EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0453

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Bealtaine 3.
CityRail a.s. v Správa železnic, státní organizace.
Tarchur chun réamhrialú — Airteagal 267 CFAE — An coincheap “cúirt nó binse” — Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla — Cúraimí breithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú — Treoir 2012/34/AE – Airteagail 55 agus 56 — Comhlacht rialála náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid — Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach — Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin — Cumhacht chun pionóis a fhorchur — Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach — Do-ghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú.
Cás C-453/20.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:341

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

3 Bealtaine 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Airteagal 267 CFAE — An coincheap “cúirt nó binse” — Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla — Cúraimí breithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú — Treoir 2012/34/AE — Airteagail 55 agus 56 — Comhlacht rialála náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid — Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach — Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin — Cumhacht chun pionóis a fhorchur — Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach — Do-ghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú)

I gCás C‑453/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (an Oifig Rochtana um Bonneagar Iompair, Poblacht na Seice), trí bhreith an 23 Meán Fómhair 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 23 Meán Fómhair 2020, sna himeachtaí idir

CityRail, a.s.

agus

Správa železnic, státní organizace,

tríú páirtí:

ČD Cargo a.s.,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, S. Rodin, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot (Rapóirtéir), T. von Danwitz, M. Safjan, D. Gratsias, M.L. Arastey Sahún, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Cityrail, a.s., ag J. Hruška,

Správa železnic, státní organizace, ag J. Svoboda,

ČD Cargo, a.s., ag T. Tóth agus Z. Škvařil,

Rialtas na Seice, ag M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na hÍsiltíre, i dtús báire ag M. K. Bulterman agus M. Noort, i gcáil Gníomhairí, agus ansin ag M. K. Bulterman, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, i dtús báire ag J. Hradil agus C. Vrignon, i gcáil Gníomhairí, agus ansin ag J. Hradil, i gcáil Gníomhaire,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léirmhíniú Airteagal 288 CFAE agus Airteagail 3, 27 agus 31 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO 2012 L 343, lch. 32), arna leasú le Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (IO 2016 L 352, lch. 1) (“Treoir 2012/34”), agus Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann léi.

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir an gnóthas iarnróid CityRail, a.s. agus Správa železnic, státní organizace (“Správa železnic”), ar bainisteoir bonneagair iarnróid i bPoblacht na Seice é, maidir leis na coinníollacha arna leagan amach ag Správa železnic chun rochtain a fháil ar an ngréasán agus ar shaoráidí áirithe lena mbaineann.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Foráiltear mar seo a leanas in aithris 76 de Threoir 2012/34:

“Éilítear comhlacht rialála a chur ar bun atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus as gníomhú mar chomhlacht achomhairc, d’fhonn an bonneagar iarnróid a bhainistiú go héifeachtúil agus úsáid chóir agus neamh-idirdhealaitheach a bhaint as, gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfar athbhreithniú breithiúnach. Ba cheart an comhlacht rialála sin a chumhachtú chun pionóis a fhorchur ina iarrataí ar fhaisnéis agus ina chinntí.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Seo foclaíocht Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha na Treorach seo:

(1)

ciallaíonn “gnóthas iarnróid” aon ghnóthas príobháideach nó poiblí atá ceadúnaithe i gcomhréir leis an Treoir seo a sholáthraíonn seirbhísí iompair earraí agus/nó paisinéirí d’iarnród mar phríomhghníomhaíocht [...]

(2)

ciallaíonn “bainisteoir bonneagair” aon eintiteas nó gnóthas atá freagrach as bonneagar iarnróid ar ghréasán a oibriú, a chothabháil agus a athnuachan agus as páirt a ghlacadh i bhforbairt an bhonneagair sin [...]

[...]

(3)

ciallaíonn “bonneagar iarnróid” na gnéithe go léir a liostaítear in Iarscríbhinn I;

[...]

(11)

ciallaíonn “saoráid seirbhíse” an tsaoráid, lena n‑áirítear an talamh, na foirgnimh agus an trealamh a shocrófar go sonrach, go hiomlán nó go páirteach, ionas gur féidir ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn II a sholáthar;

[...]

(19)

ciallaíonn “iarratasóir” aon ghnóthas iarnróid [...] a bhfuil cúiseanna tráchtála nó seirbhíse poiblí aige chun toilleadh bonneagair a fháil;

[...]

(26)

ciallaíonn “ráiteas gréasáin” ráiteas ina mionsonraítear na rialacha ginearálta, na spriocanna ama, na nósanna imeachta agus na critéir maidir le scéimeanna um muirir a ghearradh agus scéimeanna leithdháilte toillte, lena n‑áirítear gach faisnéis eile is gá chun iarratais ar thoilleadh bonneagair a thionscnamh;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear in Airteagal 55(1) den Treoir sin, dar teideal “Comhlacht rialála”:

“Cuirfidh gach Ballstát comhlacht rialála aonair don earnáil iarnróid ar bun. Gan dochar do mhír 2, beidh an comhlacht sin ina údarás féinrialaitheach atá leithleach agus neamhspleách go dlíthiúil ar gach eintiteas poiblí nó príobháideach eile, ó thaobh eagrúcháin, feidhmiúcháin, ordlathais agus cinnteoireachta de. Ina theannta sin, beidh an comhlacht sin neamhspléach ar gach bainisteoir bonneagair, gach comhlacht a ghearrann muirir, gach comhlacht a dhéanann leithdháileadh agus gach iarratasóir, ó thaobh a eagraithe, a chinntí maoinithe, a struchtúir dhlíthiúil agus a chinnteoireachta de. Thairis sin, beidh sé neamhspleách ó thaobh feidhmiúcháin de ar gach údarás inniúil a bhfuil baint aige le conradh seirbhíse poiblí a bhronnadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 56 den Treoir sin, dar teideal “Cúraimí an chomhlachta rialála”:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 46(6), féadfaidh an t‑iarratasóir achomharc a dhéanamh os comhair an chomhlachta rialála, trí chaingean a thionscnamh i gcoinne na gcinntí arna nglacadh ag an mbainisteoir bonneagair go háirithe, má mheasann sé nó sí gur chaith an gnóthas iarnróid nó, de réir mar a bheidh, an t‑oibreoir saoráide seirbhíse i gceist leis nó léi go míchothrom, go ndearna sé idirdhealú ina leith, nó go ndearna sé aon dochar eile dó:

(a)

an ráiteas gréasáin ina leaganacha sealadacha agus deireanacha;

[...]

