EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CC0680

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar arna thabhairt ar an 2023 Márta 9.


Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:188

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SZPUNAR

arna tabhairt an 9 Márta 2023 (1)

Cás C-680/21

UL,

SA Royal Antwerp Football Club

v

Union royale belge des sociétés de football association ASBL,

páirtithe uamtha:

Union des associations européennes de football (UEFA)

(iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), an Bheilg))

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 45 CFAE – Saorghluaiseacht oibrithe – Airteagal 165 CFAE – Spórt – Rialacháin UEFA agus na cónaidhmeanna náisiúnta sacair gaolmhara – Imreoirí traenáilte sa bhaile)






I.      Réamhrá

1.        Déantar an tarchur chun réamhrialú seo, a bhaineann le léirmhíniú Airteagail 45 agus 101 CFAE, in imeachtaí a bhaineann le UL, imreoir sacair, agus Royal Antwerp Football Club (“Royal Antwerp”) agus Union royale belge des sociétés de football association (Cumann Sacair Ríoga na Beilge; “URBSFA”) agus Union des associations européennes de football (Aontas Chumainn Sacair na hEorpa; “UEFA”) chun cinneadh eadrána a neamhniú lenar diúltaíodh do chaingean le haghaidh neamhniú agus cúiteamh arna tabhairt ag UL agus Royal Antwerp i gcoinne sraith rialacha arna n‑eisiúint ag URBSFA, UEFA agus ag na cumainn náisiúnta sacair eile atá ina gcomhaltaí de.

2.        De réir mar a d’iarr an Chúirt Bhreithiúnais, tá an Tuairim seo teoranta don ghné sin den chás a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, faoi Airteagal 45 CFAE. Baineann na rialacha atá i gceist le “[h]Imreoirí traenáilte sa bhaile”, mar a thugtar orthu, is é sin le rá imreoirí ar chuir club áirithe oiliúint orthu nó ar cuireadh oiliúint orthu sa chumann sacair náisiúnta lena mbaineann an club sin. Go bunúsach, seo í an cheist: an bhfuil srian gan údar ar shaorghluaiseacht oibrithe faoi Airteagal 45 CFAE i gceist leis an gceanglas go mbeidh líon áirithe imreoirí traenáilte sa bhaile san áireamh ar liosta ábhartha.

3.        Maidir leis na forálacha atá á gconspóid, maím sa Tuairim seo go bhfuil bac orthu faoi Airteagal 45 CFAE sa mhéid (amháin) go bhfuil feidhm acu ar imreoirí nach n‑eascraíonn ón gclub sonrach atá i gceist. Níl duine ar bith ag iarraidh go mbeadh leadrán ag baint leis an sacar(2), agus is mar gheall air sin gur féidir glacadh le roinnt srianta ar an bhforáil bhunúsach seo, i mo thuairim.

II.    Fíorais, nós imeachta agus na ceisteanna arna dtarchur

A.      Na páirtithe sa díospóid

4.        Is imreoir sacair é UL, a rugadh in 1986 agus a bhfuil náisiúntacht tríú tír aige chomh maith le náisiúntacht na Beilge. Tá sé gníomhach go gairmiúil sa Bheilg le blianta fada anuas. D’imir sé le Royal Antwerp, club sacair ghairmiúil atá lonnaithe sa Bheilg, ar feadh roinnt blianta agus tá sé ag imirt anois le club sacair ghairmiúil eile sa Bheilg.

5.        Is comhlachas é UEFA atá faoi rialú dhlí na hEilvéise, atá lonnaithe in Nyon (an Eilvéis). In 1954 a bunaíodh é agus é mar chuspóir aige, inter alia, déileáil le gach ábhar a bhaineann le sacar, le maoirseacht agus le rialú a dhéanamh ar fhorbairt an tsacair de gach cineál, agus comórtais nó turnaimintí sacair idirnáisiúnta a ullmhú agus a eagrú ar leibhéal na hEorpa. 55 chumann sacair náisiúnta atá mar bhaill de, agus clubanna sacair gairmiúla mar bhaill de na comhlachais sin. Is í Chomhdháil UEFA an comhlacht uachtarach ann, comhdháil a thugann le chéile a chomhaltaí go léir. Is é an Coiste Feidhmiúcháin atá mar chomhlacht feidhmiúcháin dó, a ndéanann an Chomhdháil a chuid comhaltaí a thoghadh trí European Leagues (EL), eagraíocht atá mar chomhlachas Eilvéiseach é féin a dhéanann ionadaíocht ar 37 sraith náisiúnta ó 30 Stát éagsúil, agus tríd an Association européenne des clubs (Comhlachas na gClubanna Eorpacha; ECA), ar comhlacht é a dhéanann ionadaíocht thar ceann clubanna sacair.

6.        Comhlachas neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge is é URBSFA atá aitheanta ag an Fédération Internationale de football association (an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair; FIFA), trí UEFA, a bhfuil sé mar bhall de, agus tríd an Comité Olympique et Interfédéral Belge (Coiste Oilimpeach agus Idirchónaidhme na Beilge; “COIB”). Is é an cuspóir atá leis ná eagrú spóirt agus riaracháin an tsacair phroifisiúnta agus amaitéaraigh sa Bheilg a áirithiú agus a chur chun cinn.

B.      Na forálacha atá faoi chonspóid

1.      UEFA

7.        An 2 Feabhra 2005, ghlac Coiste Feidhmiúcháin UEFA rialacha lena gceanglaítear ar chlubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i gcomórtais idirchlub UEFA líon uasta 25 imreoir a chur ar liosta teorann do líon na foirne le haghaidh cluiche, ar gá líon íosta d’Imreoirí traenáilte sa bhaile a bheith san áireamh. Déanann UEFA sainmhíniú ar Imreoirí traenáilte sa bhaile mar imreoirí ar chuir a gclub féin oiliúint orthu ar feadh 3 bliana ar a laghad idir 15 agus 21 bhliain d’aois, nó a ndearna club eile sa chomhlachas náisiúnta céanna amhlaidh. D’fhormheas na 52 chumann ball de chuid UEFA, an URBSFA san áireamh, an riail maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile an 21 Aibreán 2005 ag Comhdháil Thaillinn. Ón séasúr sacair 2008/2009 i leith, tá ceangal faoi rialachán UEFA ar chlubanna atá cláraithe le haghaidh ceann dá chomórtais, ochtar Imreoirí traenáilte sa bhaile ar a laghad a chur san áireamh i liosta de 25 imreoir ar a mhéad. Caithfidh ar a laghad ceathrar imreoirí a bheith oilte ag an gclub atá i gceist as na hochtar imreoirí sin.

2.      URBSFA

8.        Foráiltear leis na rialacha ábhartha de chuid rialacháin chónaidhmeacha URBSFA go gcuirfidh clubanna sacair a ghlacann páirt i rannáin sacair ghairmiúil 1A agus 1B liostaí isteach ina bhfuil liosta uasta de 25 imreoir iontu, agus nach mór ochtar imreoirí ar a laghad atá oilte ag clubanna Beilgeacha a bheith san áireamh (is é sin le rá, imreoirí atá cleamhnaithe le club Beilgeach ar feadh trí shéasúr iomlána ar a laghad roimh a 23ú lá breithe). Ina theannta sin, ní mór go mbeidh, ar a laghad, triúir imreoirí de chuid an ochtair sin a bheith cleamhnaithe le club Beilgeach ar feadh trí shéasúr ar a laghad roimh a 21ú lá breithe.(3)

9.        Ina theannta sin, maidir le liosta na scuaide cluiche, ní mór do chlubanna imreoirí ar an liosta thuasluaite a roghnú agus ní mór go n‑áireofar seisear imreoirí iontu ar a laghad a bhí cleamhnaithe le trí shéasúr iomlána ar a laghad roimh a 23ú lá breithe, agus beirt acu sin a bhí cleamhnaithe amhlaidh roimh a 21ú lá breithe.(4)

10.      Sa dá chás, mura gcomhlíontar na tairseacha íosta sin, ní féidir imreoirí nach gcomhlíonann na coinníollacha ábhartha a chur in ionad na n-imreoirí sin.

