EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CC0033

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar arna thabhairt ar an 2023 Bealtaine 11.


ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:397

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SZPUNAR

arna tabhairt an 11 Bealtaine 2023 ( 1 )

Cás C-33/22

Österreichische Datenschutzbehörde

idiragraithe:

WK,

Präsident des Nationalrates

(iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair))

(Tarchur chun réamhrialú — Cosaint sonraí — Airteagal 16(2) CFAE — Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais — Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí — Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta — Coiste fiosrúcháin de Pharlaimint Ballstáit — Grinnscrúdú ar ghníomhaíocht údaráis phóilíneachta — Inniúlacht an údaráis maoirseachta um chosaint sonraí — Airteagal 55(1) — Airteagal 77(1) — Éifeacht dhíreach)

Réamhrá

1.

An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679 ( 2 ), go háirithe nuair a bhaineann an fiosrúchán le hábhair a bhaineann le slándáil náisiúnta? Más amhlaidh atá, an féidir forálacha RGCS a bhaineann leis an gceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta náisiúnta a chur i bhfeidhm go díreach, in ainneoin prionsabal bunreachtúil lena gcuirtear bac ar chur isteach seachtrach ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte? Is iad seo, go bunúsach, na ceisteanna a d’ardaigh an Verwaltungsgerichtshof sa chás seo (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair).

2.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, molaim freagra dearfach a thabhairt. I mo thuairimse, bheadh réiteach den sórt sin comhsheasmhach ní hamháin le hintinn reachtas an Aontais Eorpaigh, lenar bunaíodh RGCS mar fhíor lex generalis maidir le cosaint sonraí pearsanta, ach freisin leis na bunchúiseanna atá le forálacha Airteagal 16 CFAE, lena leathnaítear a raon feidhme chuig gníomhaíochtaí maoirseachta na mBallstát, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí.

3.

Sa chás seo, thug coiste fiosrúcháin de chuid Pharlaimint na hOstaire éisteacht d’oifigeach sna póilíní coiriúla, WK (‘páirtí leasmhar’), maidir le cuardaigh a rinneadh, go háirithe, in áitreabh Bundesamt für Verfassungschutz und Terrorismusbekämpfung (an Oifig Cónaidhme um Chosaint an Bhunreachta agus um Fhrithsceimhlitheoireacht, an Ostair, ‘BVT’). Foilsíodh miontuairiscí na héisteachta ansin ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hOstaire mar aon le hainm iomlán an pháirtí leasmhair, ar an bhforas go raibh a chéannacht nochta cheana féin ag an bpreas.

4.

Agus é den tuairim gur sáraíodh a cheart chun rúndachta sonraí pearsanta, rinne an páirtí leasmhar gearán leis an Österreichische Datenschutzbehörde (Údarás Náisiúnta um Chosaint Sonraí, an Ostair, ‘an Datenschutzbehörde’) faoi Airteagal 77(1) de RGCS, nár scrúdaíodh, mar sin féin, le substaint an ghearáin. I bhfianaise phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí a chumhdaítear i ndlí na hOstaire, dhearbhaigh an Datenschutzbehörde nach raibh an inniúlacht riachtanach aige, ag cinneadh nach raibh a chumhacht maoirseachta sa chás seo ag luí le neamhspleáchas bunreachtúil chomhlachtaí na Parlaiminte.

5.

Sna himthosca sin, chuir an páirtí leasmhar tús le himeachtaí, a mbraitheann a dtoradh ar fhreagraí na gceisteanna a tarchuireadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú. Baineann na ceisteanna sin, go bunúsach, le raon feidhme ábhartha agus éifeacht dhíreach fhorálacha ábhartha RGCS, a bhfuil a n-ábhar leagtha amach thíos.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

6.

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 16, 20 agus 117 de RGCS:

‘(16)

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

[...]

(20)

Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d’fhéadfaí, le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n-údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d’fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n-áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. [...]

[...]

(117)

Is eilimint riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.’

7.

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de RGCS, dar teideal ‘Raon feidhme ábhartha’:

‘1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

[...]’.

8.

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 23(1) de RGCS, dar teideal ‘Srianta’:

‘Féadfar le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)

an tslándáil náisiúnta;

[...]

(h)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

[...]’

9.

Is mar a leanas a léifear Airteagal 51(1) de RGCS, dar teideal ‘An t-údarás maoirseachta’:

‘Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (‘údarás maoirseachta’).’

10.

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 55 de RGCS, dar teideal ‘Inniúlacht’:

‘1.   Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

[...]

3.   Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.’

11.

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 77(1) de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, [...] má mheasann an t-ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo’.

Dlí na hOstaire

12.

Foráiltear le hAirteagal 53 den Bundes-Verfassungsgesetz (Dlí Bunreachtúil Cónaidhme) an 2 Eanáir 1930 (BGBl. 1/1930), i leagan an 30 Nollaig 2021 (BGBl. I 235/2021), an méid seo a leanas:

‘(1) Féadfaidh an Nationalrat coistí fiosrúcháin a chur ar bun. Ina theannta sin, ní mór coiste fiosrúcháin a chur ar bun ar éileamh ón gceathrú cuid dá chomhaltaí.

(2) Is é ábhar an imscrúdaithe ná gníomhaíocht áirithe críochnaithe a thagann faoi shainchúram an fheidhmeannais ar an leibhéal cónaidhme. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí uile chomhlachtaí feidhmiúcháin nó oifigigh de chuid na Cónaidhme trína bhfeidhmíonn an Chónaidhm cearta a bhaineann le leas eacnamaíoch agus cearta maoirseachta a shealbhú beag beann ar chion a leasa. Eisiatar athbhreithniú ar an gcásdlí.

(3) Cuirfidh gach comhlacht feidhmiúcháin nó oifigigh de chuid na Cónaidhme, na gcúigí, na mbardas agus na gcomhlachas bardasach agus na gcomhlachtaí féinriartha eile faoi bhráid coiste fiosrúcháin, arna iarraidh sin air, a gcomhaid agus a ndoiciméid a mhéid a bhaineann siad le hábhar an fhiosrúcháin agus comhlíonfaidh siad iarraidh coiste fiosrúcháin fianaise a ghlacadh i ndáil le hábhar an fhiosrúcháin. [...]

[...]’

13.

De bhun Alt 18(1) de Datenschutzgesetz (Dlí maidir le sonraí pearsanta a chosaint) an 17 Lúnasa 1999 (BGBl. I 165/1999), sa leagan an 26 Iúil 2021 (BGBl. I 148/2021, “DSG”), dar teideal ‘Bunú’:

‘Bunaítear an Datenschutzbehörde mar údarás maoirseachta náisiúnta de bhun Airteagal 51 de RGCS.’

14.

Léitear Alt 24 den DSG, dar teideal ‘Gearáin leis an Datenschutzbehörde’ mar a leanas:

‘(1) Tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a dhéanamh leis an Datenschutzbehörde má tá an t-ábhar sonraí den tuairim go sáraítear RGCS le próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí [...]’

15.

Foráiltear an méid seo a leanas in Alt 35(1) de DSG dar teideal ‘Cumhachtaí sonracha an Datenschutzbehörde’:

‘Cosnófar cosaint sonraí leis an Datenschutzbehörde i gcomhréir le forálacha mionsonraithe RGCS agus an dlí cónaidhme seo’.

Na fíorais is cúis leis an díospóid, na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Cúlra na díospóide

16.

An 20 Aibreán 2018, bhunaigh teach íochtarach Pharlaimint na hOstaire coiste fiosrúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a líomhnaítear a bheith ann ar BVT d’fhonn leas a bhaint as a chuid gníomhaíochtaí. Bhain na líomhaintí, a chuir na comhaltaí ar aghaidh ar thionscnamh na hiarrata ar imscrúdú, go háirithe, le cásanna de mhí-úsáid cumhachta ag foireann BVT, ráflaí maidir le gaireas cúléisteachta a bheith curtha isteach in oifigí na Seansailéireachta Cónaidhme, saothrú líomhnaithe na n-imscrúduithe a bhí dírithe ar ghluaiseachtaí antoisceacha áirithe, agus ceapacháin dar siocair an pholaitíocht laistigh de BVT agus in oifigí aireachta.

17.

