Défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) agus trífheinilí polaclóirínithe (PCTanna) a dhiúscairt
ACHOIMRE AR:
Threoir 96/59/CE— défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCBanna/PCTanna) a dhiúscairt
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Comhchuibhítear sa treoir seo an dlí maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCBanna/PCTanna)* agus le dí-éilliú nó diúscairt an trealaimh ina bhfuil siad.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Bíonn ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a áirithiú:
-
go ndéantar PCBanna agus PCTanna caite, agus an trealamh ina bhfuil siad, a dhiúscairt a luaithe agus is féidir;
-
go gcuirtear fardail le chéile den trealamh ina bhfuil breis is cúig lítear de PCBanna agus PCTanna, agus go seoltar achoimrí ar na fardail sin chuig an gCoimisiún Eorpach laistigh de 3 bliana óna nglactar leis an reachtaíocht;
-
go bhfuil ceadúnais ag na cuideachtaí a dhéanann PCBanna agus PCTanna a dhiúscairt agus go gcoimeádann na cuideachtaí sin cláir de chainníocht, de bhunús agus de nádúr na PCBanna agus PCTanna a fhaigheann siad;
-
go bhfuil réamhchúraimí sábháilteachta curtha i gcrích chun an baol go rachaidh PCBanna nó PCTanna, nó an trealamh ina bhfuil siad, trí thine a chosc;
-
nach ndéantar PCBanna nó PCTanna a dhó ar longa;
-
nach ndéantar claochladáin a líonadh suas le PCBanna nó PCTanna;
-
go ndéantar claochladáin a bhfuil breis is 0.05 % díobh de réir meáchain ina PCBanna nó PCTanna a dhí-éilliú i gcomhréir leis na coinníollacha atá sonraithe sa reachtaíocht;
-
go ndéantar trealamh a bhfuil breis is cúig lítear de PCBanna nó PCTanna ann a dhí-éilliú agus/nó a dhiúscairt faoi dheireadh na bliana 2010 ar a dhéanaí, ach amháin claochladáin a bhfuil idir 0.05 % agus 0.005 % díobh de réir meáchain ina PCBanna nó PCTanna, ar féidir iad a dhiúscairt ag deireadh a saolré ionchais.
-
Tá an fhaisnéis seo a leanas sna fardail:
-
ainm agus seoladh shealbhóir an trealaimh;
-
suíomh an trealaimh agus cur síos air;
-
cainníocht na PCBanna nó PCTanna atá sa trealamh;
-
dátaí agus cineálacha na cóireála nó athsholáthair a dhéantar nó atá beartaithe é a dhéanamh;
-
dáta an dearbhaithe.
-
Déanann an Coimisiún:
-
na modhanna tagartha a leagan amach chun an méid PCB agus PCT atá in ábhair éillithe a thomhas;
-
caighdeáin theicniúla a leagan amach le haghaidh bealaí eile chun PCBanna agus PCTanna a dhiúscairt;
-
liosta a chur ar fáil d’ainmneacha táirgthe an trealaimh leictrigh, amhail toilleoirí, friotóirí agus cornaí ionduchtais, trealamh leictreach a bhfuil PCBanna agus PCTanna ann;
-
ionadaigh atá níos lú guaiseach a fháil amach le haghaidh PCBanna agus PCTanna más gá.
-
Soláthraítear i Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna) an creat dlíthiúil le haghaidh POPanna. Tá feidhm aige chomh maith maidir le PCB, a aicmíodh mar POP.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 16 Meán Fómhair 1996. Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 16 Márta 1998.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) agus trífheinilí polaclóirínithe (PCTanna): grúpa comhdhúile saorga a úsáideadh go forleathan roimhe seo, i dtrealamh leictreach go príomha. Cuireadh bac orthu ag deireadh na 1970í ina lán tíortha toisc go raibh imní ann faoina dtionchar ar an gcomhshaol.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCB/PCT) (IO L 243, 24.9.1996, lgh. 31-35)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 96/59/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2001/68/CE ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2001 lena mbunaítear dhá mhodh thagartha thomhais le haghaidh PCBanna de bhun Airteagail 10(a) de Threoir 96/59/CE ón gComhairle maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCBanna/PCTanna) (curtha in iúl faoi uimhir dhoiciméid C(2001) 107 (IO L 23, 25.1.2001, lch. 31)
Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (OI L 158, 30.4.2004, lgh 7-49)
Féach an leagan comhdhlúite
Nuashonraithe 13.02.2017