(j)

na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(13) agus in Airteagail 7, 7a, 7b, 7c agus 7d, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le coimhlint leasa, a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar do chumhachtaí na n‑údarás iomaíochta náisiúnta [...], beidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht rialála faireachán a dhéanamh ar staid na hiomaíochta i margaí na seirbhísí iarnróid, lena n‑áirítear go háirithe i margadh na seirbhísí iompair ardluais do phaisinéirí, gníomhaíochtaí na mbainisteoirí bonneagair dá dtagraítear i mír 1(a) go (j). Fíoróidh an comhlacht rialála, go háirithe, go gcomhlíontar mír 1(a) go (j) ar a thionscnamh féin d’fhonn aon idirdhealú in aghaidh iarratasóirí a chosc. Fíoróidh sé, go háirithe, an bhfuil clásail idirdhealaitheacha sa ráiteas gréasáin nó an gcruthaíonn sé cumhachtaí lánroghnacha don bhainisteoir bonneagair a d’fhéadfaí a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh i gcoinne iarratasóirí.

[...]

6.   Áiritheoidh an comhlacht rialála go bhfuil na muirir arna socrú ag an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le Roinn 2 de Chaibidil IV agus go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach. Ní cheadófar idirbheartaíocht idir iarratasóirí agus bainisteoir bonneagair maidir le leibhéal na muirear bonneagair ach amháin má dhéantar iad faoi choimirce an chomhlachta rialála. Déanfaidh an comhlacht rialála idirghabháil láithreach bonn más dócha go sárófar forálacha na Caibidle seo leis an idirbheartaíocht.

[...]

8.   Beidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht rialála faisnéis ábhartha a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair, ar na hiarratasóirí agus ar aon tríú páirtí sa Bhallstát lena mbaineann.

[...] Beidh an comhlacht rialála in ann pionóis iomchuí a fhorchur, lena n‑áirítear fíneálacha, chun na hiarrataí sin a fhorfheidhmiú. [...]

9.   Déanfaidh an comhlacht rialála gach gearán a scrúdú agus, de réir mar is iomchuí, iarrfaidh sé an fhaisnéis ábhartha agus tionscnóidh sé comhairliúcháin leis na páirtithe ábhartha go léir, laistigh de mhí amháin ón ngearán a fháil. Déanfaidh sé cinneadh maidir leis na gearáin go léir agus glacfaidh sé na bearta go léir is gá chun an cás a leigheas agus cuirfidh sé a chinneadh réasúnaithe in iúl do na páirtithe lena mbaineann [...] Gan dochar do chumhachtaí na n‑údarás iomaíochta náisiúnta [...], déanfaidh an comhlacht [athbhreithnithe], na bearta iomchuí a ghlacadh ar a thionscnamh féin, i gcás inarb iomchuí, chun aon idirdhealú i gcoinne iarratasóirí, saobhadh margaidh agus forbairtí neamh-inmhianaithe eile sna margaí sin a chur ina gceart, go háirithe ag féachaint do mhír 1(a) go (j).

Beidh cinneadh an chomhlachta rialála ina cheangal ar na páirtithe go léir a chumhdaítear leis an gcinneadh sin, agus ní bheidh sé faoi réir aon athbhreithniú ag comhlacht riaracháin eile. Féadfaidh an comhlacht rialála pionóis iomchuí a fhorchur, lena n‑áirítear fíneálacha, chun na hiarrataí sin a fhorfheidhmiú.

[...]

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí a dhéanfaidh an comhlacht rialála faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Ní fhéadfaidh éifeacht fionraíochta a bheith ag an athbhreithniú sin ar chinneadh an chomhlachta rialála ach amháin i gcás ina bhféadfaí damáistí do-leigheasta nó damáistí ar léir go bhfuil siad iomarcach a dhéanamh don achomharcóir mar thoradh láithreach ar chinneadh an chomhlachta rialála. Tá an fhoráil seo gan dochar don dlínse a dheonaítear leis an dlí bunreachtúil, i gcás inarb infheidhme, don chúirt a thugtar an cás os a comhair.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí Phoblacht na Seice

7

De réir Airteagal 2(15), den zákon č. 2/1969 Sb., o zřízení ministerstev a jiných ústředních orgánů státní správy [České republiky] (Gníomh Uimh. 2/1969 maidir le heagrú na n-aireachtaí agus údarás eile lárnach de riarachán Stát [Phoblacht na Seice]):

“Is iad seo a leanas lárúdaráis riaracháin an Stáit i bPoblacht na Seice: [...] 15. l’Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře [(an Oifig Rochtana um Bonneagar Iompair)]”.

8

Ba leis an zákon č. 320/2016 Sb., o Úřadu pro přístup k dopravní infrastruktuře (Gníomh Uimh. 320/2016 maidir leis an Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair, “an Gníomh maidir leis an Oifig”) a cuireadh an Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (Oifig Rochtana um Bonneagar Iompair, Poblacht na Seice, “an Oifig”) ar bun.

9

De réir Airteagal 3(2) den Ghníomh maidir leis an Oifig, “i bhfeidhmiú a cumhachtaí, beidh an Oifig neamhspleách, gníomhóidh sí go neamhchlaonta agus ní bheidh sí ach faoi réir na ndlíthe agus na rialacha eile dlí”.

10

Foráiltear in Airteagal 4 den Ghníomh sin do na coinníollacha maidir le hUachtarán na hOifige a cheapadh, i bhfoirm téarma oifige sé bliana atá in‑athnuaite, mar aon le córas neamhréireachta agus na coinníollacha faoina bhféadfar é a chur as oifig.

