EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0546

Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn

IO L 163, 29.5.2014, p. 15–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/546/oj

29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 546/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle (4) bunaítear beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Aontais i leith soithí a úsáidtear chun earraí a iompar le huiscebhealach intíre sna Ballstáit.

(2)

I dtaca le nuachóiriú agus athstruchtúrú na gcabhlach, ba cheart bearta sóisialta a bheartú, ag céim luath de rogha, chun cabhrú leis na comhaltaí criú uile, lena n-áirítear oibreoirí agus úinéir-oibreoirí ar mian leo tionscal na n-uiscebhealaí intíre a fhágáil nó ar mian leo athoiliúint a fháil i gcomhair poist in earnáil eile, chomh maith le bearta chun bunú grúpaí gnóthas a spreagadh, chun scileanna na n-oibreoirí sa loingseoireacht intíre a fheabhsú agus chun oiriúnú soithí don dul chun cinn teicniúil a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le soithí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ba cheart an cúlchiste arna chur ar bun i ngach Ballstát ina bhfuil uiscebhealaí acu atá nasctha le huiscebhealaí i mBallstát eile agus a bhfuil tonnáiste cabhlaigh de bhreis is 100 000 tona acu, amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a úsáid do bhearta a bhaineann le húinéirí-oibreoirí. D’fhéadfaí cistí tiomnaithe eile atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a úsáid chun tacú le himeachtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.

(3)

Chun na críche sin, d’fhéadfaí na cúlchistí a úsáid má dhéanann na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí intíre é sin a iarraidh d’aon ghuth.

(4)

Níor baineadh úsáid as na cúlchistí riamh, cúlchistí nach bhfuil iontu ach ranníocaíochtaí ón tionscal, agus uaidh sin amháin.

(5)

Baineann na bearta i dtaca le nuachóiriú chabhlaigh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 le cúrsaí sóisialta agus le sábháilteacht na timpeallachta oibre amháin. Ní fhoráiltear do chineálacha eile beart tacaíochta chun cúinsí fabhracha don nuáil ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú.

(6)

Maidir leis na bearta in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le gairmoiliúint nó scéimeanna athoiliúna, baineann siad le comhaltaí criú uile atá ag fágáil na hearnála, lena n-áirítear úinéir-oibreoirí, agus ní leosan amháin atá cáilithe mar oibrithe.

(7)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 do bhearta a spreagann úinéir-oibreoirí chun dul isteach i gcomhlachais trádála, ach ní do bhearta a threisíonn na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí intíre ar leibhéal an Aontais, cé gur féidir le heagraíochtaí níos láidre ar fud an Aontais cabhrú chun ilroinnt san earnáil a mhaolú.

(8)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a chomhlánú le bearta chun scéimeanna oiliúna nó athoiliúna a chur ar bun do chomhaltaí criú seachas iadsan amháin atá cáilithe mar “oibrithe” atá ag fágáil an tionscail, le bearta chun úinéir-oibreoirí a spreagadh chun dul isteach i gcomhlachais trádála, le bearta chun comhlachais ghairmiúla a threisiú agus chun nuáil soithí a spreagadh agus a gcur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil ó thaobh an chomhshaoil de.

(9)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit taighde agus nuálaíocht a neartú in earnáil an iompair uiscebhealaí intíre agus sa bhonneagar calafoirt ilmhódach trí na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faoi Fhís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2014-2020 (‘Fís 2020’) (5) agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (6), agus leis sin comhtháthú na hearnála sin in iompar ilmhódach a áirithiú.

(10)

Ba cheart don Choimisiún tacú le bearta don nuálaíocht agus le hoiriúnú na gcabhlach d’uiscebhealaí intíre don dul chun cinn teicniúil maidir leis an gcomhshaol trí úsáid ionstraimí airgeadais ó chistí Aontais atá ann cheana amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus Fís 2020 a chur chun cinn, agus ba cheart dó slite a mholadh chun na cúlchistí a ghiaráil trí bhíthin ionstraimí airgeadais atá ann cheana chomh maith leis na hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

(11)

Ós rud é gur cuireadh culchistí ar bun trí bhíthin ranníocaíochtaí ó earnáil na tionsclaíochta, ba cheart go bhféadfaí iad a úsáid chun na soithí a oiriúnú do na ceanglais theicniúla agus comhshaoil a ghlacfar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear a n–oiriúnú d’fhorbairt breise na gcaighdeán Eorpach i ndáil le hastaíochtaí inneall, chomh maith le spreagadh éifeachtúlachta breosla inneall, le húsáid breoslaí malartacha agus aon bhearta eile chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, agus le haghaidh soithí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear soithí atá oiriúnaithe d’aibhneacha.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999:

‘Airteagal 8

Gan dochar d’Airteagal 3(5), féadfaidh aon Bhallstát bearta a ghlacadh go háirithe chun:

é a dhéanamh níos fusa d’iompróirí ar uiscebhealaí intíre atá ag fágáil an tionscail pinsean luathscoir a fháil nó bogadh go gníomhaíocht eacnamaíoch eile, inter alia trí fhaisnéis chuimsitheach a sholáthar,

gairmoiliúint nó scéimeanna athoiliúna a eagrú do na comhaltaí criú, lena n-áirítear oibreoirí agus úinéir-oibreoirí atá ag fágáil an tionscail agus faisnéis iomchuí faoi na scéimeanna sin a sholáthar,

scileanna sa loingseoireacht intíre agus eolas ar lóistíocht a fheabhsú chun forbairt agus todhchaí na gairme a chosaint,

úinéir-oibreoirí a spreagadh chun dul isteach i gcomhlachais trádála agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí ar leibhéal an Aontais a threisiú,

oiriúnú soithí don dul chun cinn teicniúil a spreagadh chun dálaí oibre, lena n-áirítear cosaint sláinte, a fheabhsú agus chun an tsábháilteacht a chur chun cinn,

nuáil i ndáil le soithí a spreagadh agus a n-oiriúnú don dul chun cinn teicniúil ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear soithí atá neamhdhíobhálach ó thaobh an chomhshaoil,

slite a spreagadh chun úsáid cúlchistí a ghiaráil i gcomhar le hionstraimí airgeadais atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoi Fhís 2020 agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus le hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 21 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 31 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 90, 2.4.1999, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348. 20.12.2013, lch. 129).


Top