C.      Na príomhimeachtaí

11.      An 13 Feabhra 2020, thug UL caingean os comhair Cour belge d’arbitrage pour le sport (Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge, an Bheilg), ag iarraidh, inter alia, go ndéanfaí dearbhú i leith neamhdhleathacht na rialacha le hImreoirí traenáilte sa bhaile, arna gcur i bhfeidhm ag UEFA agus ag URBSFA, ar an bhforas gur sáraíodh Airteagal 45 CFAE (5) leo, agus ag iarraidh cúiteamh gaolmhar as an damáiste a rinneadh do UL. Ina dhiaidh sin rinne Royal Antwerp idiragairt dheonach sna himeachtaí, ag iarraidh cúitimh as an damáiste a rinneadh faoi na rialacha sin freisin. Ní raibh UEFA ina pháirtí sna himeachtaí eadrána.

12.      Le cinneadh eadrána a rinneadh an 10 Iúil 2020, chinn Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge go raibh na héilimh sin do‑ghlactha a mhéid a bhain siad leis na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile a chuir UEFA i bhfeidhm, agus go raibh siad inghlactha ach gan bhunús a mhéid a bhain siad leis na rialacha a chuir URBSFA i bhfeidhm.

13.      Maidir leis na rialacha a chuir URBSFA i bhfeidhm, mheas Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge, go substaintiúil, nár sáraíodh saorghluaiseacht oibrithe leo ‑ rud a ráthaítear le hAirteagal 45 CFAE ‑ ar an bhforas go raibh feidhm gan staonadh acu, nár eascair aon idirdhealú astu ar bhonn náisiúntachta, agus go raibh údar leo, in aon chás, de bharr cuspóirí dlisteanacha agus nach raibh siad díréireach leo. (6)

14.      Mar thoradh air sin, dhiúltaigh Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge do na héilimh ar chúiteamh ó UL agus ó Royal Antwerp.

15.      An 1 Meán Fómhair 2020, thug UL agus Royal Antwerp caingean os comhair Tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), an Bheilg) chun an cinneadh eadrána a neamhniú ar an bhforas gur sáraíodh an beartas poiblí leis, i gcomhréir le hAirteagal 1717 de Chód Breithiúnach na Beilge.

16.      Mar thaca lena n‑éilimh, áitíonn siad, go substaintiúil, go sáraítear saorghluaiseacht oibrithe faoi Airteagal 45 CFAE leis na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile ó UEFA agus URBSFA sa mhéid atá na rialacha sin mar shrian ar an bhféidearthacht go n‑earcódh club sacair ghairmiúil amhail Royal Antwerp imreoirí nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach maidir le fréamhacha áitiúla nó náisiúnta nó go gcuirfidh an club chun páirce iad, agus sa mhéid atá siad mar shrian ar an bhféidearthacht go mbeidh a leithéid d’imreoir is UL earcaithe ag club nach bhfuil sé in ann a bheith ag brath ar fhréamhacha den sórt sin ina leith, nó go gcuirfidh a leithéid de chlub chun páirce é.

17.      An 9 Samhain 2021, chuir UEFA iarratas isteach ar idirghabháil dheonach sna himeachtaí, a dearbhaíodh a bheith do‑ghlactha le breithiúnas a tugadh an 26 Samhain 2021.

18.      San iarraidh ar réamhrialú, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ar an gcéad dul síos, gurb éard a bhí mar bhonn leis an gcinneadh eadrána a n‑iarrtar uirthi é a chur ar neamhní ná (i) do‑ghlacthacht pháirteach éilimh UL agus Royal Antwerp, agus an diúltú don chuid eile de na héilimh sin toisc iad a bheith gan bhunús, agus (ii) léiriú agus cur i bhfeidhm dhá fhoráil de dhlí an Aontais, eadhon Airteagail 45 agus 101 CFAE, a bhféadfadh a neamhchomhlíonadh a bheith mar shárú ar bheartas poiblí de réir bhrí Airteagal 1717 de Chód Breithiúnach na Beilge, ag féachaint don nádúr a ghabhann leo agus do chásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais.

19.      Sa dara háit, measann an chúirt a rinne an tarchur gur gá di, chun a bheith in ann breithiúnas a thabhairt, soiléiriú a fháil ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le léirmhíniú ar Airteagail 45 agus 101 CFAE. Cuireann an chúirt sin ceist i leith thionchar sriantach na rialacha sin ar shaorghluaiseacht oibrithe agus ar an iomaíocht, agus ceist i leith bonn cirt a bheith leo nó iad a bheith leordhóthanach, riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí a shaothraíonn siad. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an chúirt, inter alia, do phreaseisiúint arna foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach agus do staidéar a rinneadh thar ceann na hinstitiúide sin, arb éard a eascraíonn astu ná (i) go bhfuil éifeachtaí sriantacha ag na rialacha sin nó gur dócha go mbeidh éifeachtaí sriantacha acu ar shaorghluaiseacht oibrithe agus (ii) gur faoi réir mionscrúdaithe atá an cheist an bhfuil na héifeachtaí sin comhréireach leis na tairbhí an‑teoranta a eascraíonn astu, ag féachaint do na bearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach agus a bhfuil an chuma orthu gur féidir iad a ghlacadh, go háirithe faoi chuimsiú imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag an institiúid sin. (7)

D.      Na ceisteanna a tharchuirtear

20.      Is sa chomhthéacs sin a tharchuir Tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis)) na ceisteanna seo a leanas le haghaidh réamhrialú, trí ordú an 15 Deireadh Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 11 Samhain 2021:

“(1)      Maidir le hAirteagal 101 CFAE, an gá léiriú a dhéanamh air amhail go gcuirtear cosc ar an bplean a bhaineann le “[h]Imreoirí traenáilte sa bhaile” a ghlac Coiste Feidhmiúcháin UEFA an 2 Feabhra 2005, arna fhormheas ag 52 bhallchumann UEFA ag Comhdháil Thaillinn an 21 Aibreán 2005 agus arna chur chun feidhme trí bhíthin rialacháin arna nglacadh ag UEFA agus ag na cónaidhmeanna dá chuid?

(2)      Maidir le hAirteagail 45 agus 101 CFAE, an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le himreoirí arna n‑oiliúint go háitiúil a áireamh ar liosta na scuaide cluiche agus a chur chun páirce, arna gcur ar bhonn foirmiúil le hAirteagal P335.11 agus le hAirteagal P.1422 de rialachán feidearálach URBSFA agus arna n‑atáirgeadh in Airteagal B4.1[12] de Theideal 4 agus in Airteagal B6.109 de Theideal 6 de Rialachán nua URBSFA?”

21.      Thaisc UL, Royal Antwerp, URBSFA, UEFA, Rialtais na Beilge, na Gréige, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine agus na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn. Ghlac UL, Royal Antwerp, URBSFA, UEFA, , Rialtais na Polainne, na Rómáine, na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach páirt san éisteacht a reáchtáladh an 15 Samhain 2022.

III. Measúnú

22.      Féachann an chúirt a rinne an tarchur treoracha a fháil maidir le comhoiriúnacht na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile de chuid UEFA (ceist 1) agus de chuid URBSFA (ceist 2) le dlí an Aontais. Murab ionann agus ceist 2, ní dhéantar tagairt d’Airteagal 45 CFAE sa chéad cheist.

23.      Is faoin Tuairim seo atá sé scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil Airteagal 45 CFAE le léirmhíniú amhail go gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm rialacha cosúil leo siúd atá sa rialachán is ábhartha de chuid URBSFA, a bhaineann le himreoirí arna n‑oiliúint go háitiúil a chuimsiú ar liosta na scuaide cluiche agus a chur chun páirce. Ós rud é go bhfuil an rialachán URBSFA sin bunaithe go mór ar rialacha UEFA, scrúdóidh mé an dara ceann sa Tuairim seo freisin.

24.      Trína cuid ceisteanna, féachann an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach lena fháil amach an bhfuil Airteagal 45 CFAE le léirmhíniú mar chosc ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile, arna nglacadh ag UEFA agus ag URBSFA.

A.      Inghlacthacht

25.      Deir URBSFA gur cheart diúltú don dá cheist toisc iad a bheith do‑ghlactha ar an bhforas nach bhfuil aon baint acu leis na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí agus toisc iad a bheith hipitéiseach. Thairis sin, maíonn sé nach bhfuil i gceist leis an díospóid sna príomhimeachtaí ach ábhar intíre, i bhfianaise náisiúntacht UL, áit bhunaithe Royal Antwerp, agus raon feidhme críochach na rialacha atá i gceist, agus ní iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur ach cinneadh a thabhairt inter partes.

