Cúnamh airgeadais d’Éirinn
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE — cúnamh airgeadais ó AE d’Éirinn
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Ceadaíodh leis clár coigeartaithe eacnamaíoch d’Éirinn. Áiríodh leis sin pacáiste airgeadais iasachtaí de suas le €85 bhilliún i leith na tréimhse 2010-2013 ó dheontóirí éagsúla, lena n-áirítear an tAontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
I mí na Nollag 2010, chomhaontaigh AE gur theastaigh luach €85 bhilliún de chúnamh airgeadais ó Éirinn idir 2010 agus 2013. Chuir siad seo a leanas an cistiú ar fáil:
-
Faoin gcomhaontú airgeadais a leagadh síos sa chlár coigeartaithe eacnamaíoch d’Éirinn ceanglaíodh ar a rialtas:
-
earnáil na baincéireachta a neartú agus athchóiriú a dhéanamh uirthi;
-
an inbhuanaitheacht fhioscach a chur i réim arís agus easnamh na tíre a laghdú faoi bhun 3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi 2015;
-
athchóirithe a chur chun feidhme sa mhargadh saothair chun filleadh ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, láidir.
-
I mí na Nollag 2013, tháinig deireadh leis an gclár cúnaimh.
-
Tá Éire faoi réir fhaireachas iarchláir AE anois. Faoin bhfaireachas sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, an méid seo a leanas:
-
cuairteanna rialta a thabhairt ar an tír d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a folláine eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais;
-
tuarascálacha leathbhliantúla a ullmhú chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun a chinneadh an bhfuil gá le bearta breise.
-
Coinneofar leis an bhfaireachas go dtí go mbeidh ar a laghad 75 % de na hiasachtaí a fuair sí aisíoctha ag Éirinn. Mura ndéanfar aon aisíocaíochtaí luatha, beidh an ceanglas sin comhlíonta faoi 2031.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tháinig sé i bhfeidhm an 10 Nollaig 2010.
CÚLRA
-
Ar an 11 Bealtaine 2010, chomhaontaigh AE Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach a bhunú (Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle). Fágann sé sin gur féidir leis an gCoimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais agus na cistí sin a thabhairt ar iasacht do thír is tairbhí a bhfuil tacaíocht airgeadais de dhíth uirthi.
-
Tráth a bhí a lán dliteanas eachtrach agus brú mór eacnamaíoch uirthi, d’iarr Éire cúnamh ó AE agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar an 21 Samhain 2010.
-
Baineadh leas as an sásra chun cuidiú le hÉirinn, leis an bPortaingéil agus leis an nGréig.
-
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
GNÍOMH
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle an 7 Nollaig 2010 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’Éirinn (IO L 30, 4.2.2011, lgh. 34-39)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2011/77/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lgh. 1-4)
Féach an leagan comhdhlúite
Nuashonraithe 22.01.2017
Top