EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fíonta agus táirgí in earnáil an fhíona — sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 — iarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta úsáide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann rialacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint tásca geografacha faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta, chomh maith le lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona.
  • Forchuirtear leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint

  • Le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) aithnítear ainm réigiúin, áit ar leith nó, i gcásanna eisceachtúla, tír, a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar tháirge a bhfuil a cháilíocht agus a shaintréithe go bunúsach mar thoradh ar thimpeallacht gheografach ar leith agus nach mór é a tháirgeadh laistigh de limistéar geografach sonraithe ag baint úsáid as fios gnó aitheanta agus taifeadta. Ní mór na táirgí fíona go léir a bhfuil stádas STFC acu a tháirgeadh go heisiach le fíonchaora ón limistéar atá i gceist.
  • Ciallaíonn tásc geografach faoi chosaint (TGFC) tásc a thagraíonn do réigiún, áit shonrach nó, i gcásanna eisceachtúla, tír, a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar tháirge a bhfuil cáilíocht, cáil nó saintréithe faoi leith eile aige is féidir a chur i leith an tionscnaimh gheografaigh sin. Caithfear gach táirge a bhfuil stádas TGFC aige a tháirgeadh agus 85% ar a laghad de na fíonchaora ag teacht ón limistéar atá i gceist.

Rialacha maidir le STFCanna agus TGFCanna

Leagtar amach rialacha sa rialachán maidir leis an méid a leanas:

  • iarratas a dhéanamh ar chosaint;
  • an nós imeachta agóide — rialacha maidir leis na srianta ar úsáid STFCanna agus TGFCanna sa chás go bhfuil agóid déanta;
  • sonraíocht táirge a leasú;
  • cosaint a chealú;
  • úsáid siombailí, tásc agus giorrúchán — lena n–áirítear úsáid lógónna agus tásc náisiúnta chomh maith le maoluithe.

Téarmaí traidisiúnta

Úsáidtear téarmaí traidisiúnta chun:

  • a léiriú go bhfuil stádas STFC nó TGFC ag an táirge de bhua dhlí an Aontais Eorpaigh agus de reachtaíocht thír AE;
  • an modh táirgthe nó an modh aosaithe, nó cáilíocht nó dath an táirge, nó cineál áite nó imeacht ar leith a bhfuil baint aici le stair an táirge a bhfuil stádas STFC nó TGFC aige a shonrú.

Rialacha maidir le téarmaí traidisiúnta

Leagtar amach rialacha sa rialachán ina gcumhdaítear an méid a leanas:

  • iarratas a dhéanamh ar chosaint agus an nós imeachta scrúdúcháin — lena n–áirítear teanga agus litriú na dtéarmaí, coinníollacha bailíochta agus grinnscrúdaithe ag an gCoimisiún Eorpach;
  • an nós imeachta agóide;
  • cosaint — lena n–áirítear an gaol le trádmharcanna, agus comhainmneacha*;
  • modhnú agus cealú.

Lipéadú agus cur i láthair

Cumhdaítear leis an rialachán freisin rialacha maidir le lipéadú agus cur i láthair ina gcumhdaítear an méid a leanas:

  • “sonraí éigeantacha” — chun cabhrú le tomhaltóirí tuiscint níos fearr a fháil ar charachtar sonrach tháirgí earnáil an fhíona agus chun aitheantas na dtomhaltóirí ar cháilíocht a dtáirgí a ráthú, ní mór roinnt míreanna faisnéise a bheith ar lipéid tháirgí earnáil an fhíona, lena n–áirítear:
    • catagóir an táirge fíona, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh 1308/2013;
    • an téarma STFC nó TGFC maidir le fíonta leis na sonrúcháin sin agus an t–ainm faoi seach;
    • neart alcóil iarbhír;
    • léiriú bunáitíochta;
    • tásc maidir leis an mbuidéalaí, i gcás fíonta shúilíneacha ainm an táirgeora nó an díoltóra, tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe;
    • cion siúcra na bhfíonta súilíneacha.
  • “sonraí roghnacha” — féadtar go n–áireofaí an méid a leanas leis sin:
    • fómhar an fhíona;
    • cineál(acha) fíonchaor;
    • cion siúcra (i gcás fíonta seachas fíon súilíneach);
    • téarmaí traidisiúnta d’fhíonta le STFC nó TGFC;
    • Siombail AE lena léirítear STFC nó TGFC;
    • téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe;
    • téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas.
  • cruthanna agus cláir shonracha buidéal ar leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 14 Eanáir 2019.

CÚLRA

Glacadh an rialachán tarmligthe seo i gcomhthráth leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 lena leagtar amach rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur chun feidhme. Is é is aidhm leis na rialacha sonracha maidir le nós imeachta a shimpliú, a shoiléiriú, a chur i gcrích agus a chomhchuibhiú i ndáil le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chur ar fáil chun go mbeidh siad comhsheasmhach le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia eile.

Tuilleadh léitheoireachta:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhainm: focail a bhfuil an litriú nó an fhoghraíocht chéanna acu ach nach ionann a mbrí nó a mbunús.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta úsáide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lgh. 2-45)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, clár na n–ainmneacha cosanta, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lgh. 46-76)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 1-29)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.08.2023

Top