26.      Measann UEFA nach mór diúltú do na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú toisc iad a bheith do‑ghlactha ar an bhforas nár leag an chúirt a rinne an tarchur amach an comhthéacs fíorasach agus dlíthiúil inar tharraing sí anuas iad ar bhealach leordhóthanach, go sonrach cé hiad na cumainn sacair náisiúnta éagsúla a thug isteach rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile agus ábhar féin na rialacha éagsúla sin. Thairis sin, níor shuigh an chúirt sin gur díospóid thrasnáisiúnta í an díospóid sna príomhimeachtaí. Ina theannta sin, ós rud é gur glacadh an cinneadh tagairt a dhéanamh le haghaidh réamhrialú sular tugadh éisteacht do UEFA, ní raibh UEFA in ann a chuid cearta a dhearbhú ar toisc cúlra fíorasach agus dlíthiúil an cháis a bheith leagtha amach ar bealach nach raibh beacht agus mionsonraithe a dhóthain.

27.      Ar an gcaoi chéanna, comhaontaíonn Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún le URBSFA agus UEFA go gcuireadh an cheist maidir le léirmhíniú Airteagal 45 CFAE ní amháin in éagmais aon eilimint eachtrach ‑ is é sin le rá, seachtrach ‑ sna príomhimeachtaí, ach freisin in éagmais aon nod ón gcúirt a rinne an tarchur go gcomhlíonann an léiriú sin riachtanas bunúsach i réiteach na n‑imeachtaí seachas gur díospóid intíre amach is amach í.

28.      Cé go dtuigim na hábhair imní a thuairiscítear sna pointí roimhe seo(8), measaim go bhfuil na ceisteanna sa chás atá i gceist inghlactha.

29.      Is é an túsphointe chun measúnú a dhéanamh ar agóid nach bhfuil cás inghlactha toisc ábhar intíre a bheith líomhnaithe a bheith i gceist leis amach is amach ná breithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Ullens de Schooten(9), inar ndearna an Chúirt Bhreithiúnais achoimre agus aicmiú slachtmhar ar na ceithre chás ina mbíonn cásanna a d’eascair as staideanna atá intíre ina n‑iomláine fós inghlactha le haghaidh réamhrialú. Bíonn ceann de na staideanna sin ann nuair a fhéadfadh suim a bheith ag náisiúnaigh atá bunaithe i mBallstáit eile, nó nuair a bhfhéadfadh sé go raibh suim acu, in úsáid a bhaint as an tsaoirse atá i gceist chun gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit a d’achtaigh an reachtaíocht náisiúnta i dtrácht agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an reachtaíocht, a bhí infheidhme gan staonadh ar náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin agus ar náisiúnaigh na mBallstát eile, nach raibh teoranta don Bhallstát sin.(10) I ndáil leis sin, d’fhéadfadh sé go gcuirtear imreoirí sacair atá bunaithe i mBallstáit eile ó rochtain a fháil ar mhargadh na Beilge leis na forálacha atá i gceist.

30.      Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil inniúlacht na cúirte a rinne an tarchur in casu teoranta don chinneadh ar sáraíodh beartas poiblí leis an gcinneadh eadrána. De réir an tsainmhínithe, ní mór don chúirt a rinne an tarchur dul thar fhíorais shonracha an cháis seo ina measúnú, ós rud é go sáraítear cásanna aonair le cúinsí an bheartais phoiblí.

31.      Thairis sin, ba cheart a mheabhrú nach díospóid idir UL agus Royal Antwerp atá mar ábhar don chás seo ar an leibhéal náisiúnta, ach forálacha conspóideacha UEFA agus URBSFA. Níl staid hipitéiseach i gceist leis an iarratas atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur chun cinneadh eadrána a chur ar ceal. Tá an cinneadh eadrána sin bunaithe ar léirmhíniú agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 45 CFAE (11) ag Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge. Deir an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sé d’oibleagáid uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar bhailíocht an léirmhínithe agus an chur i bhfeidhm sin d’fhonn a chinneadh an bhfuil an cinneadh eadrána contrártha leis an mbeartas poiblí. Dá bhrí sin, chuir Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge Airteagal 45 CFAE i bhfeidhm ar bhealach a chothaíonn amhras in intinn na cúirte a rinne an tarchur. Ní iarrtar ar Chúirt Eadrána Spóirt na Beilge, agus dá réir sin ní iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur, cás sonrach UL a mheas. De rogha air sin, d’iarr UL, ar thug Royal Antwerp tacaíocht dó ina dhiaidh sin, dearbhú go raibh na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile arna gcur i bhfeidhm ag UEFA agus ag URBSFA neamhdhleathach ar an bhforas go sáraítear dlí AE leo. Agus í ag breithniú ar cheart an cinneadh eadrána a chur ar leataobh ós rud é nár aimsíodh aon sárú ar dhlí an Aontais, is é cúram na cúirte a rinne an tarchur ná scrúdú a dhéanamh ar na forálacha atá á gconspóid ina n‑iomláine agus go ginearálta.

32.      Ar deireadh, maidir le háitiú UEFA nár tugadh éisteacht dó sular glacadh an cinneadh an cheist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, is leor a rá nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé, de bhun a cásdlí, a chinneadh ar glacadh an cinneadh lena dtugtar ábhar os a comhair i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta lena rialaítear eagrú na gcúirteanna agus a nós imeachta.(12)

33.      Mar thoradh air sin, molaim don Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur a mheas mar ábhar inghlactha.

B.      Substaint an cháis

34.      De réir Airteagal 45 CFAE, áiritheofar saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas.

35.      Tagann gníomhaíochtaí spóirt atá mar chuid den saol eacnamaíoch faoi shaoirsí bunúsacha an Chonartha (13) rud a thugann le tuiscint go bhfuil imreoirí sacair gairmiúla atá ag tabhairt faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch le haicmiú mar “oibrithe” chun críocha Airteagal 45 CFAE.(14)

36.      Maidir leo siúd atá faoi cheangal ag Airteagal 45 CFAE, tá sé bunaithe go maith freisin go bhfuil feidhm ag an bhforáil seo ar eintitis phríobháideacha amhail UEFA agus URBSFA a rialaíonn fostaíocht shochrach ar bhealach comhchoiteann.(15)

1.      Na forálacha atá á gconspóid

37.      Ag an bpointe seo, measaim go bhfuil sé cabhrach na forálacha atá á gconspóid a achoimriú.

38.      De réir rialachán UEFA, is éard atá i gceist le hImreoirí traenáilte sa bhaile ná imreoirí ar chuir a gclub féin oiliúint orthu ar feadh 3 bliana ar a laghad idir 15 agus 21 bhliain d’aois, nó a ndearna club eile sa chomhlachas náisiúnta céanna amhlaidh, gan beann ar náisiúntacht an imreora sin. Thairis sin, de réir rialachán UEFA, ní mór go gcuirfidh clubanna atá cláraithe do chomórtas UEFA (16) ochtar Imreoirí traenáilte sa bhaile ar a laghad san áireamh ar liosta de 25 imreoir ar a mhéad. Ní mór do cheathrar de na himreoirí sin a bheith oilte ag an gclub atá i gceist.

39.      Faoi rialacha URBSFA, ní mór do na clubanna atá cláraithe le haghaidh comórtais laistigh de dhlínse URBSFA íosmhéid d’ochtar imreoirí a d’imir leis an gclub nó le club Beilgeach eile ar feadh trí shéasúr ar a laghad faoi 23 bliana d’aois (ar áirítear, leis an ochtar sin, triúr a rinne amhlaidh faoi 21 bliain d’aois), a chur ar liosta de 25 imreoir ar a mhéad. Ina theannta sin, maidir le liosta na scuaide cluiche, ní mór do chlubanna imreoirí ar an liosta thuasluaite a roghnú agus ní mór go n‑áireofar seisear imreoirí iontu ar a laghad a bhí cleamhnaithe le trí shéasúr iomlána ar a laghad roimh a 23ú lá breithe, agus beirt acu sin a bhí cleamhnaithe amhlaidh roimh a 21ú lá breithe.

40.      Sa dá chás (UEFA agus URBSFA), mura gcomhlíontar tairseacha íosta, ní féidir imreoirí nach gcomhlíonann na coinníollacha ábhartha a chur in ionad na n‑imreoirí sin.

2.      Srian

41.      Anois, déanfaidh mé scrúdú le fáil amach an ionann na forálacha atá faoi chonspóid agus srian ar Airteagal 45 CFAE.

