Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62023CC0596

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Pikamäe arna thabhairt ar an 2024 Méan Fómhair 26.


Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2024:797

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

PIKAMÄE

arna tabhairt an 26 Meán Fómhair 2024 ( 1 )

Cás C‑596/23 (Pohjanri) ( i )

B UG

idiragraí

Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö

(Iarraidh ar réamhrialú ó Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí, an Fhionlainn))

(Tarchur chun réamhrialú – Dleacht mháil – Treoir 2008/118/CE – Airteagal 36 – Earraí máil i mBallstát eile a cheannach ar líne – Earraí arna seoladh nó arna n‑iompar go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann – Iompar a dhéanann cuideachta iompair arna moladh ag an díoltóir – Reachtaíocht náisiúnta faoina meastar an díoltóir a bheith faoi réir dleacht mháil atá inmhuirearaithe sa Bhallstát cinn scríbe)

1.

Sa chás seo, tharchuir Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí, an Fhionlainn) ceist chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú i leith léiriú ar Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE. ( 2 )

2.

Den chéaduair, beidh an deis aici rialú a thabhairt i leith raon feidhme na forála sin de Threoir 2008/118, trína bheith ag sonrú cé chomh bainteach agus a chaithfidh díoltóir a bheith in iompar earraí máil chun a dhearbhú go bhfuil ‘ciandíol’ i gceist, ionas go ndéanfaí amach go bhfuil an díoltóir faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát is ceann scríbe do na hearraí sin.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3.

Baineann Airteagail 32, 33, 34 agus 36 de Threoir 2008/118, agus Airteagal 33 de Threoir 2006/112/CE le hábhar sa chás seo. ( 3 )

Dlí na Fionlainne

An dlí lena mbaineann a bhí infheidhme in 2020

4.

Rinneadh Treoir 2008/118 a thrasuí san Fhionlainn leis an valmisteverotuslaki (182/2010) (an Dlí maidir le dleacht mháil (182/2010) (‘an Dlí maidir le dleacht mháil’). Sa chás seo, tá feidhm ag an leagan den dlí sin a bhí i bhfeidhm in 2020.

5.

Leagtar amach na prionsabail chun cáin ar an alcól agus ar dheochanna alcólacha is iníoctha leis an Stát, agus méid na cánach sin, a chinneadh in laki alkoholi-ja alkoholijuomaverosta (1471/1994) (an Dlí maidir le cáin ar an alcól agus ar dheochanna alcólacha).

6.

De réir an dara mír d’Airteagal 1 den Dlí maidir le dleacht mháil, tá feidhm ag an Dlí sin maidir le dleacht mháil a ghearradh, inter alia, ar an alcól agus ar dheochanna alcólacha, mura ndéantar foráil dá mhalairt i ndlí a bhaineann le dleacht mháil shonrach.

7.

De réir Airteagal 6(11) den Dlí sin, ciallaíonn ‘ciandíol’, chun críocha an Dlí chéanna sin, díol faoina gceannaíonn duine nach coimeádaí trádstórais údaraithe ná coinsíní atá cláraithe nó atá cláraithe go sealadach, atá bunaithe san Fhionlainn agus nach seolann gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách, i mBallstát eile, earraí máil, arna scaoileadh lena dtomhailt, agus a sheoltar nó a iompraítear chuig an bhFionlainn go díreach nó go hindíreach ó chian ag an díoltóir nó thar a cheann.

8.

Faoi Airteagal 6(12) den Dlí maidir le dleacht mháil, ciallaíonn ‘ciandíoltóir’ díoltóir a dhíolann earraí atá le dul chuig an bhFionlainn faoi réir na nósanna imeachta a shonraítear i mír 11 den Airteagal sin.

9.

Foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 72 den Dlí sin nach mbeidh dleacht mháil inmhuirearaithe ar earraí a scaoiltear lena dtomhailt i mBallstát eile a cheannaíonn duine aonair príobháideach dá úsáid féin arna n‑iompar chuig an bhFionlainn aige féin.

10.

Foráiltear le hAirteagal 74(1) den Dlí sin, i gcás ina bhfaigheann duine aonair príobháideach, ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear in Airteagal 72 den Dlí céanna nó trí bhíthin ciandíola, earraí máil ó Bhallstát dá úsáid féin agus ina ndéanann duine aonair príobháideach eile nó oibritheoir gairmiúil na hearraí sin a iompar chuig an bhFionlainn, beidh sé faoi réir dleacht mháil. Maidir le haon duine a raibh baint aige le hiompar na n‑earraí sin nó lena stóráil san Fhionlainn, beidh sé faoi dhliteanas freisin an dleacht mháil a bheidh iníoctha ag an duine aonair príobháideach a fuair na hearraí mail a íoc amhail gurbh é a fhiach féin é.

11.

De réir na chéad mhíre d’Airteagal 79 den Dlí maidir le dleacht mháil, gearrfar dleacht mháil ar earraí a dhíoltar san Fhionlainn trí mheán an chiandíola. Sa dara mír den Airteagal sin, foráiltear go mbeidh an ciandíoltóir faoi dhliteanas an dleacht sin a íoc. Más rud é go bhfuil ionadaí cánach ag an gciandíoltóir, beidh sé faoi dhliteanas an dleacht sin a íoc in ionad an chiandíoltóra. Beidh an ciandíoltóir faoi dhliteanas an dleacht mháil a bheidh iníoctha ag an ionadaí cánach a íoc amhail gurbh é a fhiach féin é. De réir an tríú mír den Airteagal sin, beidh dleacht mháil inmhuirearaithe nuair a sheachadtar na hearraí máil chuig an bhFionlainn. Beidh dleacht mháil iníochta de réir na bhforálacha atá i bhfeidhm an lá a dhéantar na hearraí a sheachadadh chuig an bhFionlainn.

Na doiciméid reachtacha ullmhúcháin a bhaineann le hAirteagal 74 den Dlí maidir le dleacht mháil

12.

