Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachán ginearálta na blocdhíolúine

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 lena sonraítear catagóirí áirithe cabhrach atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh á gcur i bhfeidhm

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Dar teideal rialachán ginearálta na blocdhíolúine* (RGBD) féachtar leis le rialtais AE a chumasú rialtais méideanna níos mó airgid phoiblí a thabhairt do réimse níos leithne cuideachtaí gan ghá le cead a fháil roimh ré ón gCoimisiún Eorpach
  • Mar riail ghinearálta, ach amháin i gcás méideanna an-bheag, caithfear fógra a thabhairt maidir le Státchabhair don Choimisiún agus caithfidh an Coimisiún í a réiteach sula ndeonófar í. Díolmhaítear tíortha AE leis an rialachán ón oibleagáid seo maidir le fógra a thabhairt, fad is go gcomhlíontar critéir uile RGBD.
  • Ceapadh an díolúine chun ualaí riaracháin ar na húdaráis náisiúnta agus áitiúla a laghdú agus chun rialtais AE a spreagadh chun cabhair a dhíriú ar fhás eacnamaíoch gan buntáiste iomaíoch éagórach a thabhairt do na faighteoirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear sa rialachán na catagóirí agus na cineálacha beart cabhrach seo a leanas:

  • cabhair réigiúnach;
  • cabhair d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);
  • cabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú do FBManna;
  • cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta;
  • cabhair oiliúna;
  • cabhair d'oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d'oibrithe faoi mhíchumas;
  • cabhair le haghaidh cosaint an chomhshaoil;
  • cabhair chun an damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha áirithe a chur ina cheart;
  • cabhair shóisialta le haghaidh iompair d’áitritheoirí na réigiún iargúlta;
  • cabhair le haghaidh bonneagar leathanbhanda;
  • cabhair le haghaidh caomhnú cultúir agus oidhreachta;
  • cabhair le haghaidh bonneagar spóirt agus áineasa ilfheidhmigh;
  • cabhair do bhonneagar áitiúil.

Rialacha comhchoiteanna

  • Leagtar amach sa rialachán earnálacha agus bearta nach bhfuil feidhm aige maidir leo, e.g.:
    • cabhair do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú;
    • cabhair ag brath ar earraí tí a úsáid thar earraí allmhairithe;
    • cabhair chun dúnadh mianach guail neamhiomaíoch a éascú;
    • gnóthas atá faoi réir ordú gnóthachain gan íoc;
    • cabhair do ghnóthais a bhfuil deacracht acu.
  • Ní gá fógra a thabhairt faoi bhearta arna nglacadh ar bhonn RGBD. Mar sin féin, nuair a sháraíonn an méid i gcomhair dámhachtain aonair in aghaidh an ghnóthais nó an tionscadail méid na dtairseach fógartha atá leagtha síos leis an rialachán, is gá fógra aonair agus a mheasúnú mionsonraithe a thabhairt don Choimisiún sula bhféadfar an beart a dheonú.
  • Ní mór do chabhair a bheith trédhearcach — ba cheart go mbeifí in ann coibhéis bheacht an deontais chomhláin maidir leis an gcabhair a ríomh roimh an imeacht gan aon mheasúnú riosca.
  • Ní foláir go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair — ní fhéadfar í a dheonú nuair a bheidh obair ar an tionscadal nó ar ghníomhaíocht tosaithe. I gcás fiontair mhóra, caithfidh sé a n–iompar a athrú, ní hamháin gníomhaíochtaí a bheadh déanta acu dá huireasa ar aon nós a fhóirdheonú. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh trí raon feidhme an tionscadail/na gníomhaíochta a mhéadú, an méid iomlán a caitheadh nó an luas tabhairt chun críche, mar shampla.
  • Déanfar déine cabhrach agus costais incháilithe a ríomh roimh aon asbhaint cánach nó muirir eile. Ní mór fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus cothrom le dáta a bheith mar thaca leis na costais incháilithe.
  • carnadh cabhrach faoin RGBD le haon Státchabhair eile maidir leis na costais incháilithe chéanna inghlactha mura dtéann carnadh den sórt sin thar an déine cabhrach is airde nó thar an méid is infheidhme maidir leis an gcabhair sin faoin RGBD.
  • Ní mór do thíortha AE bileog faisnéise achomair a fhoilsiú, téacs iomlán gach birt státchabhrach agus an fhaisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a sháraíonn €500,000 a fhoilsiú.
  • Trédhearcacht — Ní mór do thíortha AE faisnéis a fhoilsiú faoi dhámhachtainí cabhrach aonair os cionn €500,000 a dámhadh tar éis an 1 Iúil 2016 (féach an Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach i ngach teanga agus ar láithreáin ghréasáin náisiúnta nó réigiúnacha).
  • Faireachán — Féadfaidh an Coimisiún sochar na blocdhíolúine a tharraingt siar más rud é nach gcomhlíonann tír AE rialacha comhchoiteanna agus rialacha sonracha an rialacháin.
  • Tuairisciú — Ní mór do thíortha AE bileog faisnéise achomair a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach beart cabhrach atá díolmhaithe faoin rialachán laistigh de 20 lá oibre tar éis don bheart teacht i bhfeidhm. Ní mór dóibh freisin tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin.

Leasú ar an rialachán

Le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1084:

  • leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014:
    • lena leathnaítear a raon feidhme chun cabhair a chlúdach i leith bonneagar calafoirt agus aerfoirt;
    • na tairseacha fógartha a mhéadú maidir le
      • cabhair le haghaidh caomhnú cultúir agus oidhreachta
      • cabhair le haghaidh bonneagar spóirt agus áineasa ilfheidhmigh agus
      • scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnacha do na réigiúin is forimeallaí;
  • leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 maidir le ríomh na gcostas incháilithe.

Is féidir le tíortha AE infheistíochtaí poiblí a dhéanamh anois gan rialú roimh ré ag an gCoimisiún:

  • i gcalafoirt mhara, suas le EUR 150 milliún;
  • i gcalafoirt intíre, suas le EUR 50 milliún;
  • in aerfoirt réigiúnacha suas le 3 mhilliún paisinéir a láimhseáil in aghaidh na bliana; agus
  • in aerfoirt bheaga suas le 000 paisinéir a láimhseáil in aghaidh na bliana chun costais oibriúcháin a chlúdach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2014.

CÚLRA

Tá RGBD ina chuid lárnach d'Athchóiriú nuachóirithe na Státchabhrach de chuid an Choimisiúin, a bhfuil sé mar aidhm leis fás eacnamaíoch a chur chun cinn agus nósanna imeachta formheasa AE a dhíriú ar chásanna cabhrach ar mhórscála a bhféadfadh iomaíocht éagórach a bheith mar thoradh orthu. Faoin reachtaíocht a théann siar go 2008, a dtagann RGBD reatha ina háit, níor theastaigh cead roimh ré i leith thart ar 40% den Státchabhair bhliantúil.

Ó 2015 i leith, thit níos mó ná 96% de na bearta nua, ar tuairiscíodh caiteachas den chéad uair ina leith, faoin RGBD.

Chun tuilleamh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Rialachán ginearálta na blocdhíolúine: reachtaíocht lena leagtar amach téarmaí agus coinníollacha na cabhrach náisiúnta nach dteastaíonn réamhúdarú ón gCoimisiún ina leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 an 17 Meitheamh 2014 lena sonraítear catagóirí áirithe cabhrach atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh á gcur i bhfeidhm (IO L 187, 26.6.2014, lgh. 1-78)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 18.06.2020

Top