EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/1017 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear iad seo a leanas leis agus leagtar amach spriocanna agus creat cur chun feidhme leis dóibh:
    • Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)
    • ráthaíocht an Aontais Eorpaigh agus Ciste Ráthaíochta AE
    • mol comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht agus
    • tairseach Eorpach de thionscadail infheistíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é atá mar aidhm le CEIS tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha i bpríomhréimsí, amhail bonneagar, éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, taighde agus nuálaíocht, agus cur leis an rochtain ar mhaoiniú d’eintitis a bhfuil suas le 3,000 fostaí acu, agus béim ar leith a leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí beaga meánchaipitlithe*. Baintear é sin amach trí acmhainn rioscúil a sholáthar trína ráthaíocht AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI)(Grúpa BEI i dteannta a chéile). Tríd is tríd, tá sprioc ag an CEIS €500 billiún in infheistíochtaí breise a shlógadh faoi dheireadh 2020.

Tá rialachas CEIS comhdhéanta dóibh seo a leanas:

  • Bord Stiúrtha
  • Coiste Infheistíochta agus
  • Stiúrthóir Bainistíochta.

Coinníollacha incháilitheachta

Le bheith incháilithe i leith thacaíocht CEIS, ní mór do thionscadail:

  • bheith inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil;
  • infheistíocht ón earnáil phríobháideach, a uasmhéadú, nuair is féidir;
  • bheith i gcomhréir le beartais AE; agus
  • Breisíocht* a chur ar fáil trí aghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochtaí fo–optamacha.

Ráthaíocht AE agus Ciste Ráthaíochta

Is ráthaíocht neamh–inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus chéadéilimh í an ráthaíocht AE do BEI agus CEI, a bhfuil sé mar aidhm léi cur le líon na dtionscadal lena mbaineann riosca níos airde nó tacú le tionscadail bhreise ar shlí eile. Tá luach €26 billiún leis an uasráthaíocht AE.

Is maolán leachtachta é Ciste Ráthaíochta AE a bhfuil Grúpa BEI le híoc as i gcás mainneachtain oibríochta atá tacaithe ag an CEIS. Tá sé á mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus as an ioncam a thagann as oibríochtaí atá á ráthú ag an CEIS.

An Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht

  • Cuireann an mol tacaíocht chomhairleach ar fáil do thionscnóirí tionscadail poiblí agus príobháideacha chun tionscadail infheistíochta a aithint, a ullmhú agus a fhorbairt.
  • Feidhmíonn sé mar phointe iontrála aonair le haghaidh raon leathan clár agus tionscnamh comhairleach agus cúnaimh theicniúil.
  • Íocfaidh an tAontas Eorpach suas le €20 milliún in aghaidh na bliana as costais oibríochtaí an Mhoil Chomhairligh Eorpaigh maidir le hInfheistíocht suas go dtí deireadh 2020.

Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta

Is bunachar sonraí furasta le húsáid é seo a bhfuil rochtain ag an bpobal air, ina bhfuil sonraí faoi thionscadail reatha infheistíochta agus faoi thionscadail infheistíochta amach anseo san Aontas Eorpach.

Leathnú ar CEIS

Síníodh an comhaontú ar dtús sa bhliain 2015 ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana. Leasaíodh an chéad Rialachán (AE) 2015/1017, i mí na Nollag 2017 le Rialachán (AE) 2017/2396, lena ndearnadh an méid seo a leanas:

An Clár InvestEU — comharba CEIS

  • Forbraítear an clár InvestEU (Rialachán (AE) 2021/523 — féach achoimre) ar shamhail rathúil an CEIS. Tugtar le chéile ann, in aon áit amháin, an CEIS agus 13 ionstraim airgeadais AE eile. Cuimsítear ann Ciste, Mol Comhairleach agus Tairseach InvestEU.
  • Tá sé mar aidhm leis an gCiste InvestEU breis is €372 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh trí ráthaíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh dar luach €26.2 billiún a thacaíonn le hinfheistíocht comhpháirtithe cur chun feidhme amhail Grúpa BEI agus institiúidí airgeadais eile.
  • Soláthraíonn Mol Comhairleach InvestEU tacaíocht agus cúnamh teicniúil chun cabhrú le hullmhú, forbairt, struchtúrú agus cur chun feidhme tionscadal infheistíochta, lena n–áirítear fothú acmhainneachta.
  • Tugtar le chéile i dTairseach InvestEU infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadail ar ardán aonair uile–Aontais, trí bhunachar sonraí inrochtana agus so–úsáidte de dheiseanna infheistíochta atá ar fáil laistigh den Aontas Eorpach a sholáthar.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ón 4 Iúil 2015.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2017/2396 ón 30 Nollaig 2017.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuideachtaí meánchaipitlithe: cé nach bhfuil aon sainmhíniú comhchoiteann AE maidir leo, deirtear go forleathan go bhfuil idir 250 agus 3000 fostaí ag na cuideachtaí meánchaipitlithe seo.
Breisíocht: i gcomhthéacs CEIS, ciallaíonn an téarma seo tacaíocht le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar chliseadh sa mhargadh nó staideanna infheistíochtaí fo–optamacha agus oibríochtaí nach bhféadfaí iad a chur i gcrích sa tréimhse inar féidir an ráthaíocht AE a úsáid, nó iad a úsáid a mhéid céanna, ag Grúpa BEI nó faoi ionstraimí airgeadais AE reatha gan tacaíocht CEIS.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1-38)

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/1017 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Plean infheistíochta don Eoraip: athbhreithniú agus na chéad chéimeanna eile (COM(2018) 771 final)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Meastóireacht ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, agus ar an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta — Ag gabháil leis an doiciméid “Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár InvestEU” (SWD(2018) 316 final)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméid “Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár InvestEU” (SWD(2018) 314 final)

Nuashonraithe 20.07.2021

Top