Is mar seo a leanas atá na cúiseanna le hAirteagal 74 den Dlí maidir le dleacht mháil a ghlacadh, mar a leagtar amach iad sa Togra ón rialtas le haghaidh Dlí maidir le dleacht mháil (HE 263/2009 vp, lch. 46):

‘Leis an Airteagal seo, rialófar cás ina bhfaighidh duine aonair príobháideach earraí máil i mBallstát eile chun a úsáide féin ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear in Airteagal 72 nó trí chiandíol. Sa chás sin, ní hé an duine aonair príobháideach féin a thabharfaidh na hearraí isteach san Fhionlainn; is duine aonair príobháideach eile nó oibreoir gairmiúil a bheidh dá n‑iompar. Ciallaíonn sé sin go mbeidh duine aonair príobháideach in ann earraí a cheannach, mar shampla ar an idirlíon, i mBallstát eile agus a chuid socruithe féin a dhéanamh lena n‑iompar chuig an bhFionlainn, gan an díoltóir ná duine atá ag gníomhú thar a cheann a bheith páirteach san iompar a eagrú.

[...]

Gearrfar cáin ar earraí beag beann ar iad a bheith allmhairithe isteach san Fhionlainn ag oibreoir gairmiúil, amhail iompróir nó seirbhís poist, nó ag duine aonair príobháideach eile. Is éard atá mar dhifríocht bhunúsach leis an gciandíol ná nach nglacfaidh an díoltóir ná duine ag gníomhú dó thar a cheann aon pháirt in iompar na n‑earraí ná in eagrú an iompair. Contrártha leis sin, mar shampla, má thugann an díoltóir treoir don cheannaitheoir, ar a shuíomh gréasáin, chun dul i dteagmháil le gnóthais iompair áirithe, beidh ciandíol i gceist, agus sa chás sin beidh an ciandíoltóir nó a ionadaí cánach faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát cinn scríbe’.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

13.

Bhí suíomh gréasáin á reáchtáil ag an gcuideachta B UG, ar fáil san Fhionlainnis freisin, trína raibh an deis ag custaiméirí brandaí éagsúla deochanna alcólacha ísealnirt nó an‑alcólach a cheannach i siopa ar líne.

14.

An 20 Aibreán 2020, d’urghabh na húdaráis chustaim coinsíneacht san Fhionlainn ina raibh deochanna alcólacha éagsúla, arna seoladh ag B UG ón nGearmáin chuig an bhFionlainn agus í dírithe ar dhuine aonair príobháideach. Is ar bhonn Airteagal 103 den Dlí maidir le dleacht mháil a urghabhadh na hearraí a seoladh chun a fháil amach ar cuireadh forálacha an Dlí sin i bhfeidhm maidir le hallmhairiú na ndeochanna sin.

15.

D’iarr an t‑údarás fioscach ar an gceannaitheoir a rinne an t‑ordú ar shuíomh gréasáin B UG socruithe maidir leis an ordú agus maidir le heagrú an iompair a mhíniú dó.

16.

De réir na mínithe a thug an duine aonair príobháideach sin an 25 Meitheamh 2020, nuair a rinneadh an t‑ordú i siopa ar líne B UG, tháinig fógra aníos le haghaidh seirbhísí iompair chuideachtaí X, Y agus Z. Dá réir sin, rinneadh nuashonrú sa chiseán ar mheáchan an ordaithe agus praghas an iompair gach uair a cuireadh earraí leis. I ndiaidh íocaíocht a bheith déanta ar an ordú alcóil, tháinig meabhrúchán maidir le hiompar a eagrú aníos ar shuíomh gréasáin B UG. Sa mheabhrúchán sin, de réir an duine aonair phríobháidaigh sin, bhí naisc lena seoladh go díreach chuig suíomhanna gréasáin na soláthróirí iompair. Roghnaigh an duine aonair príobháideach cuideachta X lena ordú a iompar. Trí chliceáil ar nasc ‘X’, atreoraíodh é chuig suíomh gréasáin X. Ar an suíomh sin, chuir sé isteach a chuid sonraí, ach níor thug sé eolas ar bith maidir lena ordú, amhail an uimhir a bhí leis. D’íoc sé an last‑táille go díreach le cuideachta X ar a shuíomh gréasáin.

17.

Mar thaca lena argóintí, chuir an t‑údarás fioscach gabháil scáileáin dar dáta an 16 Meitheamh 2020 ar fáil ina raibh treoracha maidir leis an modh seachadta a bhí ar shuíomh gréasáin B UG agus gabháil scáileáin dar dáta an 24 Meitheamh 2020 ina raibh na téarmaí seachadta a bhí le feiceáil ar an suíomh sin. Ba léir ó na gabhálacha sin nach n‑eagraíonn B UG féin iompar na n‑earraí ach go dtugann sé deis dá chustaiméirí an t‑ordú a bhailiú nó iompróir a roghnú, agus roinnt iompróirí luaite ar shuíomh gréasáin B UG mar roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann. Thairis sin, ba léir ó na gabhálacha sin gur chuir an chuideachta sin in iúl dá cuid custaiméirí gur ghá dóibh cáin a íoc san Fhionlainn.

18.

Le cinneadh an 21 Lúnasa 2020, ghearr an t‑údarás fioscach ar B UG, i ndáil le deochanna alcólacha arna ngabháil an lá roimhe, cáin ar an alcóil agus ar dheochanna alcólacha agus pionós cánach dar luach EUR 1 645.83 san iomlán. Mheas sí go ndearna an chuideachta sin nó go ndearna duine atá ag gníomhú thar a ceann na deochanna alcólacha lena mbaineann a sheoladh nó a iompar go díreach nó go hindíreach chuig an bhFionlainn agus, dá bhrí sin, gur ghníomhaigh an chuideachta sin mar chiandíoltóir agus go raibh sí faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc san Fhionlainn.

19.

Rinne B UG achomharc i gcoinne an chinnidh cánach os comhair an údaráis fhioscaigh. Le cinneadh an 1 Meitheamh 2021, dhiúltaigh an t‑údarás fioscach don achomharc sin.

20.

Thug B UG achomharc os comhair Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí) i gcoinne chinneadh an údaráis fhioscaigh an 1 Meitheamh 2021. Bhí sé mar aidhm leis go gcuirfí cinneadh an údaráis fhioscaigh ar ceal agus go dtarraingeofaí siar na cánacha uile ar an alcól agus ar dheochanna alcólacha a forchuireadh air.