11

Áirítear na forálacha éagsúla is infheidhme maidir le hoifigigh na hOifige, atá ceaptha chun a neamhchlaontacht a áirithiú le hAirteagail 71 go 75, 77, 80, 81 agus 85 den zákon č. 234/2014 Sb., o státní službě (Gníomh Uimh. 234/2014 maidir leis an Státseirbhís). De réir Airteagal 11(5) den Ghníomh sin, níl na hoifigigh sin faoi réir na bhforálacha reachtúla arna nglacadh ag an leas-aire a bhfuil an Státseirbhís mar chúram aige.

12

Glacann an Oifig cinntí atá ina gceangal faoin zákon č. 266/1994 Sb., o dráhách (Gníomh Uimh. 266/1994 maidir le hiarnróid agus iompar cábla, an “Gníomh maidir le hIarnróid”) agus faoi na rialacha ginearálta a eascraíonn ón zákon č. 500/2004 Sb., správní řád (Gníomh Uimh. 500/2004 maidir leis an gCód Nós Imeachta Riaracháin, an “Cód Nós Imeachta Riaracháin”).

13

Foráiltear le hAirteagal 67(1) den Chód Nós Imeachta Riaracháin:

“Trí chinneadh, déanann an t‑údarás riaracháin, i gcás faoi leith, cearta nó oibleagáidí an duine ainmnithe a fhorchur, a mhodhnú nó a aistarraingt nó, i gcás faoi leith, dearbhaíonn sé go bhfuil, nó nach bhfuil, cearta nó oibleagáidí ag an duine sin nó, i gcás faoi leith, cinneann sé ceisteanna nós imeachta, sna cásanna dá bhforáiltear le dlí.”

14

Faoi Airteagal 73(2) den Chód sin, “beidh an cinneadh críochnaitheach de cheangal ar na páirtithe agus ar na húdaráis riaracháin go léir”.

15

Rialaítear le hAirteagail 152 agus 153 den Chód sin an nós imeachta chun gearáin i gcoinne chinntí na hOifige a thaisceadh os comhair Uachtarán na hOifige.

16

Mar is léir ón bhfreagra ón Oifig ar iarraidh ar fhaisnéis a chuir an Chúirt chuici, de bhun Airteagail 23c, 23d, 34d, 34e, 34f, 34g agus 58 den Ghníomh maidir le hIarnróid, tá an Oifig inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

dréachtphlean a fhaomhadh chun úsáid na rianta náisiúnta agus réigiúnacha agus línte brainse a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a theorannú (Airteagal 23c);

cinneadh a dhéanamh maidir le conradh a thabhairt i gcrích chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 23d);

cinneadh a dhéanamh maidir le bagairtí ar chothromaíocht eacnamaíoch an iompair d’iarnród arna oibriú ar bhonn conradh seirbhíse poiblí (Airteagal 34d);

cinneadh a dhéanamh maidir le comhréireacht an dearbhaithe maidir le hiarnróid leis an nGníomh (Airteagal 34e);

cinneadh a dhéanamh maidir le comhréireacht an phróisis leithdháilte toillte (lena n‑áirítear creat‑chomhaontuithe) leis an nGníomh (Airteagal 34f);

scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht conartha maidir le hoibriú na seirbhíse iarnróid leis an nGníomh (Airteagal 34g), agus

easnaimh i bhfaireachán Stáit a réiteach (Airteagal 58).

17

Sa chás ina dtabharfaidh sí cinneadh faoi Airteagail 34e, 34f agus 34g den Ghníomh maidir le hIarnróid, féadfaidh an Oifig cinneadh a dhéanamh ar iarratas nó ar a tionscnamh féin. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 23c, 23d agus 34d den Ghníomh sin, áfach, ní fhéadfaidh sí cinneadh a thabhairt ach amháin má iarrtar a leithéid. Sna himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 58 den Ghníomh sin, ní ghníomhóidh an Oifig ach ar a tionscnamh féin. Thairis sin, féadfar gach imeacht ex officio a thionscnamh ar bhonn gearáin faoi Airteagal 42 den Chód Nós Imeachta Riaracháin.

18

Féadfar na cinntí a dhéanfaidh an Oifig a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Is léir ó na rialacha maidir le leithroinnt inniúlachtaí atá, inter alia, i gCuid 5, dar teideal “Nós imeachta i gcásanna arna gcinneadh ag údarás eile”, den zákon č. 99/1963 Sb. občanský soudní řád (Gníomh Uimh. 99/1963 maidir leis an gCód Nós Imeachta Sibhialta, “an Cód Nós Imeachta Sibhialta”) agus in Airteagal 46 den zákon č. 150/2002 Sb., soudní řád správní (Gníomh Uimh. 150/2002, maidir le Cód Nós Imeachta Ceartais Riaracháin, “Cód Ceartais Riaracháin”, nach mór cásanna a thagann faoin dlí príobháideach, de réir a gcineál, a thabhairt os comhair na gcúirteanna sibhialta, agus déanfaidh na cúirteanna riaracháin cinneadh ar chásanna i réimse an dlí phoiblí.

19

Foráiltear le hAirteagal 250c(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta go gceadaíonn na cúirteanna sibhialta don Oifig “a barúlacha maidir leis an iarratas a thabhairt i scríbhinn”.

20

Go háirithe in imeachtaí as a dtiocfaidh cinneadh de bhun Airteagal 34e(1) den Ghníomh maidir le Iarnróid, cuirfidh an Oifig i bhfeidhm, i dteannta leis an gCód Nós Imeachta Riaracháin, an zákon č. 250/2016 Sb., o odpovědnosti za přestupky a řízení o nich (Gníomh Uimh. 250/2016 maidir le dliteanas i leith sáruithe agus na nósanna imeachta lena mbaineann). Faoi Airteagal 78(1) den Ghníomh sin, “beidh sé de cheangal ar an [Oifig] imeachtaí a thionscnamh i dtaobh gach sárú a aimseoidh sí agus gníomhóidh sí i gcomhréir le nós imeachta ar a tionscnamh féin”.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

21

Is comhlacht poiblí é Správa železnic a bunaíodh le dlí. Ina cháil mar bhainisteoir bonneagair agus mar oibreoir saoráide seirbhíse, tá an comhlacht sin freagrach as gréasán iarnróid a bhainistiú agus as saoráidí seirbhíse lena mbaineann i bPoblacht na Seice.

