EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023JC0009

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint

JOIN/2023/9 final

An Bhruiséil,10.3.2023

JOIN(2023) 9 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint


RÉAMHRÁ — AN SPÁS MAR RÉIMSE STRAITÉISEACH

Cumhacht spáis dhomhanda is ea í an Eoraip. Is leis an Aontas Eorpach (AE) sócmhainní spáis le haghaidh suite, loingseoireachta agus uainiúcháin (PNT - Galileo) agus faire na cruinne (EO - Copernicus) agus is é a oibríonn na sócmhainní sin, agus seolfaidh sé an tríú buíon satailítí, Clár Nascachta Slándála an Aontais (IRIS²), le haghaidh cumarsáid shlán. Is leis na Ballstáit sócmhainní spáis náisiúnta, sócmhainní a oibríonn siad, lena n‑áirítear sócmhainní a fhónann do chuspóirí slándála agus cosanta. Le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen) tá cumas uathúil geospásúil anailíse faisnéise ar fáil chun tacú le cinnteoireacht agus le gníomhaíochtaí an Aontais agus a chuid Ballstát.

Tá an spás ríthábhachtach le haghaidh uathriail straitéiseach an Aontais agus a chuid Ballstát. Tá feidhmiú na ngeilleagar, na saoránach agus na mbeartas poiblí ag brath níos mó ná riamh roimhe ar sheirbhísí agus ar shonraí a bhaineann leis an spás, lena n‑áirítear i réimse na slándála agus na cosanta. Cuidíonn an spás freisin le clár oibre polaitiúil an Aontais a bhaint amach, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas a chumasú, agus lena athléimneacht a fheabhsú.

Mar sin féin, tá ag méadú ar an gconspóid a bhaineann leis an spás.

Tá roinnt cumhachtaí spáis in ann díriú ar bhonneagar criticiúil spáis. Tá cumais frith‑satailíte forbartha agus tástáilte ag cuid díobh, cumais a d’fhéadfadh cur isteach ar chórais agus ar sheirbhísí spáis nó iad a scriosadh. Le déanaí, i mí na Samhna 2021, rinne an Rúis tástáil ar armán frith‑satailíte (ASAT) in aghaidh ceann dá satailítí féin, rud a chruthaigh méid mór smionagair spáis.

Tá an tSín ag saothrú a cláir oibre geopholaitiúil féin trína láithreacht sa spás atá ag dul i méid agus tá cláir fhairsinge spáis agus cumais frithspáis á bhforbairt aici.

I gcomhthéacs geopholaitiúil maidir le hiomaíocht mhéadaithe cumhachta agus bagairtí ar an Aontas agus ar na Ballstáit ag dul i dtreis, shainaithin ceannairí an Aontais an spás mar réimse straitéiseach sa Chompás Straitéiseach 1 agus tá Straitéis Spáis AE iarrtha acu le haghaidh na Slándála agus na Cosanta. Aithnítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 2 gur seirbhísí riachtanacha iad an bonneagar spáis nach mór a chosaint go leordhóthanach in aghaidh bagairtí reatha agus bagairtí a bhfuil coinne leo agus ní mór do na seirbhísí sin a bheith athléimneach.

Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de chaomhnú timpeallachta spáis atá sábháilte agus slán agus úsáid shíochánta an chianspáis a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus atá inghlactha go frithpháirteach. Aithníonn an tAontas gur acmhainn uilechoiteann dhomhanda é an cianspás. Tá sé tiomanta do ról na trédhearcachta agus na mbeart cothaithe muiníne a threisiú go frithpháirteach, trí na rioscaí a bhaineann le míthuiscint, mí‑ríomh, agus géarú ar choinbhleachtaí neamhbheartaithe a laghdú.

Tá gá le bearta breise chun leasanna straitéiseacha an Aontais a chosaint agus chun gníomhaíochtaí naimhdeacha sa spás agus ón spás a dhíspreagadh. Agus é ag tabhairt tús áite don chomhar idirnáisiúnta agus iompraíochtaí freagracha sa spás á gcur chun cinn ag an Aontas, cuirfidh sé feabhas freisin ar a staidiúir straitéiseach agus ar a neamhspleáchas i réimse an spáis. Fágfaidh sé go mbeidh córais agus seirbhísí spáis níos athléimní, go bhfreagrófar d’aon ghníomhaíocht nó d’aon bhagairt naimhdeach agus go bhforbrófar tuilleadh seirbhísí spáschumasaithe le haghaidh na slándála agus na cosanta.