21.

Fiafraíonn Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí) an raibh B UG páirteach in iompar na ndeochanna alcólacha a dhíol sé ar a shuíomh gréasáin sa chaoi nach mór a mheas go bhfuil sé faoi réir dleacht mháil san Fhionlainn mar chiandíoltóir na ndeochanna alcólacha sin. Sonraíonn sí, maidir leis an duine aonair príobháideach a fuair na hearraí sin sa Ghearmáin, gur cheannaigh sé iad ó B UG chun a úsáide féin agus gur íoc sé costais iompair na n‑earraí sin go díreach leis an ngnóthas iompair.

22.

Deir an chúirt sin nach gcumasaítear í, le cásdlí na Cúirte, freagra a thabhairt ar an gceist maidir le cén chaoi is ceart léiriú a dhéanamh ar an bhfrása ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’ arna úsáid in Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118.

23.

Creideann an chúirt sin gur gá, mar chuid den chás seo, a mheas, inter alia, an raibh nó nach raibh B UG páirteach in iompar na n‑earraí i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach de réir bhrí Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118, ós rud é go luaitear gnóthais iompair éagsúla ar shuíomh gréasáin na cuideachta sin agus go dtugtar faisnéis maidir leis an gcostas iompair atá le híoc ag na ceannaitheoirí. Thairis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go raibh nasc ar shuíomh gréasáin an díoltóra chuig suíomh gréasáin na ngnóthas iompair agus, a luaithe a bhí an nasc sin cliceáilte, rinneadh an fhaisnéis faoi na hearraí a bhí le hiompar a aistriú go huathoibríoch chuig an suíomh gréasáin sin ó shuíomh gréasáin an díoltóra.

24.

Sa chomhthéacs seo, chinn Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

An gcuirtear cosc le Treoir 2008/118, go háirithe Airteagal 36 di maidir le ciandíol, ar léiriú ar an dlí náisiúnta ar dá réir a mheastar go bhfuil díoltóir earraí máil atá bunaithe i mBallstát eile páirteach sna hearraí sin a iompar chuig an mBallstát cinn scríbe agus go bhfuil sé faoi réir dleacht mháil ar chiandíol sa Bhallstát cinn scríbe ar an aon chúis go dtugann an díoltóir, ar a shuíomh gréasáin, treoir don cheannaitheoir cuideachta iompair faoi leith a úsáid?

2.

An ndearna an díoltóir earraí máil earraí a sheoladh nó a iompar chuig Ballstát eile go díreach nó go hindíreach de réir bhrí Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 agus an raibh sé faoi réir dleacht mháil ar chiandíol de réir bhrí na Treorach más rud é gur moladh cuideachtaí áirithe iompair ar shuíomh gréasáin an díoltóra agus gur tugadh faisnéis ar an suíomh faoi na costais iompair don cheannaitheoir agus gur cuideachta iompair dár seoladh an fhaisnéis faoi na hearraí a bhí le hiompar a ghearr na costais iompair gan aon rud a bheith déanta ag an gceannaitheoir? An bhfuil an fíoras gur thug an ceannaitheoir conradh ar leithligh le haghaidh earraí a iompar leis an gcuideachta iompair a luadh ar shuíomh gréasáin an díoltóra ábhartha chun an cheist sin a mheas?’

Anailís

Raon feidhme na gceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

25.

Ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús go mbaineann an dara ceist arna tarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur le léiriú Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 i bhfianaise imthosca fíorasacha an cháis lena mbaineann, agus go ndealraíonn sé go mbaineann an chéad cheist, atá níos cúinge ó thaobh raon feidhme de, le comhoiriúnacht léiriú Airteagal 74 den Dlí maidir le dleacht mháil, mar a leagtar amach é sa bhille ó Rialtas na Fionlainne, le hAirteagal 36(1), a thrasuítear sa dlí náisiúnta le hAirteagal 74 den Dlí maidir le dleacht mháil.

26.

Ós rud é go gcumhdaítear, leis an dá cheist sin, an cheist chéanna maidir le raon feidhme Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118, go sonrach maidir leis an bhfrása ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’, is féidir, dar liom, déileáil leo i gcomhpháirt.

Substaint an cháis

27.

Tá sé mar chuspóir le Treoir 2008/118 feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí mheán saorghluaiseacht earraí máil san Aontas Eorpach. Chuige sin, leis an Treoir sin éilítear comhchuibhiú na reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear na cineálacha cánach sin chun a chinntiú gurb ionann coincheap ‘inmhuireareachta’ na dleachta máil agus na coinníollacha a ghabhann leis sna Ballstáit go léir. ( 4 )

28.

Ní bhaineann an córas ginearálta maidir le dleacht mháil a bhunaítear leis an Treoir sin ach amháin le hearraí a liostaítear in Airteagal 1(1) di, lena n‑áirítear deochanna alcólacha.

29.

Ní mór, ionas go mbeidh an córas sin éifeachtach, go mbeifear faoi réir dleacht mháil tráth a thiocfaidh ceann do na hearraí sin ar an margadh inmheánach, cé gur gá go mbeidh inmhuireareacht na dleachta máil chomh gar agus is féidir leis an tomhaltóir deiridh.

30.

Chuir reachtas an Aontais na ceanglais sin trasna mar a leanas. Foráiltear le hAirteagal 2 de Threoir 2008/118 gurb é an teagmhas cánach do dhleacht máil monarú nó allmhairiú na n‑earraí sin i gcríoch an Aontais. Le hAirteagal 7(1) den Treoir sin, bunaítear mar riail ghinearálta go mbeidh dleacht mháil inmhuirearaithe arna scaoileadh lena dtomhailt do na hearraí agus sa Bhallstát ina ndéanfar é sin, ( 5 ) agus leis an gcéad mhír d’Airteagal 9 den Treoir sin, sonraítear gurb iad na coinníollacha inmhuirearachta agus rátaí dleachta máil a bheidh infheidhme na cinn a bheidh i bhfeidhm an lá a bheifear inmhuirearaithe sa Bhallstát ina scaoiltear earraí lena dtomhailt.

31.

