Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1210

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1210 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus na nuashonruithe orthu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4807

    IO L 187, 14.7.2022, p. 23–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1210/oj

    14.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 187/23


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1210 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2022

    lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus na nuashonruithe orthu

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh), arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2115 a mhéid a bhaineann le cur chun cinn úsáid mhargaí fáis FBManna, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 18(6), an séú fomhír, agus Airteagal 18(9), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, eisitheoirí, rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, ardáin ceantála, ceantálaithe agus ar fhairtheoirí ceant, nó aon duine eile atá ag gníomhú thar a gceann nó ar a gcuntas, ceanglaítear orthu liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus iad a choimeád cothrom le dáta i gcomhréir le formáid bheacht.

    (2)

    Le bunú formáide beaichte, lena n-áirítear teimpléid chaighdeánacha a úsáid, ba cheart cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an cheanglais a éascú, is é sin an ceanglas maidir le liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin go dtabharfar an fhaisnéis is gá do na húdaráis inniúla chun an cúram a chomhlíonadh maidir le sláine na margaí airgeadais a chosaint agus maidir le drochúsáid mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a imscrúdú.

    (3)

    Ós rud é gur féidir le réimse faisnéise ón taobh istigh a bheith ann laistigh d’eintiteas ag an am céanna, ba cheart go sainaithneofaí go beacht le liostaí de dhaoine ar an taobh istigh an fhaisnéis shonrach ón taobh istigh a bhfuil rochtain ag daoine atá ag obair don eintiteas uirthi. Dá bhrí sin, sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh ba cheart an fhaisnéis shonrach ón taobh istigh a shonrú (arb éard a d’fhéadfadh a bheith inti faisnéis a bhaineann le beart gnó, tionscadal, imeacht — lena n-áirítear cinn chorparáideacha nó airgeadais — foilsiú ráiteas airgeadais nó rabhadh brabúis). Chuige sin, ba cheart na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a roinnt ina rannáin ina mbeidh rannáin ar leith le haghaidh faisnéis shonrach ón taobh istigh. Ba cheart go liostófaí i ngach rannán gach duine ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis shonrach chéanna ón taobh istigh.

    (4)

    Chun iontrálacha iolracha maidir le sonraí pearsanta na ndaoine céanna i rannáin éagsúla den liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sheachaint, ba cheart é a bheith indéanta na sonraí pearsanta sin a liostú i rannán ar leith sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh, dá ngairtear an rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan, nach mbaineann le faisnéis shonrach ón taobh istigh. Níor cheart go n-áireofaí ar an rannán sin maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan ach na daoine sin a bhfuil rochtain acu i gcónaí, mar gheall ar an sórt feidhme nó poist atá acu, ar gach faisnéis ón taobh istigh laistigh den eintiteas.

    (5)

    Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 le Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena dtugtar isteach ceanglais nach bhfuil chomh dian le haghaidh eisitheoirí a ligtear isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna (eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna), trí na daoine a liostaítear a theorannú dóibh siúd a bhfuil rochtain rialta acu ar fhaisnéis ón taobh istigh de bharr chineál a bhfeidhme nó a bpoist laistigh den eisitheoir.

    (6)