An 19 Meán Fómhair 2018, d’éist an coiste fiosrúcháin leis an bpáirtí leasmhar mar fhinné. Mar oifigeach de thascfhórsa póilíneachta cónaidhme atá freagrach as coireacht ar shráide poiblí a chomhrac, ceistíodh é faoi shonraí a rinne a aonad ag oifigí BVT agus i dtithe a fhostaithe a chuardach agus a urghabháil.

18.

In ainneoin an chleachtais a glacadh maidir le roinnt finnéithe eile, agus d’ainneoin na hiarrata ar anaithnideacht arna tíolacadh ag an bpáirtí leasmhar, nocht an coiste fiosrúcháin a chéannacht tríd an leagan iomlán de mhiontuairiscí na héisteachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hOstaire.

Na príomhimeachtaí

19.

Diúltaíodh don ghearán a rinne an páirtí leasmhar leis an Datenschutzbehörde faoi Airteagal 77(1) de RGCS mar gheall ar easpa inniúlachta. Ina chinneadh an 18 Meán Fómhair 2019, d’áitigh an t-údarás sin gur chuir prionsabal scaradh na gcumhachtaí bac air cur isteach ar ghníomhaíochtaí comhlachta de chuid na Parlaiminte.

20.

Sheas Bundesverwaltungsgericht (Cúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair) leis an gcaingean arna tabhairt ag an bpáirtí leasmhar i gcoinne chinneadh an 18 Meán Fómhair 2019 le breithiúnas an 23 Samhain 2020. Chuir an chúirt sin cinneadh an Datenschutzbehörde ar neamhní ar an bhforas nár foráladh le forálacha RGCS d’eisceachtaí a d’fhéadfadh teorainn a chur lena raon feidhme maidir le comhlachtaí le cumhacht reachtach.

21.

Rinne an Datenschutzbehörde achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Verwaltungsgerichtshof (Cúirt Riaracháin Uachtarach), a fhiosraíonn an féidir forálacha RGCS a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

22.

Ar an gcéad dul síos, agus beag beann ar ábhar an fhiosrúcháin sna príomhimeachtaí, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an dtagann gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin pharlaimintigh ‘faoi raon feidhme dhlí an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 16(2) CFAE. Leis an bhforáil seo, cinntear inniúlacht Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle rialacha a ghlacadh maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit.

23.

I ndáil leis sin, sa mhéid go bhfuil inniúlachtaí an Aontais teoranta i gcónaí ag prionsabal na tabhartha, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith ag RGCS maidir le gníomhaíochtaí comhlachta pharlaimintigh a bhfuil feidhm faireacháin polaitiúil de chúram air, ar comhlacht é nach cosúil go bhfuil sé á rialú ag aon fhoráil shonrach de dhlí an Aontais.

24.

Chun féiniúlacht náisiúnta agus feidhmeanna bunriachtanacha na mBallstát a chaomhnú, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin go sáraítear le cur isteach ó chomhlacht riaracháin, amhail an Datenschutzbehörde, i ngníomhaíochtaí na Parlaiminte ar phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí a chumhdaítear i mBunreacht na hOstaire.

25.

I bhfianaise an bhreithiúnais in Land Hessen ( 3 ), inar dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais go raibh feidhm ag forálacha RGCS le gníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha de chuid Pharlaimint Land Hessen, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, ar deireadh, ar cheart idirdhealú a dhéanamh idir cúraimí an Choiste um Achainíocha, nach rannchuidíonn ach go hindíreach le gníomhaíochtaí parlaiminteacha, agus cúraimí a shanntar ar na coistí fiosrúcháin. De réir na cúirte a rinne an tarchur, tá siad lárnach i ngníomhaíocht na Parlaiminte agus d’fhéadfadh siad, dá bhrí sin, titim lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais.

26.

Ar an dara dul síos, dá gcinnfeadh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil forálacha RGCS ceaptha chun gníomhaíochtaí coistí fiosrúcháin a rialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart an coiste atá i gceist sna príomhimeachtaí a eisiamh, a mhéid a bhaineann substaint a ghníomhaíochtaí le cúrsaí slándála náisiúnta.

27.

Maidir leis an bpointe sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, de réir aithris 16 de RGCS, nach dtagann ‘gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta’ faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Ina tuairim, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás an imscrúdaithe ar an mbrú polaitiúil a cuireadh ar BVT, an comhlacht cónaidhme atá freagrach as feidhmeanna riachtanacha an Stáit a chosaint.

28.

Ar an tríú dul síos, dá gcinnfeadh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil feidhm ag forálacha RGCS sa chás seo, áfach, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil feidhm dhíreach ag an Rialachán sin.

29.

In éagmais díolúine bhunreachtúil iomchuí, tá inniúlacht an Datenschutzbehörde teoranta fós de réir phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí atá i réim i ndlí na hOstaire. Dá réir sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh inniúlacht an údaráis sin maidir le comhlachtaí Pharlaimint na hOstaire teacht go díreach as forálacha comhcheangailte Airteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) de RGCS, nuair nach bhfuil ach údarás maoirseachta amháin bunaithe ag an reachtas náisiúnta faoi Airteagal 51(1) den Rialachán sin.

30.

Sna himthosca sin, chinn an Verwaltungsgerichtshof (Cúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, faoi raon feidhme dhlí Aontais de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE, beag beann ar ábhar an fhiosrúcháin sin, agus dá réir sin go bhfuil [RGCS] infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag coiste fiosrúcháin pharlaimintigh de chuid Ballstáit?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gcéad cheist:

(2)

An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, ag a bhfuil mar ábhar an fhiosrúcháin sin gníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit, a bhaineann mar sin le gníomhaíochtaí i ndáil le cosaint na slándála náisiúnta de réir bhrí aithris 16 [RGCS], faoi réir raon feidhme na díolúine dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) RGCS?

Más freagra diúltach a gheofar ar an dara ceist:

(3)

Mura bhfuil – mar atá sá chás seo – ach údarás maoirseachta amháin curtha ar bun ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1) RGCS, an dtagann inniúlacht an údaráis sin maidir le gearáin a éisteacht, dá dtagraítear i bhforálacha comhcheangailte Airteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) de RGCS, go díreach [ón Rialachán sin] cheana?’

31.

Chuir an páirtí leasmhar, Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, an Ostair), an Datenschutzbehörde, Rialtas na hOstaire, Rialtas na Seice agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Rinneadh ionadaíocht ar na páirtithe céanna ag an éisteacht a reáchtáladh an 6 Márta 2023.

Measúnú

Maidir leis an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

32.

De réir a céad cheiste, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, an dtagann gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, a thagann faoi raon feidhme dhlí Aontais de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE.

33.

Braitheann freagra na ceiste sin, ar an gcéad dul síos, ar an léiriú ar cheart a thabhairt ar an gcoincheap ‘gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’, dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 16(2) CFAE. Cuirtear an coincheap céanna in iúl i dtéarmaí diúltacha freisin in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, lena n-eisiatar ó chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ‘gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’. Leagtar amach sa dá fhoráil sin, faoi seach, inniúlacht chomhlachtaí an Aontais rialacha a ghlacadh maidir le cosaint sonraí pearsanta agus raon feidhme ábhartha RGCS.

34.

Ar an dara dul síos, braitheann an freagra ar an gcéad cheist ar an gcaoi ar cheart gníomhaíochtaí na gcoistí fiosrúcháin parlaiminteacha a shaintréithriú i bhfianaise na bhforálacha thuasluaite de CFAE agus RGCS.

An coincheap ‘gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais’

35.

Mar a rinne mé iarracht a thaispeáint i gcás eile, ( 4 ) níl an coincheap sin aonchiallach, a mhéid inar féidir dhá léiriú éagsúla a bheith leis. I bhfianaise na díospóireachta a bhaineann lena léiriú sa chás seo, in ainneoin chásdlí seanbhunaithe na Cúirte Breithiúnais ( 5 ), is cosúil gur gá dom na cúiseanna atá leis na forbairtí sa chásdlí sa réimse seo a leagan amach go mion.

– Léiriú fíoraithe

36.

Is féidir cur síos a dhéanamh ar an gcéad cheann de na léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar ‘raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’ mar léiriú fíoraithe, a mhéid a n-ardaítear an cheist an gcumhdaítear gníomhaíocht ar leith le foráil shonrach de dhlí an Aontais.

37.