Baineann forálacha Chaibidil V de Threoir 2008/118 (‘Gluaiseacht agus cánachas earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt’) le cásanna inar aistríodh an t-earra laistigh den Aontas, tar éis dó a bheith scaoilte lena thomhailt agus tar éis don dleacht mháil a bheith íoctha. Tá na forálacha sin ag freagairt don cheanglas chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal an chríochachais fhioscaigh, ar dá réir nach mór dleacht mháil a íoc i dtír an tomhaltais iarbhír, agus chun cánachas dúbailte a sheachaint ar an earra lena mbaineann.

32.

Cé go bhforáiltear le hAirteagal 32 de Threoir 2008/118 nach bhfuil dleacht mháil inmhuirearaithe ach amháin sa Bhallstát ina bhfaightear na hearraí nuair a cheannaíonn duine aonair príobháideach na hearraí dá úsáid féin agus nuair a iompraíonn sé féin chuig Ballstát eile iad, tá eisceachtaí in Airteagail 33 agus 36 den Treoir sin ón riail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 7 den Treoir sin a mhéid a shuitear leo go mbeidh dleacht mháil ar earra a scaoileadh lena thomhailt cheana féin inmhuirearaithe tráth is déanaí ná tráth a scaoilte lena thomhailt.

33.

Foráiltear le hAirteagal 33 de Threoir 2008/118, gan dochar d’Airteagal 36 di, i gcás ina bhfuil earraí a scaoileadh cheana lena dtomhailt i mBallstát amháin á stóráil chun críoch tráchtála i mBallstát eile lena seachadadh nó lena n‑úsáid ann, go dtiocfaidh dleacht mháil chun bheith inmhuirearaithe sa Bhallstát eile sin. I gcás mar sin, is é an duine a bheidh faoi dhliteanas an dleacht sin a íoc an duine a dhéanann iad a sheachadadh nó a dhéanann na hearraí atá le seachadadh a stóráil, nó a ndéantar na hearraí a sheachadadh chuige sa Bhallstát eile.

34.

Baineann Airteagal 36 den Treoir sin, a bhfuil léiriú air á iarraidh sa chás seo, le ciandíol agus foráiltear leis go mbeidh earraí máil a scaoileadh cheana lena dtomhailt i mBallstát, arna gceannach ag duine nach coimeádaí údaraithe stórais ná coinsíní cláraithe atá bunaithe i mBallstát eile nach mbíonn gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách á seoladh aige, agus a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an ndíoltóir nó thar a cheann, faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát cinn scríbe. Sa chás sin, is é an díoltóir a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc.

35.

Níl Airteagal 32 de Threoir 2008/118 infheidhme sa chás seo. Cé go bhfuil comhthuiscint ann go bhfuair an duine aonair príobháideacha a cheannaigh na hearraí atá i gceist iad dá úsáid féin, tá sé chomh cinnte céanna nárbh é féin a d’iompair na hearraí sin ón nGearmáin go dtí an Fhionlainn. ( 6 )

36.

Iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh an raibh an choinsíneacht de dheochanna alcólacha a d’urghabh custaim na Fionlainne mar ábhar do ‘chiandíol’ de réir bhrí Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118, agus sa chás go raibh, bheadh air B UG an dleacht mháil agus an pionós cánach a íoc mar thoradh ar an gcinneadh cánach a rinne údarás fioscach na Fionlainne an 21 Lúnasa 2020. Murab ea go raibh, ní mór a mheas gur ciancheannach a bhí i gceist, rud a chumhdaítear le hAirteagal 33 den Treoir sin, sa chaoi go mbeadh custaiméirí B UG, seachas an chuideachta féin, faoi dhliteanas an dleacht mháil lena mbaineann a íoc.

37.

Cén chaoi is ceart, mar sin, léiriú a dhéanamh ar an bhfrása ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’, agus go sonrach ar idirghabháil indíreach an díoltóra?

38.

I bhfoclaíocht Airteagal 36 de Threoir 2008/118 níl aon ghné ar fáil maidir le saincheist mar sin a réiteach agus níor iarradh ar an gCúirt rialú a thabhairt uirthi go dtí seo.

39.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, sa bhreithiúnas an 2 Aibreán 1998in EMU Tabac agus páirtithe eile (C‑296/95, EU:C:1998:152), gur leag an Chúirt síos na bunphrionsabail maidir le léiriú ar an bhforáil sin. ( 7 )

40.

Is éard a bhí mar staid fhíorasach don chás ónar eascair an breithiúnas sin ná go raibh MLB, ar cuideachta é a bhí bunaithe sa Ríocht Aontaithe, ag iarraidh agus ag comhlíonadh orduithe toitíní agus tabaic arna ndéanamh ag daoine aonair príobháideacha ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Bhí MLB ag ceannach na n-earraí sin ó EMU, ar cuideachta é a bhí bunaithe i Lucsamburg agus a bhain leis an ngrúpa céanna, agus rinne MLB socruithe lena n‑allmhairiú isteach sa Ríocht Aontaithe trí iompróir príobháideach in ainm agus thar cheann na ndaoine aonair príobháideacha sin, ar íocaíocht choimisiúin.

41.

Ina breithiúnas, mheas an Chúirt go raibh ciandíol i gceist le staid mar sin, seachas rud a bheith á fháil ag daoine aonair príobháideacha, ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, gurbh é MLB (seachas na daoine aonair príobháideacha a ndearna sé ionadaíocht dóibh) a bhí mar thionscnóir i ndáil leis na horduithe arna gcur leis an ndíoltóir agus a d’iompar na rioscaí a bhí mar ghné dhílis d’athruithe ar rátaí malairte, agus, ar an dara dul síos, go raibh EMU agus MLB mar chuid d’aon eintiteas eacnamaíoch amháin.

42.

Is éard atá mar mhíniú ar an gconclúid sin, dar leis an gCúirt, ná go ndearnadh Airteagal 10(2) de Threoir 92/12 ‘a dhréachtú sa chaoi go gcumhdófaí ní hamháin an cás inarb é an díoltóir féin a bhíonn ag iompar agus ag seoladh, ach, chomh maith leis sin, agus ar bhealach i bhfad níos fairsinge, go gcumhdófaí gach aon chás ina ndéantar iompar agus seoladh thar cheann an díoltóra’ agus go ‘léirítear, leis an bhfoirmle a úsáidtear san fhoráil sin, go bhfuil níos mó spéise ag reachtóir an Chomhphobail i gcineál oibiachtúil na n‑idirbheart ná atá aige san fhoirm dhlíthiúil a thugtar dóibh. ( 8 )

43.

