Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ag aistriú i dtreo fuinnimh iomaíoch inbhuanaithe agus sláin don Eoraip

Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomanta dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú idir 80-95 % faoi leibhéil 1990 faoi 2050. Tá clár oibre soiléir aige suas go dtí 2020. Tá treo úr á leagan síos aige anois maidir lena uaillmhianta um dhícharbónú don chéad 30 bliain eile le teacht d’fhonn cinnteacht a sholáthar d’infheisteoirí, rialtais agus saoránaigh.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Treochlár Fuinnimh 2050 (COM(2011) 885 final an 15.12.2011).

ACHOIMRE

Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomanta dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú idir 80-95 % faoi leibhéil 1990 faoi 2050. Tá clár oibre soiléir aige suas go dtí 2020. Tá treo úr á leagan síos aige anois maidir lena uaillmhianta um dhícharbónú don chéad 30 bliain eile le teacht d’fhonn cinnteacht a sholáthar d’infheisteoirí, rialtais agus saoránaigh.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Déantar scrúdú sa treochlár fuinnimh ar na cásanna éagsúla maidir le geilleagar ísealcharbóin iomaíoch a bhaint amach faoi 2050 agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú ag an am céanna. Léirítear ann gur féidir na haidhmeanna um dhícharbónú a bhaint amach cibé cás a roghnófar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun an córas fuinnimh úr a bhaint amach, sainaithnítear na fachtóirí seo a leanas sa treochlár:

  • ní mór an straitéis fuinnimh 2020 reatha, lena chumas cuidiú le hastaíochtaí a laghdú 40 % faoi 2050, a chur i bhfeidhm go hiomlán;
  • ba chóir an phríomhbhéim a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe i bhfoirgnimh úra agus seanfhoirgnimh, iompar, táirgí agus fearais;
  • tá an acmhainneacht le foinsí inathnuaite fuinnimh thart ar 30 % d’iomlán ídiú fuinnimh AE a chur ar fáil faoi 2030;
  • tá gá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach níos airde i T & F agus nuálaíocht theicneolaíoch chun fuinneamh ísealcharbóin a dhéanamh inmharthana ó thaobh tráchtála de;
  • is féidir astaíochtaí a laghdú trí ghás a chur in ionad guail agus ola le teicneolaíochtaí atá ann cheana go dtí 2030 nó 2035 ar a laghad;
  • ní mór do phraghsanna fuinnimh teacht níos fearr le costais iarbhír, go háirithe nuair atá infheistíochtaí úra a ndéanamh. A luaithe a dhéantar é seo, is é is éasca a bheidh sé athrú go dtí córas ísealcharbóin;
  • bonneagar fuinnimh úr de dhíth, le haghaidh feithiclí leictreacha mar shampla, agus tá saoráidí stórála de dhíth laistigh d’AE agus i dtíortha máguaird;
  • ní mór go mbeidh fíorthábhacht i gcónaí le sábháilteacht agus slándáil na bhfoinsí fuinnimh úra;
  • ba chóir d’AE cur chuige níos leithne agus níos comhordaithe a ghlacadh maidir lena chaidreamh fuinnimh idirnáisiúnta agus maidir le bearta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide;
  • ní mór garspriocanna nithiúla a leagan síos maidir le spriocanna indéanta agus treoir a thabhairt d’infheisteoirí agus an chéad chéim eile á déanamh ag AE trína chreat beartais 2030 a shainiú.

CÚLRA

Ní mór córas fuinnimh na hEorpa a athrú chun críocha aeráide, slándála agus an gheilleagair. Glacann sé tamall fada torthaí a fháil ó infheistíocht fuinnimh. Tá córas fuinnimh 2050 á mhúnlú cheana le cinntí atá á nglacadh inniu agus bonneagar atá ag éirí sean á athsholáthar agus cineálacha úra fuinnimh á bhforbairt. San athrú seo, tá tuairim shoiléir den treo a bhfuil AE ag dul ann ag teastáil ó infheisteoirí poiblí agus príobháideacha.

Féach leathanaigh ghréasáin an Choimisiúin Eorpaigh um straitéis fuinnimh agus treochlár 2050 chomh maith.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Fuinneamh 2020: straitéis maidir le fuinneamh iomaíoch, inbhuanaithe agus slán (COM(2010) 639 final an 10.11.2010).

Nuashonraithe 30.07.2015

Top