EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1601

Cinneadh (CBES) 2023/1601 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

ST/12087/2023/INIT

IO L 196, 4.8.2023, p. 37–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1601/oj

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/37


CINNEADH (CBES) 2023/1601 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Lúnasa 2023

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis na Bealarúise éirí as cogadh foghach na Rúise a chumasú, mar atá á dhéanamh acu faoi láthair trí chead a thabhairt d’fhórsaí armtha na Rúise críoch na Bealarúise a úsáid agus trí thacaíocht a thabhairt d’arm na Rúise. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór do réimeas na Bealarúise cloí go hiomlán lena oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí tuilleadh smachtbhannaí a fhorchur i gcoinne na Bealarúise go gasta.

(5)

An 18 Eanáir 2023, d’eisigh an tAontas ráiteas maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, inar chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó drochstaid chearta an duine sa Bhealarúis, staid atá ag dul in olcas faoi réimeas Lukashenka, agus cháin sé arís gníomhaíochtaí an réimis i Mionsc arb é is aidhm dóibh tacú le fogha barbartha na Rúise faoin Úcráin agus na hiarrachtaí athnuaite atá á ndéanamh chun imircigh a úsáid ar bhealach ciniciúil foréigneach chun géarchéimeanna a chruthú ag teorainneacha an Aontais.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023 agus an 29 agus 30 Meitheamh 2023, cháin an Chomhairle Eorpach an tacaíocht mhíleata leanúnach a bhí á tabhairt ag an mBealarúis do chogadh foghach na Rúise agus chuir sí i bhfios go láidir nach mór don Bhealarúis stopadh de chead a thabhairt d’fhórsaí armtha na Rúise a críoch a úsáid, lena n-áirítear chun airm núicléacha oirbheartaíochta a imscaradh.

(7)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

(8)

Go háirithe, is iomchuí toirmeasc a chur ar dhíol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón. Cumhdaítear freisin earraí atá faoi réir an toirmisc sin le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Sa chomhthéacs sin, caithfear le Cinneadh 2012/642/CBES, mar lex specialis agus, dá bhrí sin, i gcás coinbhleachta, tá tosaíocht aige ar Rialachán (AE) Uimh. 258/2012.

(9)

Is iomchuí freisin síneadh breise a chur leis an toirmeasc onnmhairiúcháin ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ardfhorbartha, agus tuilleadh srianta ar onnmhairiú a thabhairt isteach maidir le hearraí a d’fhéadfadh cur le feabhas míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise a chur chun cinn nó a hearnáil cosanta agus slándála a fhorbairt, go háirithe ítimí a d’úsáid an Rúis le haghaidh a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine.

(10)

Is iomchuí freisin toirmeasc onnmhairiúcháin a fhorchur ar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid in eitlíocht agus i dtionscal an spáis, lena n-áirítear innill aerárthaí agus a bpáirteanna, d’aerárthaí foireannaithe agus neamhfhoireannaithe araon.

(11)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun an beart sin a chur chun feidhme.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

1.   Gan dochar d’Airteagal 1 den Chinneadh seo, maidir le hairm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus a n-armlón, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus airm thine agus airm eile mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar na hairm sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).’;"

(2)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gach earra agus teicneolaíocht dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), beidh toirmeasc ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis ag náisiúnaigh de chuid Ballstát nó ó chríocha na mBallstát nó a bhfuil a soithí brataí nó a n-aerárthaí in úsáid acu, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

(*2)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).’;"

(3)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ítimí a onnmhairiú go sealadach lena n-úsáid ag na meáin nuachta;’;

(4)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

úsáid mar ghléasanna cumarsáide tomhaltóirí; nó;’;

(5)

in Airteagal 2c(3), scriostar pointe (f);

(6)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.’;

(7)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:

‘Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.’;

(8)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;’;

(9)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó’;

(10)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an pointe seo a leanas:

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.’;

(11)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú earraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí mar sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.’

;

(12)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.’