Tugann sé sin le tuiscint ní hamháin gur gá raon feidhme leathan a thabhairt don fhrása ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’ ach, chomh maith leis sin, gur gá go léireofaí fíornádúr eacnamaíoch an idirbhirt a bheadh i gceist leis an léiriú a dhéanfar air, beag beann ar fhoirmiúlachtaí ar bith. Níl sa chinneadh sin ach túsphointe, áfach, don iarracht shonrach atá éilithe ag an gcúirt a rinne an tarchur.

44.

Chun cabhrú leis an léiriú, molann an Coimisiún Eorpach ina bharúlacha i scríbhinn an breithiúnas in KrakVet Marek Batko a chur i bhfeidhm de réir análaí. ( 9 )

45.

Sa bhreithiúnas sin, thug an Chúirt rialú, i réimse na cánach breisluacha (CBL), i leith léiriú ar fhoráil a bhí an‑chosúil le hAirteagal 36(1) de Threoir 2008/118, eadhon Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112. Sonraíodh san fhoráil sin gur cheart a mheas gurb ionann an áit ina seachadtar earraí ‘a sheoltar nó a iompraítear, ag an soláthróir nó thar a cheann’, ó Bhallstát seachas an Ballstát ina dtagann deireadh le seoladh nó le hiompar na n‑earraí, agus an áit ina bhfuil na hearraí nuair a thagann deireadh le seoladh nó le hiompar na n‑earraí chuig an gceannaitheoir, má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

46.

Ó thaobh na bhfíoras de, is éard a bhí i gceist sa chás arna chur i láthair ag an gcúirt a rinne an tarchur ná earraí a bheith á ndíol ag soláthróir a bhí bunaithe i mBallstát amháin le ceannaitheoirí a bhí ina gcónaí i mBallstát eile agus iad á seachadadh chucu sin ag cuideachta arna moladh ag an soláthróir sin, ach a raibh sé de shaoirse ag na ceannaitheoirí conradh a dhéanamh léi chun críocha an iompair sin. Ar cheart a mheas gur seoladh nó gur iompraíodh na hearraí sin ‘ag an soláthróir nó thar a cheann’?

47.

Dar leis an gCúirt, nuair a chuirtear an fíornádúr eacnamaíoch agus tráchtála san áireamh, rud atá mar chritéar bunúsach chun comhchóras CBL a chur i bhfeidhm, tagann sé mar chonclúid as sin go ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar thar cheann an tsoláthróra sa chás inarb é an soláthróir féin, seachas an ceannaitheoir, a dhéanann na cinntí lena rialaítear an bealach ina bhfuil na hearraí le seoladh nó le hiompar. Mar sin, ní mór go mbeadh ról an tsoláthróra ‘ceannasach sa mhéid a bhaineann le cúrsaí a thionscnamh agus le heagrú na gcéimeanna riachtanacha i seoladh nó in iompar na n‑earraí’. ( 10 )

48.

Ansin leag an Chúirt ceithre chritéar amach chun a chinneadh an amhlaidh an cás.

49.

Ar an gcéad dul síos, ní mór go gcuirfí san áireamh an tábhacht a ghabhann leis an tsaincheist maidir le soláthar na n‑earraí sin chuig ceannaitheoirí i bhfianaise an chleachtais tráchtála atá mar shaintréith don ghníomhaíocht a sheolann an soláthróir lena mbaineann. Ar an dara dul síos, ní mór a fháil amach cé is féidir na roghanna maidir le socruithe um sheoladh agus iompar na n‑earraí lena mbaineann a chur ina leith. Féadfar seoladh nó iompar na n‑earraí thar cheann sholáthróir na n‑earraí sin a shainaithint sa chás nach bhfuil na ceannaitheoirí ach ag aontú leis na roghanna arna ndéanamh ag an soláthróir, is cuma an mbaineann siad le cuideachta a bheidh freagrach as iompar na n‑earraí lena mbaineann a ainmniú nó leis an mbealach ina ndéanfar na hearraí sin a sheoladh agus a iompar. D’fhéadfadh conclúid dá leithéid a bheith bunaithe, inter alia, ar ghnéithe amhail laghdú ar rogha na gcuideachtaí arna moladh ag an soláthróir chun críocha an iompair sin. Ar an tríú dul síos, ní mór a iarraidh an mbaineann an riosca a ghabhann le seoladh agus le seachadadh na n‑earraí lena mbaineann leis an soláthróir nó leis an gceannaitheoir. Ar an gceathrú dul síos, ní mór measúnú a dhéanamh ar na socruithe íocaíochta maidir le seachadadh na n-earraí sin agus maidir lena seoladh nó lena n‑iompar freisin. Má tá idirbheart airgid amháin ann chun na hearraí sin a fháil, a sheoladh, agus a iompar, léirítear leis sin go bhfuil baint shuntasach ag an soláthróir leis an iompar. ( 11 )

50.

Feictear dom nach gcomhlíontar na coinníollacha atá bunriachtanach chun na critéir a leagtar amach sa bhreithiúnas in KrakVet a chur i bhfeidhm de réir análaí, mar atá molta ag an gCoimisiún ina bharúlacha i scríbhinn.

51.

Cé nach bhfuil amhras ar bith orm gur féidir aon léiriú amháin a dhéanamh ar fhorálacha an dlí thánaistigh a bhaineann le dleacht mháil agus na forálacha comhfhreagracha a bhaineann le CBL, ní fheictear dom go bhfuil údar leis sin sa chás seo i bhfianaise ábhar Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112, sa leagan a bhí faoi scrúdú sa bhreithiúnas in KrakVet, agus ábhar Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118. Cé go dtagann sé ón bhforáil deiridh sin gur leor go mbeadh an díoltóir ag idirghabháil go hindíreach i seoladh nó in iompar na n‑earraí lena mbaineann chun ‘ciandíol’ a thabhairt air, ní raibh an idirghabháil sin ina coinníoll riachtanach chun a dhearbhú gurb ann do ‘chiandíol earraí laistigh den chomhphobal’ de réir bhrí Airteagal 33(1), roimh do Threoir 2006/112 a bheith leasaithe le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2017/2455. ( 12 )

52.