    De mhaolú ar an bhforáil sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna na daoine ar fad dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a áireamh ina gcuid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh. Mar sin féin, i bhfianaise na n-acmhainní daonna agus airgeadais níos lú a bhíonn ag FBManna de ghnáth, measadh go mbeadh sé comhréireach dóibh úsáid a bhaint as formáid lena mbaineann ualach riaracháin níos éadroime i gcomparáid le formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a bhunaíodh de bhun Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus inneachar na liostaí a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun na daoine aonair ábhartha a shainaithint. Bheadh sé ina fhaoiseamh d’eisitheoirí mura gcuirfí iallach orthu sonraí teagmhála pearsanta a choinneáil ar a gcuid liostaí, ní bheadh orthu sonraí a bhailiú agus a thabhairt cothrom le dáta ó dhaoine ar an taobh istigh ach fós féin ní bhainfí uirlis d’údaráis inniúla náisiúnta, uirlis a úsáidtear chun daoine a láimhseálann an fhaisnéis ón taobh istigh a shainaithint agus chun teacht orthu ag a dteagmháil ghairmiúil. Ba cheart an deis a bheith ag na heisitheoirí sin freisin sonraí na ndaoine a bhfuil rochtain acu, mar gheall ar an sórt feidhme nó poist atá acu, ar an bhfaisnéis uile ón taobh istigh i gcónaí a liostú i rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan den liosta de dhaoine ar an taobh istigh seachas na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan a chur le gach liosta a bhaineann go sonrach le beart gnó nó imeacht. Ba cheart go mbeadh a bhfuil i rannáin bhuana den sórt sin ar an taobh istigh teoranta freisin don mhéid atá fíor-riachtanach chun na daoine ábhartha a shainaithint.

    (7)

    Ba cheart na sonraí pearsanta is gá chun na daoine ar an taobh istigh a shainaithint a bheith sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a bhunú agus a choimeád, ba cheart an phróiseáil sin a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (8)

    Ba cheart sonraí a bheith sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh freisin, ar sonraí iad a d’fhéadfadh cabhrú leis na húdaráis inniúla imscrúduithe a dhéanamh, agus cabhrú leo anailís mhear a dhéanamh ar iompraíocht trádála daoine ar an taobh istigh, chun naisc a bhunú idir daoine ar an taobh istigh agus daoine a bhfuil baint acu le trádáil amhrasach, agus chun teagmhálacha a shainaithint eatarthu ag amanna criticiúla. I ndáil leis sin, tá uimhreacha teileafóin riachtanach toisc go gcuireann siad ar chumas an údaráis inniúil gníomhú go tapa agus taifid sonraí tráchta a iarraidh, más gá. Thairis sin, ba cheart na sonraí sin a chur ar fáil ag an tús, ionas nach gcuirfí isteach ar shláine an imscrúdaithe dá mbeadh ar an údarás inniúil dul ar ais chuig an eisitheoir, chuig an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, chuig an ardán ceantála, chuig an gceantálaí, chuig an bhfairtheoir ceant nó chuig an duine ar an taobh istigh le linn imscrúdú chun iarrata breise ar fhaisnéis a dhéanamh.

    (9)

    Chun a áirithiú gur féidir na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a chur ar fáil don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin agus gur féidir iad a nuashonrú gan mhoill i gcónaí, ba cheart an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a choinneáil i bhfoirm leictreonach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bhfoirm leictreonach go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis atá ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh. D’fhonn ualach riaracháin díréireach ar eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna a sheachaint, féadfaidh siad an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a choinneáil i bhfoirm leictreonach ach níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir leis na heisitheoirí sin, ar choinníoll go n-áiritheofar iomláine, rúndacht agus sláine na faisnéise.

    (10)

    D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú maidir leis na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a chur isteach, ba cheart gurb iad na húdaráis inniúla féin a chinnfidh na modhanna leictreonacha sonracha le haghaidh an tarchurtha, ar choinníoll gur féidir, leis na modhanna leictreonacha sin, na liostaí a choinneáil faoi rún.

    (11)

    Ar mhaithe le soiléireacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart formáidí na liostaí uile de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a chomhdhlúthú in aon ghníomh dlí amháin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhormáid le haghaidh na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) den Rialachán sin a bheith sa Rialachán seo. Mar thoradh air sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/347 ón gCoimisiún (4) a aisghairm.

    (12)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug sé a thuairim uaidh an 7 Meitheamh 2021.

