EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An clár don Eoraip Dhigiteach (2021–2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Clár um maoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an clár don Eoraip Dhigiteach atá deartha chun an teicneolaíocht dhigiteach a sholáthar do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do lucht riaracháin poiblí. Tá sé mar aidhm leis:

  • feabhas a chur ar iomaíochas AE sa gheilleagar digiteach domhanda;
  • cur leis an deighilt dhigiteach a dhúnadh ar fud AE agus a uathriail straitéiseach a threisiú;
  • cumais na hEorpa i bpríomhréimsí na teicneolaíochta digití a neartú agus a chur chun cinn trí úsáid ar mhórscála.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Mairfidh an clár ar ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, tréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil. Tá sé tacaithe ag leithdháileadh táscach de níos mó ná EUR 7.5 billiún ar phraghsanna 2021 agus cuirtear chun feidhme go príomha é faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin Eorpaigh.
  • Leagtar amach leis an rialachán cúig chuspóir shonracha lena bhféachtar le cumais na hEorpa a leathnú i bpríomhréimsí na teicneolaíochta digití san earnáil phríobháideach agus i réimsí leas an phobail.

Ríomhaireacht ardfheidhmíochta (EUR 2 226 914 000)

Cuirtear na cuspóirí oibríochta chun feidhme go príomha tríd an gcomhghnóthas Eorpach um ríomhaireacht ardfheidhmíochta, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1488:

  • bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí eicsea-scála* den scoth a bhfuil fáil éasca air d’úsáideoirí poiblí agus príobháideacha — go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a bhfuil fáil éasca air le haghaidh taighde, de réir Rialachán (AE) 2018/1488;
  • éiceachóras ríomhaireachta ardfheidhmíochta ar fud AE, ina gclúdaítear eolaíocht agus tionscal, lena n–áirítear crua–earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus scileanna digiteacha;
  • bonneagar iar-eicsea-scála, lena n–áirítear comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí agus bonneagair thaighde i ndáil le heolaíocht ríomhaireachta agus an fhorbairt riachtanach crua–earraí agus bogearraí a spreagadh.

Intleacht shaorga (IS) (EUR 2 061 956 000)

Tacaíonn sé leis na cuspóirí oibríochta seo a leanas:

  • croí–inniúlachtaí agus eolas IS, lena n–áirítear acmhainní sonraí agus sásraí malairte ar chaighdeán níos fearr, agus leabharlanna algartam, a mbeidh fáil orthu do ghnólachtaí — go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta — chomh maith le saoránaigh, eagraíochtaí seachbhrabúsacha, institiúidí taighde, ollscoileanna agus riaracháin phoiblí;
  • Saoráidí tástála agus turgnaimh AE le haghaidh córais iarratais agus táirgthe tráchtála chun teicneolaíochtaí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr laistigh de shlabhraí luacha.

Cibearshlándáil agus iontaoibh (EUR 1 649 566 000)

Tacaíonn sé leis na cuspóirí oibríochta seo a leanas:

  • ardtrealamh cibearshlándála, uirlisí agus bonneagair sonraí, in éineacht le Ballstáit AE;
  • eolas, acmhainn agus scileanna a bhaineann le cibearshlándáil, lena n–áirítear dea–chleachtas;
  • cumais na mBallstát agus na hearnála príobháidí chun tacú leis an treoir NIS maidir le Cibearshlándáil (Treoir (AE) 2016/1148);
  • athléimneacht, feasacht faoi rioscaí agus leibhéil bhunúsacha chibearshlándála ar a laghad;
  • comhordú níos fearr idir na réimsí cibearshlándála sibhialta agus cosanta.

Ardscileanna digiteacha (EUR 577 347 000)

Tacaíonn an clár le forbairt ardscileanna digiteacha chun:

  • buíon tallainne na hEorpa a mhéadú;
  • an deighilt dhigiteach a dhúnadh agus gairmiúlacht níos fearr a chothú, go háirithe i ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus néalríomhaireacht, anailísíocht mórsonraí, cibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), teicneolaíochtaí candamacha, róbataic agus IS.

