EUR-Lex Piekļuve Eiropas Savienības tiesību aktiem

Atpakaļ uz EUR-Lex sākumlapu

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Dokuments 32023D2061

Cinneadh (AE) 2023/2061 ón gComhairle Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

ST/13/2023/INIT

IO L 238, 27.9.2023., 114./116. lpp. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Dokumenta juridiskais statuss Spēkā

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2061/oj

27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/114


CINNEADH (AE) 2023/2061 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 22 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le hAirteagal 14(2), an chéad fhomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) na critéir maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, eadhon nach bhfuil líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais le dul thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go bhfuil an ionadaíocht le bheith comhréireach go céimlaghdaitheach, agus go bhfuil íosmhéid de sheisear comhaltaí ann fo gach Ballstát, agus nach bhfuil níos mó ná sé shuíochán is nócha le leithdháileadh ar aon Bhallstát.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 10 CAE, inter alia, go bhfuil feidhmiú an Aontais le fothú ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaíonn a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a saoránach, do na Ballstáit sa Chomhairle.

(3)

Tá feidhm ag Airteagal 14(2) CAE, dá bhrí sin, faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálacha maidir le cinnteoireacht sa Chomhairle.

(4)

Faoi dheireadh 2026 agus roimh an togra maidir lena comhdhéanamh, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa modh dáilte suíochán atá oibiachtúil, cothrom, marthanach agus trédhearcach a mholadh chun prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí a chur chun feidhme, gan dochar do shainchumais na n-institiúidí faoi na Conarthaí. Agus tionchar na bhforbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo á chur san áireamh, ba cheart don mhodh sin líon uasta inbhuanaithe Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a choimirciú.

(5)

Ba cheart don údarás buiséadach agus don Choimisiún, i bhfeidhmiú a sainchumas faoin nós imeachta buiséadach bliantúil, a áirithiú go mbeidh an méadú ar líon na suíochán dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo neodrach ó thaobh buiséid de laistigh de Roinn 1 de bhuiséad ginearálta an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Agus Airteagal 14(2) CAE á chur i bhfeidhm, urramófar na prionsabail seo a leanas:

ní rachaidh líon iomlán na suíochán i bParlaimint na hEorpa thar 750, móide an tUachtarán;

beidh leithdháileadh na suíochán ar na Ballstáit comhréireach go céimlaghdaitheach le híostairseach de 6 shuíochán agus le huastairseach de 96 shuíochán in aghaidh an Bhallstáit, agus léireoidh sé chomh gar agus is féidir méideanna dhaonraí na mBallstát faoi seach;

sainmhínítear comhréireacht chéimlaghdaithe mar a leanas: an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéantar slánú suas nó síos go dtí an tslánuimhir is gaire, athróidh sé de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó nó di ina bhfuil níos mó daoine ionadaíocht do líon níos mó saoránach ná gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó nó di ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó an teideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige i bParlaimint na hEorpa más airde an daonra sa Bhallstát sin;

le leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa, tá forbairtí déimeagrafacha sna Ballstáit le meas.

Airteagal 2

Ríomhann an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát ar bhonn na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Déantar líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát a shocrú do théarma parlaiminteach 2024 go 2029 mar a leanas:

an Bheilg

22

an Bhulgáir

17

an tSeicia

21

an Danmhairg

15

an Ghearmáin

96

an Eastóin

7

Éire

14

an Ghréig

21

an Spáinn

61

an Fhrainc

81

an Chróit

12

an Iodáil

76

an Chipir

6

an Laitvia

9

an Liotuáin

11

Lucsamburg

6

an Ungáir

21

Málta

6

an Ísiltír

31

an Ostair

20

an Pholainn

53

an Phortaingéil

21

an Rómáin

33

an tSlóivéin

9

an tSlóvaic

15

an Fhionlainn

15

an tSualainn

21

Airteagal 4

Fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2029–2034, agus más féidir faoi dheireadh 2027, cuirfidh Parlaimint na hEorpa togra le haghaidh leithdháileadh nuashonraithe suíochán i bParlaimint na hEorpa faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) CAE.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MICHEL


(1)  Togra a glacadh an 15 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Toiliú ón 13 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).


Augša