Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Breoslaí — an cion sulfair a laghdú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/802 — laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Déantar códú agus aisghairm léi ar Threoir 1999/32/CE ón gComhairle — an reachtaíocht reatha de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) — a ndearnadh leasú suntasach uirthi roinnt uaireanta.
  • Tá sé mar aidhm léi laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair atá ina dtoradh ar chineálacha áirithe leachtbhreoslaí a dhó.
  • Dá bhrí sin, ba cheart go bhfágfadh an treoir go laghdófaí éifeachtaí dochracha na n-astaíochtaí sin ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, a d’fhéadfadh a bheith níos measa ná éifeachtaí na n-astaíochtaí ó na foinsí uile ar talamh in AE faoi 2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos sa treoir an cion sulfair uasta atá ceadaithe ina leith seo a leanas:

  • ola bhreosla throm,
  • ola gháis,
  • ola gháis mhuirí; agus
  • ola dhíosail mhuirí.

Ola bhreosla throm agus ola gháis

  • Ní mór do thíortha AE a thoirmeasc, ina gcríoch féin, go n-úsáidfí:
    • olaí breosla troma má sháraíonn a gcion sulfair 1 % de réir maise;
    • olaí gáis má sháraíonn a gcion sulfair 0.1 % de réir maise.

Breoslaí muirí

  • Ionchorpraítear sa treoir na príomhathruithe ar an dlí idirnáisiúnta maidir le cosc a chur ar aerthruailliú ó longa. Leis an treoir, ionchorpraítear i ndlí AE Iarscríbhinn VI leasaithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta chun Truailliú ó Longa a Chosc, 1973 (dá ngairtear MARPOL) arna leasú ag Prótacal na bliana 1978 a bhaineann leis, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2010.
  • In Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL, tugtar isteach teorainneacha sulfair níos déine i dtaobh breosla muirí i limistéir rialaithe astaíochtaí ocsaíde sulfair (SOx-ECAs) a fhaightear in AE, i Muir Bhailt, sa Mhuir Thuaidh agus i Muir nIocht. Tá na teorainneacha sin socraithe ag 1 % amhail an 1 Iúil 2010 agus ag 0.1 % amhail an 1 Eanáir 2015. Féadfaidh cion sulfair níos airde a bheith ann go fóill, ach sin sa chás ina suiteálfar córais inbhuanaithe um ghlanadh sceite ar bord, agus sa chás sin amháin.
  • Ón 1 Eanáir 2012, i limistéir farraige lasmuigh de SOx-ECAs, is é 3.5 % an teorainn sulfair agus ísleofar go 0.5 % é amhail an 1 Eanáir 2020. Beidh an ceanglas céanna, ar a dtugtar freisin an uasteorainn sulfair dhomhanda, ag teacht i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta mar a chinn an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i mí Dheireadh Fómhair 2016. Leis an gcinneadh tábhachtach sin, déanfar laghdú suntasach ar thionchar astaíochtaí ó longa ar shláinte an duine agus áiritheofar go mbeidh machaire réidh ar an leibhéal domhanda ag oibreoirí loinge.
  • Féadfaidh tíortha AE a cheadú go mbainfear úsáid as modhanna laghdaithe astaíochtaí* trínar féidir laghduithe astaíochtaí a bhaint amach atá comhionann ar a laghad leis an laghdú is féidir a bhaint amach trí bhreosla ísealsulfair a úsáid, nó fiú níos mó ná é, ar an gcoinníoll:
    • nach mbeidh aon drochthionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, amhail éiceachórais na mara; agus
    • go bhforbrófar iad faoi réir ceadú cuí agus sásraí rialaithe.

Cur chun feidhme

  • D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an treoir chun feidhme i gceart, ní mór do thíortha AE:
    • a áirithiú go ndéanfar sampláil rialta, bheacht ar bhreosla muirí arna chur ar an margadh nó arna úsáid ar bord loinge, chomh maith le fíorú rialta a dhéanamh ar logleabhair long agus nótaí seachadta buncair*;
    • pionóis a thabhairt isteach atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun déileáil le neamhchomhlíonadh.
  • In 2013, cuireadh tús leis an obair theicniúil faoi Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe chun plé a dhéanamh ar straitéisí comhordaithe lena áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme costéifeachtach ar Threoir 2012/33/AE (lenar leasaíodh Treoir 1992/32/CE agus lenar féachadh le laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ón loingseoireacht de bharr dó breoslaí muirí). Ina measc siúd a ghlac páirt san fhóram bhí tíortha AE agus lucht an tionscail mhuirí agus fuaireadar cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA).
  • Ar bhonn na hoibre sin, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/253 ón gCoimisiún. Tugadh isteach léi breis cigireachtaí i gcalafoirt ar dhoiciméid agus breis samplála breosla, chomh maith le cuíchóiriú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe bhainteacha do thíortha AE. Faoin treoir freisin, seoladh córas faisnéise AE (Thetis-EU), a d’fhorbair EMSA lena úsáid ar bhonn deonach, trínar féidir le húdaráis comhroinnt a dhéanamh ar thorthaí laethúla na gcigireachtaí ar shulfair i mbreosla ar longa aonair.

Dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

D’fhonn coinneáil suas leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le coiste d’ionadaithe thíortha AE, tá ag an gCoimisiún Eorpach an ceart chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na luachanna coibhéiseacha astaíochtaí i leith modhanna chun astaíochtaí a laghdú, agus ar na critéir i ndáil le húsáid a bhaint astu sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Is é Treoir (AE) 2016/802 an leagan códaithe de Threoir 1999/32/CE ón gComhairle agus de leasuithe a rinneadh uirthi ina dhiaidh sin. Tá feidhm aici ón 10 Meitheamh 2016.

CÚLRA

  • Is féidir le hastaíochtaí truailleán aeir amhail dé-ocsaíd sulfair achair fhada a chlúdach agus, le blianta beaga anuas, tá astaíochtaí ón iompar muirí ag dul i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar cháilíocht an aeir in AE.
  • Is féidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde sulfair a bheith ina gcúis le báisteach aigéadach agus is féidir leo deannach atmaisféarach a chruthú. Baineann contúirt leis an deannach sin do shláinte an duine: bíonn sé ina chúis le galair riospráide agus galair chardashoithíocha agus baineann sé suas le 2 bhliain den ionchas saoil in AE.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Modh laghdaithe astaíochtaí: cur chuige malartach seachas breosla muirí ísealsulfair a úsáid, lena n-áirítear feisteas, ábhar, fearas nó gaireas ar bith atá le feistiú i long; nó gnáthamh, breosla ionadúil nó modh comhlíonta eile. Ní mór go gcomhlíonfaidh an modh laghdaithe astaíochtaí ceanglais na treorach sin trína léiriú go bhfuil sé inchainníochtaithe, infhíoraithe, agus infhorghníomhaithe.

Nótaí seachadta buncair: doiciméad a eisíonn soláthraí do chustaiméirí mar chruthúnas gur seachadadh an breosla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (códú) (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 58-78)

Nuashonraithe 27.02.2017

Top