    (13)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

    (14)

    Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne an tÚdarás anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a cheanglaítear le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

    1.   Cuimseofar sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh, liostaí a cheanglaítear le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, rannán atá sonrach do gach faisnéis ón taobh istigh agus tarraingeofar suas iad ag baint úsáide as an bhformáid a leagtar amach i dTeimpléad 1 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Féadfar sonraí pearsanta daoine a bhíonn rochtain acu ar an bhfaisnéis uile ón taobh istigh ar bhonn buan, mar gheall ar an sórt feidhme nó poist atá acu, a liostú go leithleach i rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan den liosta de dhaoine ar an taobh istigh. Déanfar an rannán sin a tharraingt suas agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach i dTeimpléad 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás ina dtarraingeofar an rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan, ní dhéanfar sonraí pearsanta na ndaoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan a áireamh sna rannáin shonracha den liosta de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Coinneofar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh i bhfoirm leictreonach lena n-áiritheofar an méid seo a leanas i gcónaí:

    (a)

    go mbeidh rochtain ar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh teoranta do dhaoine arna sainaithint go soiléir ar gá dóibh an rochtain sin a bheith acu mar gheall ar an sórt feidhme nó poist atá acu;

    (b)

    go mbeidh an fhaisnéis arna cur san áireamh cruinn;

    (c)

    go mbeidh rochtain ar leaganacha roimhe seo den liosta de dhaoine ar an taobh istigh.

    4.   Sonróidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin na modhanna leictreonacha trína mbeidh na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh le tarchur chuig an údarás inniúil. Áiritheofar leis na modhanna leictreonacha sin go gcoinneofar iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise ar bun le linn an tarchuir.

    Airteagal 2

    Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

    1.   Ní fhéadfar a áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ach na sonraí pearsanta de dhaoine a mbíonn rochtain rialta acu ar fhaisnéis ón taobh istigh. Déanfar an liosta sin a tharraingt suas agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    2.   Sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a éilíonn na Ballstáit de bhun Airteagal 18(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh rannán a bhainfidh go sonrach le gach faisnéis ón taobh istigh, agus tarraingeofar suas é de réir na formáide a leagtar amach i dTeimpléad 1 in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Féadfar sonraí na ndaoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis uile ón taobh istigh i gcónaí, mar gheall ar an sórt feidhme nó poist atá acu, a liostú ar leithligh i rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan den liosta de dhaoine ar an taobh istigh. Tarraingeofar suas an rannán sin maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan de réir na formáide a leagtar amach i dTeimpléad 2 in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás ina dtarraingeofar suas an rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan, ní dhéanfar sonraí pearsanta na ndaoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan a áireamh i ngach rannán den liosta de dhaoine ar an taobh istigh a chomhfhreagraíonn do gach faisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

    3.   Coinneofar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i bhfoirm ar bith lena n-áiritheofar go gcoimeádfar iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise atá ar áireamh sna liostaí sin i gcónaí le linn a tarchurtha chuig an údarás inniúil.

    Airteagal 3

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/347. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn (IO L 320, 11.12.2019, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (4)  IO L 65, 11.3.2016, lch. 49.

    (5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    IARSCRÍBHINN I

    TEIMPLÉAD 1

    An fhormáid le haghaidh liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1)

    An cur síos ar fhoinse na faisnéise sonraí ón taobh istigh [:

    Dáta agus am cruthaithe an rannáin seo (i.e. tráth a sainaithníodh an fhaisnéis shonrach ón taobh istigh): [ bbbb-mm-ll; uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta agus am (an nuashonrú is déanaí): [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta an tarchurtha chuig an údarás inniúil: [ bbbb-mm-ll]

    Céadainm/Céadainmneacha an duine ar an taobh istigh

    Sloinne/Sloinnte an duine ar an taobh istigh

    Sloinne breithe/Sloinnte breithe an duine ar an taobh istigh (murab ionann)

    Uimhir theileafóin ghairmiúil/Uimhreacha teileafóin gairmiúla

    (líne theileafóin dhíreach oibre agus uimhreacha móibíleacha oibre)

