Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS)

Tá EU ETS lárnach do bheartas AE um ghníomhú ar son na haeráide maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú ar bhealach cost–éifeachtúil.

Tá an córas bunaithe ar phrionsabal “ an chórais teorannaithe agus trádála astaíochtaí ”. Ciallaíonn sé sin go socraítear “caidhp” nó teorainn ar mhéid iomlán na GCTanna is féidir a astú ó na suiteálacha atá cumhdaithe sa chóras. Laghdaítear an chaidhp thar am ionas go laghdófar iomlán na n–astaíochtaí.

Laistigh den chaidhp, ceannaíonn nó faigheann suiteálacha lamháltais astaíochtaí is féidir leo a thrádáil lena chéile nuair is gá. Leis an teorainn ar líon iomlán na lamháltas atá ar fáil áirithítear go bhfuil luach ag baint leo.

Ag deireadh gach bliana, caithfidh suiteáil a dóthain lamháltas a ghéilleadh chun a hastaíochtaí uile a chumhdach. Má laghdaíonn suiteáil a hastaíochtaí, féadfaidh sí na lamháltais nár úsáid sí a choinneáil lena riachtanais amach anseo a chumhdach nó iad a dhíol le suiteáil eile atá gann ó thaobh lamháltas de.

Maidir le ETS:

  • oibrítear é i mBallstáit AE, chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Ón 1 Eanáir 2020, tá EU ETS bainteach chomh maith le córas na hEilvéise i ndáil le trádáil astaíochtaí GCT. Ó 2021 i leith, cumhdófar in EU ETS suiteálacha giniúna leictreachais i dTuaisceart Éireann;
  • rialaítear astaíochtaí leis ó bheagnach 11 000 gléasra cumhachta agus suiteáil déantúsaíochta agus thart ar 600 oibreoir aerárthaigh a eitlíonn chuig aerfoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus uathu;
  • cumhdaítear ann thart ar 38 % d’astaíochtaí GCT AE.

I mí Mheán Fómhair 2020, faoin gComhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún Eorpach Plean um Sprioc Aeráide i láthair, ar plean measúnaithe tionchair é chun laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí GCT AE faoi 2030. I mí Iúil 2021, chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair chun an sprioc úr a chur chun feidhme, lena n–áirítear raon feidhme EU ETS a athbhreithniú agus b’fhéidir é a leathnú.

FÉACH FREISIN

Top