Mar a thug an Chúirt dá haire sa bhreithiúnas in KrakVet, ní raibh an leasú sin, ar dá réir nach mór earraí a mheas mar earraí ‘arna seoladh nó arna n‑iompar ag an soláthróir nó thar a cheann’ fiú má tá an soláthróir ag idirghabháil go hindíreach ina n‑iompar nó ina seoladh, infheidhme, ratione temporis, áfach, ar an díospóid sna príomhimeachtaí. ( 13 )

53.

Tagann sé ón méid sin nach féidir na critéir arna sainaithint ag an gCúirt sa chás sin a úsáid sa chás seo sa mhéid a cheaptar iad chun léiriú a dhéanamh ar Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112, sa leagan a bhí ann sular ndearnadh leasú uirthi le Treoir 2017/2455.

54.

Contrártha leis sin, dar liom, d’fhéadfaí na gnéithe maidir le léiriú ar Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112, sa leagan a tháinig as an leasú sin, a úsáid chun raon feidhme Airteagal 36 de Threoir 2008/118 a shonrú trí mheán réasúnaíocht de réir análaí.

55.

I measc na ngnéithe sin, ní mór go gcuirfí san áireamh sa chéad mhír d’Airteagal 5a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, ( 14 ) a cuireadh leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin go sonrach chun soiléiriú agus sainmhíniú a dhéanamh ar chritéar na hidirghabhála indírí i gcomhthéacs chúrsaí CBL. ( 15 )

56.

San fhoráil sin sonraítear na cásanna ina meastar go seoltar nó go n‑iompraítear na hearraí ag an soláthróir nó thar a cheann, lena n‑áirítear cásanna ina bhfuil an soláthróir ag idirghabháil go hindíreach i seoladh nó in iompar na n‑earraí sin. Is iad na chéad trí chás na cinn i) ina gcuireann an soláthróir seoladh nó iompar na n‑earraí ar fochonradh chuig tríú páirtí a dhéanann na hearraí a sheachadadh chuig an gceannaitheoir; ii) ina ndéanann tríú páirtí na hearraí a sheoladh nó a iompar ach inarb é an soláthróir a ghlacann freagracht iomlán nó pháirteach as na hearraí a sholáthar don cheannaitheoir, agus iii) ina sonrascann an soláthróir costais an iompair don cheannaitheoir agus ina mbailíonn sé ón gcustaiméir iad agus ina n‑íocann sé ansin iad le tríú páirtí a dhéanann na hearraí a iompar nó a sheoladh. Sa cheathrú cás, a fheictear dom a bheith an‑ábhartha chun na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt náisiúnta a fhreagairt, ‘déanann an soláthróir, ar bhealach ar bith, seirbhísí soláthair tríú páirtí a chur chun cinn don cheannaitheoir, an ceannaitheoir agus tríú páirtí a nascadh lena chéile, nó an fhaisnéis is gá chun na hearraí a sholáthar don chustaiméir a chur in iúl do thriú páirtí’.

57.

Dá réir sin, d’ionchorpraigh reachtóir an Aontais sa Rialachán sin treoirlínte an Choiste um CBL maidir le léiriú ar an bhfrása ‘arna seoladh nó arna n‑iompar ag an soláthróir nó thar a cheann’ chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 33 de Threoir 2006/112. Mar is léir ó Dhoiciméad Oibre Uimh. 855 faoi chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le CBL i ndáil le ciandíol, ( 16 ) cuireadh na treoirlínte sin ar fáil arna iarraidh sin ag údaráis chánach na Ríochta Aontaithe agus na Beilge, a bhí tar éis a fháil amach go raibh socruithe tráchtála curtha ar bun ag cuideachtaí áirithe chun soláthar na n‑earraí a scaradh óna n‑iompar agus óna seachadadh sa chaoi nach mbeadh orthu CBL a dhearbhú agus a íoc i mBallstát cinn scríbe na n‑earraí. Leis an léamh arna mholadh ag an gcoiste sin, léirítear gur gá dul i ngleic le cleachtais mhí-úsáideacha nó, go sonrach, le hidirbhearta a bhfaightear buntáiste cánach mar thoradh orthu, amhail cur i bhfeidhm an ráta dleachta máil a bheadh níos ísle is dócha i Stát seolta na n‑earraí lena mbaineann nó gan dleachtanna máil a chur i bhfeidhm toisc go n-aicmítear an t-idirbheart mar chiancheannach, agus atá contrártha leis an gcuspóir atá á shaothrú leis na forálacha ábhartha, eadhon a bheith ag seachaint saobhadh iomaíochta a chruthaítear trí phrionsabal an Stáit tionscnaimh a chur i bhfeidhm i ndáil le hidirbhearta trasteorann.

58.

I bhfianaise an ghá atá ann chun cleachtais mhí-úsáideacha a chomhrac, mar thoradh ar an léiriú fairsing sin tá laghdú tagtha ar an méid rannpháirtíochta atá riachtanach chun seoladh nó iompar earraí a chur i leith an tsoláthróra. Is é sin le rá, is leor seirbhísí soláthair tríú páirtí a chur chun cinn ar aon bhealach don cheannaitheoir, an ceannaitheoir, a nascadh le tríú páirtí nó an fhaisnéis is gá chun na hearraí a sholáthar don cheannaitheoir a chur ar fáil do thriú páirtí, chun teacht ar an gconclúid go ndéanann an soláthróir na hearraí a sheoladh nó a iompar nó go ndéantar iad a sheoladh nó a iompar thar a cheann.

59.

I mo thuairimse, ba cheart an raon feidhme céanna a thabhairt don fhrása ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’ atá in Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118.

60.