1.Tírdhreach na Bagartha Spáis

1.1.Réimse an spáis a shainiú

I réimsean spáis, áirítear aon eilimint atá ábhartha d’fheidhmiú na gcóras spáis agus do sheachadadh seirbhísí spásbhunaithe san Aontas agus sna Ballstáit, e.g.: an timpeallacht chianspáis, na fithisí agus na spásárthaí ábhartha éagsúla agus faisnéis ghaolmhar maidir leis na córais lena mbaineann siad, an bonneagar talún agus lainseála, naisc radaimhinicíochta, críochfoirt úsáideoirí agus cibearchibir. Orthu sin freisin, tá an earnáil spáis thionsclaíoch fholuiteach.

1.2.Frithspás agus bagairtí i réimse an spáis 

Murab ionann agus rioscaí sábháilteachta a eascraíonn as teagmhais theicniúla, timpistí agus guaiseacha nádúrtha, is gníomhaíochtaí naimhdeacha d’aon ghnó iad bagairtí spáis trí chumais frithspáis.

Úsáidtear frithspás chun cumais a léiriú, iomaitheoirí a dhíspreagadh, diúltú dóibh a gcórais spáis a úsáid nó buntáiste faisnéise a fháil. Dírítear ar shócmhainní spáis i bhfithis iad, ar a mbonneagar talún tacaíochta, agus ar na naisc sonraí eatarthu.

Is é éifeachtaí an fhrithspáis cur isteach d’aon ghnó, díghrádú, scriosadh, meabhlaireacht a dhéanamh, nó diúltú d’úsáid córas spáis, agus na sonraí comhfhreagracha a iniúchadh, a ionramháil, a chúléisteacht nó a thascradh chomh maith le rochtain nó saoirse gluaiseachta a dhiúltú i réimse an spáis. D’fhéadfadh éifeachtaí an fhrithspáis a bheith inchúlaithe nó do-aisiompaithe

Is féidir le cumais frithspáis a bheith ann i bhfoirmeacha éagsúla, mar shampla bearta cinéiteacha 3 in aghaidh spásárthaí nó bonneagar talún, nó fuinneamh dírithe 4 . Fágann gnéithe sonracha an bhonneagair spáis – ar fithis agus ar an talamh araon – go bhfuil sé anleochaileach ó thaobh cibirionsaithe de. Lasmuigh de na córais spáis, is féidir leis an bhfrithspás cur isteach ar earnáil an spáis ina hiomláine, lena náirítear na slabhraí soláthair bunúsacha agus speictream radaimhinicíochta.

Tá roinnt tríú tíortha ag forbairt agus ag cothabháil cumais frithspáis agus na dúnghaoisí a bhaineann leo. Mar sin féin, ós rud é gur teicneolaíochtaí dé-úsáide iad formhór na dteicneolaíochtaí spáis, ní féidir bagairt spáis a shainiú trí réada spáis, teicneolaíochtaí nó cumais spáis a bhreathnú ina n‑aonar, ach trí iompraíocht a chur san áireamh.

Chun bagairtí spáis a mheas, ní mór anailís chuimsitheach a dhéanamh ar chumais agus ar iompraíochtaí gaolmhara i bhfithis, ar an talamh agus sa chibearréimse, bunaithe ar thuiscint chríochnúil ar chumais frithspáis.

1.3.I dtreo comhthuiscint ar bhagairtí spáis

An Cumas Anailíse Faisnéise Aonair (SIAC) faoin Ardionadaí, mar aon le seirbhísí faisnéise míleata agus sibhialta na mBallstát, cuirfidh siad lena dtuiscint straitéiseach ar bhagairtí spáis agus ar an bhfrithspás. Ba cheart go dtacódh tuiscint straitéiseach den sórt sin freisin le cláir spáis an Aontais, chomh maith le leas a bhaint as faisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún trí fhaireachán a dhéanamh ar chomhpháirteanna spáis an Aontais.

An bealach chun cinn

ØUllmhóidh an tArdionadaí, le tacaíocht ó SIAC, anailís rúnaicmithe bhliantúil ar thírdhreach na bagartha spáis lena náirítear éabhlóid chumais an fhrithspáis. Bhainfeadh sé sin tairbhe freisin as faireachán an Choimisiúin ar a chomhpháirteanna spáis AE.