22

Rinne Správa železnic ráiteas gréasáin, de réir bhrí Airteagal 3(26) de Threoir 2012/34, a dhréachtú agus a fhoilsiú, ina leagtar amach, inter alia, na coinníollacha lena rialaítear rochtain ar shaoráidí áirithe ón 1 Aibreán 2020 ar aghaidh.

23

Rinne an gnóthas iarnróid CityRail na coinníollacha sin a chonspóid, ar bhonn Airteagal 34e den Ghníomh maidir le hIarnróid, os comhair na hOifige, ina cáil mar chomhlacht rialála náisiúnta don earnáil iarnróid, ar an bhforas go dtagann siad salach ar na rialacha dá bhforáiltear le Treoir 2012/34.

24

Tá amhras ar an Oifig an bhfuil na coinníollacha sin i gcomhréir le Treoir 2012/34 agus an bhfuil an dlí náisiúnta atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí i gcomhréir leis an Treoir sin.

25

Go háirithe, ar an gcéad dul síos, tá amhras ar an Oifig faoi na háiteanna luchtaithe agus díluchtaithe, lena n‑áirítear rianta cóngaracha, a aicmiú mar shaoráidí seirbhíse de réir bhrí Airteagal 3(11) de Threoir 2012/34. Dar leis an Oifig, seachas sin, ba cheart na háiteanna sin a mheas mar bhonneagar iarnróid de réir bhrí Airteagal 3(3) den Treoir sin. Ar an dara dul síos, is deimhin leis an Oifig go bhféadfadh an Treoir sin cosc a chur ar bhainisteoir bonneagair nó ar oibreoir saoráidí seirbhíse ó mhéid na muirear a bhaineann le húsáid bonneagair iarnróid nó saoráidí seirbhíse a athrú in am ar bith. Ar an tríú dul síos, éiríonn an cheist an bhféadfaidh gnóthais iarnróid brath ar fhorálacha Threoir 2012/34 i gcoinne Správa železnic. Ar an gceathrú dul síos, fiafraíonn an Oifig an féidir na coinníollacha rochtana atá sa ráiteas gréasáin arna dhréachtú ag Správa železnic a aicmiú mar ráiteas idirdhealaitheach a mhéid a thagann siad salach ar cheanglais na Treorach sin.

26

Sna himthosca sin, chinn an Oifig bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)

An bhfuil an áit luchtaithe agus díluchtaithe le haghaidh iompar earraí, lena n‑áirítear na rianta lena mbaineann, cuimsithe sa bhonneagar iarnróid de réir bhrí Airteagal 3(3) de Threoir 2012/34?

(2)

An bhfuil sé i gcomhréir le Treoir 2012/34 gur féidir leis an mbainisteoir bonneagair na praghsanna le húsáid a bhaint as bonneagar iarnróid nó saoráidí seirbhíse a choigeartú in am ar bith chun dochair na n‑iompróirí?

(3)

An bhfuil Treoir 2012/34 ina ceangal, de bhun Airteagal 288 [CFAE], ar Správa železnic?

(4)

An féidir na rialacha a chuimsítear sa ráiteas gréasáin a mheas mar idirdhealaitheach má thagann siad salach ar reachtaíocht an Aontais nach mór do Správa železnic a chomhlíonadh?”

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

27

Ina hiarraidh ar réamhrialú agus ina freagraí ar an iarraidh ar fhaisnéis a chuir an Chúirt Bhreithiúnais chuici an 26 Deireadh Fómhair 2020, leagann an Oifig amach na cúiseanna a measann sí a bheith ina “cúirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

28

Chuige sin, braitheann sí ar bhreithiúnas an 22 Samhain 2012, Westbahn Management (C‑136/11, EU:C:2012:740) óna dtugtar le tuiscint, dar léi, nach mór an comhlacht rialála d’earnáil iarnróid na hOstaire, an Schienen-Control Kommission (Coimisiún Rialála Iarnróid, an Ostair), a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí na forála sin. Ós toradh díreach ar Airteagal 55 de Threoir 2012/34 é go bhfuil na comhlachtaí rialála neamhspleách, ceanglaítear ar an gCúirt Bhreithiúnais neamhspleáchas na hOifige a aithint i bhfianaise phrionsabail chomhionannais na mBallstát agus phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

29

Ina theannta sin, tugann an Oifig chun cuimhne go dtugtar le tuiscint ó chásdlí na Cúirte, arna léiriú go háirithe le breithiúnas an 22 Samhain 2012, Westbahn Management (C‑136/11, EU:C:2012:740), lena fhionnadh an bhfuil comhlacht ina “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, nach mór roinnt tosca a chur san áireamh, amhail ar bunaíodh an comhlacht le dlí, an bhfuil sé buan, an bhfuil a dhlínse éigeantach, an bhfuil a nós imeachta sáraitheach, an gcuireann an comhlacht sin riail dlí i bhfeidhm agus an bhfuil sé neamhspleách.

30

I bhfianaise na gcritéar sin, tugann an Oifig dá haire gur bhunaigh an reachtas náisiúnta mar lárúdarás riaracháin í. Dar léi, tugtar le tuiscint chomh maith ón nGníomh maidir leis an Oifig go bhfuil an Oifig neamhspleách agus i bhfeidhmiú a cúraimí, go ngníomhaíonn sí go neamhchlaonta agus nach bhfuil sí ach faoi réir gníomhartha nó rialacha eile dlí. Go háirithe, níl a cuid gníomhartha á rialú ag údaráis eile a thagann faoi réir an fheidhmeannais.