Áirítear ar na cuspóirí oibríochta oiliúint agus cúrsaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ar ardchaighdeán, oiliúint ar an láthair oibre, agus socrúcháin oibre (de réir mar is iomchuí) do mhic léinn agus don lucht oibre, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí.

Imscaradh agus lántairbhe a bhaint as acmhainn dhigiteach agus idir–inoibritheacht (EUR 1 072 217 000)

Tacaíonn sé leis na cuspóirí seo a leanas:

  • úsáid éifeachtach as teicneolaíochtaí digiteacha úrscothacha, amhail HPC, IS agus cibearshlándáil ag gníomhaithe san earnáil phoiblí agus i réimsí leas an phobail, amhail earnálacha na sláinte agus an chúraim, an oideachais, na breithiúnachta, an chustaim, an iompair, na soghluaisteachta, an fhuinnimh, an chomhshaoil, an chultúir agus na cruthaitheacha;
  • imscaradh agus úsáid bonneagar tras–Eorpach comhtháite agus idir–inoibritheach agus caighdeáin dhigiteacha chomhaontaithe san earnáil phoiblí;
  • úsáid as réitigh agus creata lena n–áirítear réitigh foinse oscailte ag lucht riaracháin phoiblí, gnóthais agus saoránaigh;
  • rochtain éasca ar thástáil agus ar phíolótú na teicneolaíochta digití maidir le teicneolaíochtaí digiteacha don earnáil phoiblí agus do thionscal AE, go háirithe FBManna;
  • tacaíocht a thabhairt do ghlacadh le hardteicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear HPC, AI, an chibearshlándáil agus blocshlabhra, ag an earnáil phoiblí agus an lucht tionscail agus go háirithe ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta;
  • cumas leanúnach a áirithiú ar leibhéal AE chun a bheith chun tosaigh san fhorbairt dhigiteach, treochtaí digiteacha atá ag athrú go tapa a bhreathnú, a anailísiú agus oiriúnú dóibh, agus dea–chleachtais a roinnt;
  • éiceachóras Eorpach don todhchaí a fhorbairt le haghaidh comhroinnt iontaofa sonraí agus bonneagair dhigiteacha.

LE soláthar líonra mol nuálaíochta digití Eorpach, soláthrófar rochtain ar shaineolas teicneolaíochta do ghnólachtaí — go háirithe FBManna — agus lucht riaracháin phoiblí. Leis na moil sin, tabharfar le chéile an lucht tionscail, gnóthais agus lucht riaracháin a bhfuil réitigh theicneolaíocha nua de dhíth orthu, agus cuideachtaí a bhfuil réitigh réidh don mhargadh acu.

Cuimsítear sa chlár cómhaoiniú ó na Ballstáit agus, nuair is gá, ón earnáil phríobháideach. Féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chlúdach le deontais faoin gclár.

Tá an clár oscailte freisin do rannpháirtíocht na dtíortha seo a leanas nach tíortha AE iad trí chomhlachas nó trí chomhlachas páirteach:

Comhlánaítear leis an gclár don Eoraip Dhigiteach cláir eile a thacaíonn leis an aistriú digiteach, amhail Fís Eorpach, a dhíríonn ar thaighde agus ar fhorbairt theicneolaíoch, agus ar ghnéithe digiteacha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Eicsea-scála: córais ríomhaireachta den chéad ghlúin eile atá ábalta 1018 (10 i gcumhacht 18) oibríochtaí snámha a dhéanamh in aghaidh an tsoicind.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n–aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lgh. 1–34)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1-68)

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 11-22)

Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151 7.6.2019, lgh. 15-69)

Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lgh. 3-51)

Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (OJ L 194, 19.7.2016, lgh. 1-30)

Nuashonraithe 24.09.2021

Top