Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Thosaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), atá bunaithe i Lucsamburg, ag obair in 1977. Is í iniúchóir seachtrach neamhspleách agus monatóir airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE). Oibríonn sí de réir na rialacha arna leagan amach sa Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — (Airteagail 285-287).

Tá thart ar 900 ball foirne de gach náisiúntacht AE ag obair in CIE. Tá sí comhdhéanta de bhall amháin as gach Ballstát de AE, a cheapann Comhairle an Aontais Eorpaigh ar feadh 6 bliana (ar féidir é a athnuachan) i ndiaidh di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Ceapann baill CIE an tUachtarán, a mhaireann a shainordú nó a sainordú ar feadh 3 bliana (ar féidir é a athnuachan). Ba cheart do na baill uile a ndualgais a chomhlíonadh ar mhaithe le leas ginearálta AE agus go hiomlán neamhspleách.

Maidir le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE):

  • áirithíonn sí go gcoimeádfaidh an tAontas Eorpach cuntais mhaithe agus go gcuirfidh sé a rialacha airgeadais i bhfeidhm i gceart, agus go mbainfear na cuspóirí atá beartaithe lena bheartais agus lena chláir amach agus go soláthrófar luach ar airgead leo;
  • cuireann sí le bainistíocht airgeadais AE a fheabhsú agus cuireann sí cuntasacht agus trédhearcacht chun cinn;
  • tugann sí rabhadh faoi rioscaí, soláthraíonn sí cinnteacht, léiríonn sí easnaimh agus rath agus soláthraíonn sí treoir do lucht déanta beartas agus reachtóirí AE;
  • cuireann sí tuairimí agus moltaí i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, na rialtas agus na parlaimintí náisiúnta agus an phobail i gcoinne.

FÉACH FREISIN

Top