EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cumhachtú na n–údarás iomaíochta náisiúnta le haghaidh forfheidhmiú éifeachtach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/1 lena gcumhachtaítear údaráis iomaíochta thíortha AE le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach AE a áirithiú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Maidir leis an reachtaíocht:

  • ráthaítear léi d’údaráis iomaíochta náisiúnta de chuid tíortha AE an neamhspleáchas, na hacmhainní agus na cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus na cumhachtaí fíneála is gá chun dul i ngleic go héifeachtach le comhaontuithe agus cleachtais a dhéanann cuideachtaí a chuireann srian leis an iomaíocht laistigh dá ndlínsí;
  • tá feidhm aici go sonrach i gcás go gcuirtear comhaontuithe frith-iomaíocha atá toirmeasctha le hAirteagal 101 (cairtéil*) agus le hAirteagal 102 (mí-úsáid ceannasachta*) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm ar bhonn neamhspleách nó i gcomhthráth leis an dlí iomaíochta náisiúnta ar an gcás céanna;
  • déantar foráil inti i leith cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis iomaíochta lena áirithiú nach féidir le cuideachtaí éalú ó fhorfheidhmiú ionas go bhfeidhmeoidh Margadh Aonair AE go rianúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta:

  • cigireachtaí gan fhógra a dhéanamh ar chuideachtaí, lena n–áirítear an ceart chun dul isteach in áitreabh, taifid a scrúdú, foirgnimh a shéalú agus baill foirne a cheistiú;
  • tithe stiúrthóirí, bainisteoirí agus fostaithe cuideachta a chuardach má cheapann siad go dtiocfaidh siad ar leabhair nó ar thaifid eile ábhartha ansin;
  • a iarraidh ar chuideachtaí an fhaisnéis riachtanach ar fad a sholáthar laistigh d’am sainithe réasúnta;
  • ionadaí cuideachta a ghairm go héigeantach chun teacht i gcomhair agallaimh;
  • a ordú go gcuirfí stop le cleachtais neamhdhleathacha ar bith agus beart cuí a dhéanamh, lena n–áirítear leigheasanna struchtúracha nó iompraíocha, bearta eatramhacha a ordú nó gealltanais a dhéanamh arna dtairiscint ag cuideachta faoi cheangal, chun é sin a bhaint amach;
  • fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ina n–imeachtaí féin, nó féachaint leo sin a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha neamh-choiriúla ní hamháin as sáruithe ar Airteagal 101 agus ar Airteagal 102 CFAE ach i gcás go dteipeann ar chuideachtaí d’aon gnó nó go faillíoch comhoibriú lena gcumhachtaí imscrúdaitheacha;
  • pionóis thréimhsiúla éifeachtacha chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur chomh maith chun comhlíonadh maidir lena gcumhachtaí imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta a éileamh.
  • cláir éifeachtacha bhoige a bheith i bhfeidhm chun cuideachtaí a spreagadh chun a gcairtéil a thuairisciú ar fud AE;
  • cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile ionas nach féidir le cuideachtaí, mar shampla, ag a bhfuil sócmhainní i dtíortha eile AE éalú ó fhíneálacha a íoc.

Ní mór do na baill foirne go léir lena mbaineann:

  • gníomhú go neamhspleách ar thionchar polaitiúil nó seachtrach ar bith;
  • gan treoracha a lorg nó a ghlacadh ón rialtas nó ó eintiteas poiblí nó príobháideach ar bith eile;
  • staonadh ó ghníomh ar bith nach bhfuil comhoiriúnach lena ndualgais;
  • staonadh ó dhéileáil le himeachtaí a bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh orthu ar feadh tréimse réasúnta i ndiaidh dóibh an t–údarás iomaíochta náisiúnta a fhágáil.

Ní mór na daoine a dhéanann na príomhchinntí forfheidhmiúcháin a chosaint i gcoinne cur as oifig treallach agus ní fhéadfar iad a chur as oifig ach amháin má fhaightear go bhfuil siad ciontach as mí-iompar tromchúiseach nó mura gcomhlíonann siad riachtanais an phoist a thuilleadh.

