Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Góchumadh ar an euro a chomhrac (Pericles IV)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/840 lena mbunaítear clár chun an euro a chosaint ar ghóchumhadh don tréimse 2021–2027 (clár “Pericles IV”)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis clár um malartú, cúnamh agus oiliúint (Pericles IV) chun an euro a chosaint ar ghóchumadh. Mairfidh sé sin ar feadh thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027 an Aontais Eorpaigh (AE). Leagtar amach ann:

  • na cuspóirí ginearálta agus sonracha leis an gclár
  • méid, foirmeacha agus rialacha mhaoiniú AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta leis an reachtaíocht:

  • góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac;
  • sláine nótaí bainc agus boinn euro a chaomhnú.

Is iad na cuspóirí sonracha leis an gclár nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh trí:

  • tacú le bearta náisiúnta agus iad a fhorlíonadh;
  • cuidiú le húdaráis náisiúnta agus údaráis AE dlúthchomhar a fhorbairt agus an dea–chleachtais a mhalartú eatarthu féin agus leis an gCoimisiún Eorpach agus, nuair is iomchuí, le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Is é EUR 6 193 284 milliún (praghsanna reatha) an buiséad seacht mbliana chun an clár a chur chun feidhme. Féadfar iad a úsáid don mhéid seo a leanas:

  • cúnamh teicniúil agus riaracháin a sholáthar, amhail córais ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta, meastóireachta agus teicneolaíochta faisnéise corparáidí;
  • deontais airgeadais suas le 75 %, agus i gcásanna eisceachtúla 90 %, de chostais incháilithe tionscadal arna moladh ag údaráis náisiúnta;
  • gníomhaíochtaí faighte an Choimisiúin* lena bhforlíontar na tionscadail arna moladh ag údaráis náisiúnta a chur chun feidhme.

Maidir leis an gCoimisiún:

Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do mhaoiniú:

  • cineálacha éagsúla oiliúna, malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe i réimsí amhail an dea–chleachtas, modheolaíocht, bunachair sonraí oibriúcháin, taighde agus cúnamh eolaíoch, agus teicnící fiosrúcháin agus imscrúdaithe;
  • cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil, go háirithe maidir le hacmhainní teagaisc an Aontais Eorpaigh, staidéir ildisciplíneacha agus trasnáisiúnta, tacaíocht theicniúil agus comhar lena mbaineann 2 thír ar a laghad;
  • trealamh a cheannach d’údaráis speisialaithe frith–ghóchumtha i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Dírítear an clár ar rannpháirtíocht iad seo a leanas:

  • gníomhaireachtaí — go háirithe póilíní, custaim agus riaracháin airgeadais — a dhéanann góchumadh a bhraith agus a chomhrac;
  • seirbhísí faisnéise;
  • bainc cheannais náisiúnta agus tráchtála, miontaí agus institiúidí airgeadais eile;
  • oifigigh bhreithiúnacha agus saindlíodóirí;
  • sainghrúpaí, amhail seomraí tráchtála agus tionscail, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, do mhiondíoltóirí agus do chuideachtaí iompair airgid thirim.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • glacann sé cláir oibre;
  • cuireann sé faisnéis bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an BCE maidir le torthaí an chláir — bunaítear iad sin ar fhaisnéis ó thíortha rannpháirteacha agus ó thairbhithe agus ó na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla atá liostaithe san iarscríbhinn, amhail euro góchumtha a bhraitear agus ceardlanna mídhleathacha ar cuireadh deireadh leo;
  • soláthraíonn sí meastóireacht deiridh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don BCE laistigh de 2 bhliain ó chríoch an chláir, i ndiaidh meastóireacht mheántéarma neamhspleách laistigh de 4 bliana ó thosaigh sé;
  • féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Ceanglaítear leis an reachtaíocht:

  • ar fhaighteoirí mhaoiniú AE a bhfoinse a admháil agus faisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar maidir lena ngníomhaíochtaí agus torthaí do lucht spéise idir na meáin agus an pobal;
  • ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide faoin gclár a reáchtáil.

Aisghaireadh leis an reachtaíocht Rialachán (CE) Uimh. 331/2014 ón 1 Eanáir 2021 (féach an achoimre). Beidh gach gníomh a thionscnófar faoi Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 i bhfeidhm go dtí go ndúnfar iad, áfach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Tá an rialachán deartha chun muinín an phobail agus na ngnólachtaí i mbarántúlacht nótaí bainc agus bonn euro a neartú. Treisítear leis sin muinín i ngeilleagar AE agus áirítear leis inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gníomhaíochta faighte an Choimisiúin: gníomhaíochtaí a fuarthas chun féachaint le malartuithe faisnéise agus ball foirne, cúnamh teicniúil agus eolaíoch agus sainoiliúint a chur chun cinn chun airgeadra aonair AE a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”) agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 (IO L 186, 27.5.2021, lgh. 1–11)

Nuashonraithe 30.07.2021

Top