Go bunúsach, comhfhreagraíonn an léiriú sin don choincheap ‘dlí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme’, lena sainítear raon feidhme na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). I gcomhthéacs nach mbaineann le cosaint sonraí pearsanta, is ionann an coincheap sin agus “raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh” i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais ( 6 ).

38.

Braitheann an chúirt a rinne an tarchur ar an léiriú sin ina hiarraidh ar réamhrialú, ina dtugann sí dá haire go leanann gníomhaíochtaí na gcoistí fiosrúcháin pharlaimintigh de bheith á rialú go heisiach ag an dlí náisiúnta, rud a fhágann go bhfuil amhras ann an bhfuil sé beartaithe RGCS a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí.

39.

Bhí an tAbhcóide Ginearálta Tizzano ag brath freisin ar an léiriú céanna ina Thuairim i gcásanna uamtha Österreichischer Rundfunk agus páirithe eile ( 7 ) agus in Lindqvist ( 8 ), laistigh de raon feidhme Threoir 95/46/CE ( 9 ). Níor lean an Chúirt Bhreithiúnais na Tuairimí sin.

40.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur glacadh Treoir 95/46 ar bhonn shean-Airteagal 100a de Chonradh CE, a ndearnadh Airteagal 95 CE de, agus Airteagal 114 CFAE ina dhiaidh sin, i gcomhthéacs bearta a raibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu. Dírithe ar saorghluaiseacht agus ar leibhéal coibhéiseach cosanta sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach a áirithiú, ní raibh an Treoir sin infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de, maidir le gníomhaíochtaí ‘atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Chomhphobail, amhail na cinn dá bhforáiltear i dTeideal V agus Teideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus, in aon chás, maidir le hoibríochtaí próiseála a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, nó slándáil an Stáit [...] agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil” chomh maith le próiseáil sonraí arna déanamh “ag duine nádúrtha chun gníomhaíochtaí atá go heisiach pearsanta nó náisiúnta a fheidhmiú.’ [Aistriúcháin neamhoifigiúil]

41.

I bhfianaise na bhforálacha sin, chinn an tAbhcóide Ginearálta Tizzano nach bhféadfadh feidhm a bheith ag Treoir 95/46 sna cásanna uamtha Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile ( 10 ). Maidir le próiseáil sonraí ar thuarastail arna n-íoc ag eintitis phoiblí, atá le cur san áireamh i dtuarascáil a sheol Cúirt Iniúchóirí na hOstaire chuig an bParlaimint, chinn sé, sa chás sin, go raibh Cúirt Iniúchóirí na hOstaire ag gabháil do ‘g[h]níomhaíocht iniúchóireachta poiblí arna forordú agus arna rialú ag údaráis na hOstaire (agus go deimhin i ndlí bunreachtúil) ar bhonn rogha de chineál beartais agus institiúideach arna déanamh go huathrialach acu agus nach raibh sé beartaithe éifeacht a thabhairt d’oibleagáid Chomhphobail. Ós rud é nach bhfuil sé ina ábhar d’aon reachtaíocht shonrach Chomhphobail, ní féidir leis an ngníomhaíocht sin teacht faoi ach inniúlacht na mBallstát’ ( 11 ). [Aistriúcháin neamhoifigiúil]

42.

Tar éis an léirithe chéanna in Lindqvist, mheas an tAbhcóide Ginearálta Tizzano gur tháinig an leathanach gréasáin a bhunaigh Lindqvist mar chuid dá hobair dheonach mar chaiticeasmóir faoi ‘g[h]níomhaíocht neamheacnamaíoch nach raibh aon bhaint aici (nó nach raibh aon bhaint dhíreach aici ar a laghad) le feidhmiú na saoirsí bunúsacha arna ráthú leis an gConradh agus nach bhfuil sé á rialú ag aon rialacha sonracha ar leibhéal an Chomhphobail’ ( 12 ). De réir an Abhcóide Ghinearálta, dá bhrí sin, bhí an ghníomhaíocht sin lasmuigh de raon feidhme dhlí an Chomhphobail de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir 95/46. [Aistriúcháin neamhoifigiúil]

43.

Níor lean an Chúirt Bhreithiúnais an Tuairim sin, ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil a chaomhnú agus leis an ngá atá le héifeachtacht Threoir 95/46 a áirithiú.

44.

I bhfianaise chineál sonrach na sonraí pearsanta, sonraí a n-éascaítear a ngluaiseacht agus a saothrú eacnamaíoch trína ndigitiú, tá sé an-deacair a fháil amach, ar bhonn cás ar chás, an bhfuil baint ag próiseáil na sonraí sin le forálacha áirithe de dhlí an Aontais nó leis na saoirsí lena rialaítear an margadh inmheánach, ós rud é go mbeadh gá le léiriú fíoraithe.

45.

Chun filleadh ar an sampla den chás ba chúis leis an mbreithiúnas in Lindqvist ( 13 ), bheadh sé deacair a fháil amach an raibh nasc sonrach idir oibriú leathanaigh gréasáin a bhí beartaithe do ghrúpa beag paróiste agus forálacha Threoir 95/46 maidir le saorghluaiseacht sonraí idir na Ballstáit laistigh den chómhargadh. D’fhéadfadh an freagra ar an gceist seo a bheith ag brath, go háirithe, ar shuíomh fisiciúil na bhfreastalaithe a óstálann an suíomh gréasáin atá i gceist ( 14 ).

46.

Ba mhaith liom a rá go bhféadfadh deacrachtaí comhchosúla teacht chun cinn dá mbeadh an léiriú fíoraithe i réim sa chás seo faoi RGCS.

47.

Mar léiriú air sin, bheadh sé deacair a léiriú go cruinn a mhéid atá gníomhaíochtaí rialaitheoirí áirithe – amhail eaglaisí nó comhlachais reiligiúnacha, a chumhdaítear go sainráite leis an Rialachán sin ( 15 ) – fós faoi réir forálacha sonracha de dhlí an Aontais ( 16 ). D’fhéadfadh an cheist chéanna teacht chun cinn d’eagraíochtaí neamhbhrabúis nach mbíonn i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Bheadh éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir le raon feidhme RGCS mar thoradh air sin.

48.

I bhfianaise na ndeacrachtaí sin, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais an léiriú fíoraithe ar ‘raon feidhme dhlí an Chomhphobail’ faoi Threoir 95/46. In Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile ( 17 ) agus Lindqvist ( 18 ), chinn sé ‘ós féidir le haon sonraí pearsanta gluaiseacht idir na Ballstáit, ceanglaítear i bprionsabal le Treoir 95/46 go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí den sórt sin i ndáil le haon phróiseáil sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 3. [...] Sna himthosca sin, ní fhéadfaidh infheidhmeacht Threoir 95/46 a bheith ag brath ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil nasc leordhóthanach ag na cásanna sonracha atá i gceist le feidhmiú na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh [...]. D’fhéadfadh léiriú a mhalairt a bheith an-chinnte agus éiginnte, rud a bheadh ag teacht salach ar a bunchuspóir dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú chun constaicí ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a dhíchur a eascraíonn go beacht as éagothromaíochtaí idir reachtaíochtaí náisiúnta’ ( 19 ).

49.

Dá bhrí sin, bhí an léiriú ‘ginearálaithe’ de Threoir 95/46 i réim i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.

– Ateangaireacht Ghinearálta

50.

Is éard atá i gceist leis an léiriú ginearálaithe go n-áireofaí i raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh gach gníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht faoi, a mhéid nach bhfuil siad eisiata ón léiriú sin mar gheall ar inniúlacht eisiach na mBallstát.

51.

Faoi Threoir 95/46, thug an léiriú sin ar an gCúirt Bhreithiúnais léamh cúng a dhéanamh ar an eisceacht a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhí lasmuigh de raon feidhme dhlí an Chomhphobail. Sa bhreithiúnas in Lindqvist, chinn an Chúirt Bhreithiúnais ar an gcaoi sin ‘go bhfuil na gníomhaíochtaí a luaitear mar shamplaí sa chéad fhleasc d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46 ceaptha chun raon feidhme na heisceachta dá bhforáiltear ann a shainiú, agus é mar thoradh air sin nach bhfuil feidhm ag an eisceacht sin ach amháin maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear go sainráite ansin nó ar féidir iad a aicmiú sa chatagóir chéanna (ejusdem generis)’ ( 20 ).

52.

Sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, tháinig na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an eisceacht sin – a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint, leis an tslándáil Stáit agus leis an gcoireacht, chomh maith leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i dTeideal V agus i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach – faoin dara colún agus faoin tríú colún den Aontas agus dá bhrí sin cumhdaíodh iad le comhar idir-rialtasach. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir na gníomhaíochtaí sin a rialú le reachtaíocht an Chomhphobail, i bhfianaise leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit dá bhforáiltear ag an am sin leis na Conarthaí.

53.

Is sa chomhthéacs sin nach mór an t-eisiamh “gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Chomhphobail” atá sa chéad fhleasc d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46 a léamh. Mar atá, tá raon feidhme RGCS sainithe i dtéarmaí comhchosúla.

54.

De réir Airteagal 2(2)(a) go (d) de RGCS, níl feidhm ag an Rialachán sin maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ‘(a) má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais; (b) má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V de CAE; (c) má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin; (d) má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin’. Tá an cineál próiseála deireanaí sin faoi réir fhorálacha Threoir (AE) 2016/680 ( 21 ).

55.

I bhfianaise aithris 16 de RGCS, is iad na gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta, go háirithe, gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

56.

Ar bhonn na bhforálacha sin go léir, chinn an Chúirt Bhreithiúnais sa bhreithiúnas in Land Hessen go bhfuil an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, lena gcumhdaítear ‘gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh, le léiriú go docht, ionas ‘nach leor an fíoras gur saintréith de chuid an Stáit nó de chuid údaráis phoiblí í gníomhaíocht chun go mbeidh an eisceacht sin infheidhme go huathoibríoch maidir le gníomhaíocht den sórt sin. Is gá go mbeadh an ghníomhaíocht sin ar cheann de na gníomhaíochtaí a luaitear go sainráite san fhoráil sin nó gur féidir í a aicmiú sa chatagóir chéanna leis na gníomhaíochtaí sin’ ( 22 ).

57.

Is cosúil nach dtarraingeoidh aon cheann de na hargóintí a ardaíodh sa chás seo amhras ar an léiriú sin.

58.

Go háirithe, ní aontaím leis na hargóintí atá bunaithe ar phrionsabal na tabhartha, a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur agus Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta) go háirithe.

59.

I gcomhréir le prionsabal na tabhartha a leagtar amach in Airteagal 5(2) CAE ( 23 ), níl ach inniúlachtaí ag an Aontas a thugtar dó sna Conarthaí ag na Ballstáit.

60.

Ar bhonn léacsach amháin, tá an coincheap ‘gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais’ débhríoch ina leith sin. Ar an gcéad amharc, d’fhéadfadh sé go ndealraíonn sé go bhfuil léiriú ginearálaithe an choincheapa seo arna ghlacadh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais amhrasach, a mhéid is go bhfuil sé mar thoradh air go ndéantar gach gníomhaíocht nach bhfuil eisiata ó RGCS a chur faoi réir fhorálacha an Rialacháin sin, rud is cosúil a bheith ag teacht salach ar an bprionsabal thuasluaite.

61.

Mar sin féin, de réir cásdlí socair, agus léiriú á thabhairt ar fhoráil de dhlí an Aontais, ba cheart ní hamháin foclaíocht agus na cuspóirí a shaothraítear léi a chur san áireamh, ach freisin a chomhthéacs agus forálacha uile dhlí an Aontais. Féadfaidh bunús forála de dhlí an Aontais faisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir lena léiriú ( 24 ).

62.

Mar sin féin, fágtar ar leataobh an léiriú litriúil, a bhfuil an chuma air go bhfuil sé neamhchonclúideach i bhfianaise fhoclaíocht débhríoch ‘raon feidhme dhlí an Aontais’, is léir go bhfuil an anailís chomhthéacsúil ( 25 ) agus theileaeolaíoch i bhfabhar léiriú ginearálaithe Airteagal 16(2) CFAE, sa chaoi is go dtéann raon feidhme na forála sin thar raon feidhme ‘d[h]lí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme’ de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.

63.

Ar an gcéad dul síos, tá feidhm ag an gconclúid sin i bhfianaise chineál córasach CFAE agus áit speisialta Airteagal 16(2) in ollstruchtúr an Chonartha sin.

64.

Tá an tAirteagal atá i gceist le fáil i dTeideal II de Chuid a hAon de CFAE, ina bhfuil ‘forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu’. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gceart atá ag daoine nádúrtha go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ar ceart é a chumhdaítear san fhoráil sin, i gcomparáid leis na cearta bunúsacha eile a áirítear sa Chairt atá i gceangal leis an gConradh.

65.

Go sonrach, tugann seasamh pribhléide Airteagal 16 CFAE i scéim an Chonartha le fios nach bhfuil an ‘raon feidhme’ dá dtagraítear san fhoráil sin teoranta do chásanna ina bhfuil “dlí an Aontais á chur chun feidhme” ag na Ballstáit de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, a chomhfhreagraíonn don léiriú fíoraithe dá dtagraítear thuas.

66.

Maidir leis an bpointe sin, chuirfinn i bhfios go láidir go bhfuil difríocht bhunúsach idir forálacha Airteagal 16(2) CFAE agus forálacha na Cairte.

67.

De réir Airteagal 51(2) den Chairt, ‘[Ní dhéanann an Chairt seo] aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe sna Conarthaí a mhodhnú’. Tá a chuid forálacha dírithe ar na Ballstáit a mhéid atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu i réimsí a thagann faoi raon feidhme an dlí sin cheana féin.

68.

Ní hamhlaidh atá i gcás Airteagal 16(2) CFAE, a bhfuil a fhorálacha comhdhéanta do agus lena dtarmligtear inniúlacht reachtach an Aontais maidir le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta, agus chun na críche sin, sainítear leis raon feidhme sonrach, bunaithe ar fhorálacha Threoir 95/46, arna fhianú le bunús na forála sin.

69.

Ar an dara dul síos, is léir ón obair ullmhúcháin do Chonradh Liospóin go raibh sé beartaithe ag údair CFAE raon feidhme na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a athdhearbhú, mar a shainítear faoi Threoir 95/46.

70.

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil foclaíocht Airteagal 16 CFAE á spreagadh go díreach ag an dréacht-Chonradh ag bunú Bunreacht don Eoraip, a ndearnadh foráil in Airteagal 36a(2) de (Airteagal 50(2) anois sa leagan críochnaitheach de dhréacht an 18 Iúil 2003 ( 26 )) d’inniúlacht na Parlaiminte agus na Comhairle ‘na rialacha [a leagan síos] a bhaineann daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin’ a ghlacadh ( 27 ).

71.

Mar sin féin, de réir na míniúchán arna dtabhairt ag a údair, ‘tá sé beartaithe leis an dréacht-Airteagal 36a bunús dlí aonair a bhunú do chosaint sonraí pearsanta, chun na sonraí sin a chosaint ag na hinstitiúidí agus ag na Ballstáit araon agus iad ag gníomhú i réimse a chumhdaítear le raon feidhme dhlí an Aontais. Tá an téacs bunaithe ar chóras reatha an Chomhphobail, a eascraíonn as [Treoir 95/46/CE] (bunaithe ar Airteagal 95 CCE) maidir le gníomhaíochtaí na mBallstát’ ( 28 ).

72.

Is léir dá ndéanfaí an coincheap ‘raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’in Airteagal 2(2)(a) RGCS a léiriú ar bhealach a chuirfeadh srian ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin i gcomparáid le Treoir 95/46, go mbeadh sé sin ag teacht salach ar rún na mBallstát mar a cuireadh in iúl in CFAE é.

73.

Ar an tríú dul síos, ba cheart na gnéithe teileolaíocha, atá nasctha le dinimic agus cuspóirí sonracha na cosanta sonraí pearsanta atá mar bhonn agus mar thaca le glacadh RGCS a chur san áireamh.

74.

Ó thaobh sin de, níl aon amhras go bhfuil iarracht déanta ag reachtas an Aontais Eorpaigh an chosaint sin a neartú agus raon feidhme na rialacha ábhartha a chomhdhlúthú. Is léir sin ó chóras rialála níos ceangailtí a chur in ionad Threoir 95/46 d’aon ghnó agus, go sainráite, inneachar aithrisí 9, 11 agus 13 de RGCS.

75.