2.Athléimneacht agus cosaint CÓRAS agus seirbhísí spáis san Aontas a fheabhsú

Cuireann córais agus seirbhísí spáis san Aontas seirbhísí fíor-riachtanacha ar fáil le haghaidh feidhmeanna sochaíocha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, ní mór dóibh a bheith níos athléimní agus níos cosanta. Aithníonn an tAontas gur earnáil chriticiúil í an spás sa reachtaíocht atá aige cheana maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (Treoir CER 5 ) agus maidir leis an gcibearshlándáil (Treoir NIS2 6 ), lena gcumhdaítear bonneagar na mBallstát ar talamh, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí, agus oibreoirí príobháideacha chomh maith le satailítí a úsáidtear chun seirbhísí teileachumarsáide 7 a sholáthar. Go fóill féin, tá éagsúlacht ann maidir le leibhéal athléimneachta agus cosanta na sócmhainní náisiúnta spáis ar fud na mBallstát.

2.1.Creat slándála ar fud an Aontais le haghaidh córais spáis a chosaint, comhroinnt faisnéise agus comhar maidir le teagmhais slándála spáis

Tá rialacha náisiúnta curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun oibríochtaí spáis a rialú, lena n‑áirítear gnéithe slándála. Gan creat coiteann, d’fhéadfadh na rialacha sin a bheith éagsúil le chéile. D’fhéadfadh an éagsúlacht sin difear a dhéanamh d’iomaíochas thionscal spáis an Aontais agus do shlándáil an Aontais.

Chun cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú, agus ag tógáil ar an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Cur chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta 8 , breithneoidh an Coimisiún Dlí Spáis an Aontais a mholadh. Agus leasanna slándála náisiúnta á gcaomhnú, san am céanna, d’fhéadfadh an togra reachtach sin an creat a chur ar fáil chun feabhas comhchoiteann a chur ar leibhéal athléimneachta na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas agus chun comhordú idir na Ballstáit a áirithiú, lena náirítear i suíomhanna straitéiseacha iarghúlta den bhonneagar talún.

D’fhéadfadh sé creat cuimsitheach comhsheasmhach a chur ar fáil d’athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas, mar aon le Treoracha NIS 2 agus an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Glacfaidh an Coimisiún mar phointe tosaithe, le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair ar roghanna, príomhghnéithe áirithe de na córais sin atá ann cheana, agus an taithí atá ann ó thaobh a gcur i bhfeidhm de, i gcás inarb ábhartha. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar na Ballstáit córais agus seirbhísí fíor-riachtanacha 9 spáis a shainaithint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin gníomhaithe móra sa slabhra soláthair, íosleibhéal coiteann athléimneachta le haghaidh seirbhísí criticiúla spáis a shainiú agus a chur chun feidhme agus pleananna náisiúnta comhordaithe ullmhachta agus athléimneachta agus prótacail éigeandála a fhorbairt. D’fhéadfaí an tionscnamh a leathnú freisin chuig lárionaid faireacháin slándála a fhorbairt, ionas go bhféadfar fógra a thabhairt go córasach faoi theagmhais slándála.

D’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar cheanglais chun a áirithiú go mbeidh an tslándáil, lena n‑áirítear an chibearshlándáil, ina chuid de dhearadh na gcóras spáis uile a chuireann seirbhísí fíor-riachtanacha ar fáil. D’fhéadfaí a mholadh leis go ndéanfaí na caighdeáin slándála ábhartha a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí le linn luathchéim deartha na gcóras sin.

Thairis sin, dhéanfadh an Coimisiún malartú faisnéise maidir le bagairtí a dhíríonn ar shócmhainní spáis nó ar a slabhra soláthair a dhreasú, ag díriú ar fhaisnéis inghníomhaithe do lárionaid oibríochtaí slándála ábhartha. Ag cur leis an taithí a fuair Galileo, d’áiritheodh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) go ndéanfaí faireachán comhsheasmhach slándála ar chláir spáis uile an Aontais. I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis an bhFoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí de chuid institiúidí uile an Aontais (CERTEU) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) 10 , beidh ról lárnach ag EUSPA mar lárionad faireacháin agus oibríochtaí na slándála spáis san Aontas. Arna iarraidh sin, féadfaidh sé cúnamh a thabhairt freisin d’oibreoirí córas agus seirbhísí fíor-riachtanacha spáis sna Ballstáit.

Cuireann oibreoirí poiblí agus príobháideacha seirbhísí spáis ar fáil, agus tá ról níos mó agus níos dinimiciúla acu do Spás Nua 11 . Comhthuiscint ar na seirbhísí fíor-riachtanacha spáis chun faisnéis slándála ábhartha a roinnt, chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus chun comhar AE a éascú.

Mar chomhlánú ar thogra reachtach féideartha den sórt sin, dhéanfadh an Coimisiún feasacht a mhúscailt agus malartú dea-chleachtas i measc eintiteas tráchtála maidir le bearta athléimneachta a éascú, lena n‑áirítear bearta cibear-bhainteacha. Bheadh na bearta tacaíochta sin ábhartha go háirithe do FBManna, lena n‑áirítear Spás Nua. Sa chomhthéacs sin, mheasfadh an Coimisiún, le tacaíocht ó EUSPA, Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISAC), lena dtabharfaí le chéile eintitis tráchtála, agus eintitis phoiblí ábhartha, lena n‑áirítear, b’fhéidir, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (GES).