42.      Measann UL agus Royal Antwerp chomh maith leis an gCoimisiún (17) ní amháin go ndéantar difear do shaorghluaiseacht oibrithe san Aontas leis na forálacha atá á gconspóid ach chomh maith leis sin go bhfuil idirdhealú indíreach de bhonn náisiúntacht i gceist leo. Os a choinne sin, maíonn UEFA agus URBSFA ní hamháin go bhfuil feidhm gan staonadh ag na forálacha atá i gceist ar aon imreoir, gan beann ar a náisiúntacht, ach nach bhfuil siad ina gconstaic ar shaorghluaiseacht imreoirí freisin.

43.      Maím gur dócha go gcruthófar idirdhealú indíreach in aghaidh náisiúnaigh de chuid na mBallstát eile leis na forálacha atá á gconspóid. Dá óige an t‑imreoir, is mó seans go bhfuil cónaí air ina áit dúchais féin. Is amhlaidh atá an saol.(18)      Dá bhrí sin, is cinnte gurb ar imreoirí ó Bhallstáit eile a bheidh tionchar diúltach faoi na rialacha atá á gconspóid.

44.      Is éard atá i gceist leis na forálacha atá á gconspóid, go héifeachtach, ná ceanglas nach bhfuil aon duine in ann a chomhlíonadh ach iad siúd a bhí i láthair in áit áirithe. Is cinneadh seasta de chuid na Cúirte Breithiúnais é gur dócha go n‑oibreoidh rialacha náisiúnta, faoina dtarraingítear idirdhealú ar bhonn cónaithe, chun aimhleasa náisiúnaigh ó na Ballstát eile den chuid is mó, ós rud é gurb eachtrannaigh iad neamhchónaitheoirí i bhformhór na gcásanna.(19) Ar an gcaoi chéanna, is cinneadh seasta de chuid na Cúirte Breithiúnais gur srian indíreach idirdhealaitheach ar shaorghluaiseacht oibrithe iad na ceanglais cháilíochta i leith gairmeacha áirithe a shaothrú.(20) Is dócha go gcuirfidh na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile isteach ar an bhféidearthacht d’imreoirí ar saoránaigh den Aontas iad club i mBallstát amháin a fhágáil go héasca chun dul go club i mBallstát eile. Cé go bhfuil an fhoclaíocht neodrach iontu, tugtar buntáiste d’imreoirí áitiúla thar imreoirí ó Bhallstáit eile leis na forálacha atá á gconspóid.(21)

45.      In aon chás, fiú dá ndearbhófaí nach bhfuil na forálacha atá á gconspóid idirdhealaitheach go hindíreach, quod non, is cinnte gurb ionann iad agus srian (simplí) ar shaorghluaiseacht imreoirí sacair. I ndáil leis an méid sin, meabhraím gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil “constaic ar shaorghluaiseacht d’oibrithe” i gceist le rialacha lena gcuirtear cosc ar chlub cispheile imreoirí ó Bhallstáit eile a chur i gcluichí sa chraobh náisiúnta, i gcás inar tharla an t-aistriú tar éis dáta ar leith.(22)

46.      Ba mhaith liom a lua go fánach nach bhfuil baint ag sainmhíniú Imreoirí traenáilte sa bhaile arna roghnú ag UEFA agus URBFSA, ar Imreoirí traenáilte sa bhaile iad imreoirí a thagann ó chlub ar leith agus imreoirí a thagann ón tsraith náisiúnta lena mbaineann freisin, dá réir, leis an srian a mheas. Sa dá chás, ní féidir le ochtar imreoirí teacht ó chlub i mBallstát eile, ach is féidir le 17 n-imreoir. Mar sin féin, bíonn an t-idirdhealú idir imreoirí de chuid an chlub agus imreoirí de chuid na sraithe céanna ábhartha nuair a bhíonn comhréireacht na bhforálacha atá á gconspóid á cinneadh.

3.      Réasúnú

47.      Ní féidir údar a thabhairt le srian ar shaorghluaiseacht oibrithe mura bhfónann sé, ar an gcéad dul síos, do cheann de na forais údair a liostaítear in Airteagal 45(3) CFAE (23) nó do chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail (24) agus, sa dara háit, mura gcloíonn sé le prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn go bhfuil sé oiriúnach chun a áirithiú, ar bhealach comhsheasmhach córasach, go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.(25)

(a)    Airteagal 165 CFAE

48.      Ós rud é go mbíonn páirtithe éagsúla sna himeachtaí ag brath ar Airteagal 165 CFAE le linn a n-aighneachtaí agus ar bhealach flaithiúil, tá roinnt barúlacha ar an bhforáil seo oiriúnach ag an bpointe seo d’anailís an dlí.

49.      In Airteagal 165 CFAE, atá anois sna Conarthaí trí Chonradh Liospóin(26), pléitear le trí shaincheist ar leith, a bhfuil baint acu le chéile: oideachas, an óige agus spórt. Tá sé struchtúraithe ina cheithre mhír. Leagtar amach cuspóir ginearálta agus réasúnaíocht na forála, eadhon go rannchuideodh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus don fheidhm shóisialta, oideachasúil a ghabhann leis. Ina dhiaidh sin, sonraítear i mír 2 cad é go díreach is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais — ar aidhm nach féidir easaontú leis: (27) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir comhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint. Leagtar béim i mír 3 ar a thábhachta atá sé comhar a chothú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe le Comhairle na hEorpa.(28) Mar ábhar deiridh rí‑thábhachtach, ceadaítear le mír 4 d’institiúidí polaitiúla an Aontais(29), “i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach”, “bearta dreasachta a ghlacadh, gan aon chomhchuibhiú a áireamh”(30), agus ceadaítear don Chomhairle (agus don Chomhairle amháin), ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh.

(1)    Léiriú litriúil

50.      Is léir go díreach an méid seo a leanas cheana féin ó fhoclaíocht Airteagal 165 CFAE.

51.      Ar an gcéad dul síos, dírítear an fhoráil seo chuig an Aontas agus ní chuig na Ballstáit ná chuig eintitis phoiblí eile, gan trácht ar chinn phríobháideacha. Ar an dara dul síos, is iondúil an fhoclaíocht a úsáidtear (“ranníocaíocht”, “cur chun cinn”, “forbairt”, “comhar”) a fheiceáil sa dlí bog. Ar an tríú dul síos, cumhdaítear spóirt ghairmiúla agus spóirt áineasa araon le hAirteagal 165 CFAE, is cuma cé acu i gclubanna nó ina n-aonar a chleachtar iad.(31) Ar an gceathrú dul síos, cé go dtagraítear san fhoráil don ghnáthnós imeachta reachtach, níl Airteagal 165(4) CFAE ina bhunús dlí faoinar féidir cead a thabhairt do na hinstitiúidí polaitiúla gníomhartha atá ceangailteach de réir dlí a ghlacadh de réir bhrí Airteagal 288 CFAE (32). Dá bhrí sin, níl aon amhras ach gur “bonn dlí bréagach” é Airteagal 165(4) agus is gnách an cás sin d’ábhar a thugtar faoi réimse bheartas AE gan na Ballstáit ina gcáil mar mháistrí ar na Conarthaí a bheith toilteanach aon chumhachtaí reachtacha gaolmhara a thabhairt don Aontas. Tá an ghné dheireanach sin, mar a tharlaíonn sé, léirithe cheana féin in Airteagal 2(5) agus Airteagal 6(e) CFAE: i réimse an spóirt, ní inniúlacht reachtach í “inniúlacht” an Aontais ach inniúlacht atá teoranta do “g[h]níomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh”.(33)

(2)    Léiriú sistéamach agus teileolaíoch

52.      Maidir le háit Airteagal 165 CFAE laistigh de struchtúr Chonradh FAE, ba cheart a thabhairt faoi deara, ós rud é go bhfuil sé lonnaithe i gCuid a Trí, Teideal XII de Chonradh FAE(34), tagann sé i measc gach réimse eile de bheartas an Aontais.