Eascraíonn na cuspóirí a bhaintear amach leis an mbeart seo as cineál sonrach fheiniméan na próiseála sonraí, rud a théann thar raon feidhme na ngníomhaíochtaí inar féidir sonraí den sórt sin a bhailiú.

76.

Thairis sin, ní gá gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad gníomhaíochtaí den sórt sin, a bheadh faoi réir rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear an margadh inmheánach cheana féin, nach laghdaíonn luach margaidh na sonraí a bhailítear ar bhealach ar bith agus nach gcuireann deireadh leis na rioscaí a bhaineann le próiseáil na sonraí sin.

77.

Tá na saincheisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta trasghearrtha ina leith sin, sa chaoi nach féidir na rialacha maidir le cosaint sonraí a theorannú do raon feidhme na gcatagóirí de dhlí an Aontais atá ann cheana.

78.

Is é sin le rá, má théann ‘raon feidhme dhlí an Aontais’ dá dtagraítear in Airteagal 16(2) CFAE thar na cásanna lena ndéantar “dlí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme” de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, is é is cúis leis go bhfuil na saincheisteanna a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta féinchuimsitheach agus go n-iarrtar leo idirghabháil reachtach ar leith a mbeadh a raon feidhme níos mó ná suim na bhforálacha de dhlí an Aontais a bhí ann cheana. Ón taobh sin de, léirítear le raon feidhme leathan RGCS an rún atá ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta trí scéim “saincheaptha” a ghlacadh.

79.

I bhfianaise theacht le chéile sna torthaí a eascraíonn as an anailís chomhthéacsúil agus theileolaíoch a rinneadh ar Airteagal 16(2) CFAE, molaim go ndaingneoidh an Chúirt Bhreithiúnais an cásdlí a bhí aici roimhe seo ( 29 ), trí léiriú docht a ghlacadh ar an eisceacht a bhaineann le “gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais”, atá in Airteagal 2(2)(a) de RGCS.

80.

I bhfianaise an léirmhínithe sin, molaim go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais measúnú ar infheidhmeacht an Rialacháin sin maidir le gníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin pharlaimintigh atá i gceist sna príomhimeachtaí.

Maidir le cur i bhfeidhm RGCS ar ghníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin pharlaimintigh

81.

Is cosúil go bhfuil gá le réamhbharúil maidir leis an gcaoi a sainítear raon feidhme an Rialacháin sin le forálacha ábhartha RGCS.

– Tábhacht thánaisteach na gcritéar institiúideach chun raon feidhme RGCS a shainiú

82.

Ba cheart a chur i bhfios go bhfuil tábhacht thánaisteach ag baint le breithnithe orgánacha nó institiúideacha maidir le cineál na gcomhlachtaí nó na ndaoine atá freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil agus raon feidhme RGCS á shainiú.

83.

Ar an gcéad dul síos, tá raon feidhme RGCS bunaithe ar an gcoincheap ábhartha ‘próiseáil’ sonraí pearsanta faoi Airteagal 2(1) den Rialachán sin. Ón taobh sin de, níl an coincheap orgánach ‘rialaitheoir’ atá in Airteagal 4(7) de RGCS ach coincheap coimhdeach, sa chiall go bhfuil sé bunaithe, go bunúsach, ar an gcoincheap próiseála ábhartha. Cé go dtagraíonn an sainmhíniú ar rialaitheoir do ‘an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó comhlacht eile’, is é is éifeacht don chur síos sin na critéir orgánacha a neodrú chun críocha a chur i bhfeidhm.

84.

Ar an dara dul síos, cé go dtagraíonn na forálacha lena dteorannaítear raon feidhme ábhartha RGCS, atá in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, do chatagóirí áirithe daoine nó comhlachtaí, eadhon Ballstáit, daoine nádúrtha agus údaráis atá inniúil in ábhair choiriúla, bíonn sé i gcónaí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, ní daoine aonair iad atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm RGCS, ach níl ann ach cuid dá ngníomhaíochtaí.

85.

Deimhnítear tábhacht thánaisteach na gcritéar institiúideach freisin leis an gcaoi a sainítear páirtdhíolúintí, lena dteorannaítear raon feidhme fhorálacha sonracha RGCS. Mar léiriú air sin ( 30 ), cé nach dtagann cúirteanna faoi inniúlacht na n-údarás maoirseachta náisiúnta, faoi Airteagal 55(3) de RGCS, ní dhéanann siad amhlaidh ach amháin sa mhéid go bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach. Dá bhrí sin, cinntear raon feidhme na heisceachta sin, ní le stádas comhlachtaí breithiúnacha, ach le cineál ar leith a ngníomhaíochtaí.

86.

In éagmais aon fhoráil de RGCS lena dtagraítear go sonrach do chomhlachtaí parlaiminteacha, leanann sé, i mo thuairimse, nach é stádas na gcomhlachtaí parlaiminteacha i ndlí na hOstaire é, ach cineál a ngníomhaíochtaí nach mór dóibh an fhéidearthacht an Rialachán sin a chur i bhfeidhm a chinneadh.

– Maidir le cineál ghníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin sna príomhimeachtaí

87.

I bhfianaise na faisnéise uile atá os comhair na Cúirte Breithiúnais, measaim gur féidir na cúraimí a chuirtear ar an gcoiste sin a aicmiú mar ghníomhaíochtaí maoirseachta poiblí lena mbaineann feidhmiú údaráis oifigiúil.

88.

Is léir an t-aicmiú sin ó ábhar na chéad cheiste agus an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ceisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs grinnscrúdaithe ar fheidhmeannas. De réir na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur, ‘is é is aidhm do na coistí fiosrúcháin léargas a thabhairt ar phointí áirithe chun críocha polaitiúla [...]. I ndáil leis sin, tá sé de dhualgas ar choistí fiosrúcháin an fheidhm faireacháin a thugtar dóibh leis an mBunreacht a chomhlíonadh’ ( 31 ).

89.

Tá an cháilíocht seo tacaithe ag na barúlacha i scríbhinn a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais ( 32 ).

90.

I bhfianaise na mínithe a thug Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta) ag an éisteacht, is comhfhoras é freisin go bhfuil sainchumais áirithe ag an gcoiste fiosrúcháin atá i gceist mar údarás poiblí, amhail an ceart finnéithe a thoghairm nó rochtain a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar a ngníomhaíochtaí, mar aon leis an gcumhacht chun pionóis airgeadais a fhorchur chun seoladh cuí an fhiosrúcháin a áirithiú.

91.

Mar sin féin, is cosúil go bhfuil mearbhall ann maidir le cineál reachtach ghníomhaíochtaí an choiste sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aige d’infheidhmeacht RGCS.

92.

Tugann Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta) faoi deara i ndáil leis sin ‘tá coistí fiosrúcháin, ó thaobh eagrúcháin agus feidhme de, faoi chuimsiú na cumhachta reachtaí. Dá bhrí sin tagann gníomhartha arna ndéanamh ag coistí fiosrúcháin nó a dhéantar thar a gceann faoi fheidhm reachtach an Stáit’ ( 33 ). Dar leis an Tionóil Náisiúnta, ‘tá obair coiste fiosrúcháin lárnach sa phróiseas reachtach agus, mar ghníomhaíocht (maoirseachta) ar de chineál parlaiminteach agus polaitiúil amháin í, tagann sé faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS’ ( 34 ).

93.

Tá trí bharúil agam maidir leis na ráitis sin.

94.

Ar an gcéad dul síos, beag beann ar rannpháirtíocht fhéideartha na gcoistí fiosrúcháin san obair reachtach, ba cheart dom a chur in iúl nach bhfuil gníomhaíochtaí reachtacha agus parlaiminteacha eisiata ó chur i bhfeidhm RGCS ( 35 ), murab ionann agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmiú feidhmeanna breithiúnacha, a thagann faoin díolúine pháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 55(3) den Rialachán sin.

95.

Maidir leis an bpointe seo, murab ionann agus roinnt páirtithe leasmhara, tá amhras orm gur féidir an díolúine sin a léiriú de réir analaí, agus an eisceacht a bhfuil feidhm aici maidir le feidhmeanna breithiúnacha a leathnú chuig feidhmeanna reachtacha. I gcodarsnacht leis sin, dá mbeadh an díolúine atá in Airteagal 55(3) de RGCS chun treoir a thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais ina réasúnaíocht sa chás seo, ní fhéadfadh léiriú a bheith mar thoradh uirthi ach a contrario. I bhfianaise raon feidhme leathan RGCS, ní féidir an eisceacht le haghaidh feidhmeanna breithiúnacha a léiriú ar bhonn leathan.