Tá an léiriú de réir análaí arna mholadh agam indéanta i bhfianaise go bhfuil an riail chéanna maidir le dliteanas in Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 agus atá in Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112 (ceanglaítear ar an díoltóir dleacht mháil a íoc sa Bhallstát is ceann scríbe do na hearraí i gcás ciandíol a bheith i gceist) agus, tá an t‑ábhar céanna aige agus atá ag Airteagal 33(1) de Threoir 2006/112, ag féachaint don leagan den cheann sin a tháinig i ndiaidh an leasaithe a rinneadh le Treoir 2017/2455. Thairis sin, dealraíonn sé go bhfuil údar leis an léiriú sin i bhfianaise go bhfuil sé mar chuspóir le Treoracha 2008/118 agus 2006/112 an mhí-úsáid a chomhrac, ós rud é gurb iomaí uair a d’aithin an Chúirt go dtagann an comhrac sin, i dteannta an comhrac i gcoinne na calaoise agus an comhrac i gcoinne seachaint cánach, faoi raon teileolaíoch Threoir 2008/118, mar is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 11, agus ón gcéad mhír d’Airteagal 39(3) agus ó aithris 31 di. ( 17 )

61.

Leanann sé ón méid sin gurb ann d’idirghabháil indíreach de réir bhrí Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 i gcás, inter alia, ina ngníomhaíonn an díoltóir sa chaoi go ndéantar rogha an cheannaitheora maidir leis an gcuideachta atá freagrach as seoladh agus/nó iompar na n‑earraí lena mbaineann a threorú. I gcás den sórt sin, ba cheart a chinneadh go bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc sa Bhallstát cinn scríbe ar na hearraí.

62.

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go moltar, ar shuíomh gréasáin B UG, ar díoladh deochanna alcólacha le ceannaitheoirí atá bunaithe san Fhionlainn air, cuideachtaí iompair áirithe. Ina theannta sin, cuirtear faisnéis ar fáil ar an suíomh gréasáin sin maidir leis na costais iompair atá le híoc ag an gceannaitheoir a roghnaigh ceann de na cuideachtaí sin, agus tá nasc ann chuig suíomh gréasáin gach ceann de na cuideachtaí sin lena ndéantar, a luaithe a ghníomhaíonn an ceannaitheoir an nasc, faisnéis a chur chuige maidir leis na hearraí atá le hiompar gan idirghabháil bhreise ón gceannaitheoir.

63.

I bhfianaise na faisnéise sin agus faoi réir fíorú atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, d’fhéadfaí a mheas, i mo thuairimse, gurb é B UG a rinne na deochanna alcólacha lena mbaineann a iompar chuig an bhFionlainn go hindíreach, de réir bhrí Airteagal 36 de Threoir 2008/118, sa chaoi go mbeadh B UG faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc sa Bhallstát sin.

64.

Ina theannta sin, is é an t‑aon léiriú a bheadh ag teacht leis an bhfíornádúr eacnamaíoch agus tráchtála, ós rud é, in imthosca amhail imthosca an cháis seo, nach bhfuil i gceist leis an bhfhéidearthacht go roghnódh custaiméirí cuideachta iompair seachas na cinn a mhol an díoltóir dóibh ar a shuíomh gréasáin ach féidearthacht lag sa chás ab fhearr agus, i ndáiríre, is ar éigean nach bhfuil sé go hiomlán hipitéiseach.

65.

Ós rud é gur gá go mbeadh foirm dhlíthiúil an idirbhirt lena mbaineann ‘á tabhairt chun solais’ leis an léiriú sin chun tuilleadh mí-úsáide ar chearta a sheachaint, ( 18 ) ní gá a rá nach mbaineann sé le hábhar gur thug an ceannaitheoir dhá chonradh ar leithligh i gcrích leis an díoltóir agus leis an gcuideachta iompair, chun a chinneadh ar cheart na hearraí lena mbaineann a mheas mar earraí arna seoladh nó arna n‑iompar go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann.

66.

Ar deireadh, ní mór a chur in iúl, nach bhfuil an argóint a chuir B UG chun cinn ina bharúlacha i scríbhinn, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Threoir 2008/118, ( 19 ) de chineál lena gcaithfí amhras ar an gconclúid ar tháinig mé uirthi.

67.

Go sonrach, chuir B UG in iúl, de réir an Togra le haghaidh Treoir maidir le dleacht mháil, ‘go leagtar síos na nósanna imeachta is infheidhme maidir le díolacháin arna ndéanamh ag oibreoirí a théann i gceannas, go díreach nó go hindíreach, ar iompar earraí máil chuig daoine aonair príobháideacha atá bunaithe i mBallstát eile’ san fhoráil maidir le ciandíol. Tugtar le tuiscint leis an bhfoclaíocht sin nach mór go mbeifí ag ceapadh go bhfuil an díoltóir freagrach as na hearraí máil a iompar ionas go mbeadh an riail in Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 infheidhme.

68.

I ndáiríre, is é mo thuairim gurb é an t‑aon mhíniú ar fhoclaíocht den sórt sin ná go raibh sé ar intinn ag reachtóir an Aontais níos mó airde a tharraingt ar cheann de na gnéithe lena ndéantar idirdhealú idir ciandíol agus ciancheannach, mar a dearbhaíodh i dtuarascáil a foilsíodh i gcomhthéacs an nós imeachta reachtaigh ar glacadh Treoir 2008/118 dá bharr, ( 20 ) agus nach mbeadh sé mar mhíniú uirthi go raibh ann chun cur i bhfeidhm Airteagal 36(1) a chur faoi réir cineál dliteanais a bheith ann, go háirithe dliteanas sibhialta, ar thaobh an díoltóra.

69.