31

Áitíonn sí go ndéantar neamhspleáchas Uachtarán na hOifige a ráthú chomh maith. Go háirithe, foráiltear le Gníomh na hOifige nach bhféadfaidh an Rialtas Uachtarán na hOifige a chur as oifig ach amháin ar choinníollacha áirithe sonracha a liostaítear sa Ghníomh sin agus go bhfuil an ceart aige achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí lena gcuirtear é as oifig.

32

Ós rud é go leagtar síos le dlí na forais chun Uachtarán na hOifige a chur as oifig, maíonn an Oifig nach bhfuil a dhála inchomparáide le dála Uachtarán Úřad průmyslového vlastnictví (Oifig Maoine Intleachtúla, Poblacht na Seice) ar thug an Chúirt Bhreithiúnais a neamhspleáchas faoi cheist ina hOrdú an 14 Samhain 2013, MF 7 (C‑49/13, EU:C:2013:767). Ina theannta sin, murab ionann agus gníomhairí an chomhlachta sin, níl gníomhairí na hOifige faoi réir na bhforálacha reachtúla arna nglacadh ag Leas-Aire na Státseirbhíse.

33

Maidir le seoladh na n‑imeachtaí os comhair na hOifige, sonraíonn sí go bhfuil na himeachtaí sin á rialú ag an Cód Nós Imeachta Riaracháin, rud a ráthóidh go n-urramófar an prionsabal audi alteram partem.

34

Agus cinneadh á thabhairt aici faoi Airteagail 34e, 34f agus 34g den Ghníomh maidir le hIarnróid, sonraíonn sí go dtugann an Oifig é ar iarratas nó ar a tionscnamh féin. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 23c, 23d agus 34d den Ghníomh maidir le hIarnróid, áfach, ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh ach amháin ar iarratas.

35

Ina theannta sin, sonraíonn sí go bhfuil sé de chumhacht ag an Oifig, ar a tionscnamh féin, sáruithe ar na rialacha ábhartha a imscrúdú agus imeachtaí a thabhairt ina leith i gcomhthéacs nós imeachta speisialta, lena gcuirtear ar a cumas fíneálacha a fhorchur. D’fhéadfadh mírialtachtaí a aimsítear le linn imeachtaí riaracháin a bheith ina gcúis le himeachtaí um shárú.

36

Dar léi, ní mór leas an phobail a chur san áireamh sna cinntí arna nglacadh ag an Oifig, a bheidh ina gceangal.

37

Foráiltear leis an gCód Nós Imeachta Riaracháin go bhféadfar na cinntí sin a athbhreithniú i gcomhthéacs nós imeachta gearáin. Nuair a thíolactar gearán dá leithéid, is faoi Uachtarán na hOifige atá sé, dar léi, cinneadh a dhéanamh ina leith.

38

Sonraíonn sí go bhféadfar cinntí na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 56(10) de Threoir 2012/34 a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach. De réir chineál na n‑imeachtaí atá os a comhair, tugtar an chaingean os comhair na gcúirteanna riaracháin nó os comhair na gcúirteanna sibhialta.

39

Maidir leis an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ráitis gréasáin atá i gceist sna príomhimeachtaí, cuimsítear an ráiteas sin mar chuid de “d[h]earbhú maidir le hiarnróid”, tugann an Oifig dá haire gurb é an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34e den Ghníomh maidir le hIarnróid atá i gceist. D’fhéadfaí é a thionscnamh ar a tionscnamh féin nó, faoi mar atá sa chás seo, ar iarratas ó pháirtí. Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair na gcúirteanna sibhialta náisiúnta a dtagann a gcinntí in ionad chinntí na hOifige, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta sibhialta, murab ionann agus cinntí na gcúirteanna riaracháin. Ina theannta sin, má aimsíonn an Oifig mírialtachtaí le linn a scrúdaithe, féadfaidh sí tús a chur le himeachtaí um shárú.

40

Ina mbarúlacha i scríbhinn, áitíonn Rialtais na Seice agus na Spáinne agus an Coimisiún Eorpach nach “cúirt [ná] binse” í an Oifig, de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, ag a bhfuil an chumhacht chun ceist a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú. Go háirithe, maíonn siad, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil an Oifig inchomparáide leis an gCoimisiún um Rialú Iarnróid na hOstaire, rud a fhágann nach féidir na breithnithe atá leagtha amach ag an gCúirt maidir leis an gcomhlacht sin i mbreithiúnas an 22 Samhain 2012, Westbahn Management (C‑136/11, EU:C:2012:740) a thrasuí i gcás na hOifige agus, ar an dara dul síos, go mbíonn cúraimí riaracháin á bhfeidhmiú ag an Oifig.

41

De réir cásdlí comhsheasmhach, lena mheasúnú an bhfuil an comhlacht a rinne an tarchur atá i dtrácht ina “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, ceist a thagann faoi dhlí an Aontais amháin, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais roinnt tosca san áireamh, amhail ar bunaíodh an comhlacht le dlí, an bhfuil sé buan, an bhfuil a dhlínse éigeantach, an bhfuil a nós imeachta sáraitheach, an gcuireann an comhlacht sin riail dlí i bhfeidhm agus an bhfuil sé neamhspleách (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Meitheamh 1966, Vassen‑Göbbels, 61/65, EU:C:1966:39, lch. 395 agus an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank, C‑132/20, EU:C:2022:235 mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Is léir chomh maith ó chásdlí comhsheasmhach na Cúirte nach bhfuil sé de chumhacht ag cúirteanna náisiúnta imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte ach amháin má tá cás ar feitheamh os a gcomhair agus má iarrtar orthu breith a thabhairt in imeachtaí a raibh sé i gceist leo breith de chineál breithiúnach a thabhairt (ordú an 26 Samhain 1999, ANAS, C‑192/98, EU:C:1999:589, mír 21, agus breithiúnais an 31 Eanáir 2013, Belov, C‑394/11, EU:C:2013:48, mír 39, agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (An Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí den Chúirt Uachtarach — Ceapachán), C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 84 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Uime sin, ní mór a chinneadh an bhfuil an comhlacht i dteideal cás a thabhairt os comhair na Cúirte de réir critéir struchtúracha agus fheidhmiúla. Chuige sin, féadfar comhlacht náisiúnta a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, i gcás ina bhfuil cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aige, cé nach féidir an t‑aicmiú sin a aithint agus cúraimí eile, go háirithe cúraimí riaracháin, á bhfeidhmiú (ordú an 26 Samhain 1999, ANAS, C‑192/98, EU:C:1999:589, mír 22, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2013, Belov, C‑394/11, EU:C:2013:48, mír 40).

