Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Daoine dífhostaithe go fadtéarmach a ath-imeascadh i margadh an tsaothair

 

ACHOIMRE AR:

Moladh ón gComhairle — daoine dífhostaithe go fadtéarmach a ath-imeascadh i margadh an tsaothair in AE

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

  • Cé is moite de na héifeachtaí ar an duine féin, laghdaíonn an dífhostaíocht fhadtéarmach fás féideartha na ngeilleagar san Aontas Eorpach (AE) agus cuireann sí le baol an eisiaimh shóisialta, na bochtaineachta agus an neamhionannais, rud a chuireann le costais na seirbhísí sóisialta agus an airgeadais phoiblí.
  • Tá mar aidhm leis an moladh teimpléad a chur ar fáil do thíortha AE chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

PRÍOMHPHOINTÍ

Moltaí do thíortha AE

Ba cheart cuardaitheoirí poist a spreagadh chun clárú le seirbhís fostaíochta, le faisnéis níos fearr ar an tacaíocht atá ar fáil. Ba cheart comhaontú maidir le himeascadh poist a thairiscint do chuardaitheoirí poist laistigh de 18 mí tar éis a bpost a chailliúint. Bheadh na nithe seo a leanas sa chomhaontú:

  • pointe teagmhála aonair chun cabhrú leo post a aimsiú;
  • measúnú pearsantaithe ina gcuimsítear infhostaitheacht, bacainní ar an bhfostaíocht, agus iarrachtaí roimhe sin chun post a aimsiú;
  • seirbhísí ábhartha arna gcur ar fáil ag eagraíochtaí éagsúla a chomhcheangal;
  • treoir phearsantaithe ó sheirbhísí fostaíochta agus ó chomhpháirtithe eile;
  • spriocanna agus oibleagáidí soiléire, amhail céimeanna gníomhacha chun post a aimsiú, glacadh le hobair oiriúnach, agus páirt a ghlacadh in oideachas nó in oiliúint.

Ba cheart go sonrófaí freisin sa chomhaontú maidir le himeascadh poist an méid a chuireann an tseirbhís ar fáil don duine dífhostaithe. Ag brath ar iad a bheith ar fáil i ngach tír in AE, agus ar imthosca an duine féin, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a chuimsiú sa chomhaontú freisin:

  • cabhair chun post a lorg agus cabhair sa phost féin;
  • bailíochtú na foghlama neamhfhoirmeálta* agus neamhfhoirmiúla*;
  • athshlánú, comhairleoireacht agus treoir;
  • oideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint;
  • taithí oibre;
  • tacaíocht shóisialta;
  • oideachas agus cúram luath-óige;
  • seirbhísí sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh;
  • comhairleoireacht fiach;
  • tacaíocht maidir le tithíocht agus iompar.

Ba cheart monatóireacht rialta a dhéanamh ar an gcomhaontú maidir le himeascadh poist chun é a chur in oiriúint d’aon athruithe sna himthosca. Ba cheart faisnéis a chomhroinnt go slán idir soláthraithe seirbhíse ar stair na dtacaíochtaí agus na measúnuithe, agus ba cheart faisnéis níos fearr a thabhairt do chuardaitheoirí poist maidir le folúntais agus deiseanna oiliúna. Nuair is iomchuí, d’fhéadfaí go mbeadh na deiseanna sin lonnaithe i réigiúin éagsúla agus i dtíortha eile in AE, go háirithe trí leas a bhaint as an tairseach gréasáin Eorpach um shoghluaisteacht ó phost go chéile (EURES).

Naisc níos fearr le fostóirí

Ina theannta sin, ba cheart do thíortha AE na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • comhpháirtíochtaí a spreagadh agus a fhorbairt idir fostóirí, comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta, údaráis rialtais, seirbhísí sóisialta, agus soláthraithe oideachais agus oiliúna;
  • seirbhísí a fhorbairt d’fhostóirí amhail scagadh d’fholúntais, tacaíocht do shocrúcháin, meantóireacht agus oiliúint, agus tacaíocht iar-shocrúcháin;
  • dreasachtaí airgeadais a dhíriú ar scéimeanna chun an t-imeascadh a spriocdhíriú ar mhargadh an tsaothair, amhail fóirdheontais earcaíochta agus ranníocaíochtaí árachais shóisialta níos ísle.

Measúnú agus monatóireacht

Moltaí don Choimisiún

Moltar don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le tionscnaimh dheonacha agus comhghuaillíochtaí cuideachtaí, agus comhordú a dhéanamh orthu sin, chun daoine dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh i margadh an tsaothair go hinbhuanaithe;
  • tacú le tionscadail nuálaíochta sóisialta chun daoine dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh i margadh an tsaothair, go háirithe tríd an tsraith “Dul chun cinn” den chlár AE um fhostaíocht agus um nuálaíocht shóisialta (EaSI);
  • measúnú a dhéanamh ar an ngníomh a glacadh mar fhreagra ar an moladh agus tuarascáil sin don Chomhairle faoin 15 Feabhra 2019.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Foghlaim neamhfhoirmeálta: foghlaim eagraithe (e.g. faoi stiúir múinteora nó duine ag a bhfuil níos mó taithí ná an duine atá á theagasc) a fhéadfar nó nach bhféadfar a bheith bunaithe ar churaclam. Forbraítear scileanna an dalta ar leith ann ach ní bhíonn cáilíocht fhoirmiúil mar thoradh air, e.g. na gasóga.

Foghlaim neamhfhoirmiúil: foghlaim nach bhfuil bunaithe ar churaclam agus nach mbíonn cáilíochtaí mar thoradh uirthi. Is mó taithí atá ag an múinteoir ná mar atá ag an duine atá á theagasc e.g. tuismitheoir ag múineadh na haibítre do pháiste.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine dífhostaithe go fadtéarmach a ath-imeascadh i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lgh. 1-5)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2015/1848 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2015 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát do 2015 (IO L 268, 15.10.2015, lgh. 28-32)

Nuashonraithe 22.11.2016

Top