    Ainm agus seoladh na cuideachta

    An fheidhm agus an chúis gur duine ar an taobh istigh é/í

    Faighte

    (an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine ar an taobh istigh rochtain ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Deireadh

    (an dáta agus an t-am ar ar tháinig deireadh le rochtain an duine ar an taobh istigh ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta (más infheidhme)

    Dáta breithe

    Uimhreacha teileafóin pearsanta (uimhreacha teileafóin móibíleacha pearsanta)

    An seoladh baile pearsanta iomlán: (ainm na sráide; uimhir na sráide; cathair; an cód poist; tír)

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Seoladh an eisitheora/an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí/an ardáin cheant/an cheantálaí/an fhairtheora ceant nó, an duine a bhíonn ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais

    [Téacs ina ndéantar cur síos ar an ról, ar an bhfeidhm agus ar an gcúis go bhfuil an duine ar an liosta]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [Uimhir agus/nó téacs]

    [bbbb-mm-ll]

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Téacs]

    TEIMPLÉAD 2

    An fhormáid le haghaidh an rannáin maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

    Dáta agus am cruthaithe an rannáin seo: [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta agus am (an nuashonrú is déanaí): [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta an tarchurtha chuig an údarás inniúil: [ bbbb-mm-ll]

    Céadainm/Céadainmneacha an duine ar an taobh istigh

    Sloinne/Sloinnte an duine ar an taobh istigh

    Sloinne breithe/Sloinnte breithe an duine ar an taobh istigh (murab ionann)

    Uimhir theileafóin ghairmiúil/Uimhreacha teileafóin gairmiúla (líne theileafóin dhíreach oibre agus uimhreacha móibíleacha oibre)

    Ainm agus seoladh na cuideachta

    An fheidhm agus an chúis gur duine ar an taobh istigh é/í

    San áireamh

    (an dáta agus an t-am ar a n-áiríodh an duine ar an taobh istigh sa rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan)

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta (más infheidhme)

    Dáta breithe

    An seoladh baile pearsanta iomlán

    (ainm na sráide; uimhir na sráide; cathair; an cód poist; tír) (Má tá fáil uirthi tráth na hiarrata ón údarás inniúil)

    Uimhreacha teileafóin pearsanta

    (uimhreacha teileafóin baile agus móibíleacha pearsanta)

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Seoladh an eisitheora nó an duine a fheidhmíonn thar a cheann nó chun a chuntais]

    [Téacs ina ndéantar cur síos ar an ról, ar an bhfeidhm agus ar an gcúis go bhfuil an duine ar an liosta]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [Uimhir agus/nó téacs]

    bbbb- mm-ll le haghaidh an dáta breithe]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]


    IARSCRÍBHINN II

    An fhormáid le haghaidh liosta shonraí pearsanta na ndaoine a mbíonn rochtain rialta acu ar fhaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 2(1)

    Dáta agus am cruthaithe an liosta sin de dhaoine ar an taobh istigh: [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta agus am (an nuashonrú is déanaí): [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta an tarchurtha chuig an údarás inniúil: [ bbbb-mm-ll]

    Céadainm/Céadainmneacha an duine ar an taobh istigh

    Sloinne/Sloinnte an duine ar an taobh istigh

    Sloinne breithe/Sloinnte breithe an duine ar an taobh istigh (murab ionann)

    Uimhir theileafóin ghairmiúil/Uimhreacha teileafóin gairmiúla (líne theileafóin dhíreach oibre agus uimhreacha móibíleacha oibre)

    Ainm agus seoladh na cuideachta

    An fheidhm agus an chúis gur duine ar an taobh istigh é/í

    Faighte

    (an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine ar an taobh istigh rochtain ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Deireadh

    (an dáta agus an t-am ar ar tháinig deireadh le rochtain an duine ar an taobh istigh ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta (más infheidhme) nó ina mhalairt de chás an Dáta breithe

