This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) 2016/399 lena leagtar amach Cód Teorainneacha Schengen
Dá ngairtear “Cód Teorainneacha Schengen” chomh maith, leagtar amach leis, i measc nithe eile, rialacha maidir le:
Leagtar amach sa Chód na rialacha lena rialaítear:
Cé leis a mbaineann sé?
Leagtar síos i “gCód Teorainneacha Schengen” na rialacha a bhaineann le duine ar bith a thrasnóidh teorainneacha seachtracha limistéar Schengen. Níl an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit nó an Rómáin ina mbaill iomlána de limistéar Schengen go fóill ach ní mór dóibh cloí leis na rialacha a bhaineann le rialuithe ag na teorainneacha seachtracha.
Teorainneacha seachtracha
Ag trasnú teorainneacha seachtracha dóibh, déantar seiceálacha cuimsitheacha ar náisiúnaigh thíortha neamh-AE nach bhfuil tairbhe á fháil acu ó shaorghluaiseacht i gcomhréir leis na coinníollacha iontrála isteach sa tír, lena n–áirítear seiceálacha córasacha ar na bunachair shonraí ábhartha amhail Córas Faisnéise Schengen (SIS) chomh maith le fíorú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) má tá an duine faoi réir oibleagáid víosa.
I gcás fanacht beartaithe ar chríoch thír Scenghen, ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá i dtréimhse 180 lá ar bith, ní mór do náisiúnaigh tíortha neamh-AE:
Ní fhéadfar iontráil náisiúnaigh tríú tíre (tír nach bhfuil i limistéar Schengen nó tír neamh-AE) nach bhfuil tairbhe á fháil acu ó shaorghluaiseacht faoi dhlí AE a dhiúltú ach le cinneadh arna dhéanamh ag údarás náisiúnta ábhartha ina sonraítear na cúiseanna beachta leis an diúltú agus d’fhéadfaí é a achomharc.
Teorainneacha inmheánacha
Sa limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí iontu (is é sin limistéar Schengen seachas an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit agus an Rómáin), féadfaidh duine ar bith de náisiúntacht ar bith eile teorainn inmheánach a thrasnú gan seiceálacha teorainn ar bith a bheith i gceist. Mar sin féin, tá an ceart ag údaráis náisiúnta phóilíneachta seiceálacha póilíneachta a dhéanamh, lena n–áirítear sa limistéar teorann, faoi réir rialacha agus srianta sonracha.
Ní mór do thíortha ar chuid den limistéar nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí iontu réidh a fháil leis na bacainní ar shruth réidh tráchta ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha, agus go háirithe luasteorainneacha nach bhfuil bunaithe go heisiach ar cheisteanna maidir le sábháilteacht ar bhóithre.
Athbhunú sealadach rialuithe teorann inmheánaí
Féadfar rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil laistigh de limistéar Schengen ar feadh tréimhse teoranta ama i gcás:
Leasuithe le déanaí ar Chód Teorainneacha Schengen
Seiceálacha córasacha i gcoinne na mbunachar sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha
Ó mhí Aibreáin 2017 i leith, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2017/458 go ndéanfar seiceálacha córasacha i gcoinne na mbunachar sonraí ábhartha ar shaoránaigh AE/LEE (an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch)/na hEilvéise ag teorainneacha seachtracha limistéar Scheghen, chomh maith leis na seiceálacha reatha a dhéantar cheana ar náisiúnaigh neamh-AE. Tugadh na rialacha úra isteach mar fhreagairt do na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i dtíortha AE le blianta beaga anuas agus ba cheart go mbeadh siad ina chuidiú le dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann le trodaithe sceimhlitheoireachta a rugadh in AE ag dul thar lear nó ag filleadh ó thar lear. Déantar na seiceálacha ag teacht isteach agus imeacht na dteorainneacha seachtracha. Déantar na seiceálacha sin i gcoinne bunachair shonraí amhail an SIS agus bunachar sonraí Interpol ar dhoiciméid taistil a goideadh agus a cailleadh.
An Córas Dul Isteach/Imeachta
Le Rialachán (AE) 2017/2225 leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 chun glacadh Rialachán (AE) 2017/2226 a chur san áireamh lenar cruthaíodh córas láraithe chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht a chlárú (Córas dul isteach/imeachta — EES) maidir le náisiúnaigh neamh-AE ag teacht ar feadh gearrfhanachta, nuair a thiocfaidh an dara ceann i bhfeidhm. Is é an príomhchuspóir le Rialachán (AE) 2017/2225 an dul isteach agus an t–imeachta a thaifeadadh díreach isteach san EES go leictreonach in ionad an doiciméad taistil a stampáil ar theacht isteach agus ar imeacht. Rinneadh úsáid uathchóras rialaithe teorann do dhaoine atá faoi réir clárú san EES a chomhtháthú. Is féidir le tíortha Scheghen cláir náisiúnta éascaithe a bhunú chomh maith ionas go mbeidh náisiúnaigh neamh-AE a ndearnadh réamh-ghrinnfhiosrúchán orthu ábalta tairbhe a bhaint as iontráil ó eisceachtaí ó ghnéithe áirithe de na seiceálacha teorann. Ní thiocfaidh Rialachán (AE) 2017/2225 i bhfeidhm go dtí go an dáta a thiocfaidh an EES i bhfeidhm.
eu-LISA, tá an ghníomhaireacht atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar chórais mhórscála na teicneolaíochta faisnéise (TF) a bhaineann le saoirse, slándáil agus ceartas, freagrach cheana as feidhmiú 3 chóras teicneolaíochta faisnéise AE atá riachtanach chun limistéar Schengen a chosaint agus as bainistiú teorainneacha. Is iad sin:
Faoi Rialachán (AE) 2017/2226, tugtar an sainchúram breise do eu-LISA ann an EES a fhorbairt agus a áirithiú go ndéanfar é a bhainistiú go maith.
Tá feidhm leis ón 12 Aibreán 2016. Le Rialachán (AE) 2016/399 déantar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) a chódú agus cuirtear an Rialachán sin ina ionad.
Tá Cód Teorainneacha Schengen, a glacadh ar dtús an 15 Márta 2006 (Rialachán (CE) Uimh. 562/2006), i bhfeidhm ón 13 Deireadh Fómhair 2006.
Le haghaidh tuilleamh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (códú) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52)
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 a chorprú sa bhundoiciméad. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137)
Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta (IO L 327, 9.12.2017, lgh. 1-19)
Rialachán (AE) 2017/2226 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tíortha a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Rialachán (AE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lgh. 20-82)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1-76)
Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n–aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lgh. 27-37)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail ar na rialacha lena mbunaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lgh. 1-32)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.05.2020