Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1672 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tugtar isteach leis an rialachán rialuithe ar airgead tirim* atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as. Ceapadh iad chun tacú leis na bearta atá leagtha amach i dTreoir (AE) 2015/849 in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do dhuine ar bith atá ag teacht isteach in AE nó dul amach as ag a bhfuil níos mó ná €10 000, an t–airgead tirim a dhearbhú d’údaráis na tíre sin agus an fhaisnéise seo a leanas a chur ar fáil, i scríbhinn nó go leictreonach:

  • sonraí pearsanta iomlána, amhail ainm, náisiúntacht agus dáta breithe, an iompróra*, an úinéara agus fhaighteoir bheartaithe an airgid thirim;
  • luach agus cineál an airgid thirim, a thionscnamh, a úsáid bheartaithe agus an modh iompair.

Féadfaidh údaráis thíortha AE:

  • a iarraidh ar an seoltóir nó ar an bhfaighteoir d’airgead tirim neamhthionlactha ar bith dar luach €10 000 nó níos mó é a dhearbhú laistigh de 30 lá tríd an bhfaisnéis chéanna mar atá thuas a sholáthar;
  • cuardach a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbagáiste agus ar a modh iompair agus ar choinsíneachtaí nó ar phacáistí ar bith ina bhféadfaí airgead tirim a sheoladh;
  • na sonraí maidir le suimeanna airgid thirim ar bith faoi €10 000 a thaifeadadh má cheapann siad go mbaineann sé le gníomhaíocht choiriúil;
  • airgead tirim nach bhfuil dearbhaithe nó a bhaineann le coireacht a choinneáil;
  • faisnéis a chomhroinnt le tír neamh-AE faoi réir nósanna imeachta sonracha.

Ní mór d’údaráis thíortha AE:

  • faisnéis ábhartha ar bith a tharchur chuig an aonad náisiúnta um fhaisnéis airgeadais lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá;
  • faisnéis ábhartha ar bith a tharchur chuig údaráis inniúla thíortha eile AE;
  • an Coimisiún Eorpach, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus, más gá, Europol a chur ar an eolas má bhaineann an tairgead tirim le coireacht a bhaineann le buiséad AE;
  • slándáil na sonraí eile a fhaigheann siad a áirithiú agus iad a stóráil faoi dhianchoinníollacha.

Ní mór do rialtais AE:

  • a áirithiú go gcuirfear daoine atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as, nó seoltóirí nó faighteoirí na suimeanna lena mbaineann, ar an eolas faoina gcearta agus faoina n–oibleagáidí;
  • pionóis a thabhairt isteach maidir le sárú ar bith ar an reachtaíocht;
  • na bearta atá déanta acu chun an reachtaíocht a chur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún faoin 4 Nollaig 2021.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • glacann sé bearta teicniúla breise amhail teimpléid le haghaidh foirmeacha dearbhaithe agus rialacha le haghaidh malartú faisnéise trí ghníomhartha cur chun feidhme;
  • cuidíonn coiste rialuithe airgid thirim leis;
  • ní mór dó tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le tionchar na reachtaíochta.

Aisghairm

Le Rialachán (AE) 2018/1672 aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 agus cuirfear an Rialachán sin ina ionad ón 2 Meitheamh 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh feidhm leis ón 3 Meitheamh 2021, seachas na rialacha maidir le hobair an Choimisiúin ar bhearta teicniúla, a bhfuil feidhm leo ón 2 Nollaig 2018.

CÚLRA

Tá an reachtaíocht mar chuid de bhearta AE maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta, sciúradh airgid, seachaint cánach agus gníomhaíochtaí coiriúla eile a chomhrac.

Sínítear léi an sainmhíniú dlíthiúil roimhe sin ar an téarma “airgead tirim” ó nótaí bainc chun seiceanna, seiceanna taistil, cártaí réamhíoctha agus ór a chur san áireamh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Airgead tirim: nótaí bainc agus boinn, seiceanna, seiceanna taistil, cártaí réamhíoctha, órbhuillean.
Iompróir: duine atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as a bhfuil airgead tirim á iompar ar a seilbh acu, ina mbagáiste nó ina modh iompair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontais agus ag dul amach as agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 6-21)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 22-30)

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73-117)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2015/849 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 13.02.2019

Top