EUR-Lex Достъп до правото на Европейския съюз

Обратно към началната страница на EUR-Lex

Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.

Iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a dhíothú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 — lena mbunaítear córas AE chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear ann córas de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte in uiscí AE agus idirnáisiúnta a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.
  • Oibrítear an rialachán seo i dteannta le córas rialaithe iascaigh AE chun go ndéanfaidh údaráis náisiúnta rialacha an chomhbheartais iascaigh a sheiceáil, a iniúchadh agus a fhorfheidhmiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Glacfar leis go bhfuil soitheach iascaireachta ag gabháil d’iascaireacht NNN má thagann sé faoi cheann amháin de líon catagóirí:
    • níl ceadúnas iascaireachta bailí ag gabháil leis;
    • ní chloíonn sé lena oibleagáidí sonraí gabhála nó sonraí a bhaineann le gabhálacha a thaifeadadh nó a thuairisciú;
    • tá sé ag iascaireacht i limistéar coiscthe*, le linn séasúir choiscthe*, gan cuóta nó le cuóta úsáidte aige, nó thar dhoimhneacht choiscthe*;
    • tá sé ag iascaireacht speiceas neamhúdaraithe;
    • tá gléas iascaireachta coiscthe nó neamhchomhlíontach á úsáid aige;
    • tá a aitheantas, marcálacha nó clárú brionnaithe nó curtha i bhfolach aige;
    • tá fianaise maidir le himscrúdú brionnaithe nó curtha i bhfolach aige;
    • cuireann sé bac ar obair cigirí;
    • déanann sé éisc ró-bheag a thógáil ar bord, a aistriú go long eile nó a ghabháil;
    • glacann sé páirt i ngníomhaíochtaí le soithí atá ar an liosta soithí NNN;
    • gabhann sé do ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar atá cumhdaithe faoi Eagraíochtaí Réigiúnacha um Bainistíocht Iascaigh (ERBIanna) gan cloí le bearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin agus tá sé cláraithe i dtír nach bhfuil ina páirtí san eagraíocht sin, nó ní chomhoibríonn sé leis an eagraíocht sin;
    • soitheach gan stát is ea é.
  • Leagtar síos sa rialachán sraith beart ionas nach dtagann táirgí iascaigh NNN isteach i margadh AE.

Calafoirt ainmnithe

  • Níl ar oscailt do shoithí ó thíortha neamh-AE ach saoráidí calafoirt atá ainmnithe ag tíortha AE.
  • Níl cead gabhálacha agus trasloingiú* táirgí iascaigh idir soithí ó thíortha neamh-AE agus ó thíortha AE, atá toirmiscthe ar muir, a dhéanamh ach ag calafoirt ainmnithe.

Cigireachtaí i gcalafort

Tá an tír AE ina bhfuil an calafort lonnaithe freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar tháirgí iascaigh a allmhairítear isteach in AE. Ní mór di a sheiceáil go bhfuil táirgí dá leithéid dleathach agus go gcloíonn an soitheach leis na rialacháin, i.e. tá na ceadúnais agus na húdaruithe riachtanacha leis, agus go bhfuil an méid a dearbhaíodh ag teacht leis an méid a gabhadh nó a trasloingíodh.

Deimhnithe gabhála

Cinntítear leis an deimhniú gabhála nach dtionscnaíonn táirgí a allmhairítear isteach in AE ó iascaireacht NNN. Eisíodh an tír ina bhfuil an soitheach iascaireachta cláraithe (stát a bhfuil a bhratach ar foluain ar an soitheach) na deimhnithe sin. Gabhann siad le táirgí iascaigh ar fud an tslabhra soláthair ionas gur féidir seiceálacha leanúnacha a dhéanamh.

Iascaireacht NNN toimhdithe

  • Déanfaidh an Coimisiún Eorpach:
    • soithí iascaireachta a shainaithint a bhfuarthas faisnéis dhóthanach ina leith lena thoimhdiú go bhféadfadh siad bheith ag gabháil d’iascaireacht NNN;
    • fógra a thabhairt do na stáit a bhfuil a mbratach ar foluain ar an soitheach (i.e. tíortha neamh-AE agus tíortha AE) ar sainaithníodh a ngléasanna iascaireachta; agus
    • an fhaisnéis a scaipeadh ar gach tír AE.
  • Dréachtóidh sé liosta de na soithí a bhíonn ag gabháil d’iascaireacht NNN chomh maith. Déanfar foráil sna nósanna imeachta lena mbunaítear an liosta seo i leith cosaintí agus socruithe achomhairc chun caitheamh cóir na soithí agus na dtíortha lena mbaineann a ráthú.

Tíortha neamh-AE neamh-chomhoibritheacha

Déanfaidh an Coimisiún tíortha neamh-AE neamh-chomhoibritheacha a shainaithint chomh maith sa chomhrac i gcoinne NNN. Féadfar tír neamh-AE a shainaithint mar thír neamh-chomhoibritheach nuair nach gcomhlíonann sí a dualgais mar stát a bhfuil a bhratach ar foluain air, stát calafoirt, stát cósta nó stát margaidh maidir le gníomh a dhéanamh chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

Smachtbhannaí

  • Ní mór do thíortha AE smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí NNN.
  • Is ionann an smachtbhanna uasta agus 5 hoiread luach na dtáirgí iascaigh a fhaightear ar a laghad.
  • I gcás sárú a dhéanamh arís laistigh de thréimhse 5 bliana, ní mór do thíortha AE smachtbhanna uasta de 8 n-oiread luach na dtáirgí iascaigh a fhaightear ar a laghad a ghearradh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Limistéar coiscthe: limistéar ina bhfuil cosc ar iascaireacht tráchtála chun go n-athshlánófar na stoic.

Séasúr coiscthe: tréimhse den bhliain nuair atá cosc ar iascaireacht chun go n-athshlánófar na stoic.

Doimhneacht choiscthe: doimhneacht i ndiaidh teorainn faoi leith ina bhfuil cosc ar iascaireacht chun go n-athshlánófar stoic dhomhainfharraige.

Trasloingsiú: aistriú gabhála ó bhád iascaireachta níos lú go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisce níos mó í ansin lena loingsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)

Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008) (IO L 22, 26.1.2011, lch. 8)

Rinneadh na leasuithe agus an ceartúcháin comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Údarú le haghaidh iascaireachta

Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhartha iascaireachta shoithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 33-44)

Soithí atá páirteach in iascaireacht NNN

Rialachán (AE) Uimh. 468/2010 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2010 lena mbunaítear liosta AE de na soithí a bhí ag gabháil d’iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO L 131, 29.5.2010, lgh. 22-26).

Féach an leagan comhdhlúite

Údaráis inniúla do dheimhnithe gabhála

Liosta de na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla i dtaca le hAirteagail 15(2), 17(8) agus 21(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (IO C 320, 24.12.2009, lgh. 17-20)

Calafoirt ainmnithe

Liosta na gcalafort i mBallstáit AE ina bhfuil oibríochtaí gabhála agus trasloingsithe táirgí iascaigh ceadaithe agus ina bhfuil seirbhísí calafoirt inrochtana do shoithí iascaireachta tríú tíortha, de réir Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (IO C 320, 24.12.2009, lgh. 13-16)

Nuashonraithe 11.10.2016

Нагоре