Ina theannta sin, le cur chun feidhme Threoir NIS 2 agus an Ghnímh um Chibear-athléimneacht 12 atá ar na bacáin, chomh maith le creataí cibearshlándála 13 eile atá ann cheana, dreasófar glacadh le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí digiteacha criticiúla a úsáidtear sa spás. D’fhéadfaí caighdeáin agus nósanna imeachta sonracha cibearshlándála i réimse an spáis a mheas mar chuid de Dhlí Spáis an Aontais i gcás inarb ábhartha.

Ar deireadh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an tAontas Eorpach a stiúradh ar bhonn níos fearr agus caighdeáin á bhforbairt agus go mbeidh ionadaíocht níos fearr aige in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú, go háirithe chun leasanna slándála an Aontais agus a chuid Bhallstát a chosaint. Spreagfar comhleanúnachas le caighdeáin Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT).

2.2.Ceannasacht theicneolaíoch earnáil spáis an Aontais a neartú

Chun athléimneacht an bhonneagair spáis a mhéadú agus slándáil an tsoláthair 14 a áirithiú, neartóidh an tAontas a cheannasacht theicneolaíoch trí spleáchais straitéiseacha ar thríú tíortha a laghdú agus trí bhorradh a chur faoi athléimneacht slabhraí luacha tionsclaíocha criticiúla.

Déanfar Fís Eorpach agus an Ciste Eorpach Cosanta 15  a úsáid oiread agus is féidir chun é sin a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus GES gníomhaíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla spáis a chomhordú agus a shioncrónú, ag tógáil ar Thascfhórsa Comhpháirteach athfhuinnithe (JTF) 16 . Ag cur lena shaineolas, d’fhéadfadh EUSPA cur leis an obair sin freisin. Cuirfear gníomhaíochtaí JTF san áireamh freisin i bhFaireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla 17 .

Ar bhonn ghníomhaíochtaí JTF agus Fhaireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tionscal, measúnú ar an ngá atá le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha nua a bhunú a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ábhartha don spás agus don chosaint, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Is uirlis iad na Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) freisin ar féidir leis an tionscal agus leis na Ballstáit iad a úsáid chun teicneolaíochtaí spáis a fhorbairt i réimsí ina dtugtar aghaidh ann ar spleáchas straitéiseach atá sainaitheanta go soiléir agus suntasach, agus iarmhairtí dearfacha tábhachtacha a áirithiú san am céanna lasmuigh de na tíortha agus na gnólachtaí rannpháirteacha.

Tacaíonn an Clár Spáis, an Ciste Eorpach Cosanta agus Fís Eorpach, chomh maith le tionscadail chomhoibríocha agus cláir chomhoibríocha na mBallstát, le haibiú teicneolaíochta cumas a bhaineann le hathléimneacht. Le sineirgí breise sa chlársceidealú agus sa chistiú, is féidir leanúnachas a áirithiú i bhforbairt na dteicneolaíochtaí idir na córais. Chun cosaint agus athléimneacht chórais spáis an Aontais a neartú, déanfaidh an Coimisiún clársceidealú comhpháirteach a chur chun cinn trí chomhordú feabhsaithe idir cláir ábhartha de chuid an Aontais.

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann leas a bhaint as an bhféidearthacht gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a athchlárú chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla i bhfianaise géarchéimeanna móra. Áiritheofar leis go gcuirfear an spás san áireamh ar bhealach níos córasaí i mbeartais agus i dtionscnaimh ábhartha an Aontais, mar atá maidir le teicneolaíochtaí candamacha, nó intleacht shaorga, ach freisin trí rochtain ar amhábhair, ardábhair agus ábhair phróiseáilte agus ar leathsheoltóirí a áirithiú tríd an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla 18 agus an Gníomh Eorpach um Shliseanna 19 , mar shampla.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair le GES ar theicneolaíochtaí spáis an Aontais a fhorbairt, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil. Chun an ról sin a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh GES bearta agus sásraí ábhartha i bhfeidhm chun cosaint leasanna slándála an Aontais agus a chuid Bhallstát a áirithiú. Leis an dlúthchomhar, áiritheofar comhlántacht agus sioncrónú na ngníomhaíochtaí.

