EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2028

Cinneadh (AE) 2020/2028 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh" agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

IO L 419, 11.12.2020, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2028/oj

11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/20


CINNEADH (AE) 2020/2028 ÓNGCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh" agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2010/224/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

(2)

Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 3, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 3”). De bhun Airteagal 3 de Phrótacal 3, féadfaidh an an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 119 den Chomhaontú (“an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais”) a chinneadh forálacha Phrótacal 3 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 3 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 3, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht Mhontainéagró tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Sa limistéar carntha ina bhfuil Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), Oileáin Fharó, an tAontas, Poblacht na Tuirce, na rannpháirtithe sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin, ba cheart an fhéidearthacht maidir le deimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó dearbhuithe tionscnaimh a úsáid in ionad deimhnithe gluaiseachta EUR-MED nó dearbhuithe tionscnaimh EUR-MED, de mhaolú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le carnadh trasnánach i measc na rannpháirtithe sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2010/224/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 29 Márta 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (IO L 108, 29.4.2010, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 11124/20 ar http://register.consilium.europa.eu


Top