I bhfianaise an mhéid sin thuas, measaim gur cheart Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 a léamh sa chaoi nach mór earraí máil a mheas mar earraí ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’, agus é mar thoradh air sin go mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc sa Bhallstát eile sin, i gcás, inter alia, ina ngníomhaíonn an díoltóir sa chaoi go ndéantar rogha an cheannaitheora maidir leis an gcuideachta atá freagrach as iompar na n‑earraí lena mbaineann a threorú, rud a bheidh faoi réir fíorú arna dhéanamh ag an gcúirt náisiúnta. I ndáil leis sin, áirítear go háirithe leis na gnéithe ábhartha cuideachta iompair ar leith amháin nó níos mó a bheith molta ar shuíomh gréasáin an díoltóra, faisnéis a bheith curtha ar fáil ann maidir leis na costais iompair atá le híoc ag an gceannaitheoir a roghnaigh ceann de na cuideachtaí sin, agus nasc a bheith ann chuig suíomh gréasáin gach ceann de na cuideachtaí sin lena ndéantar, a luaithe a ghníomhaíonn an ceannaitheoir an nasc, faisnéis a chur chuige maidir leis na hearraí atá le hiompar gan idirghabháil bhreise ón gceannaitheoir. Thairis sin, ní ghné ábhartha chun críocha an mheasúnaithe seo í gur thug an ceannaitheoir dhá chonradh ar leith i gcrích leis an díoltóir agus leis an gcuideachta iompair faoi seach.

Conclúid

70.

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur ag Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí, an Fhionlainn) le haghaidh réamhrialú a fhreagairt mar a leanas:

Maidir le hAirteagal 36(1) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE,

ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

ní mór earraí máil a mheas mar earraí ‘a sheoltar nó a iompraítear i mBallstát eile go díreach nó go hindíreach ag an díoltóir nó thar a cheann’, sa chaoi go mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc sa Bhallstát eile sin i gcás, inter alia, ina ngníomhaíonn an díoltóir sa chaoi go ndéantar rogha an cheannaitheora maidir leis an gcuideachta atá freagrach as seoladh agus/nó iompar na n‑earraí lena mbaineann a threorú, rud a bheidh faoi réir fíorú arna dhéanamh ag an gcúirt náisiúnta agus fíorais uile na díospóide sna príomhimeachtaí á gcur san áireamh aici.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

( 2 ) IO 2009 L 9, lch. 12.

( 3 ) Treoir ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).

( 4 ) Féach, go háirithe, aithris 8 de Threoir 2008/118.

( 5 ) In Airteagal 7(2) de Threoir 2008/18 déantar an coincheap ‘scaoileadh lena dtomhailt’ a shainmhíniú mar a leanas: ‘a) imeacht earraí máil, lena n‑áirítear imeacht neamhrialta, ó shocrú fionraí dleachta; b) stóráil earraí máil lasmuigh de shocrú fionraí dleachta i gcás nach ndearnadh dleacht mháil a thobhach de bhun na bhforálacha is infheidhme de dhlí an Chomhphobail agus den dlí náisiúnta; c) earraí máil a tháirgeadh, lena n‑áirítear táirgeadh neamhrialta, lasmuigh de shocrú fionraí dleachta; d) allmhairiú earraí máil, lena n‑áirítear allmhairiú neamhrialta, murab é go gcuirtear na hearraí sin faoi shocrú fionraí dleachta a luaithe a allmhairítear iad.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 6 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Samhain 2006, Joustra (C‑5/05, EU:C:2006:733).

( 7 ) Sa chás sin, ceistíodh an Chúirt maidir le léiriú ar Airteagal 10(1) de Threoir 92/12/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 maidir le comhshocruithe ginearálta i gcomhair earraí máil agus maidir le hearraí den sórt sin a stóráil agus a aistriú agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu (IO 1992 L 76, lch. 1), seachas Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118. Mar sin féin, cé go ndearnadh Treoir 92/12 a aisghairm agus a ionadú leis an Treoir dheireanach sin, arb í an t‑aon treoir is infheidhme ratione temporis maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, le héifeacht ón 1 Aibreán 2010, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118 agus ó fhoclaíocht Airteagal 10(1) de Threoir 92/12 nach bhfuil ábhar na bhforálacha sin éagsúil óna chéile, go bunúsach. Dá bhrí sin, tá feidhm fós ag cásdlí na Cúirte maidir leis an bhforáil dheireanach sin sa mhéid a bhaineann le hAirteagal 36(1) de Threoir 2008/118. Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 2015, Statoil Fuel & Retail (C‑553/13, EU:C:2015:149, mír 34).

( 8 ) Breithiúnas an 2 Aibreán 1998, EMU Tabac agus páirtithe eile (C‑296/95, EU:C:1998:152, míreanna 45 agus 46).

( 9 ) Breithiúnas an 18 Meitheamh 2020 (C‑276/18, ‘breithiúnas KrakVet, EU:C:2020:485, míreanna 61 go 63).

( 10 ) Breithiúnas KrakVet, mír 63 (béim curtha leis).

( 11 ) An breithiúnas in KrakVet, míreanna 69 go 78.

( 12 ) Treoir ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe cánach breisluacha i ndáil le soláthairtí seirbhísí agus ciandíol earraí (IO 2017 L 348, lch. 7).

( 13 ) An breithiúnas in KrakVet, míreanna 55 agus 56. Féach freisin tuairim an Abhcóide Ghinearálta Sharpston in KrakVet Marek Batko (C‑276/18, EU:C:2020:81, mír 99), ar dá réir a bhí an téacs a tugadh isteach le Rialachán 2017/2455 ‘mar leasú ar an bhforáil lena mbaineann go deimhin agus nach raibh an téacs sin ina léiriú nár cheart a bheith déanta, in aon chás, ar an téacs mar a bhí sé’.

( 14 ) IO 2011 L 77, lch. 1.

( 15 ) Féach aithris 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gComhairle an 21 Samhain 2019, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta le haghaidh daoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánacha agus a dhéanann earraí agus soláthairtí intíre áirithe earraí a chiandhíol (IO 2019 L 313, lch. 14).

( 16 ) Doiciméad taxud.c.1(2015)2158321.

( 17 ) I ndáil le Treoir 2008/118, féach, go háirithe, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, CDIL (C‑96/22, EU:C:2023:1025, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear). Maidir le Treoir 2006/112, féach breithiúnas an 7 Márta 2024, Feudi di San Gregorio Aziende Agricole (C‑341/22, EU:C:2024:210, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 18 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ruiz-Jarabo Colomer in EMU Tabac agus páirtithe eile (C‑296/95, EU:C:1997:203, pointe 88).

( 19 ) Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (COM/2008/0078 final).

( 20 ) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 7 go 10 de Threoir 92/12/CEE (arna cur i láthair faoi Airteagal 27 de Threoir 92/12/CEE) (COM/2004/0227 final).

Barr