;

(13)

in Airteagal 2c (7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (i) agus (ii):

‘(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 2da(1), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b).’;

(14)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

onnmhairiú sealadach ítimí lena n-úsáid ag meáin nuachta;’;

(15)

in Airteagal 2d(3), scriostar pointe (f);

(16)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.’;

(17)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.’;

(18)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;’;

(19)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó’;

(20)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2d(4):

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.’;

(21)

in Airteagal 2d, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   Gan dochar do mhír 4, pointe (e), agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais beartaithe chun clabhsúr a chur, faoin 6 Feabhra 2024, ar chonarthaí agus ar oibríochtaí a bheidh ar siúl an 5 Lúnasa 2023 agus atá riachtanach chun seirbhísí teileachumarsáide sibhialta a sholáthar do phobal sibhialta na Bealarúise.’

;

(22)

in Airteagal 2d, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí a thagann faoi chóid AC 8536 69, 8536 90, 8541 30 agus 8541 60 a údarú, go dtí an 6 Feabhra 2024, nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais a údarú, a mhéid is gá sin chun go mbeidh comhfhiontar a bhfuil úinéireacht tromlaigh ag cuideachta atá bunaithe san Aontas air an 5 Lúnasa 2023 in ann na hearraí sin sa Bhealarúis a phróiseáil, chun críche iad a allmhairiú isteach san Aontas ina dhiaidh sin agus chun earraí a tháirgeadh san Aontas ina dhiaidh sin a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san earnáil sláinte nó cógaisíochta, nó i réimse an taighde agus na forbartha.’

;

(23)

in Airteagal 2d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.’

;

(24)

in Airteagal 2d(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (i) agus (ii):

‘(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 2da(1), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b);’

(25)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2sa

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid sa tionscal eitlíochta nó sa tionscal spáis, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, d’aon duine, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Beidh toirmeasc ar aon cheann nó ar aon chumasc de na gníomhaíochtaí seo a leanas a sholáthar: ollchóiriú, deisiú, iniúchadh, athionadú, modhnú nó ceartú lochta a dhéanamh ar aerárthach nó ar chomhpháirt, cé is moite d’iniúchadh réamheitilte, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

4.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó a bhaineann le soláthar, monarú agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

5.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4 go dtí an 4 Mean Fómhair 2023 maidir le forghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 5 Lúnasa 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 4, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go bhforghníomhófaí léas airgeadais aerárthaigh ar tugadh an léas i gcrích roimh an 5 Lúnasa 2023 tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

gur gá a áirithiú go ndéanfaí aisíocaíochtaí léasa le duine dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nach dtagann faoi aon cheann de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Chinneadh seo; agus

(b)

nach gcuirfear aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil don chontrapháirtí Bealarúiseach, cé is moite d’úinéireacht an aerárthaigh a aistriú tar éis an léas airgeadais a aisíoc ina iomláine.

7.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a thagann faoi chóid AC 8517 71 00, 8517 79 00 agus 9026 00 00 a údarú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil sé riachtanach chun críoch leighis nó cógaisíochta, nó chun críoch daonnúil, mar shampla cúnamh a sheachadadh nó seachadadh an chúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó chun críoch aslonnuithe.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun críoch leighis, cógaisíochta nó daonnúil i gcomhréir leis an mír seo, ní dheonóidh na húdaráis náisiúnta inniúla údarú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.

8.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

9.   Beidh an toirmeasc i mír 1 gan dochar d’Airteagail 2c(4), pointe (b) agus 2d(4), pointe (b)

10.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 4, pointe (a) maidir le malartú faisnéise arb é is aidhm dó caighdeáin theicniúla a bhunú faoi chuimsiú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1.

11.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’

;

(26)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis mar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN VI

Liosta na n-arm tine agus na n-arm eile dá dtagraítear in Airteagal 1a.

Cód AC

Tuairisc

9303

Airm thine eile agus gléasanna comhchosúla a oibríonn trí lánán pléascach a scaoileadh

ex 9304

Airm eile (mar shampla gunnaí agus piostail tuailme, aeir, nó gáis) seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9307


Top