2.3.Aghaidh a thabhairt ar rioscaí don tslándáil san earnáil spáis san Aontas

Tá slándáil an Aontais ag brath freisin ar shlabhraí soláthair an Aontais a chosaint. Chuige sin, tá rialuithe áirithe i bhfeidhm cheana, i.e. rialú onnmhairí dé-úsáide agus scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) 20 . Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023 21 .

Chun gur féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta IDC in earnáil an spáis, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain aige ar fhaisnéis maidir le soláthraithe díreacha agus indíreacha earraí agus seirbhísí do chláir spáis an Aontais, lena n‑áirítear nuair a bhainistíonn GES iad. Ba cheart na rioscaí do shlándáil agus d’ord poiblí an Aontais a bhaineann go háirithe le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus le teicneolaíochtaí criticiúla dá bhonneagar spáis a bhrath agus a mhaolú ar bhealach níos fearr. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar na himthosca eacnamaíocha agus airgeadais ina bhféadfadh cuideachtaí de chuid an Aontais a bhfuil teicneolaíochtaí straitéiseacha acu a bheith leochaileach d’infheistíochtaí coigríche a bhfuil rioscaí ag baint leo don tslándáil nó don ord poiblí; agus do shlándáil an tsoláthair chomh maith. Mar bheart maolaitheach, laghdóidh ilfhoinsiú na dteicneolaíochtaí agus na gcomhpháirteanna is criticiúla na rioscaí a bhaineann le héadáil coigríche áirithe agus áiritheofar iomaíochas inmheánach.

Ina theannta sin, chun slándáil an Aontais agus a leasanna straitéiseacha a chosaint, tá gá le rialacha soláthair lena ráthaítear slándáil an tsoláthair go hiomlán. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear rialacha iomaíochta an Aontais agus ionstraimí trádála idirnáisiúnta i bhfeidhm go hiomlán chun dul i ngleic leis na dúshláin nua atá os comhair earnálacha spáis agus cosanta an Aontais, amhail an baol go mbeadh fóirdheontais coigríche shaobhacha ann. Ba cheart go náireofaí leis sin imscrúdú a dhéanamh ar éadálacha áirithe cuideachtaí AE atá gníomhach sna hearnálacha sin, rud a d’fhéadfaí a éascú le fóirdheontais neamhdhleathacha tríú tíortha. Más gá, d’fhéadfaí a mheas go ndéanfaí an saobhadh atá mar thoradh ar na fóirdheontais eachtracha sin a leigheas trí thoirmeasc a chur ar éadáil nó glacadh le gealltanais cheangailteacha ó na cuideachtaí lena mbaineann.  22

2.4.Cumais a fhorbairt, lena náirítear rochtain uathrialach an Aontais ar an spás, chun athléimneacht a mhéadú

Is iomaí cumas atá ann chun athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí spáis a fheabhsú, mar atá bonneagar féinchosanta, lainseálaithe ilúsáide agus freagrúla, seirbhísí feasachta staide spáis, seirbhísiú i bhfithis agus néal ceannasach daingnithe atá tiomnaithe do sheirbhísí spáis. Is féidir le cumais den sórt sin sócmhainní spáis a dhéanamh níos láidre, iad a chosaint níos fearr, a saolré a leathnú, nó iad a athsholáthar go tapa.

Tá rochtain uathrialach an Aontais ar an spás ríthábhachtach chun athléimneacht an bhonneagair spáis san Aontas a áirithiú, lena n‑áirítear chun buíonta a athshlánú, satailítí aonair a athsholáthar nó buíonta a imscaradh amach anseo.

Tá freagrúlacht agus solúbthacht maidir le rochtain ar an spás ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais mhíleata agus chosanta atá ag dul i méid. Chomh maith leis na cumais lainseála atá ann faoi láthair a chomhdhlúthú, ní mór forbairt na gcóras lainseála san Aontas a spreagadh, lena n‑áirítear micrealainseálaithe agus lainseálaithe in‑athúsáidte, mar aon le tionscal monaraíochta lúfar. Dreasóidh an Coimisiún forbairt comhéadain chaighdeánaithe (lena gcumhdaítear gnéithe slándála) idir satailítí agus córais lainseála freagrúla chun idir-inoibritheacht satailítí agus rochtain ar réitigh spáis amach anseo a áirithiú, agus chun tacú le réitigh iompair nuálacha i bhfithis a fhorbairt. Na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais ar díol spéise iad le haghaidh rochtain uaththrialach ar spás, ba cheart iad a shaothrú go hiomlán.