    An seoladh baile pearsanta iomlán

    (ainm na sráide; uimhir na sráide; cathair; an cód poist; tír) (Má tá fáil uirthi tráth na hiarrata ón údarás inniúil)

    Uimhreacha teileafóin pearsanta

    (uimhreacha teileafóin baile agus móibíleacha pearsanta)

    (Má tá fáil uirthi tráth na hiarrata ón údarás inniúil)

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Seoladh an eisitheora]

    [Téacs ina ndéantar cur síos ar an ról, ar an bhfeidhm agus ar an gcúis go bhfuil an duine ar an liosta seo de dhaoine ar an taobh istigh/]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [Uimhir agus/nó téacs nó bbbb- mm-ll le haghaidh an dáta breithe]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]


    IARSCRÍBHINN III

    TEIMPLÉAD 1

    An fhormáid le haghaidh liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), an chéad fhomhír

    An cur síos ar fhoinse na faisnéise sonraí ón taobh istigh:

    Dáta agus am cruthaithe an rannáin seo (i.e. tráth a sainaithníodh an fhaisnéis shonrach ón taobh istigh): [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta agus am (an nuashonrú is déanaí): [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta an tarchurtha chuig an údarás inniúil: [bbbb-mm-ll]

    Céadainm/Céadainmneacha an duine ar an taobh istigh

    Sloinne/Sloinnte an duine ar an taobh istigh

     

    Uimhir theileafóin ghairmiúil/Uimhreacha teileafóin gairmiúla

    (líne theileafóin dhíreach oibre agus uimhreacha móibíleacha oibre)

    An fheidhm nó an chúis gur duine ar an taobh istigh é/í

    Faighte

    (an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine ar an taobh istigh rochtain ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Deireadh

    (an dáta agus an t-am ar ar tháinig deireadh le rochtain an duine ar an taobh istigh ar an bhfaisnéis ón taobh istigh)

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta

    (más infheidhme)

    Nó ina mhalairt de chás an Dáta breithe

    [Téacs]

    [Téacs]

     

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Téacs ina ndéantar cur síos ar an ról, ar an bhfeidhm agus/nó ar an gcúis a bheith ar an liosta seo]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [Uimhir agus/nó téacs nó bbbb-mm-ll le haghaidh an dáta breithe]

    TEIMPLÉAD 2

    An fhormáid le haghaidh an rannáin maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan sna liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), an dara fomhír

    Dáta agus am cruthaithe an rannáin seo: [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta agus am (an nuashonrú is déanaí): [ bbbb-mm-ll, uu:nn AUL (Am Uilíoch Lárnach)]

    Dáta an tarchurtha chuig an údarás inniúil: [ bbbb-mm-ll]

    Céadainm/Céadainmneacha an duine ar an taobh istigh

    Sloinne/Sloinnte an duine ar an taobh istigh

    Uimhir theileafóin ghairmiúil/Uimhreacha teileafóin gairmiúla (líne theileafóin dhíreach oibre agus uimhreacha móibíleacha oibre)

    Ainm agus seoladh na cuideachta

    An fheidhm agus an chúis gur duine ar an taobh istigh é/í

    San áireamh

    (an dáta agus an t-am ar a n-áiríodh an duine ar an taobh istigh sa rannán maidir le daoine a bhíonn ar an taobh istigh ar bhonn buan)

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta

    (más infheidhme)

    Nó ina mhalairt de chás an Dáta breithe

    [Téacs]

    [Téacs]

    [Uimhreacha (gan spás)]

    [Seoladh an eisitheora nó an duine a fheidhmíonn thar a cheann nó chun a chuntais]

    [Téacs ina ndéantar cur síos ar an ról, ar an bhfeidhm agus ar an gcúis go bhfuil an duine ar an liosta]

    [bbbb-mm-ll, uu:nn AUL]

    [Uimhir agus/nó bbbb- mm-ll le haghaidh an dáta breithe]


    Top