontais arna fháil faoin Rialachán seo a fhoirceannadh, agus suimeanna arna n-íoc go míchuí faoin gcomhaontú nó cinneadh um ranníocaíocht nó deontas a aisghabháil, lena n-áirítear aon chistí Aontais nár caitheadh ó na blianta roimhe sin. Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa suimeanna arna n-íoc go míchuí faoin gcomhaontú nó faoi chinneadh um ranníocaíocht nó um dheontas a aisghabháil freisin ó dhuine nádúrtha a ndearnadh cinneadh de bhun Airteagal 27a ina leith, ag cur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, imthosca eisceachtúla maidir leis an duine nádúrtha sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás foirceannadh den sórt sin, déanfar íocaíochtaí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a theorannú go dtí an caiteachas in-aisíoctha a thabhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó na costais incháilitheacha a thabhaigh an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach suas go dtí an dáta a thiocfaidh an cinneadh um fhoirceannadh i bhfeidhm.”;

(12)

leasaítear Airteagal 32(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

tuairisc ar an tacaíocht theicniúil a tugadh do pháirtithe polaitiúla Eorpacha;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

an tuarascáil mheastóireachta ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú dá dtagraítear in Airteagal 38; agus”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(k)

liosta nuashonraithe d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil Eorpach,”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

“Airteagal 34

An ceart éisteacht a fháil

Sula ndéanfaidh Údarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar chearta páirtí pholaitiúil Eorpaigh, cearta fondúireachta polaitiúla Eorpaí, cearta iarratasóra amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 nó cearta duine nádúrtha amhail dá dtagraítear in Airteagal 27a, tabharfaidh sé éisteacht d'ionadaithe an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, na fondúireachta polaitiúla Eorpaí nó an iarratasóra, nó an duine nádúrtha lena mbaineann. Déanfaidh an tÚdarás nó Parlaimint na hEorpa na cúiseanna atá lena chinneadh nó lena cinneadh a lua go cuí.”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

“Airteagal 38

Meastóireacht

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis an Údarás, déanfaidh sí, faoin 31 Nollaig 2021 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú. Léireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na córais reachta agus cistiúcháin.

Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa an tuarascáil a fhoilsiú, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina ndéanfar aird ar leith a thabhairt ar na himpleachtaí do sheasamh na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha beaga agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha beaga. Más iomchuí, beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.”;

(15)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 40a

Foráil idirthréimhseach

1.   Maidir le forálacha an Rialacháin seo is infheidhme roimh4 Bealtaine 2018, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu maidir le gníomhartha agus gealltanais a bhaineann le cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar an leibhéal Eorpach don bhliain airgeadais 2018.

2.   De mhaolú ar Airteagal 18(2a), sula ndéanfar cinneadh i leith iarratas ar chistiú don bhliain airgeadais 2019, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 18(2a) a iarraidh díreach le haghaidh tréimhse ó5 Iúil 2018.

3.   Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha a chláraigh roimh 4 Bealtaine 2018, doiciméid a chur isteach, faoin 5 Iúil 2018, ar a dhéanaí, a chruthaíonn go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (b) agus (ba) d'Airteagal 3(1).

4.   Bainfidh an tÚdarás páirtí polaitiúil Eorpach agus a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe den Chlár i gcás ina mainníonn an páirtí lena mbaineann a chruthú, laistigh den tréimhse ama a leagtar amach i mír 3, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (b) agus (ba) d'Airteagal 3(1).”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 96.

(2)  IO C 18, 18.1.2018, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus an Cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2018.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


Top