An bealach chun cinn

ØChun feabhas a chur ar leibhéal slándála agus athléimneachta na noibríochtaí agus na seirbhísí spáis san Aontas, chomh maith lena sábháilteacht agus lena ninbhuanaitheacht, breithneoidh an Coimisiún Dlí Spáis an Aontais a mholadh. Spreagfaidh sé forbairt beart comhsheasmhach athléimneachta san Aontas, cothóidh sé malartú faisnéise maidir le teagmhais chomh maith le comhordú agus comhar trasteorann.

ØFaoi dheireadh 2023, bunóidh an Coimisiún, le tacaíocht ó EUSPA, Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISAC Spáis an Aontais) chun athléimneacht chumais thionscal spáis an Aontais a neartú (réamhtheachtach agus iartheachtach), lena náirítear Spás Nua.

ØFaoi lár 2024, molfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le GEC faoi údarás an Ardionadaí agus le GES, treochlár chun spleáchais straitéiseacha ar theicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do thionscadail spáis atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a laghdú san Aontas agus i gcláir spáis an Aontais. 

ØForbróidh an Coimisiún clársceidealú comhpháirteach idir an Ciste Eorpach Cosanta, Clár Spáis an Aontais agus Fís Eorpach chun dlús a chur le forbairt cumas atá ábhartha d’athléimneacht na gcóras spáis.

ØCuirfidh an Coimisiún riachtanais spáis agus cosanta san áireamh go córasach i dtionscnaimh amach anseo, lena náirítear measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha a bhunú.

ØÁiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear tionscnaimh níos leithne de chuid an Aontais i bhfeidhm, lena náirítear an Gníomh um Shliseanna agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, ar bhealach a neartóidh slándáil an tsoláthair agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí spáis.

ØDéanfaidh an Coimisiún bearta chun freagrúlacht, solúbthacht rochtain an Aontais ar an spás a spreagadh trí bhorradh a chur faoi chórais lainseálaithe nua de chuid an Aontais, trí réamhghníomhaíochtaí a mholadh chun rochtain neamhspleách fhadtéarmach an Aontais ar an spás a áirithiú agus trí aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar riachtanais slándála agus cosanta, i gcomhar leis na Ballstáit.

3.AG FREAGAIRT DO BHAGAIRTÍ SPÁIS

I bhfianaise an mhéadaithe ar bhagairtí spáis agus ar an bhfrithspás, is gá feabhas a chur ar an gcumas bagairt i réimse an spáis a bhrath, a thréithriú agus a shannadh agus freagairt di ar bhealach tráthúil, comhréireach agus comhleanúnach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

3.1.Bagairtí spáis a bhrath agus a thréithriú

Chun freagairt ar bith ón Aontas ar bhagairt spáis, ní mór don Aontas agus dá chuid Ballstát araon, de réir mar is iomchuí, rochtain a bheith acu ar fhaisnéis thráthúil, chruinn agus inghníomhaithe mar bhonn dá gcinnteoireacht.

Chomh maith leis an ngá atá ann tírdhreach na bagartha spáis a thabhairt cothrom le dáta go rialta, is gá teagmhais slándála a bhfuil tionchar acu ar na córais spáis agus a d’fhéadfadh léiriú a thabhairt ar bhagairt spáis a bhailiú agus a anailísiú, agus sin a dhéanamh ar bhealach atá gar d’fhíor-am. Mar chomhlánú ar an bhfaisnéis slándála a bhailítear trí fhaireachán a dhéanamh ar chlár spáis an Aontais, d’fhéadfaí líonra malartaithe faisnéise a bhunú trí Dhlí Spáis an Aontais agus chuirfeadh sé an chéad leibhéal anailíse agus tuairiscithe ar na comharthaí laga sin ar fáil trí EUSPA.

Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit comhthuiscint a fhorbairt freisin ar an staid fhoriomlán i bhfithis chun aghaidh a thabhairt ar iompraíochtaí neamhfhreagracha nó naimhdeacha sa chianspás.

Is é is Feasacht ar Réimse an Spáis (SDA) ann, réada spáis is díol spéise a bhrath, a shainaithint agus a thréithriú, i ngar d’fhíor-am, cur síos a dhéanamh orthu agus tuiscint a thabhairt ar a niompraíochtaí 23 , agus an fhaisnéis sin a nascadh le dúnghaoisí foluite agus le córais spáis ghaolmhara. Fothaíonn SDA pictiúir spáis aitheanta na norduithe spáis i bhfíor-am, ag brath ar fhaisnéis ar ainlithe spás agus na hintinní a ghabhann leo.

Tá SDA ríthábhachtach chun bagairtí spáis a shannadh i bhfithis agus chun freagairt fhéideartha AE a spreagadh. Na Ballstáit ar leo na cumais ábhartha agus a fhorbraíonn iad, ba cheart dóibh na seirbhísí riachtanacha SDA a chur ar fáil don Aontas chun a huathriail straitéiseach i réimse an spáis a áirithiú.