Ní mór baill de chomhlacht cinnteoireachta údaráis iomaíochta a roghnú, a earcú nó a cheapadh ar bhealach soiléir trédhearcach.

Ní mór do thíortha AE a áirithiú maidir leis na húdaráis iomaíochta:

  • go ndéanfaidh siad cearta na gcosantóirí a urramú, lena n–áirítear an ceart chun go n–éistfí leo agus an ceart chun leigheas éifeachtach os comhair binse;
  • go seolfaidh siad imeachtaí forfheidhmiúcháin laistigh de thréimhse ama réasúnta;
  • go mbeidh líon imleor ball foirne cáilithe agus dóthain acmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha acu lena bpost a dhéanamh;
  • go soláthróidh siad cúnamh do chomhghleacaithe ó thíortha eile AE chun fógra a thabhairt faoi ghníomhartha nós imeachta nó íocaíochtaí fíneálacha trasteorann a áirithiú.

Maidir le fíneálacha ar chuideachta amháin nó níos mó as mí-iompar neamhdhleathach:

  • ní foláir go léireoidh siad tromchúise agus fad an tsáraithe;
  • ní mór dóibh a bheith ábalta íosmhéid a shroicheadh nach lú ná 10% de láimhdeachas domhanda na cuideachta sa bhliain ghnó i ndiaidh an chinnidh lena bhforchuirtear iad.

I gclár boige tairgtear díolúine ó fhíneálacha do chuideachtaí a nochtann a bainteacht i gcairtéal rúnda*:

  • má bhíonn sí ar an gcéad chuideachta le fianaise a chur isteach lena bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta cigireachtaí spriocdhírithe a dhéanamh nó ar leor í do na húdaráis iomaíochta chun sárú a aimsiú;
  • fíneálacha laghdaithe má chuireann sí faisnéis isteach ar bhreisluach suntasach í chun sárú a chruthú i gcoibhneas leis an bhfianaise atá ag an údarás iomaíochta cheana.

Faoin 12 Nollaig 2024, ní mór don Choimisiún Eorpach tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le trasuí agus cur chun feidhme na treorach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Feabhra 2019 agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 4 Feabhra 2021.

CÚLRA

Le gníomh éifeachtach arna ndéanamh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus ag an gCoimisiún i gcoinne cleachtais tráchtála neamhdhleathacha cuidítear le hiomaíocht níos córa agus níos oscailte a áirithiú in AE. Cosnaíonn sé sin an pobal agus gnólachtaí ar phraghsanna atá an-ard go saorga ar earraí agus ar sheirbhísí agus méadaítear an rogha de tháirgí nuálacha.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cairtéal: comhaontú idir 2 iomaitheoirí nó níos mó chun a n–iompraíocht a chomhordú nó chun tionchar a imirt ar an iomaíocht ar an margadh trí chleachtais amhail socrú praghsanna, comhroinnt margaí nó custaiméirí, lena n–áirítear camastaíl tairiscintí (cleachtas neamhdhleathach ina mbíonn páirtithe ag obair as lámha a chéile chun buaiteoir próisis tairisceana a roghnú agus cuireann daoine eile tairiscintí neamh-iomaíocha isteach).
Mí-úsáid ceannasachta: iompar, amhail praghsanna éagóra a ghearradh nó táirgeadh a theorannú, a dhéanann cuideachta a bhfuil ceannasacht chumhachta sa mhargadh aici lenar féidir léi gníomhú go neamhspleách ar a cuid iomaitheoirí agus ar a cuid custaiméirí. Le sciaranna den mhargadh de os cionn 40% soláthraítear tásc tosaigh úsáideach den cheannasacht a d’fhéadfadh a bheith ag cuideachta.
Cairtéal rúnda: cairtéal atá ceilte i bpáirt nó go hiomlán.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (IO L 11, 14.1.2019, lgh. 3-33)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus an comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus an comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 89)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 28.03.2019

Top