EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an AE um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Cláir AE — gníomhaireachtaí' for an updated information about the subject.

Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an AE um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia

Agus í ag obair i gcomhar le roinn an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as beartas sláinte agus tomhaltóra, déanann an ghníomhaireacht bainistíocht ar chláir oibre an Aontais Eorpaigh a bhaineann le sláinte phoiblí, le cosaint tomhaltóirí agus le sábháilteacht bia.

GNÍOMH

Cinneadh Cur Chun Feidhme an Choimisiúin 2013/770/AE le Gníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte agus Bia a bhunú agus le Cinneadh 2004/858/CE a aisghairm.

ACHOIMRE

Agus í ag obair i gcomhar le roinn an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as beartas sláinte agus tomhaltóra, déanann an ghníomhaireacht bainistíocht ar chláir oibre an Aontais Eorpaigh a bhaineann le sláinte phoiblí, le cosaint tomhaltóirí agus le sábháilteacht bia.

Agus í lonnaithe i Lucsamburg, gníomhaireacht neamhspleách is ea An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (CHAFEA) atá freagrach as líon clár oibre de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a chur i bhfeidhm. Feidhmíonn sí taobh leis an gCoimisiún Eorpach, atá freagrach as ceapadh beartais sna réimsí sin.

Déantar in obair de chuid CHAFEA codanna de na cláir mar seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • an clár um thomhaltóirí 2014-20: sábháilteacht táirgí, ionadaíocht & cearta na dtomhaltóirí;
  • an clár um thomhaltóirí 2014-20: sláinte a chur chun cinn agus galar a chosc, plé le héigeandálaí sláinte, glacadh le nuálacha, rochtain níos fearr ar shaineolas agus faisnéis leighis, cáilíocht feabhsaithe ar chúram sláinte agus ar shábháilteacht na n-othar;
  • na Beartais um Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sláintiúla arna gcuimsiú ag an Treoir 2000/29/CE agus Rialúchán (CE) Uimh. 882/2004 (bia-ábhair, bia ainmhithe, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, chomh maith le rialacha maidir le sláinte plandaí);
  • bainistíocht beart ina soláthraítear faisnéis maidir le táirgí talmhaíochta i dtíortha AE agus i dtíortha nach bhfuil san AE agus iad a chur chun cinn; agus
  • roinnt clár leagáide ón tréimhse 2007-13 sna réimsí céanna.

Is iad príomhthascanna CHAFEA:

  • bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar shaolré na dtáirgí (gairmeacha tograí, meastóireacht ar tháirgí, caibidlíocht conarthaí agus idirchaidreamh leanúnach le tairbhithe deontais);
  • bainistíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gclárbhuiséad;

Gabhann CHAFEA in ionad an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Sláinte agus Tomhaltóirí. Cuimsítear an tréimhse suas le 31 Nollaig 2024 sa chinneadh seo.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh 2013/770/AE

19.12.2013

-

IO L 341 sn 18.12.2013, lgh. 69-72

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh 2014/927/AE

7.1.2015

-

IO L 363 an 18.12.2014, lgh. 183-184

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 58/2003 lena leagtar an reacht síos le cúram tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin. [Iris Oifigiúil L 11 an 16.1.2003, lgh. 1-8].

Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1653/2004 maidir le rialachán airgeadais caighdeánach do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 58/2003 lena leagtar an reacht síos le cúram tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin (Iris Oifigiúil L 297 an 22.9.2004, lgh. 6-16).

Nuashonraithe 07.07.2015

Top