53.      Is féidir linn na heilimintí seo a leanas a bhaint mar thátal as an méid sin.

54.      Ar an gcéad dul síos, ní foráil le feidhm ghinearálta í Airteagal 165 CFAE de réir bhrí Chuid a hAon, Teideal II de Chonradh FAE.(35) Ar an dara dul síos, ní dhéanann UEFA agus URBSFA beartas de chuid an Aontais a shaothrú ná a chur chun feidhme i gcáil comhlachtaí príobháideacha, a mhéid a rialaíonn siad fostaíocht shochrach ar bhealach comhchoiteann. Baineann a leithéid de ghníomhaíocht le reachtas an Aontais (agus leo siúd a dhéanann dlí tánaisteach a thrasuí, a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme). Ina ionad sin, féachann UEFA agus URBSFA le brath ar chuspóir beartais phoiblí chun údar a thabhairt le srian ar shaoirse bhunúsach. Maidir leis an gcás atá i gceist, ní hea go bhfuil siad inchomparáide ó thaobh feidhme de le hinstitiúid AE a ghníomhaíonn (36) ar bhonn Airteagal 165 CFAE, ach le Ballstát atá ag iarraidh údar a thabhairt le srian ar shaoirse bhunúsach. Is é sin le rá, is éard atá sa chás seo ná comhtháthú diúltach ina bhfuil sé beartaithe ag eintiteas srian a chur le saoirse bhunúsach d’fhonn beartas eile níos airde tosaíochta dó a chur chun cinn. Tarlaíonn sé go dtagann an polasaí eile faoi réimse an spóirt. Ar an tríú dul síos, ní faoi UEFA ná faoi URBSFA atá sé gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a chur chun feidhme faoi Airteagal 165 CFAE. Comhlachtaí príobháideacha a fheidhmíonn feidhmeanna eacnamaíocha is ea iad, chomh maith le feidhmeanna rialála. Ar an gceathrú dul síos, is cinnte go bhfuil sé de shaoirse ag institiúidí polaitiúla an Aontais Eorpaigh Samhail Eorpach Spóirt a fhógairt (37) — os ea gurb iad oiliúnaí na heagna — ar bhonn Airteagal 165 CFAE nó ní eile. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, go ndéantar na feidhmeanna atá ar institiúidí AE a sheachfhoinsiú ar bhealach amháin nó ar bhealach eile chuig UEFA nó chuig URBSFA. Ar an gcúigiú dul síos, ní féidir saoirse iomlán a thabhairt do UEFA nó do URBSFA chun críocha srianta ar shaoirse bhunúsach Airteagal 45 CFAE trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 165 CFAE. Ní mór srianta ar an tsaoirse bhunúsach sin arna gcur i bhfeidhm ag eintitis amhail UEFA agus URBSFA a mheas cosúil le gach srian eile, de réir na bprionsabal is iondúil.

(3)    Baint leis an gcás atá i gceist

55.      Ní hionann an méid thuas ar fad agus a rá go bhfuil stádas dlí Airteagal 165 CFAE chomh teoranta sin (38) nach bhfuil baint ar bith aige leis an gcás atá i gceist. Go deimhin, tá an fhoráil sin ina cabhair ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, chun bonn cirt a shainaithint le haghaidh srian ar Airteagal 45 CFAE, rud a thugtar cúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail air, agus ar an dara dul síos, mar léiriú ar a bhfuil inghlactha san Aontas agus ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann leis an tástáil chomhréireachta a dhéanamh.(39) Ina theannta sin, sin é go díreach a bhfuil déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais san am a caitheadh.(40)

(b)    Cúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail a shainaithint

56.      Go bunúsach, déanann UEFA agus URBSFA dhá chúis sháraitheacha ar leith a bhaineann le leas an phobail a agairt: oiliúint agus earcú a spreagadh d’imreoirí óga agus an chothromaíocht iomaíoch a fheabhsú idir foirne i gcomórtais chlub UEFA agus i gcomórtais náisiúnta. Leis na cúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leasanna an phobail a agraítear, áirítear cosaint na n-imreoirí óga, a mhéid is ceart a dtimpeallacht shóisialta agus teaghlaigh a chothabháil agus réabadh ina ngnáthoideachas a sheachaint.

57.      Ba cheart a thabhairt faoi deara i ndáil leis sin go ndealraíonn sé go dtoimhdíonn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina bhféachann eintitis amhail UEFA agus URBSFA atá faoi cheangal ag Airteagal 45 CFAE le brath ar fhorais chun údar a thabhairt le srian, nach ndéantar aon difríocht do raon feidhme ná d’ábhar na bhforas sin le nádúr poiblí nó príobháideach na bhforálacha atá á gconspóid.(41)

58.      Is féidir liom glacadh leis an ráiteas seo agus tuigim an leas ginearálta a bhaineann le córas aonfhoirmeach a choinneáil ar bun maidir le hAirteagal 45 CFAE beag beann ar cibé acu a thagann srianta ó chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha. Mar sin féin, ní mór a mheabhrú — murab ionann agus Ballstát mar eintiteas poiblí — saothraíonn eintitis phríobháideacha amhail UEFA nó URBSFA, i gcomhréir lena gcuspóirí faoi seach, cuspóirí de chineál eacnamaíoch.(42) Féadfaidh na cuspóirí sin a bheith ag teacht salach ar chuspóirí poiblí in amanna. Thairis sin, feidhmíonn UEFA agus URBSFA feidhmeanna rialála agus eacnamaíocha araon. Ós rud é nach bhfuil na feidhmeanna sin scartha óna chéile, caithfidh go dtiocfaidh coinbhleachtaí leasa chun cinn. Is é sin le rá, ní bheadh ciall ar bith ag UEFA agus URBSFA dá ndéanfaidís iarracht cuspóirí poiblí a chur chun cinn a bhí go díreach i gcoinne a gcuid leasanna tráchtála.

59.      Nuair a fhéachann Ballstáit le bonn cirt a thabhairt le srianta ar shaoirse bhunúsach, tá toimhde ann gur mian leo freastal ar leas an phobail a chur chun cinn seachas leas an mhargaidh inmheánaigh. Ní amhlaidh an cás d’eintiteas príobháideach agus ba cheart é sin a choinneáil i gcuimhne san anailís a leanann. Is ar an gcúis sin is fearr liom na téarmaí a d’úsáid an Chúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas in Angonese, ina bpléitear “aidhm atá á saothrú go dlisteanach”(43), gan a shonrú go gcaithfidh a leithéid d’aidhm a bheith ar mhaithe le leas an phobail. Agus dá bharr sin is tábhachtaí fós an ghné maidir le leas an phobail a scrúdú sna cúiseanna sáraitheacha a d’agair UEFA agus URBSFA.

60.      Maidir leis an spórt gairmiúil, bhí deis ag an gCúirt Bhreithiúnais cheana féin chun a dhearbhú, i bhfianaise na tábhachta sóisialta suntasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí spóirt agus go háirithe le sacar san Aontas Eorpach, nach mór glacadh leis go bhfuil an cuspóir earcú agus oiliúint imreoirí óga a spreagadh dlisteanach.(44) Is amhlaidh an cás maidir leis an aidhm cothromaíocht a choinneáil idir clubanna trí leibhéal áirithe comhionannais agus éiginnteachta a chaomhnú maidir le torthaí. (45)

(c)    Comhréireacht

61.      Ina theannta sin, ní mór do na forálacha atá á gconspóid prionsabal na comhréireachta a urramú, rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith oiriúnach chun a áirithiú, ar bhealach comhsheasmhach córasach, go mbainfear amach na cuspóirí atá á saothrú agus nach rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun iad a bhaint amach. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na bhforálacha atá á gconspóid. I ndáil leis sin, is ar UEFA agus ar URBSFA atá an dualgas cruthúnais maidir le comhréireacht rialacha Imreoirí traenáilte sa bhaile.

62.      De bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil don Chúirt Bhreithiúnais agus aighneachtaí na bpáirtithe éagsúla, measaim go bhfuil neart eolas ag an gCúirt Bhreithiúnais chun treoir a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur maidir leis an tástáil chomhréireachta.

63.      Léireofar go bhfuil údar le roinnt srianta.

64.      Ar leibhéal ginearálta, mar atá luaite i litríocht an dlí, “Tá éifeacht eacnamaíoch ag rialacha spóirt. Ach gan roinnt rialacha bunúsacha ní bheadh aon spórt ann”.(46) Braitheann margaí sonracha an spóirt iomaíoch ar iomaitheoirí a bheith ann. Mura mbeadh aon srianta ann, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air sin go dtarlódh a leithéid de rud agus cás ina mbeadh club amháin, a bheadh in ann gach imreoir a cheannach, bunaithe de facto amhail nach féidir le clubanna eile cluiche a bhuachan ina aghaidh a thuilleadh. Bheadh sé ina trua dá mbeadh Wisła Kraków, cuirim i gcás, bunaithe amhail go mbeadh sé i gceannas ar shraith na Polainne ina hiomláine. Bheadh cuid den mhealladh imithe ón “gcluiche álainn”.

