This document is an excerpt from the EUR-Lex website
An coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann idirthurais
Leis an gcoinbhinsiún soláthraítear an creat dlíthiúil lena leagtar amach na hoibleagáidí atá ar thrádálaithe agus ar údaráis chustaim maidir le hearraí in idirthuras* custaim ó pháirtí conarthachta amháin go ceann eile. Cumhdaítear le AE-27 (mar pháirtí conarthachta amháin) agus 8 dtír chomhchoiteanna um idirthuras (an Eilvéis, an Íoslainn, an Iorua, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe) mar pháirtithe conarthachta ar leith.
Faomhtar an coinbhinsiún leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach anois).
Sa choinbhinsiún:
Úsáidtear córas leictreonach idirthurais chun foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích, ach amháin i gcúinsí faoi leith (e.g. earraí a iompraítear d’iarnród i gcás go bhfuil páipéar incheadaithe).
D’fhéadfaí simpliú idirthurais bheith i bhfeidhm maidir le trádálaithe iontaofa.
Féadfaidh tíortha a chomhaontú na nósanna imeachta simplithe a oibriú eatarthu féin trí chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.
Ní mór do thíortha comhoibriú lena chéile maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a aisghabháil.
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm agus tá feidhm leis ón 1 Eanáir 1988.
Leis an nós imeachta comhchoiteann idirthurais um chustam is féidir earraí a bhogadh go héifeachtach trasna teorainneacha na bpáirtithe conarthachta agus simplítear foirmiúlachtaí custaim leis.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh 87/415/CEE an 15 Meitheamh 1987 maidir le tabhairt chun críche Coinbhinsiúin idir an tAontas Eorpach, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann idirthurais (IO L 226, 13.8.1987, lch. 1)
Coinbhinsiún idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann idirthurais (IO L 226, 13.8.1987, lgh. 2-117)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gCoinbhisiún a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rún ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir le hathchóiriú ar na córais idirthurais chustaim (IO C 193, 9.7.1999, lgh. 1-2)
Rún ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le ríomhchuidiú na gcóras idirthurais chustaim (IO C 327, 7.12.1995, lgh. 2-3)
Nuashonraithe 30.09.2022