3.2.Iompraíochtaí naimhdeacha i réimse an spáis a shannadh agus freagairt dóibh

Is cinneadh an‑pholaitiúil é bagairt spáis a shannadh do thríú tír agus cinneadh a dhéanamh maidir le freagairt fhéideartha.

Leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear, agus a úsáidtear faoin gClár Spáis 24 , leagtar síos forálacha oibríochtúla lena gcuirtear ar chumas an Aontais 25 bagairtí do chórais arna mbunú agus do sheirbhísí Chlár Spáis an Aontais a shannadh agus freagairt dóibh, nuair a dhéanfadh bagairt den sórt sin difear do shlándáil an Aontais agus/nó a chuid Ballstát. Foráiltear leis an gCinneadh go bhféadfaidh an tArdionadaí gníomhaíocht shealadach phráinneach a dhéanamh. Oibríonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis a thacaíonn le cur chun feidhme an Chinnidh.

I bhfianaise na mbagairtí atá ag dul i méid, mholfadh an tArdionadaí an Cinneadh ón gComhairle a leasú ionas go mbeidh sé ina bhunchloch do fhreagairt an Aontais i réimse an spáis.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart raon feidhme an Chinnidh a leathnú chun bagairtí i réimse an spáis a chumhdach, i gcás bagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais. D’fhéadfadh an Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis a bheith ina faighteoir teagmhas slándála spáis ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí Ionad Faireacháin Slándála an Chláir Spáis agus trí sheirbhísí SDA. Bheadh sé i gcomhpháirt le SIAC chun tacú le sannadh bagairtí spáis agus leis an bhfreagairt leordhóthanach.

Mar chomhlánú ar bhosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta agus ar an mbosca uirlisí hibrideach, d’éascódh an Cinneadh leasaithe ón gComhairle leas a bhaint as bosca uirlisí tiomnaithe freisin. Mar chuid den fhreagairt, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar uirlisí ábhartha de chuid an Aontais:

-ar an leibhéal teicniúil, úsáid modhanna freagartha oibríochtúla sonracha arna bhforbairt mar chuid de dhearadh slándála na gcóras spáis;

-ar an leibhéal taidhleoireachta, plé i bhfóraim iltaobhacha, for-rochtain trí bhealaí iomchuí, agus ráitis ón Aontas agus ó na Ballstáit chun iompraíochtaí mífhreagracha i réimse an spáis a chosc agus chun freagairt dóibh;

-ar an leibhéal eacnamaíoch, uirlisí lena náirítear smachtbhannaí 26 .

D’ullmhódh Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh rannchuidiú míleata freisin le freagairt an Aontais i réimse an spáis.

Dá gcruthófaí grúpa cothrománach faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), bheifí in ann leas a bhaint as saineolas ábhartha go pras agus aghaidh á tabhairt ar bhagairt spáis. Thacódh sé leis an gComhairle agus í ag freagairt do bhagairtí spáis, lena n‑áirítear dá sannadh.

Is féidir le haon Bhallstát an clásal um chúnamh frithpháirteach atá cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh (Airteagal 42.7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach) a agairt, i gcás ina mbeadh bagairt spáis nó teagmhas ina ionsaí armtha ar a chríoch.

3.3.Freachnaimh spáis le haghaidh ullmhachta agus idir-inoibritheachta

Déanfaidh an tArdionadaí, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, freachnaimh rialta i réimse an spáis nó freachnaimh a chur ar bun ina mbeidh comhpháirt réimse an spáis chun:

-freagairt an Aontais ar bhagairtí spáis a thástáil, a fhorbairt agus a bhailíochtú,

-sásraí nithiúla dlúthpháirtíochta a thástáil agus a fhiosrú i gcás ionsaithe ón spás nó ó bhagairtí ar chórais spáis, agus

-sineirgí a fhorbairt le comhpháirtithe agus comhghuaillithe sa tslándáil spáis agus sa chosaint spáis.

An bealach chun cinn

ØFéachfaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún, leis na Ballstáit ar leo cumais SDA, ar na módúlachtaí chun úsáid a bhaint as FRS chun tacú le freagairt an Aontais.

Ø Molfaidh an tArdionadaí go leasófar Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle chun freagairt do gach bagairt i réimse an spáis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, d’fhonn a áirithiú gur féidir na huirlisí uile de chuid an Aontais atá ar fáil a shlógadh go tapa, rud a chuirfidh feabhas ar a Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis.

