This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialacha slándála na Comhairle chun faisnéis rúnaicmithe a chosaint (EUCI)
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2013/488/AE maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Tá sé d’aidhm leis córas slándála cuimsitheach a chur ar bun chun faisnéis rúnaicmithe a chosaint lena gcumhdaítear Comhairle AE, a hArdrúnaíocht (ARC) agus tíortha AE chun tacú le gníomhaíochtaí na Comhairle sna réimsí go léir ina bpléitear le faisnéis rúnaicmithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Faisnéis rúnaicmithe
Ciallaíonn FRAE aon fhaisnéis nó ábhar a ainmnítear le rúnaicmiú slándála AE, agus má nochtar í gan údarú, d’féadfadh tionchar a bheith aige sin ar leasanna AE nó ar leas thír amháin nó níos mó de chuid AE.
Tá 4 leibhéal rúnaicmithe ann:
Top Secret: faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le dochar thar a bheith tromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha AE nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó de thíortha AE;
Secret: faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha AE nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó de thíortha AE;
EU Confidential: faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha AE nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó de thíortha AE;
EU Confidential: faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith míbhuntáistiúil do leasanna bunriachtanacha AE nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó de thíortha AE;
Rochtain ar FRAE
Tá bearta slándála pearsanta deartha chun a áirithiú nach dtugtar rochtain ar FRAE ach do na daoine seo a leanas:
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá feidhm leis ón 15 Deireadh Fómhair 2013.
CÚLRA
Ghlac an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa rialacha chomh maith lena rialaítear an chaoi a bpléitear le FRAE:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lgh. 1-50)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2013/488/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lgh. 53-88)
Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear an tslí ina ndéileálann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (IO C 96, 1.4.2014, lgh. 1-51)
Nuashonraithe 23.11.2018