96.

Ar an dara dul síos, i mo thuairimse, ní thacaíonn aon cheann den fhianaise a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais leis an argóint go bhfuil feidhm reachtach ag gníomhaíocht an choiste fiosrúcháin sna príomhimeachtaí.

97.

Go háirithe, níl sé de chumhacht ag an gcoiste fiosrúcháin atá i gceist tionscnaimh reachtacha a ghlacadh agus ní ghlacann sé páirt ar shlí eile in obair reachtach Pharlaimint na hOstaire. Ina theannta sin, cé go bhféadfadh tuarascáil chríochnaitheach an choiste fiosrúcháin treoir a thabhairt don reachtas, ní cosúil domsa gur de chineál reachtach a chuid gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí seachpharlaiminteacha, amhail Cúirt Iniúchóirí na hOstaire, a gcuirtear a dtuarascálacha chuig an bParlaimint, an reachtas a threorú freisin, gan iad a bheith bainteach le feidhmiú na cumhachta reachtaí.

98.

Ar an tríú dul síos, agus beag beann ar an tábhacht a d’fhéadfadh a bheith leo faoi dhlí na hOstaire, ní dhéanann breithnithe institiúideacha difear d’infheidhmeacht RGCS, agus ar an gcaoi sin, ní fhéadfaí a chinneadh le creat eagrúcháin an choiste fiosrúcháin pharlaimintigh an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.

– Maidir le hinfheidhmeacht RGCS ar ghníomhaíochtaí maoirseachta poiblí

99.

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, éiríonn an cheist an dtagann gníomhaíochtaí maoirseachta poiblí arna ndéanamh ag coiste fiosrúcháin pharlaimintigh faoi raon feidhme RGCS.

100.

Measaim gur chóir freagra dearfach a thabhairt ar an gceist seo, ar thrí phríomhchúis.

101.

Ar an gcéad dul síos, tagann próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an coiste atá i gceist faoin gcoincheap ábhartha ‘próiseáil’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de RGCS. Níl an cháilíocht seo faoi chonspóid ag aon cheann de na páirtithe leasmhara sa chás seo.

102.

Ar an dara dul síos, tagann gníomhaíochtaí maoirseachta poiblí faoi raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 16(2) CFAE agus Airteagal 2(2)(a) de RGCS, mar a léirítear iad i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, sa mhéid is nach n-eisiatar iad óna chur i bhfeidhm le haon fhoráil den Rialachán sin.

103.

I gcodarsnacht leis sin, déantar tagairt shainráite do ghníomhaíochtaí maoirseachta in Airteagal 23(1)(h) de RGCS, lena bhforáiltear don fhéidearthacht raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán sin a shrianadh, i gcás ina bhfuil gá le srian den sórt sin chun ‘feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil’ a áirithiú i gcásanna áirithe a bheartaítear san fhoráil sin.

104.

Dá bhrí sin, tá sé i gceist le forálacha RGCS gníomhaíochtaí maoirseachta poiblí a rialú, cé gur féidir socruithe speisialta a dhéanamh ina leith sin. Mar sin féin, ní chuirtear bac leis an bhféidearthacht srian a chur ar na coimircí a eascraíonn as RGCS ar a chur i bhfeidhm.

105.

Faoi dheireadh, ar an tríú dul síos, i bhfianaise leithdháileadh ginearálta na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, is cosúil nach bhfuil gníomhaíochtaí maoirseachta poiblí forchoimeádta go heisiach do na gníomhaíochtaí sin.

106.

Chun an sampla sonrach den ghrinnscrúdú parlaiminteach a ghlacadh, léirítear go cruinn leis an dá fhiosrúchán sa chás dar teideal ‘Dieselgate’, a sheol Parlaimint na hEorpa ( 36 ) agus Bundestag na Gearmáine (Tionóil Cónaidhme) go comhchéimneach, na hinniúlachtaí forluiteacha sa réimse sin.

107.

Is fíor go bhféadfaí a mhaíomh nach gcumhdaítear le raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh ach na gníomhaíochtaí faireacháin sin atá ábhartha do chur i bhfeidhm fhorálacha an dlí sin.

108.

Is éard a bheadh i gceist le cur chuige den sórt sin, áfach, an léiriú fíoraithe ar ‘raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’ a thabhairt isteach arís agus, dá bhrí sin, bheadh na rioscaí céanna éiginnteachta dlíthiúla ag baint leis. I bhfianaise chineál an fhiosrúcháin pharlaimintigh, atá ceaptha chun léargas a thabhairt ar imthosca cáis, is cosúil domsa a bheith deacair a thuar an mbeidh nasc sonrach idir gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin agus cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais Eorpaigh ( 37 ).

109.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart cuspóir na deimhneachta dlíthiúla arna saothrú ag forálacha RGCS a chur san áireamh, lena bhféachtar le cur chun feidhme ilroinnte na cosanta sonraí san Aontas a sheachaint ( 38 ).

110.

I bhfianaise an chuspóra sin, agus i gcomhréir leis an réiteach arna ghlacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais sa bhreithiúnas in Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile ( 39 ), arna chinneadh faoi Threoir 95/46, ba cheart raon feidhme RGCS a léiriú ar bhealach ina n-áireofar gníomhaíochtaí maoirseachta poiblí, beag beann ar an nasc atá acu le cur i bhfeidhm forálacha sonracha de dhlí an Aontais.

111.

I bhfianaise an mhéid thuas, molaim an chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú a fhreagairt sa chiall go dtagann gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE.

Maidir leis an dara ceist a tarchuirtear le haghaidh réamhrialú

112.

Maidir leis an dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an dtagann gníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme na heisceachta a leagtar amach in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin, agus í á cur san áireamh go mbaineann ábhar áirithe a fiosrúcháin le cúrsaí slándála náisiúnta.

113.

Ní dóigh liom go dtagann siad, ar chúiseanna éagsúla.

114.

Ar an gcéad dul síos, i bhfianaise raon feidhme leathan RGCS, ba cheart an eisceacht a chuirtear i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta a léiriú go docht. Tuigim uaidh sin nach dtagann faoi chuimsiú na heisceachta seo ach na gníomhaíochtaí sin arb é a gcuspóir láithreach an tslándáil náisiúnta.

115.

Is léir nach amhlaidh atá i gcás ghníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin sna príomhimeachtaí, a bhfuil feidhm faireacháin aige maidir le comhlachtaí rialtais cónaidhme.

116.

Sa mhéid a bhaineann an t-athbhreithniú atá i gceist le feidhmiú BVT, a raibh sé de chúram air sláine agus leanúnachas na n-institiúidí Stáit a áirithiú, d’fhéadfadh gníomhaíocht an choiste sin rannchuidiú go hindíreach leis an tslándáil náisiúnta a chosaint.

117.

Ní athraíonn ranníocaíocht den sórt sin, áfach, cineál na ngníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar choiste fiosrúcháin agus ní féidir iad a eisiamh ó fhorálacha RGCS. Dá mbeadh a mhalairt de réiteach i réim, d’fhéadfadh a iarraidh an mbeadh gníomhaireacht fógraíochta, arna fostú ag an Aireacht Cosanta chun deiseanna gairme a chur chun cinn san arm, a bheith díolmhaithe ar an gcaoi chéanna.

118.

Ar an dara dul síos, dá mbeadh cur i bhfeidhm RGCS ag brath ar ábhar fiosrúcháin pharlaimintigh, bheadh sé sin contrártha do chuspóir na deimhneachta dlíthiúla atá á saothrú ag reachtas an Aontais.

119.

Ós rud é go bhfuil athrú ag teacht ar a nádúr, ní chuireann ábhar fiosrúcháin pharlaimintigh bonn substaintiúil leordhóthanach ar fáil chun raon feidhme RGCS a chinneadh. Ní féidir le gnéithe imthoisceacha, amhail impleacht aire cosanta i gcás éillithe – a d’fhéadfadh teacht chun cinn (nó a bhréagnú) le linn an fhiosrúcháin – a bheith ina dtreoir chuige sin.

120.