44

Tugtar le tuiscint uaidh sin gur gá cineál sonrach na gcúraimí éagsúla arna gcur leis an dlí ar chomhlacht náisiúnta, a bhíonn á bhfeidhmiú aige i gcomhthéacs dlí ar leith ina n‑iarrtar air cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, a fhíorú lena fhionnadh an gcaithfear é a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE (ordú an 26 Samhain 1999, ANAS, C‑192/98, EU:C:1999:589, mír 23, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2013, Belov, C‑394/11, EU:C:2013:48, mír 41).

45

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfíorú sin i gcás údarás riaracháin a bhfuil a neamhspleáchas ina iarmhairt dhíreach ar na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais lena dtugtar cumhachtaí rialála earnála agus faireacháin margaidh dóibh. Bíodh is gur dócha gur féidir leis na húdaráis sin na critéir a liostaítear i mír 41 den bhreithiúnas seo a eascraíonn ó bhreithiúnas an 30 Meitheamh 1966, Vaassen-Göbbels (61/65, EU:C:1966:39) a chomhlíonadh, is de chineál riaracháin go bunúsach earnáil a ghrinnscrúdú agus faireachán a dhéanamh ar na margaí (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 12 Samhain 1998, Victoria Film, C‑134/97, EU:C:1998:535, mír 15), a mhéid atá baint aige le hinniúlachtaí a fheidhmiú nach luíonn leo a thugtar do na cúirteanna.

46

Dá réir sin, ní féidir leis an Oifig a áitiú, sa chás go gcomhlíonann sí na critéir sin, go háirithe critéir a bhaineann le neamhspleáchas, nach mór í a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE. Go deimhin, dá ndéanfaí an fhoráil sin a léirmhíniú sa chaoi sin, dhéanfaí sárú ar chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i míreanna 42 go 44 den bhreithiúnas seo, ar dá réir fiú mura bhfuil aon amhras ach gur bunaíodh an comhlacht le dlí, go bhfuil sé buan, go bhfuil a dhlínse éigeantach, go bhfuil a nós imeachta sáraitheach, go gcuireann sé riail dlí i bhfeidhm agus an bhfuil sé neamhspleách, nach féidir le comhlacht náisiúnta ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú ach amháin má tá cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aige mar chuid de chás os a chomhair.

47

Ina dhiaidh sin féin, i mbreithiúnas an 22 Samhain 2012, Westbahn Management (C‑136/11, EU:C:2012:740), a bhfuil an Oifig ag brath air, níor scrúdaigh an Chúirt ach na critéir a d’eascair as breithiúnas an 30 Meitheamh 1966, Vaassen‑Göbbels (61/65EU:C:1966:39) agus ceist tarchurtha os a comhair ag comhlacht rialála iarnróid na hOstaire, agus mar sin mhainnigh sí scrúdú a dhéanamh ar fheidhmigh an comhlacht sin feidhmeanna breithiúnacha i gcomhthéacs an nós imeachta ina ndearnadh an iarraidh sin.

48

I ndáil leis sin, is tásca iad an chumhacht chun tús a chur le himeachtaí ar a tionscamh féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2013, BelovC‑394/11, EU:C:2013:48, mír 47, agus Ordú an 14 Samhain 2013, MF 7, C‑49/13, EU:C:2013:767, mír 18) agus an chumhacht chun pionóis a fhorchur, ar a tionscnamh féin chomh maith, in ábhair a thagann faoina inniúlacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Anesco agus páirtithe eile, C‑462/19, EU:C:2020:715, mír 44) nach bhfuil feidhmeanna breithiúnacha ach feidhmeanna riaracháin á bhfeidhmiú ag an gcomhlacht atá i gceist.

49

Ina theannta sin, ní bhaineann tábhacht chinntitheach leis an gceist i dtaobh arbh é páirtí leasmhar a rinne na himeachtaí as ar eascair iarraidh ar réamhrialú a thionscnamh. Go deimhin, ní hionann gur féidir le comhlacht imeachtaí áirithe a thionscnamh arna iarraidh sin, cé gur féidir leis an gcomhlacht sin, ar chaoi ar bith, an inniúlacht lena mbaineann a fheidhmiú as a stuaim féin, agus cineál riaracháin na hinniúlachta sin a thabhairt faoi cheist.

50

Is ábhartha a ról agus a áit sa dlíchóras náisiúnta chomh maith agus cineál feidhmeanna comhlachta á mheasúnú.

51

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt gníomhaíocht de chuid comhlachtaí nach bhfuil de chúram orthu dlíthiúlacht cinnidh a athbhreithniú, ach seasamh a ghlacadh, den chéad uair, ar ghearán ó dhuine aonair, agus a bhfuil a gcinntí faoi réir athbhreithniú breithiúnach a aicmiú mar “de chineál riaracháin” (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Samhain 1998, Victoria Film, C‑134/97, EU:C:1998:535, míreanna 16 agus 18; orduithe an 24 Márta 2011, Bengtsson, C‑344/09, EU:C:2011:174, míreanna 22 agus 23; an 14 Samhain 2013, MF 7, C‑49/13, EU:C:2013:767, míreanna 19 agus 21, chomh maith le breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Anesco agus páirtithe eile, C‑462/19, EU:C:2020:715, mír 49).

