EUR-Lex Der Zugang zum EU-Recht

Zurück zur EUR-Lex-Startseite

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Limistéar Eorpach oideachais

Is é limistéar Eorpach oideachais (LEO) an fhís chomhroinnte atá ag 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh (AE) agus ag an gCoimisiún Eorpach do thodhchaí earnáil oideachais agus oiliúna an Aontais Eorpaigh. Ba é in 2017 a thacaigh na Ballstáit leis an smaoineamh ar dtús. Tá LEO ar cheann de na tiomantais pholaitiúla a rinne Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, nuair a thosaigh sí ina post in 2019. Mí Mheán Fómhair 2020, rinneadh achoimre i dteachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le sonraí agus raon feidhme LEO, rud a raibh rún ón gComhairle i mí Feabhra 2021 mar thoradh air.

Agus iad ag gníomhú le chéile, is mian leis na Ballstáit agus an Coimisiún athrú suntasach a dhéanamh ar an oideachas agus ar an oiliúint san Eoraip, agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach uile dhuine ar oideachas ardchaighdeáin mar aon leis na réimsí tosaíochta uileghabhálacha seo a leanas:

  • Caighdeán an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí éagsúla lena n–áirítear:
    • bunscileanna agus scileanna trasnaí a threisiú;
    • ilteangachas a chur chun cinn agus tacú le teagasc agus foghlaim teanga;
    • dearcadh Eorpach maidir leis an oideachas a fhorbairt.
  • Cuimsiú agus comhionannas inscne a áirithiú chun éagothroime a laghdú trí:
    • dul i ngleic le tearcghnóthachtáil agus luathfhágáil scoile ar fud an Aontais Eorpaigh agus gnóthachtáil oideachais a dhíchúpláil ó chúlra socheacnamaíoch;
    • cuimsitheacht, cáilíocht agus aitheantas gníomhaíochtaí deonacha agus dlúthpháirtíochta trasteorann a chur chun cinn;
    • comhdheiseanna, rochtain, cuimsiú, éagsúlacht agus cothroime a chur chun cinn i ngach gníomh faoi chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;
    • ionaid barr feabhais a chruthú don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint;
    • teagasc atá íogair ó taobh na hinscne de agus teagasc uilechuimsitheach a chur i bhfeidhm.
  • Beartais agus infheistíochtaí a chur chun cinn chun an t–aistriú glas agus an t–aistriú digiteach a bhaint amach trí shraith gníomhaíochtaí lena n–áirítear:
    • Comhghuaillíocht um Oideachas don Aeráid a chruthú (pobal oideachais rannpháirtíoch chun tacú leis na hathruithe is gá ionas go mbeadh an tsochaí aeráidneodrach);
    • bonneagar an oideachais a ghlasú;
    • moladh ón gComhairle maidir le hoideachas maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a mholadh;
    • an plean gníomhaíochta um oideachas digiteach a chur i bhfeidhm;
    • na cláir Erasmus + agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a dhéanamh níos glaise agus níos digití.
  • Inniúlacht agus spreagadh i ngairm an oideachais a fheabhsú trí:
    • Acadaimh Múinteoirí Eramus a chruthú;
    • treoir Eorpach a sholáthar do chreataí náisiúnta gairmeacha;
    • An Gradam Eorpach um Theagasc Nuálaíoch a bhronnadh.
  • Institiúidí ardoideachais a threisiú trí:
    • straitéis Eorpach a mholadh d’ollscoileanna chun aistriú na hearnála ardoideachais a chur chun cinn;
    • cur i bhfeidhm iomlán an tionscnaimh Eorpaigh d’ollscoileanna a áirithiú;
    • céim Eorpach a fhorbairt;
    • reacht dlíthiúil a bhunú do chomhghuaillíochtaí ollscoileanna;
    • an tionscnamh Eorpach um rianú céimithe a chur chun feidhme;
    • an tionscnamh Eorpach le haghaidh cártaí mac léinn agus aip mhóibíleach Erasmus+ a sheoladh.
  • Foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur chun cinn trí:
    • deiseanna soghluaisteachta agus comhair a fheabhsú;
    • aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a áirithiú maidir le cáilíochtaí ardoideachais agus ardoideachais uachtair agus oiliúna agus torthaí tréimhsí foghlama thar lear;
    • aontú ar chur chuige Eorpach i leith micridhintiúr (cáilíochtaí a léiríonn torthaí foghlama a fuarthas trí chúrsaí nó trí mhodúil ghearra a ndéantar measúnú trédhearcach orthu).
  • Gné gheopholaitiúil a bhaint amach — oideachas mar chuid d’Eoraip níos láidre ar domhan — trí:
    • an cur chuige “Foireann na hEorpa” a úsáid (i gcás ina n–oibríonn institiúidí AE agus na Ballstáit le chéile chun tacú le hathrú ó bhonn trí thorthaí nithiúla a sholáthar do thíortha comhpháirtíochta);
    • tacú le comhlachas na mBalcán Thiar agus comhar le comhpháirtithe straitéiseacha domhanda a neartú;
    • gné idirnáisiúnta Erasmus+ a mhéadú.

Le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (2021–2027) seolfar níos mó cistí ná riamh isteach san oideachas agus san oiliúint chun tacú le LEO. Is é Erasmus+ clár suaitheanta AE fós maidir le hinfheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint, ach beidh acmhainní ar fáil faoi chistí eile chomh maith, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Cistí Struchtúracha na hEorpa nó InvestEU.

Trí ghníomhaíochtaí fairsinge a chur chun feidhme, fíorófar LEO faoi 2025, agus beidh nuachóiriú fairsing ar an earnáil oideachais agus oiliúna a rachaidh chun tairbhe gach saoránach Eorpach mar thoradh air sin.

FÉACH FREISIN

nach oben