(1)    Oiriúnacht

65.      Ní mór do na forálacha atá á gconspóid a bheith oiriúnach chun na cúiseanna sáraitheacha airbheartaithe a bhaineann le leas an phobail a bhaint amach, is é sin le rá, ní mór rialacha Imreoirí traenáilte sa bhaile a bheith oiriúnach chun oiliúint agus earcú imreoirí óga a spreagadh agus chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht iomaíoch idir foirne i gcomórtais chlub UEFA agus i gcomórtais náisiúnta.

(i)    Oiliúint agus earcú imreoirí óga

66.      Tá na forálacha atá á gconspóid oiriúnach, de réir sainmhínithe, chun an cuspóir a bhaint amach maidir le hoiliúint agus earcú imreoirí óga, mar atá aitheanta ag Royal Antwerp freisin thairis sin.(47)

67.      Mar sin féin, tá amhras áirithe orm faoi chomhleanúnachas ginearálta na bhforálacha atá á gconspóid, maidir leis an sainmhíniú ar Imreoirí traenáilte sa bhaile. Más rud é, mar is amhlaidh le rialacha UEFA agus URBSFA araon, ní hamháin gur Imreoir traenáilte sa bhaile é an t‑imreoir atá oilte ag an gclub féin, ach an t‑imreoir atá oilte ag club eile sa tsraith náisiúnta freisin, n’fheadar an bhfuil na forálacha atá á gconspóid i ndáiríre fabhrach chun cuspóir maidir le hoiliúint a bheith curtha ar imreoirí óga ag clubanna a bhaint amach. Tugaim faoi deara, i dtaca leis seo, de réir rialacha UEFA, go gcaithfidh ar a laghad leath (i.e. ceathrar) de na hImreoirí traenáilte sa bhaile a bheith oilte ag an gclub atá i gceist. Tá an méid seo mar mhaolú ar an ábhar seo, ach ní théann sé i ngleic leis an mbunfhadhb, eadhon an sainmhíniú ar Imreoir traenáilte sa bhaile.

68.      Is léir go neartaíonn na hamhrais seo más mórshraith í an tsraith náisiúnta atá i gceist, agus sin an fáth gur dealraitheach dom go n-ardaíonn rialacha UEFA níos mó ceisteanna ná rialacha URBSFA, ar cheann de na sraitheanna níos lú í. Más féidir le club i mórshraith náisiúnta suas le leath de na hImreoirí traenáilte sa bhaile “a cheannach”, chuirfí isteach ar an gcuspóir go spreagfaí an club sin chun oiliúint a chur ar imreoirí óga.

69.      Mar thoradh air sin, cé go gceapaim go bhfuil údar maith leis an gceanglas líon réamhshainithe Imreoirí traenáilte sa bhaile a chur san áireamh ar liosta, ní fheictear dom cad chuige — ó thaobh na hoiliúna de — a dhéanfaí an sainmhíniú ar Imreoirí traenáilte sa bhaile leathnú ionas go n‑áireofaí imreoirí lasmuigh de chlub ar leith, ach taobh istigh den tsraith náisiúnta lena mbaineann.(48)

(ii) Feabhas a chur ar chothromaíocht iomaíoch na bhfoirne

70.      Baineann na pointí sin leis an gcuspóir maidir le feabhas a chur ar chothromaíocht iomaíoch na bhfoirne. Má tá sé d’oibleagáid ar gach club, faoi na forálacha atá á gconspóid, oiliúint a chur ar dhaoine óga, is dócha go dtiocfaidh neartú ar chothromaíocht iomaíoch na bhfoirne. Arís, cuirtear isteach ar an aidhm seo sa mhéid is gur féidir le clubanna úsáid a bhaint as Imreoirí traenáilte sa bhaile ó chlubanna eile sa tsraith chéanna.

(iii) Conclúid

71.      Mar chonclúid, níl na forálacha atá á gconspóid comhleanúnach agus dá bhrí sin níl siad oiriúnach chun na cuspóirí maidir le hoiliúint a chur ar imreoirí óga agus an cothromaíocht iomaíoch a fheabhsú idir foirne a bhaint amach sa mhéid is gur féidir imreoirí nach dtagann ón gclub atá i gceist a bhí mar na hImreoirí traenáilte sa bhaile nach mór a bheith ar liosta.

72.      Ciallaíonn sé sin nach bhfuil forálacha URBSFA oiriúnach ina n-iomláine, agus nach bhfuil forálacha UEFA oiriúnach ach go páirteach.

(2)    Riachtanas

73.      Ina dhiaidh sin, níor cheart go rachadh na forálacha atá á gconspóid thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir maidir le hoiliúint agus earcú imreoirí óga a bhaint amach.

(i)    Maidir le lánrogha UEFA agus URBSFA

74.      Áitíonn UEFA, go háirithe, go bhfuil cásdlí socraithe ann, ar dá bhun a bhaineann “rialtóirí gairmiúla” tairbhe as “lánrogha leathan” agus réiteach sonrach ar fhadhb ar leith á roghnú acu.

75.      I dtaca leis sin, tugaim faoi deara nach ndéantar tagairt ach do bhreithiúnas amháin (breithiúnas ceannródaíoch) ón gCúirt Bhreithiúnais(49) ina raibh ar an gcúirt náisiúnta measúnú a dhéanamh ar na bearta a ghlac Barra na hÍsiltíre.(50) Is deacair liom prionsabal ginearálta a bhaint as saintréithe na gcásanna sin, ar dá réir a bheadh discréid níos mó ná lánrogha na mBallstát i gcásanna inchomparáide ag eintitis phríobháideacha atá faoi cheangal ag Airteagal 45 CFAE.

76.      Ina ionad sin, maím go bhfuil feidhm ag an gcásdlí caighdeánach a mhéid a bhaineann leis an measúnú ginearálta orthu siúd a bhfuil sé i gceist acu údar a thabhairt le srianta ar Airteagal 45 CFAE. Anseo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar ndóigh, go bhfuil saoirse éigin ag na daoine atá faoi cheangal ag Airteagal 45 CFAE maidir le measúnú a dhéanamh an gá rudaí áirithe a dhéanamh nó nach bhfuil, agus ar an gcaoi ar cheart é sin a dhéanamh. I ndáil leis sin, ceadaíonn an Chúirt Bhreithiúnais idir roghanna níos leithne agus níos cúinge, nach bhfuil bunaithe ar an údar (Ballstát nó “rialtóir gairmiúil”), ach ar ábhar an chuspóra atá á shaothrú leis an bhforas údair. Dá bhrí sin, cheadaigh an Chúirt Bhreithiúnais lánrogha sách leathan maidir le “[h]ábha[i]r íogair[e]” amhail oibrithe a phostú (51) nó ábhair a bhaineann le “cursaí ar leith” amhail crannchuir.(52) Thairis sin, is i réimse na sláinte poiblí a thugann an Chúirt Bhreithiúnais saoirse éigin go hiondúil.(53) Is cóir a dhearbhú go méadaíonn an lánrogha a mhéid a théann an t-ábhar atá á shaothrú thar an mbeartas eacnamaíoch clasaiceach.(54)

77.      Ní hamhlaidh, áfach, an cás anseo. Tá gné láidir eacnamaíoch ag baint le hoiliúint agus earcú imreoirí óga, araon leis an gcuspóir maidir leis an gcothromaíocht iomaíoch a fheabhsú idir foirne. Mar a luaigh Royal Antwerp ina chuid tuairimí, tá luach margaidh ag gabháil le himreoirí, lena n-áirítear imreoirí óga, atá mar ghiaráil, ar gach taobh, dóibh agus do chlubanna araon maidir le haistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

78.      Mar thoradh air sin, ní fheictear dom aon chúis le himeacht ón gcásdlí caighdeánach agus rogha níos leithne a thabhairt do UEFA agus do URBSFA ná mar a bheadh ag Ballstát chun bonn cirt a thabhairt do shrian ar Airteagal 45 CFAE.

(ii) Na bearta sriantacha

79.      I measc na mbeart malartach a agraítear, go háirithe ag UL agus ag Royal Antwerp, ná go ndéanfar íocaíocht dhíreach as oiliúint a chur ar imreoirí óga nó go ndéanfar athdháileadh ioncaim.

80.      Mar a chuir an Coimisiún in iúl freisin, ní shuitear nach mbeadh na bearta sin chomh sriantach céanna agus nach mbeadh siad ina mbac ar an tsaorghluaiseacht faoi Airteagal 45 CFAE. Go deimhin, is cosúil go mbeadh cuid de na bearta sin, amhail uasteorainn tuarastail, ag brath ar an gcaoi a ndéanfaí iad a dhearadh, níos sriantaí fós ar chumas na gclubanna imreoirí a earcú, agus bheadh tionchar díreach ag scéimeanna cúitimh le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le hoiliúint ar chomhionannas deiseanna agus bheadh gá le bearta riaracháin, le costais agus le faireachán nach beag faoi.