52

Thairis sin, thug an Chúirt chun cuimhne arís agus arís eile nach féidir leis an gcoincheap “cúirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, i ngeall ar a chineál, tagairt a dhéanamh ach d’údarás a bhfuil stádas tríú páirtí aige i ndáil leis an údarás sin a ghlac an cinneadh lena mbaineann ar ábhar é do na himeachtaí (breithiúnais an 30 Márta 1993, Corbiau, C‑24/92, EU:C:1993:118, mír 15; an 30 Bealtaine 2002, Schmid, C‑516/99, EU:C:2002:313, mír 36, agus an 16 Meán Fómhair 2020, Anesco agus páirtithe eile, C‑462/19, EU:C:2020:715, mír 37).

53

Sa chás seo, is gá ar dtús scrúdú a dhéanamh, go bunúsach, ar chineál agus ar fheidhm comhlachta rialála, amhail an Oifig, sa chóras bainistíochta agus rialála ar ghníomhaíochtaí iarnróid a bunaíodh le Treoir 2012/34. Go deimhin, foráiltear le hAirteagail 55 agus 56 den Treoir sin go mbeidh, i ngach Ballstát, comhlachtaí náisiúnta rialála don earnáil iarnróid, bunaítear prionsabail a n‑eagrúchán leo agus cinntear leo na cumhachtaí nach mór a bheith acu.

54

I ndáil leis sin, is léir ó Airteagal 55(1) den Treoir sin gur údarás neamhspleách go dlíthiúil ar aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile é an comhlacht rialála ó thaobh eagrúcháin, feidhmiúcháin, ordlathais agus cinnteoireachta de.

55

Maidir le cumhachtaí an chomhlachta sin, tugtar le tuiscint ó Airteagal 56(1), (2), (6) agus (9) de Threoir 2012/34 go dtugann sé breithiúnas ní hamháin ar achomharc ach is féidir leis gníomhú ar a thionscnamh féin chomh maith.

56

Maidir leis an méid deireanach sin, ní mór dó “faireachán a dhéanamh ar staid iomaíochta mhargaí na seirbhísí iarnróid” agus, sa chomhthéacs sin, faireachán a dhéanamh ar na cinntí a dhéanann oibreoirí san earnáil iarnróid, go háirithe i bhfianaise na ngnéithe éagsúla a liostaítear in Airteagal 56(1) de Threoir 2012/34. Ina theannta sin, áirithíonn an comhlacht sin, inter alia, go bhfuil muirir bhonneagair neamh-idirdhealaitheach agus déanann sé idirghabháil sa chaibidlíocht idir “iarratasóirí”, de réir bhrí Airteagal 3(19) den Treoir sin, eadhon, inter alia, gnóthais iarnróid, agus bainisteoir bonneagair maidir le leibhéal na muirear sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha is infheidhme. Ar deireadh, déanann sé, ar a thionscnamh féin, bearta iomchuí chun aon idirdhealú i gcoinne iarratasóirí, saobhadh margaidh agus forbairtí neamh-inmhianaithe eile sna margaí sin a chur ina cheart.

57

Dá bhrí sin, níl cumhacht an chomhlachta rialála chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos leis an Treoir sin faoi réir gearán nó achomharc a thaisceadh agus, dá bhrí sin, is féidir í a fheidhmiú ar a tionscnamh féin (breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, LatRailNet agus Latvijas dzelzceļš, C‑144/20, EU:C:2021:717, mír 37).

58

Thairis sin, chun críocha a ghníomhaíochtaí faireacháin, ní mór cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag an gcomhlacht rialála, i gcomhréir le hAirteagal 56(8) de Threoir 2012/34, chun an fhaisnéis go léir is gá a fháil. Féadfaidh sé na hiarrataí sin a fhorfheidhmiú trí phionóis iomchuí a fhorchur.

59

Ar an gcaoi chéanna, faoin dara fomhír d’Airteagal 56(9) den Treoir sin, féadfaidh an comhlacht sin na cinntí a ghlacann sé a fhorfheidhmiú trí phionóis iomchuí, lena n‑áirítear fíneálacha, a fhorchur.

60

Dá bhrí sin, tugtar le tuiscint ó Airteagail 55 agus 56 de Threoir 2012/34, arna léamh i bhfianaise aithris 76 di, go gceanglaítear, le bainistiú éifeachtúil agus úsáid chothrom agus neamh-idirdhealaitheach an bhonneagair iarnróid, dá bhforáiltear leis an Treoir sin, údarás a bhunú atá freagrach as faireachán a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos san earnáil iarnróid ag oibreoirí san earnáil sin agus as gníomhú mar chomhlacht athbhreithnithe.

61

Fágann an carnadh feidhmeanna sin, i gcás ina ndéanfar achomharc os comhair comhlacht rialála arna bhunú de bhun Airteagal 55 de Threoir 2012/34, go bhfuil an fíoras sin gan dochar d’inniúlacht an chomhlachta sin bearta iomchuí a dhéanamh, más gá ar a thionscnamh féin, chun aon sárú ar an reachtaíocht is infheidhme a leigheas agus chun a chinntí a fhorfheidhmiú trí phionóis a fhorchur, má mheasann sé gur gá sin, ar tásca iad sin lena ndeimhnítear cineál riaracháin a fheidhmeanna.

62

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 56(10) de Threoir 2012/34 go n‑áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cinntí arna nglacadh ag an gcomhlacht rialála faoi réir athbhreithniú breithiúnach, ar tásc é, mar a tugadh le fios i mír 51 den bhreithiúnas seo, maidir le cineál riaracháin na gcinntí sin (féach, chuige sin, ordú an 14 Samhain 2013, MF 7, C‑49/13, EU:C:2013:767, mír 19).

63

Is i bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo nach mór scrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin, d’ainneoin cineál riaracháin comhlachta rialála, amhail an Oifig, an gá an comhlacht sin a mheas mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, i gcomhthéacs sonrach a fheidhmeanna sna príomhimeachtaí.