Ar an tríú dul síos, ba cheart cóimheas reachtaíocht na forála sin a chur san áireamh sa léiriú ar an eisceacht atá in Airteagal 2(2)(a) de RGCS. Dealraíonn sé dom go bhfuil sé sin nasctha leis an dodhéantacht gnéithe bunúsacha áirithe den cheart go n-urramófaí sonraí pearsanta a thabhairt le chéile leis an rúndacht is gné dhílis de ghníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta.

121.

Mar léiriú, ní fheicim conas a d’fhéadfadh na seirbhísí faisnéise intíre a áirithiú go n-urramófaí na cearta chun faisnéise agus rochtana, a chumhdaítear in Airteagail 14 agus 15 de RGCS, gan cur isteach ar ghníomhaíochtaí faireachais lena ndírítear ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu gur le gluaiseacht sceimhlitheoireachta iad. I gcás den sórt sin, dealraíonn sé nach bhfuil na ceanglais a eascraíonn as RGCS ag luí go bunúsach le leasanna slándála náisiúnta.

122.

Ar an taobh eile, dealraíonn sé dom nach bhfuil aon chonstaic dhosháraithe den sórt sin roimh ghníomhaíocht coiste fiosrúcháin pharlaimintigh, agus dá bhrí sin, ní fheicim conas a d’fhéadfadh comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as RGCS aon rannchuidiú a d’fhéadfadh sé a dhéanamh chun an tslándáil náisiúnta a chosaint a chur i mbaol.

123.

Is léir go bhfuil an phoiblíocht a ghabhann le gníomhaíochtaí coistí fiosrúcháin de ghnáth mar chuid de ghné phoiblí an ghrinnscrúdaithe pharlaimintigh. Tá cuspóir na trédhearcachta, áfach, i gcoinne an chóimheasa reachtaíochta d’Airteagal 2(2)(a) de RGCS, a fhéachann le rúin slándála náisiúnta a chosaint.

124.

Ar an gceathrú dul síos, fiú más rud é go bhféadfadh fiosrúchán parlaiminteach a dhéantar go cuí, i gcásanna áirithe, a bheith ar neamhréir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as RGCS – mar shampla, i gcás ina bhfaigheann an coiste rochtain ar dhoiciméid rúnda ina bhfuil sonraí pearsanta – ba mhaith liom a chur in iúl go bhforáiltear le hAirteagal 23(1)(a) agus (h) de RGCS go bhféadfaí srian a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34 den Rialachán sin, i gcás ina bhfuil gá leis an srian sin chun feidhm faireacháin a choimirciú ar mhaithe le leasanna slándála náisiúnta.

125.

Leanann sé, i mo thuairimse, nár cheart go ndéanfadh an nasc atá ann idir ábhar fiosrúcháin pharlaimintigh agus cúrsaí slándála náisiúnta difear d’oibleagáid an choiste fiosrúcháin RGCS a chur i bhfeidhm. I bhfianaise an chomhthéacs institiúidigh ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí na gcoistí sin, a nglacann a gcomhaltaí páirt in obair chomhlachtaí reachtacha na Parlaiminte, is cosúil go bhfuil sé sách simplí na coigeartuithe reachtacha is gá a dhéanamh chun cuspóir sonrach fiosrúchán parlaiminteach áirithe a chur san áireamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 23(1) de RGCS.

126.

Ar na cúiseanna sin go léir, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an dara ceist a fhreagairt sa chiall nach dtagann gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin pharlaimintigh a bhfuil gníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit mar ábhar aige, is é sin le rá, gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint na slándála náisiúnta de réir bhrí aithris 16 de RGCS, faoi raon feidhme na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin.

Maidir leis an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

127.

Maidir leis an tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir le hinniúlacht údaráis maoirseachta aonair, arna bhunú de bhun Airteagal 51(1) de RGCS, i ndáil leis na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin teacht go díreach as an bhforáil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 55(1) de RGCS.

128.

Mínítear an cheist sin, a thagann chun cinn sa chás go mbaineann RGCS le gníomhaíochtaí an choiste fiosrúcháin sna príomhimeachtaí, trí chonstaicí bunreachtúla. I dtuairim an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) agus páirtithe leasmhara áirithe, cuirtear bac le prionsabal dheighilt na gcumhachtaí a bhaineann go sonrach le dlí na hOstaire ar chomhlacht riaracháin sa chás seo, an Datenschutzbehörde, cur isteach ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte trí ghearáin ina leith a imscrúdú.

129.

Dá bhrí sin, féachann an tríú ceist le raon feidhme éifeacht dhíreach fhorálacha comhcheangailte Airteagal 55(1) agus Airteagal 77(1) de RGCS a bhunú, i gcás inar dócha go mbeidh inniúlacht an údaráis maoirseachta aonair arna bhunú ag Ballstát teoranta ag prionsabal bunreachtúil.

130.

Ós rud é gur rialachán de chuid an Aontais é RGCS, ní mór a mheabhrú go bhfuil sé, i bprionsabal, infheidhme go díreach ina iomláine, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 288 CFAE, mar a dheimhnítear leis an dara fomhír d’Airteagal 99(2) de RGCS ( 40 ).

131.

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, seachas sin amháin i gcás ina n-éilítear le foráil rialála bearta cur chun feidhme a ghlacadh, i bhfianaise na lánrogha atá ag na Ballstáit maidir lena chur chun feidhme ( 41 ).

132.

I ndáil leis sin, measaim go bhfuil forálacha comhcheangailte Airteagal 77(1) de RGCS, lena bhforáiltear d’inniúlacht na n-údarás maoirseachta na gearáin dá dtagraítear iontu a scrúdú, agus forálacha Airteagal 55(1) den Rialachán sin soiléir go leor agus neamhchoinníollach lena gcur i bhfeidhm go díreach.

133.

Ba mhaith liom a rá freisin gur dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais éifeacht dhíreach Airteagal 58(5) de RGCS cheana féin trína chinneadh go bhféadfaidh údarás maoirseachta náisiúnta brath ar an gcumas chun bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, a thugtar di leis an bhforáil sin chun caingean dlí a thionscnamh nó leanúint le caingean dlí i gcoinne páirtí príobháideach, fiú in éagmais aon bheart chur chun feidhme reachtach arna dhéanamh chuige sin ag an mBallstát lena mbaineann ( 42 ).

134.

Thairis sin, in imthosca an cháis sna príomhimeachtaí, ní dóigh liom go bhfuil aon bheart cur chun feidhme breise riachtanach chun rialáil a dhéanamh ar na socruithe nós imeachta don ghearán dá dtagraítear in Airteagal 77 de RGCS. Déanann an Datenschutzbehörde imscrúdú rialta ar ghearáin den sórt sin, is é an t-aon cheist atá ann ná a inniúlacht i leith comhlachtaí parlaiminteacha.

135.

Mar sin féin, níor fágadh an cheist sin faoi lánrogha na mBallstát.

136.

Is léir, le feidhmiú éifeachtach an chirt chun gearán a thaisceadh, go gcaithfear údarás maoirseachta amháin nó níos mó a chruthú roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de RGCS, lena n-éilítear idirghabháil ó na Ballstáit. Ach is ceist í sin maidir le héifeacht dhíreach na forála sin, nach dtagann chun cinn sna príomhimeachtaí.

137.

Maidir le líon na n-údarás maoirseachta atá le bunú faoi Airteagal 51(1) de RGCS, ní fhéadfaidh cumhachtaí an údaráis aonair arna bhunú ag reachtas na hOstaire a bheith mar thoradh ar an rogha institiúideach a fhágtar faoi na Ballstáit maidir leis an ábhar. Leis an léiriú eile, bhainfí a n-éifeacht dhíreach d’Airteagal 55(1) agus d’Airteagal 77(1) de RGCS agus d’fhéadfadh an baol a bheith ann go lagófaí éifeachtacht na bhforálacha eile go léir den Rialachán sin a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar gearáin.

138.

Ar deireadh, maidir leis na constaicí de chineál bunreachtúil atá i ndlí na hOstaire, ní féidir leo údar a thabhairt le diúltú fhorálacha RGCS a chur i bhfeidhm. De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, ní féidir le líomhaintí go bhfuil sé contrártha do phrionsabail struchtúir bhunreachtúil náisiúnta difear a dhéanamh d’éifeacht birt de chuid an Aontais ( 43 ).

