EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E302

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 3 - COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA AN AONTAIS
ROINN 1 - AN COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA
Airteagal 302 (sean-Airteagal 259 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 178–178 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_302/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/178


Airteagal 302

(sean-Airteagal 259 CCE)

1.   Ceapfar comhaltaí an Choiste ar feadh cúig bliana. Glacfaidh an Chomhairle liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí an Choiste a athnuachan.

2.   Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a ionadaíonn do na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an Aontais.


Top