64

I ndáil leis sin, is léir ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte agus, go háirithe, ó na freagraí a chuir an Oifig ar fáil ar iarraidh na Cúirte ar fhaisnéis, a thagraíonn don Ghníomh maidir le Iarnróid agus don Chód Nós Imeachta Riaracháin, i bhfeidhmiú a cumhachtaí, cé is moite de na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 23c, 23d agus 34d den Ghníomh maidir le hIarnróid, nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin “ar iarratas”, go nglacfaidh an Oifig cinneadh “ar iarratas” an iarratasóra as a thionscnamh féin. Dá bhrí sin, foráiltear go sainráite in Airteagal 34e(1) den Ghníomh maidir le hIarnróid gur féidir tús a chur leis an nós imeachta lena mbaineann sé ar a thionscnamh féin nó “ar iarratas” iarratasóra.

65

Tá na príomhimeachtaí, a thionscain an t‑iarratasóir, CityRail, ar bhonn Airteagal 34e(1), dírithe ar athbhreithniú a fháil i dtaobh an bhfuil ráiteas gréasáin atá mar chuid de “d[h]earbhú maidir le hiarnróid” i gcomhréir leis an nGníomh sin. Rinneadh Airteagal 56(1)(a) de Threoir 2012/34 a thrasuí leis an bhforáil sin, dar leis an Oifig. Is i gcomhthéacs na n‑imeachtaí sin a iarrtar ar an Oifig cinneadh a thabhairt ar na coinníollacha le haghaidh rochtain ar shaoráidí áirithe arna n‑oibriú ag Správa železnic atá sa ráiteas gréasáin atá i gceist sna príomhimeachtaí.

66

De réir na faisnéise arna soláthar ag an Oifig, de bhun Airteagal 78(1) de Ghníomh Uimh. 250/2016 maidir le dliteanas i leith sáruithe agus na nósanna imeachta lena mbaineann, tabharfaidh an Oifig, ar a tionscnamh féin, imeachtaí i leith neamhrialtachtaí a aimsíonn sí le linn nós imeachta riaracháin, amhail an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34e den Ghníomh maidir le hIarnróid. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé tús le himeachtaí ar leith um shárú.

67

Ina dhiaidh sin féin, mar atá luaite i míreanna 48 agus 49 den bhreithiúnas seo, is tásca fíor-ábhartha iad go bhfuil an Oifig féin údaraithe chun na himeachtaí ina ndearnadh an iarraidh ar réamhrialú seo a thionscnamh agus go bhfuil sé de chumhacht aici mírialtachtaí a aimsiú ar a tionscnamh féin le linn na n-imeachtaí sin mar thaca leis an gcinneadh nach bhfuil cúraimí breithiúnacha ach cúraimí riaracháin á bhfeidhmiú ag an gcomhlacht sin sna príomhimeachtaí.

68

Ina theannta sin, is léir freisin ón bhfaisnéis a sholáthair an Oifig go bhféadfar cinntí an chomhlachta sin a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Sa chás, i gcomhréir leis na rialacha maidir le leithroinnt na dlínse a leagtar síos sna cóid nós imeachta sibhialta agus ceartais riaracháin, ina bhfuil dlínse ag na cúirteanna riaracháin chun caingean i gcoinne chinneadh na hOifige a éisteacht agus a chinneadh, tá stádas cosantóra ag an Oifig. Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 250c(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta go bhfuil an ceart ag an Oifig, os comhair na gcúirteanna sibhialta, a bhfuil dlínse acu, inter alia, dar leis an Oifig, chun caingne i gcoinne cinntí a glacadh i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34e den Ghníomh maidir le hIarnróid a éisteacht agus a chinneadh, chun barúlacha a thaisceadh, gan bheith ina páirtí sna himeachtaí.

69

Mar sin féin, is léiriú í rannpháirtíocht den sórt sin ag an Oifig in imeachtaí achomhairc a bhaineann lena cinneadh féin nach bhfuil stádas tríú páirtí ag an Oifig maidir leis na leasanna atá i gceist, de réir bhrí mhír 52 den bhreithiúnas seo, nuair a ghlacann sí an cinneadh sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Deireadh Fómhair 2014, TDC, C‑222/13, EU:C:2014:2265, mír 37, agus an cásdlí dá dtagraítear, chomh maith leis an 24 Bealtaine 2016, MT Højgaard agus Züblin, C‑396/14, EU:C:2016:347, mír 25).

70

Tá an anailís a dhéantar thuas gan dochar don fhíoras go bhféadfar, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo, comhlacht atá i mbun feidhmeanna de chineál idir riaracháin agus bhreithiúnach agus a chomhlíonann na critéir struchtúracha dá dtagraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo a mheas mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE i gcás ina bhfuil na feidhmeanna de chineál breithiúnach a chomhlíonann sé scartha go hoibiachtúil agus go docht óna fheidhmeanna de chineál riaracháin. Is é sin an cás go háirithe nuair is féidir imeachtaí áirithe a thionscnamh os comhair an chomhlachta sin ar achomharc amháin agus ní ex officio agus i gcás nach féidir leis an gcomhlacht sin a bheith ina chosantóir i gcomhthéacs athbhreithniú breithiúnach ar na cinntí a dhéanfaidh sé ag deireadh na n‑imeachtaí sin.

71

Ní mór a mheas, mar sin féin, i bhfianaise na bpointí a leagtar amach i míreanna 64 go 69 den bhreithiúnas seo, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, go bhfuil an Oifig i mbun feidhmeanna nach bhfuil de chineál breithiúnach, ach de chineál riaracháin. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sí ina “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, agus dá thoradh sin níl an iarraidh ar réamhrialú atá déanta aici inghlactha.

Costais

72

Ós rud é, sa mhéid is go mbaineann siad leis na príomhpháirtithe sa phríomhchaingean, go bhfuil na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Tá an tarchur chun réamhrialú ón Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (An Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair, Poblacht na Seice) do-ghlactha.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: An tSeicis.

Top