139.

Mar fhreagra ar an tríú ceist, molaim, dá bhrí sin, go rialóidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás nach bhfuil ach údarás maoirseachta amháin bunaithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de RGCS, go n-eascróidh inniúlacht an údaráis na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin a ghlacadh go díreach as an bhforáil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 55(1) den Rialachán sin.

Conclúid

140.

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, molaim go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú ag an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair) a fhreagairt mar a leanas:

(1)

Tagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE, dá réir sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag coiste den sórt sin.

(2)

Ní thagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Ballstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, ag a bhfuil mar ábhar an fhiosrúcháin sin gníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit, a bhaineann mar sin le gníomhaíochtaí i ndáil le cosaint na slándála náisiúnta de réir bhrí aithris 16 de Rialachán 2016/679, faoi raon feidhme na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin.

(3)

Ag glacadh leis nach bhfuil ach údarás maoirseachta amháin curtha ar bun ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán 2016/679, tagann a inniúlacht maidir le gearáin a éisteacht dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin go díreach ón bhforáil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 55(1) den Rialachán sin.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( 2 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus ceartúchán IO 2018 L 127, lch. 2) (‘RGCS’).

( 3 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2020 (C-272/19, EU:C:2020:535).

( 4 ) Féach mo Thuairim in Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis) (C-439/19, EU:C:2020:1054, míreanna 44 et seq.).

( 5 ) Féach breithiúnais an 20 Bealtaine 2003, Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile (C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2003:294); an 6 Samhain 2003, Lindqvist (C-101/01, EU:C:2003:596); an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C-272/19, EU:C:2020:535); agus an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima(Pointí Pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504).

( 6 ) Breithiúnais an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson (C-617/10, EU:C:2013:105, mír 21); an 21 Nollaig 2016, AGET Iraklis (C-201/15, EU:C:2016:972, mír 62); an 21 Bealtaine 2019, an Coimisiún v an Ungáir(Ceart úsáide talún talmhaíochta) (C-235/17, EU:C:2019:432, mír 63), agus an 24 Meán Fómhair 2020, YS (Pinsin cheirde na foirne bainistíochta) (C-223/19, EU:C:2020:753, mír 78).

( 7 ) C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2002:662.

( 8 ) C-101/01, EU:C:2002:513.

( 9 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31). Cuireadh RGCS in ionad na Treorach seo.

( 10 ) C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2002:662.

( 11 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Tizzano sna cásanna uamtha Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile (C-465/00, C-138/01, C-139/01, EU:C:2002:662, mír 43). Béim curtha leis.

( 12 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Tizzano in Lindqvist (C-101/01, EU:C:2002:513, mír 36).

( 13 ) Breithiúnas an 6 Samhain 2003 (C-101/01, EU:C:2003:596).

( 14 ) Maidir leis an gceist sin, féach breithiúnas an 6 Samhain 2003, Lindqvist (C-101/01, EU:C:2003:596, mír 59).

( 15 ) Féach Airteagal 91 de RGCS.

( 16 ) Ar thaobh amháin, níl sé i gceist le dlí an Aontais Eorpaigh gníomhaíochtaí creideamhbhunaithe a rialú go sonrach. Ar an taobh eile, ní éalaíonn gníomhaíochtaí den sórt sin, áfach, ó chomhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh agus a phrionsabail ghinearálta, amhail prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Maidir leis an gceist sin, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tanchev in Egenberger (C-414/16, EU:C:2017:851, míreanna 46 go 51).

( 17 ) Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003 (C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2003:294).

( 18 ) Breithiúnas an 6 Samhain 2003 (C-101/01, EU:C:2003:596).

( 19 ) Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003, Österreichischer Rundfunk agus páirtithe eile (C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2003:294, míreanna 40 go 42). Féach freisin breithiúnas an 6 Samhain 2003, Lindqvist (C-101/01, EU:C:2003:596, míreanna 40 et seq.).

( 20 ) Breithiúnas an 6 Samhain 2003, Lindqvist (C-101/01, EU:C:2003:596, mír 44).

( 21 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89).

( 22 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C-272/19, EU:C:2020:535, mír 70). Béim curtha leis.

( 23 ) Mar mheabhrúchán, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 5(2) CAE: “[F]aoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d’fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit”.

( 24 ) Mar léiriú air sin, féach breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile (C-621/18, EU:C:2018:999, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 25 ) Ciallaíonn sé seo léiriú atá bunaithe ar chúinsí córasacha agus stairiúla, i gcomhréir leis na cineálacha modhanna ateangaireachta a nglactar leo go ginearálta (féach Lenaerts, K., agus Gutierrez-Fons, J. A., Les méthodes d’interprétation de la Cour de justice de l’Union européenne, Bruylant, an Bhruiséil, 2020, Caibidil I).

( 26 ) Dréacht-Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip (IO 2003 C 169, lch. 1).

( 27 ) Airteagal 36a(2) den dréacht-Teideal VI den Chonradh Bunreachta maidir le saol daonlathach an Aontais (Nóta ó Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh a ghabhann le Coinbhinsiún an 2 Aibreán 2003, an Bhruiséil, CONV 650/03, lch. 6). Béim curtha leis.

( 28 ) Nóta ó Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh a ghabhann le Coinbhinsiún an 2 Aibreán 2003, an Bhruiséil, CONV 650/03, lch. 3. Béim curtha leis.

( 29 ) Féach an cásdlí dá dtagraítear i bhfonóta 5 thuas.

( 30 ) Féach freisin Airteagal 20(3), Airteagal 49(3) agus Airteagal 79(2) de RGCS.

( 31 ) Mír 25 den iarraidh ar réamhrialú. Béim curtha leis.

( 32 ) Mar léiriú air sin, i mír 13 dá chuid barúlacha i scríbhinn, míníonn Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta) gur féidir le Parlaimint na hOstaire “cinneadh a dhéanamh ar choistí fiosrúcháin a chur ar bun chun críche imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha áirithe a thagann faoi shainchúram an fheidhmeannais ar an leibhéal cónaidhme. Dá bhrí sin, bronntar leis an mBunreacht feidhm faireacháin ar choiste fiosrúcháin. Is é is aidhm do choiste fiosrúcháin soiléiriú a dhéanamh, chun críocha polaitiúla, ar chúrsa imeachtaí áirithe agus, ar an gcaoi sin, grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach a áirithiú”.

( 33 ) Mír 14 de bharúlacha i scríbhinn Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta).

( 34 ) Mír 15 de bharúlacha i scríbhinn Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta).

( 35 ) Féach breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C-272/19, EU:C:2020:535, mír 72).

( 36 ) Féach Cinneadh (AE) 2016/34 ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2015 maidir le coiste fiosrúcháin a chur ar bun maidir le tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí, a chumhachtaí, a ré dhigiteach agus a théarma oifige (IO 2016 L 10, lch. 13).

( 37 ) Ardaítear leis sin an cheist maidir le conas saintréithriú a dhéanamh ar fhiosrúchán Pharlaimint na hOstaire maidir le gnó “Ibizagate”, maidir le neamhrialtachtaí i ndámhachtain conarthaí poiblí; an fiosrúchán a sheol Seanad na Beilge in 1995 “maidir leis an gcoireacht eagraithe sa Bheilg a scrúdú”, nó na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag coiste fiosrúcháin Thionól Náisiúnta na Fraince ar “na cúiseanna le cailliúint ceannasachta agus neamhspleáchais fuinnimh na Fraince”.

( 38 ) Féach aithrisí 9 agus 13 de RGCS.

( 39 ) Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003 (C-465/00, C-138/01 agus C-139/01, EU:C:2003:294, míreanna 45 go 47).

( 40 ) Féach freisin breithiúnas an 15 Márta 2017, Al Chodor (C-528/15, EU:C:2017:213, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 41 ) Féach breithiúnais an 11 Eanáir 2001, Monte Arcosu (C-403/98, EU:C:2001:6, mír 28), agus an 14 Aibreán 2011, Vlaamse Dierenartsenvereniging agus Janssens (C-42/10, C-45/10, C-57/10, EU:C:2011:253, mír 48).

( 42 ) Breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile (C-645/19, EU:C:2021:483, mír 113).

( 43 ) Breithiúnas an 17 Nollaig 1970, Internationale Handelsgesellschaft (11/70, EU:C:1970:114, mír 3).

Top