Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

AE agus Comhaontú Idirnáisiúnta 2015 maidir leis an Athrú Aeráide

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2013) 167 final) — Comhaontú Idirnáisiúnta 2015 maidir leis an Athrú Aeráide: Múnlú an bheartais aeráide idirnáisiúnta tar éis 2020

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti na saincheisteanna bunúsacha a chreideann an Coimisiún Eorpach ar chóir aghaidh a thabhairt orthu sna hiarrachtaí ilnáisiúnta is déanaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ba cheart go gcuirfidís sin an domhan ar an mbóthar ceart chun astaíochtaí domhanda a laghdú 60 % ar a laghad faoi bhun leibhéil na bliana 2010 faoi 2050.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I mí Dheireadh Fómhair 2014, d’aontaigh AE gurb é an cion a dhéanfadh sé laghdú ceangailteach 40 % ar a laghad a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa na dtíortha ar fud an gheilleagair faoi 2030.
  • Áitítear sa teachtaireacht nach mór go léireofar sa chomhaontú nua an t-athrú atá tagtha ar an domhan ó cuireadh tús leis an gcaibidlíocht faoin athrú aeráide i 1990, agus go leanfar ar aghaidh á fhorbairt agus 2030 ag teannadh linn.
  • Leagtar béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar an tábhacht a bhaineann leis na gnéithe seo a leanas:
    • Gealltanais uaillmhianacha náisiúnta i dtreo spriocanna soiléire, cothroma faoi réir sraith choiteann rialacha dlí. Ba chóir na gealltanais sin a bheith inbhainte amach agus go ndéanfaí athbhreithniú orthu de réir mar a thiocfaidh cúinsí geilleagracha domhanda agus náisiúnta chun cinn.
    • Ba chóir do thíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha araon cuidiú leis an sprioc fhoriomlán maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú chuig 2oC.
    • Ba chóir do na tíortha go léir a bheith cuntasach dá chéile agus don phobal i ndáil lena gcuid spriocanna a chomhlíonadh.

CÚLRA

  • Sheol na Náisiúin Aontaithe an chaibidlíocht ar chomhaontú nua maidir leis an athrú aeráide ag deireadh na bliana 2011 in Durban. Bhí sé ina aidhm leis an gcomhaontú córas cuimsitheach amháin a dhéanamh den mheascán socruithe ceangailteacha agus socruithe neamhcheangailteacha a cuireadh i bhfeidhm tar éis Phrótacal Kyoto 1992.
  • Leag an pobal idirnáisiúnta síos dó féin an sprioc go mbainfí amach comhaontú nua maidir leis an athrú aeráide i bPáras i mí na Nollag 2015. Chreid AE gur chóir an comhaontú a bheith chomh huaillmhianach agus arbh fhéidir, agus go mbeadh gealltanais nithiúla i gceist ó gach mórgheilleagar. Ag comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide (CP21), ghlac 195 tír an chéad chomhaontú domhanda uilíoch ar an athrú aeráide atá ina cheangal dlí. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm ar an 4 Samhain 2016.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar Chomhaontú Pháras.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Comhaontú Idirnáisiúnta 2015 maidir leis an Athrú Aeráide: Múnlú an bheartais aeráide idirnáisiúnta tar éis 2020 (COM(2013) 167 final, 26.3.2013)

Nuashonraithe 14.11.2016

Top