81.      Thairis sin, ní léir go mbeadh bearta den sórt sin chomh héifeachtach céanna chun an cuspóir céanna a bhaint amach, eadhon oiliúint a chur ar imreoirí óga. Go háirithe, d’fhéadfadh go “ligfí le” clubanna atá láidir ó thaobh airgeadais de gan oiliúint a chur ar imreoirí óga agus iad a cheannach ó chlubanna eile, rud a chuirfeadh isteach ar an gcuspóir beartaithe oiliúint a chur ar imreoirí óga chomh maith leis an gcuspóir foriomlán feabhas a chur ar an gcothromaíocht iomaíoch idir foirne.(55)

(iii)  Conclúid

82.      Mar chonclúid, tá an cuma ar an scéal go bhfuil gá leis na forálacha atá á gconspóid, sa mhéid a bhfuil siad oiriúnach, chun na cuspóirí maidir le hoiliúint a chur ar imreoirí óga agus an chothromaíocht iomaíoch a fheabhsú idir foirne a bhaint amach.

IV.    Conclúid

83.      I bhfianaise a bhfuil thuas, molaim go bhfreagróidh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tharchuireann an Tribunal de première francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), an Bheilg) mar a leanas:

Maidir le hAirteagal 45 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air amhail go gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile, arna nglacadh ag Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) agus ag an Union royale belge des sociétés de football association (URBSFA), ar dá bhun, chun páirt a ghlacadh sna comórtais lena mbaineann, nach mór do chlubanna líon íosta ochtar Imreoirí traenáilte sa bhaile a chur ar liosta as líon uasta 25 imreoir sa mhéid is gur féidir go dtiocfadh na hImreoirí traenáilte sa bhaile sin ó chlub eile sa cumann sacar náisiúnta lena mbaineann.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Cé go bhfuil sé de nós ag lucht leanta dílis an tsacair áirithe a rá, mar a dúirt Nick Hornby ina úrscéal ó 1992, Fever Pitch, gur “cosúil le gearán faoin gcríoch bhrónach a ghabhann le King Lear atá sé gearán a dhéanamh faoi shacar leadránach: ar chineál seachráin atá an té a dhéanann a leithéid”, féach eagrán Penguin Books, 2000, lch. 127.


3      Eascraíonn an méid sin as sean-Airteagal P335.11 agus sean-Airteagal P1422 a léamh in éineacht le hAirteagal B4.112 agus Airteagal B6.109 ‑ atá ann faoi láthair ‑ de rialachán cónaidhmeach URBSFA .


4      Eascraíonn an méid sin as sean-Airteagal P1422 agus as Airteagal B6.109 de rialachán cónaidhmeach URBSFA.


5 Agus Airteagal 101 CFAE.


6 Thairis sin, dhearbhaigh Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge nár sáraíodh Airteagal 101 CFAE.


7 Thairis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir na rialacha maidir le hImreoirí traenáilte sa bhaile a mheas mar chomhaontú idir gnóthais, mar chinneadh ag comhlachas gnóthas, nó mar chleachtas comhbheartaithe de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE.


8      I ndiaidh an tsaoil, tá UL agus Royal Antwerp araon bunaithe sa Bheilg agus níl eilimint trasteorann ar bith ann ina leith sin.


9      Breithiúnas an 15 Samhain 2016 (C-268/15, EU:C:2016:874).


10      Féach breithiúnas an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten (C-268/15, EU:C:2016:874, mír 50).


11      Chomh maith le hAirteagal 101 CFAE.


12      Féach, mar shampla, breithiúnas an 11 Aibreán 2000, Deliège (C-51/96 agus C-191/97, EU:C:2000:199, mír 29).


13      Féach freisin Forsthoff, U., Eisendle, D., in Grabitz, E., Hilf, M agus Nettesheim, M. (eagarthóirí), Das Recht der Europäischen Union, 76. EL., arna uasdátú Bealtaine 2022, C.H. Beck, München, Airteagal 49 AEUV, mír 104.


14      Is cásdlí comhsheasmhach é sin ó tugadh breithiúnas an 14 Iúil 1976 Donà (13/76, EU:C:1976:115, mír 13). Féach freisin breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 73). Go ginearálta, de réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais, tá brí neamhspleách ar leith le coincheap “oibrí” agus ní ceart léiriú cúng a dhéanamh air. Ní mór aon duine a shaothraíonn fíorghníomhaíochtaí dílse, seachas gníomhaíochtaí atá ar scála chomh beag sin go measfaí gur imeallach agus coimhdeach amháin iad, a mheas mar “oibrí”. Féach breithiúnas an 19 Iúil 2017, Abercrombie & Fitch Italia (C-143/16, EU:C:2017:566, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).


15      Is cásdlí comhsheasmhach é sin ó tugadh breithiúnas an 12 Nollaig 1974, Walrave agus Koch (36/74, EU:C:1974:140, mír 17). Féach freisin breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 82); an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine (C-176/96, EU:C:2000:201, mír 35); agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais (C-325/08, EU:C:2010:143, mír 30).


16      Is é sin le rá na ceithre chomórtas seo a leanas: Sraith na Seaimpíní UEFA, Sraith Europa, Sraith na Comhdhála agus Super Cup.


17      Mar sin féin, mar a thuairiscítear thuas, measann an Coimisiún go bhfuil an cheist do‑ghlactha mar gheall ar easpa eiliminte trasteorann a líomhnaítear .


18      Ní shéantar go bhfuil imreoirí ann a bhogann thar lear agus iad an-óg. Mar sin féin, níl i gceist leo siúd ach cuid bheag de na himreoirí agus tá siad mar eisceacht, eisceacht atá mar chruthúnas ar an riail gur mó seans go mbeidh cónaí ar imreoir go háitiúil dá óige is ea é.


19      Féach, mar shampla agus i ndáil le hAirteagal 45 CFAE, breithiúnas an 7 Bealtaine 1998, Clean Car Autoservice (C-350/96, EU:C:1998:205, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear ). Féach freisin Zawidzka-Łojek, A., “Ochrona interesu ogólnego na rynku wewnętrznym - dopuszczalne wyjątki i ograniczenia swobód. Model ochrony”, in System Prawa Unii Europejskiego, Imleabhar 7, Prawo rynku wewnętrznego, Vársá, C.H. Beck, 2020, mír 197.


20      Féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 1987, Heylens agus Páirtithe Eile (222/86, EU:C:1987:442, míreanna 9 go 11).


21      Féach freisin, ina leith sin, Kliesch, J., Der Status des Profifußballers im Europäischen Recht, Nomos, Baden-Baden, 2017, lch. 215 maidir le rialacha UEFA.


22      Féach breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine (C-176/96, EU:C:2000:201, mír 49). Tagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais go sainráite dá breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 99 agus mír 100). Thairis sin, i mbreithiúnas an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais (C-325/08, EU:C:2010:143, mír 35), chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur dócha go gcuirfí imreoir óna cheart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le comhaontú comhchoiteann de chuid na Fraince faoina raibh ar “joueur espoir” (imreoir idir 16 agus 22 bliain d'aois) conradh gairmiúil a shíniú leis an gclub a chuir oiliúint air ag deireadh a thréimhse oiliúna ionas nach gcuirfí an dlí air le damáistí a fháil.


23      An beartas poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tsláinte phoiblí.


24      D’úsáid an Chúirt Bhreithiúnais téarmaíocht éagsúil le blianta anuas chun cúiseanna de chineál neamheacnamaíoch a shaintréithiú mar fhorais údair, a forbraíodh (agus atá á bhforbairt) leis an gcásdlí. Féach Martucci, F., Droit du marché intérieur de l’Union européenne, Presses Universitaires de France, Páras, 2021, mír 261. Ar mhaithe le héascaíocht tagartha, déanfaidh mé tagairt don téarma “cúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail” sa Tuairim seo.


25      Féach, chuige sin, go bunúsach, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 104); an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais (C-325/08, EU:C:2010:143, mír 38); agus an 10 Deireadh Fómhair 2019, Krah (C-703/17, EU:C:2019:850, mír 55).


26      Maidir le cúlra na forála seo, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in European Superleague Company (C-333/21, EU:C:2022:993, mír 29).


