EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún Heilsincí: cosc a chur ar thruailliú i sruthchúrsaí agus lochanna idirnáisiúnta

Coinbhinsiún Heilsincí: cosc a chur ar thruailliú i sruthchúrsaí agus lochanna idirnáisiúnta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 95/308/CE maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta

An Coinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Le Cinneadh 95/308/CE cuirtear an Comhphobal Eorpach (AE anois) leis an gCoinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann* agus lochanna idirnáisiúnta (Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — an Coinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta de chuid UNECE).

Tugtar coinbhinsiún Heilsincí air seo, toisc gur síníodh ansin é in 1992.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cuirtear creat dlíthiúil ar fáil sa choinbhinsiún inar féidir le 2 pháirtí nó níos mó comhoibriú lena chéile chun:
    • truailliú uisce thar teorainneacha náisiúnta a chosc agus a rialú;
    • úsáid réasúnta agus neamhchlaonta na n-uiscí trasteorann a chinntiú.
  • Ní mór do pháirtithe gach beart uisce trasteorann cuí a dhéanamh chun:
    • truailliú iarbhír nó féideartha a chosc, a rialú agus a laghdú;
    • bainistíocht uisce atá iontaofa ón taobh éiceolaíoch, caomhnú acmhainní agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú, lena n-áirítear athbhunú éiceachóras, de réir mar is gá;
    • úsáid réasúnta agus neamhchlaonta acmhainní a chinntiú.
  • Ní mór do pháirtithe:
    • prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm, i.e. gan mainneachtain a dhéanamh i ngeall nach bhfuil sé cruthaithe le heolaíocht fós go bhfuil nasc cúisíoch idir substaintí faoi leith agus truailliú;
    • prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm, i.e. íocann an páirtí atá freagrach as an truailliú as na costais um chosc, rialú agus laghdú;
    • acmhainní uisce a bhainistiú ionas nach ndéanfar dochar do riachtanais na nglúinte amach romhainn;
    • cláir a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar uisce trasteorann;
    • comhoibriú lena chéile, go háirithe ar mhalartú faisnéise agus taighde chun teicnící éifeachtacha a fhorbairt chun truailliú trasteorann a chosc, a rialú agus a laghdú;
    • tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun rialacha, critéir agus nósanna imeachta a dhréachtú chun freagracht agus dliteanas as truailliú ar bith a chinneadh.
  • Ní mór na bearta sin:
    • a ghlacadh ag an bhfoinse, nuair is féidir;
    • gan truailliú a aistriú go díreach nó go hindíreach chuig codanna eile den chomhshaol.
  • D’fhéadfadh comhaontuithe idir 2 pháirtí nó níos mó ceisteanna a chumhdach amhail:
    • tiomsú sonraí agus fardail;
    • comhchláir mhonatóireachta a chruthú;
    • teorainneacha astaíochtaí a ghlacadh maidir le fuíolluisce agus cuspóirí coiteanna um cháilíocht uisce;
    • nósanna imeachta rabhaidh agus aláraim a thabhairt isteach;
    • leas a bhaint as measúnachtaí tionchair timpeallachta.
  • Ní mór do pháirtithe i gcomhaontú:
    • cuidiú ar bith a thabhairt dá chéile nuair a iarrtar é;
    • a chinntiú go bhfuil faisnéis maidir le riocht uisce trasteorann agus bearta ar bith a rinneadh ar fáil don phobal.
  • In 2003, rinneadh an coinbhinsiún a leasú chun ligean do thíortha nach bhfuil in AE teacht isteach ann. Tháinig an leasú i bhfeidhm ar an 6 Feabhra 2013 agus dearbhaíodh gur glacadh leis le Cinneadh 2013/790/AE. Féadfaidh gach Ballstát de chuid na NA aontú leis ó Mhárta 2016.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 6 Deireadh Fómhair 1996.

CÚLRA

Trasnaíonn formhór na bhfadhbanna comhshaoil teorainneacha náisiúnta agus d’fhéadfadh siad a bheith ina gcineál domhanda fiú. Is é sin an fáth a dtugtar an tasc don Aontas Eorpach le Conradh Liospóin (Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) bearta idirnáisiúnta a chur cinn chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda.

Tá AE inniúil maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta um chomhshaol a idirbheartú agus a shíniú. Tá amhlaidh déanta aige i go leor réimsí, cibé acu faoi choimirce na Náisiún Aontaithe nó ar leibhéal réigiúnach nó foréigiúnach. Tá 6 choinbhinsiún ina ndéileáiltear le huisce daingnithe aige.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sruthchúrsa trasteorann: uisce dromchla nó screamhuisce a mharcálann nó a thrasnaíonn teorainneacha idir 2 thír nó níos mó nó atá lonnaithe in dhá thír nó níos mó.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 95/308/CE ón gComhairle an 24 Iúil 1995 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta (IO L 186, 5.8.1995, lgh. 42-58)

An Coinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta (IO L 186, 5.8.1995, lgh. 44-58)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gCoinbhisiún a chorprú sa bhundoiciméad. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 10.07.2020

Top