Coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le margú táirgí sábháilte in AE (comhartha comhréireachta)
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE — comhchreat le haghaidh margú táirgí in AE
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?
-
Leagtar amach prionsabail agus nósanna imeachta coiteanna ann a gcaithfidh reachtaíocht AE cloí leo agus na coinníollacha maidir le margú táirgí in AE agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) á gcomhchuibhiú inti.
-
Áirítear leis ceanglais tagartha atá le hionchorprú nuair a dhéantar an reachtaíocht um tháirgí a leasú. Mar sin, is teimpléad é don reachtaíocht um chomhchuibhiú táirgí amach anseo.
-
Leagtar na rialacha maidir leis an gcomhartha CE* ann.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Soláthraítear sainithe soiléire ann le haghaidh téarmaí ábhartha, amhail “monaróir” , “cur ar an margadh” , “aisghairm” nó “aistarraingt” táirgí.
-
Leagtar amach deighiltí soiléire freagrachta ann do mhonaróirí, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí feadh an tslabhra táirgí.
-
Ní mór do mhonaróirí a chinntiú go gcloíonn a dtáirgí leis an reachtaíocht ábhartha agus go gcloíonn siad leis an nós imeachta cuí um measúnú comhréireachta*. Ní mór dóibh an comhartha CE a chur ar an táirge nuair a léirítear comhlíontacht.
-
Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú gur chloí an monaróir leis an nós imeachta cuí um measúnú comhréireachta agus go bhfuil na doiciméid riachtanacha agus an comhartha CE ag gabháil leis an táirge.
-
Ní mór do dháileoirí aird chuí a thabhairt agus a fhíorú go bhfuil na doiciméid riachtanacha agus an comhartha CE leis an táirge.
-
Tá tacar coiteann de nósanna imeachta éagsúla um measúnú comhréireachta, ar a dtugtar modúil, curtha ar fáil. Ní mór do reachtóirí an ceann is oiriúnaí a roghnú, ag brath ar an riosca a d’fhéadfadh bheith i gceist le táirge.
-
Tá rialacha aonfhoirmeacha leagtha síos maidir le hainmniú agus maoirsiú na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a dhéanann na measúnuithe comhréireachta ar bhonn reachtaíocht AE. Sna rialacha leagtar síos a bhfreagrachtaí sa chás go dteastaíonn measúnuithe comhréireachta táirgí tríú páirtí (i.e. deimhniú comhréireachta ag comhlacht neamhspleách).
-
Déileáiltear rialacha um fhaireachas margaidh le táirgí a mbaineann riosca sláinte nó sábháilteachta leo nó le táirgí nach gcloíonn leis an reachtaíocht ábhartha.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* An comhartha CE: léiríonn sé seo táirge a chomhlíonann na ceanglais sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil is infheidhme agus ar a ndearnadh an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta.
* Measúnú comhréireachta: an próiseas trína ndearbhaítear go gcomhlíonann táirge na ceanglais riachtanacha um próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht.
CÚLRA
Maidir le gnóthais, ciallaíonn an comhartha CE gur féidir a dtáirge a ghluaiseacht faoi shaoirse ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (tíortha AE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua). Maidir le tomhaltóirí, léiríonn sé go gcloíonn an táirge a cheannaigh siad leis an reachtaíocht Eorpach um tháirgí.
GNÍOMH
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle
Nuashonraithe 22.10.2015
Top