Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Féinfhostaíocht — cóir chomhionann idir fir agus mná

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/41/AE maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá féinfhostaithe a chur i bhfeidhm

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Cuirtear prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá féinfhostaithe i bhfeidhm léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cumhdaítear leis an reachtaíocht oibrithe féinfhostaithe (daoine a bhfuil gníomhaíochtaí sochracha á ndéanamh acu ar a gcuntas féin) agus a gcéilí nó a bpáirtithe saoil.
  • Ciallaíonn cóir chomhionann gan idirdhealú ar bith a bheith ann, cibé acu idirdhealú díreach*, nó idirdhealú indíreach* ar fhorais inscne san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach. Meastar ciapadh*, gnéasach* nó ar bhealach ar bith eile, a bheith ina idirdhealú ar fhorais inscne.
  • Féadfaidh tíortha AE gníomhaíocht dhearfach a ghlacadh, ar nós tionscnaimh ghnó a chur chun cinn i measc ban, chun comhionannas iomlán a chinntiú i ngníomh idir fir agus mná oibre.
  • Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a chinntiú:
    • nach bhfuil na dálaí chun gnó a bhunú idir céilí nó páirtithe saoil níos deacra ar dhóigh ar bith ná mar atá siad do dhaoine eile;
    • gur féidir le céilí agus páirtithe saoil tairbhe a bhaint as scéimeanna náisiúnta um chosaint shóisialta;
    • go ndeonaítear liúntas saoire mháithreachais dóthanach de 14 seachtainí ar a laghad do chéilí agus do pháirtithe saoil mná atá féinfhostaithe;
    • go mbeidh fáil ag duine ar bith a mheasann nár tugadh urraim dá gcearta um chóir chomhionann ar imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin;
    • go bhfuil cúiteamh nó leorghníomh fíor agus éifeachtach ar fáil i leith caillteanais nó damáiste ar bith a d’fhéadfadh tarlú do dhuine ar bith;
    • go bhfuil an t-údarás ag comhlachtaí náisiúnta ábhartha chun cóir chomhionann gach duine atá cumhdaithe faoin reachtaíocht a chur chun cinn, a anailísiú, a mhaoirsiú agus tacaíocht a thabhairt ina leith;
    • go gcuirtear cóir chomhionann i bhfeidhm idir fir agus mná agus dlíthe, rialacháin, forálacha riaracháin, beartais agus gníomhaíochtaí arna gcumhdach faoin reachtaíocht á gcur i bhfeidhm;
    • go gcuirfear ábhar na reachtaíochta i bhfios chomh forleathan agus is féidir.
  • Bhí ar na tíortha AE an fhaisnéis ar fad maidir le cur chun feidhme na treorach a sholáthar don Choimisiún Eorpach faoin 5 Lúnasa 2015.
  • Tá an Coimisiún le tuarascáil a chur i láthair ar bhonn na n-aighneachtaí náisiúnta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 5 Lúnasa 2016 ar a dhéanaí.
  • Tá a shuíomh gréasáin féin ag an gCoimisiún d’fhiontraithe mná.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh i bhfeidhm í an 4 Lúnasa 2010. Bhí an Treoir le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 5 Lúnasa 2012.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Fostaíocht agus oiliúint” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Idirdhealú díreach: sa chás go gcaitear le duine amháin ar bhealach nach lú fabhar mar gheall ar a n-inscne.

* Idirdhealú indíreach: sa chás go gcuirtear duine d’inscne amháin faoi mhíbhuntáiste faoi leith le riail, critéar nó cleachtas a dhealraíonn a bheith neodrach.

* Ciapadh: sa chás go sáraítear dínit duine nó go gcruthaítear timpeallacht bhagrach, naimhdeach, mhaslach, náireach nó ghránna le hiompar neamh-inmhianaithe.

* Ciapadh gnéasach: sa chás go dtarlaíonn cineál ar bith iompar neamh-inmhianaithe béil, neamhbhriathartha nó fisiceach de chineál gnéasach.

GNÍOMH

Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lgh. 1-6)

Nuashonraithe 28.06.2016

Top