Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seirbhísí éigeandála AE: bonneagar eCall a chur i bhfeidhm go céimneach

Iarrtar sa chinneadh seo ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) an bonneagar eCall (glaochóras éigeandála infheithicle) a chur ar fáil roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017 ar a dhéanaí, bonneagar a n-úsáidfear é chun déileáil leis na glaonna eCall uile in AE.

ACHT

Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le seirbhís idir-inoibritheach eCall a chur ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh.

ACHOIMRE

Iarrtar sa chinneadh seo ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) an bonneagar eCall (glaochóras éigeandála infheithicle) a chur ar fáil roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017 ar a dhéanaí, bonneagar a n-úsáidfear é chun déileáil leis na glaonna eCall uile in AE.

Go speisialta, leagtar amach sa chinneadh dáta faoinar gá an bonneagar a chur ar fáil, atá sé mhí ar a laghad roimh an dáta a chuirfear an Rialachán maidir le feistiú éigeantach an ghléis eCall i bhfeithiclí (gluaisteáin phearsanta agus feithiclí éadroma tráchtála) i bhfeidhm.

Áirítear le bonneagar eCall lárionaid ghlaonna, nó PFSPanna (pointí freagartha sábháilteachta poiblí), a ghlacfaidh le glaonna eCall agus a dhéanfaidh na glaonna sin a láimhseáil a úsáideann uimhir éigeandála aonair na hEorpa 112.

Aithnítear sa chinneadh freisin an ceart atá ag gach Ballstát AE:

  • a sheirbhísí eCall a eagrú ar bhealach cost-éifeachtach cuí ó thaobh a chuid riachtanas de, mar shampla diúltú do ghlaonna neamh-éigeandála ar PFSPanna;
  • cead a thabhairt d’eagraíochtaí atá aitheanta go náisiúnta glacadh le glaonna eCall agus déileáil leo.

Cosaint sonraí agus príobháideachais

Ní mór go gcinnteodh Ballstáit AE freisin:

  • nach n-úsáidfí na sonraí a tharchuirtear trí bhíthin na seirbhíse eCall ach amháin chun cuspóirí an chinnidh seo a bhaint amach (mar shampla nach n-úsáidfí iad chun feithicil a rianú ach amháin i gcás éigeandála);
  • nach ngearrfaí táille ar úsáideoirí seirbhíse ar fud an Aontais Eorpaigh as glao eCall a láimhseáil;
  • go gcuirfidís tuarascáil stádais maidir le cur i bhfeidhm an chinnidh seo faoi bhráid an Choimisiún Eorpaigh faoin 24 Nollaig 2015: mar shampla liosta de na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar PFSPanna, liosta PFSPanna agus a gcumhdach geografach, cur síos ar thástálacha comhréireachta, agus cur síos ar phrótacail phríobháideachais agus chosanta;
  • go bhféadfaí glaonna eCall a dhéanamh ó áit ar bith sna Ballstáit, fad is a bheadh fáil ar líonra móibíleach cumarsáide poiblí gan sreang.

Cuireadh an cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meitheamh 2014.

Cad is eCall ann?

Uathdhiailíonn eCall 112 nuair a tharlaíonn drochthimpiste bhóthair agus cuireann sé suíomh na feithicle in iúl do na seirbhísí éigeandála. Is féidir tús a chur leis an chóras de láimh freisin.

Buíochas le glaonna eCall, ba cheart go bhfreagródh na seirbhísí éigeandála suas le 60 % níos tapa i gceantair uirbeacha agus 50 % níos tapa i gceantair tuaithe, rud a shábhálfadh na céadta duine san Eoraip gach aon bhliain. Laghdófar freisin a thromchúiseach is a ghortófar na deicheanna míle duine i dtimpistí bóthair agus costais an phlódaithe thráchta.

Maraíodh 28 000 duine i dtimpistí bóthair in AE sa bhliain 2012 agus gortaíodh 1.5 milliún duine eile.

Faisnéis bhreise

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Uimh. 585/2014/AE

23.6.2014

-

IO L 164, 3.6.2014

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineál-cheadaithe chun córas infheithicle eCall a chur i ngníomh agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (COM(2013) 316 final an 13.6.2013)

Moladh 2011/750/AE ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2011 maidir le tacaíocht do sheirbhís eCall ar fud an Aontais Eorpaigh i líonraí cumarsáide leictreonaí lena dtarchuirtear glaonna éigeandála infheithicle 112 (eCalls) (IO L 303, 22.11.2011).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar comhchuibhithe eCall idir-inoibritheach ar fud an Aontais Eorpaigh (IO L 91, 3.4.2013)

03.11.2014

Top