27      As measc na seacht n-aidhm sa mhír seo, baineann sé cinn le hoideachas agus baineann ceann amháin le spóirt.


28      A mhéid a dhéantar tagairt do Chomhairle na hEorpa, is éard atá san fhoráil seo ná sampla sonrach a thagann as an oibleagáid ghinearálta atá ar AE faoi Airteagal 220(1) CFAE gach cineál comhair iomchuí a bhunú le Comhairle na hEorpa. Féach freisin mo Thuairim in The English Bridge Union (C-90/16, EU:C:2017:464, mír 33).


29      Chun críocha na Tuairime seo, tuigim gurb éard atá i gceist le hinstitiúidí polaitiúla AE ná an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint.


30 Ní mór a admháil go dtógann sé roinnt ama an fhoráil seo a thuiscint i gceart, faoinar féidir leis na hinstitiúidí polaitiúla an ghnáthnós imeachta reachtach a úsáid le rud ar bith seachas … reachtaíocht a ghlacadh, rud a chuireann saothar Orwell i gcuimhne.


31      Féach freisin, ina leith sin, Odendahl, K., in M. Pechstein, C. Nowak, U. Häde (eagarthóirí), Frankfurter Kommentar zu EUV, GRC und AEUV, Band III, Mohr Siebeck, Tübingen, 2017, Airteagal 165 AEUV, mír 9.


32 Is é sin le rá; Rialacháin, Treoracha, agus Cinntí.


33      Féach Airteagal 2(5) agus Airteagal 6(e) CFAE. Ina dhiaidh sin, sonraítear in Airteagal 2(5) nach ngabhfaidh gníomhaíochtaí den sórt sin ionad inniúlacht na mBallstát sna réimsí sin.


34      Is é sin le rá, tá sé idir Ciste Sóisialta na hEorpa agus Cultúr.


35      Tá pribhléid den sórt sin curtha i leataobh do shaincheisteanna a mheasann máistrí na gConarthaí a bheith níos tábhachtaí, amhail — gan ach cúpla sampla a lua — neamh-idirdhealú (Airteagail 8 agus 10 CFAE), an comhshaol (Airteagal 11 CFAE), cosaint tomhaltóirí (Airteagal 12 CFAE) nó cosaint sonraí (Airteagal 16 CFAE).


36 Bainim leas airdeallach as an téarma “gníomh” de cheal téarma níos oiriúnaí, ós rud é, mar a bunaíodh thuas, nach gceadaítear le hAirteagal 165 CFAE d’institiúidí AE reachtaíocht a rith de réir fhíorbhrí an téarma.


37      Ba mhaith liom a thabhairt faoi deara gur léir gur roghnaigh na hinstitiúidí polaitiúla gan ábhair spóirt a bhaineann leis an margadh inmheánach a chomhchuibhiú nó a rialáil trí leas a bhaint as Airteagal 114 CFAE.


38      Thairis sin, dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go gcuirtear bac ar rialacha áirithe ó comhlachas náisiúnta spóirt lena gcuireadh srian ar shaorghluaiseacht le hAirteagal 165 CFAE, arna léirmhíniú go comhpháirteach le rialacha an Chonartha maidir le saoránacht, agus le hAirteagal 18 agus Airteagal 21 CFAE. Féach breithiúnas an Déardaoin 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi (C-22/18, EU:C:2019:497).


39      I ndáil leis an méid sin, is féidir liom glacadh go hiomlán leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Rantos in European Superleague Company (C-333/21, EU:C:2022:993, mír 42), ina ndearbhaítear “cé nach féidir brath ar shaintréithe sonracha an spóirt chun gníomhaíochtaí spóirt a eisiamh ó raon feidhme Chonarthaí AE agus FEU, d’fhéadfadh na tagairtí do na saintréithe sonracha sin agus d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt, atá le feiceáil in Airteagal 165 CFAE, a bheith ábhartha chun críocha, inter alia, anailís a dhéanamh, i réimse an spóirt, ar aon údar oibiachtúil le srianta ar iomaíocht nó ar shaoirsí bunúsacha” [aistriúchán neamhoifigiúil].


40      Féach breithiúnas an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais (C-325/08, EU:C:2010:143, mír 39). Féach freisin, i gcomhthéacs na saoirse bunaíochta faoi Airteagal 49 CFAE, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus Páirtithe Eile (C-391/20, EU:C:2022:638, pointe 59), ina ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais tagairt nach bhfuil sách daingean d’Airteagal 165 CFAE sula mbreathnaíonn sí ar chineál sriantach birt náisiúnta, a tháinig go soiléir faoi réimse na n-ábhar a chumhdaítear le hAirteagal 165 CFAE.


41      Féach breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 86).


42      Féach freisin Weatherill, St., European Sports Law, T.M.C. Asser, an Háig, 2007, lch. 60, a thugann faoi deara, cé go bhfuil “néatas loighciúil” i gcur chuige na Cúirte Breithiúnais, “ní léir conas is féidir na coincheapa atá in [Airteagal 45(3) CFAE] a athmhúnlú chun freastal go leordhóthanach ar an earnáil phríobháideach”, agus a léiríonn an riosca, má cheadaítear do pháirtithe príobháideacha forais údair de chineál poiblí a agairt, “go bhféadfadh an iomarca úsáid a bheith bainte astu”.


43      Féach breithiúnas an 6 Meitheamh 2000, Angonese (C-281/98, EU:C:2000:296, mír 42). Féach freisin, i ndáil leis sin, Müller-Graff, P.-Chr., “Die horizontale Direktwirkung der Grundfreiheiten”, Europarecht, 2014, lgh. 3 go 29, ag lch. 12.


44      Féach breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 106), agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais (C-325/08, EU:C:2010:143, mír 39).


45      Féach breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 106). D'aithin an Chúirt Bhreithiúnais freisin rialtacht na gcomórtas spóirt mar chuspóir bailí; féach breithiúnais an 11 Aibreán 2000, Deliège (C-51/96 agus C-191/97, EU:C:2000:199, mír 64); agus an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine (C-176/96, EU:C:2000:201, mír 53). Ní bhaineann an cás seo, áfach, le rialtacht den sórt sin i gcomórtas ach leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ag club chun páirt a ghlacadh i gcomórtas.


46      Féach Weatherill, St., op. cit., lch. 336.


47      Féach mír 38 de na barúlacha ó Royal Antwerp.


48      Sa mhéid is go meastar gur gá saoirse a bheith ag clubanna úsáid a bhaint, ní hamháin as a gcuid imreoirí féin ach as imreoirí ón tsraith chéanna freisin , ba mhaith liom a rá gur fearr an tsaoirse a áirithiú trí líon na nImreoirí traenáilte sa bhaile a laghdú agus ag an am céanna an sainmhíniú a theorannú ionas nach gcumhdaítear leis ach Imreoirí traenáilte sa bhaile dáiríre (is é sin le rá imreoirí ar cuireadh oiliúint orthu sa chlub).


49      Féach míreanna 50 agus 80 de na barúlacha i scríbhinn ó UEFA, ina ndéantar tagairt do bhreithiúnas an 19 Feabhra 2002, Wouters agus Páirtithe Eile (C-309/99, EU:C:2002:98, mír 110).


50      Ar an gcaoi chéanna, i mbreithiúnas an 28 Feabhra 2013, Ordem dos Técnicos Oficiais de Contas (C-1/12, EU:C:2013:127, mír 96), scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnais, ag tagairt dá breithiúnas an 19 Feabhra 2002, Wouters agus Páirtithe Eile (C-309/99, EU:C:2002:98) ar féidir bearta sriantacha ó ordú cuntasóirí cairte a mheas “go réasúnta” mar rud riachtanach chun cáilíocht na seirbhísí a ráthú.


51      Féach breithiúnas an 17 Nollaig 1981, Webb (279/80, EU:C:1981:314, mír 18) maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.


52      Féach breithiúnas an 24 Márta 1994, Schindler (C-275/92, EU:C:1994:119, mír 59 et seq.) maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.


53      Féach, mar shampla, breithiúnas an 16 Nollaig 2010, Josemans (C-137/09, EU:C:2010:774, mír 63 et seq.) maidir le saorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.


54      Féach freisin, ina leith sin, Forsthoff, U., Eisendle, D., op. cit., mír 397.


55      Féach freisin, sa chiall seo, Kliesch, J., Der Status des Profifußballers im Europäischen Recht, Nomos, Baden-Baden, 2017, lch. 232.

Top