ØBeidh an tArdionadaí, an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteach i bhfreachnaimh spáis ábhartha, lena náirítear úsáid a bhaint as sásraí dlúthpháirtíochta, agus déanfaidh siad na freachnaimh sin a fhorbairt agus a sheoladh.

4.FEABHAS A CHUR AR ÚSÁID AN SPÁIS DON TSLÁNDÁIL AGUS DON CHOSAINT

Tá méadú ag teacht ar an ról atá ag córais agus seirbhísí spáis maidir le tacú leis an gcosaint agus leis an tslándáil. Déanfar tuilleadh forbartha ar sheirbhísí dé-úsáide atá á soláthar ag cláir spáis an Aontais agus eintitis tráchtála, lena n‑áirítear Spás Nua, chun uathriail straitéiseach an Aontais agus na mBallstát a mhéadú.

4.1. Córais agus seirbhísí spáis an Aontais a thacaíonn leis an tslándáil agus leis an gcosaint

Le crostoirchiú níos córasaí idir tionscnaimh spáis, chosanta agus slándála an Aontais d’éascófaí forbairt chomhpháirteanna spáis dé-úsáide an Aontais, agus riachtanais chosanta agus slándála á gcur san áireamh faoi chur chuige uileghabhálach atá bunaithe ar chumas 27 .

Is féidir le tionscnaimh shuaitheanta spáis an Aontais tacú le cumais slándála agus chosanta. Is gá, dá bhrí sin, féachaint ar a mhéid is féidir leo seirbhísí slána iontaofa a chur ar fáil.

Agus cineál sibhialtach chláir spáis an Aontais á urramú, bunófar rialacha sonracha saincheaptha maidir le seachadadh seirbhísí, feidhmchláir agus sonraí atá íogair ó thaobh na slándála de chun an leibhéal iomchuí muiníne a sholáthar d’úsáideoirí slándála agus cosanta (amhail cearta tosaíochta agus rialú rochtana - lena n‑áirítear i gcomhthéacs oibríochtaí míleata, anaithnidiú iarrataí, an beartas um scaipeadh a shrianadh).

Déanfaidh an Coimisiún riachtanais úsáideoirí míleata agus slándála a leabú agus córais spáis ábhartha nua de chuid an Aontais á ndearadh agus na córais ábhartha atá ann cheana á nuasghrádú. Braithfidh sé ar an tacaíocht ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, is iad sin GEC agus EUSPA. Leanfaidh GEC de ról lárnach a bheith aige maidir le riachtanais mhíleata a shainaithint 28 , tosaíochtaí cumais a shainiú agus comhar a chothú i measc na mBallstát, lena náirítear tríd an bhFóram ‘an Chosaint sa Spás’. Tacóidh EUSPA le riachtanais a bhaineann leis an tslándáil a shainaithint agus le córais agus seirbhísí dé-úsáide a chreidiúnú agus a shaothrú. Ina theannta sin, déanfaidh Foireann Mhíleata an Aontais na forbairtí coincheapúla a éilítear ar an leibhéal míleata a thabhairt ar aghaidh maidir leis an spás a úsáid i rannpháirtíochtaí oibríochtúla an Aontais.

Agus forbairt chláir spáis an Aontais amach anseo á hullmhú, breithneoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, riachtanais fhadtéarmacha na n‑úsáideoirí cosanta agus slándála (tréimhse ama 2035). Breithneoidh sé idir-inoibritheacht an chórais agus roghanna pálasta droimiompar don chosaint agus freisin slándáil ar chórais spáis atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo.

Chuige sin, spreagfar sineirgí tríd an gCiste Eorpach Cosanta, ionas gur féidir le taighde agus forbairt i réimse na cosanta dlús a chur le cur in úsáid pálastaí lena gcumasaítear seirbhísí don chosaint. Ina theannta sin, na seirbhísí rialtais éagsúla arna gcumasú ag cláir spáis an Aontais, beidh siad á n‑oibriú agus á saothrú go comhsheasmhach.

4.1.1.Suí, Loingseoireacht agus Uainiúchán (PNT)

Is cumasóirí ríthábhachtacha iad seirbhísí PNT athléimneacha amhail Seirbhís Phoiblí Rialáilte (PRS) Galileo le haghaidh oibríochtaí míleata. Le héabhlóid leanúnach PRS agus pálastaí comhlántacha i bhfithis, beidh sé níos láidre. Ag tógáil ar thionscadail PESCO amhail Réiteach Radaloingseoireachta an Aontais (EURAS) nó Cogaíocht Loingseoireachta (NAVWAR) cosanta amach anseo, beifear in ann, le cumais faireachais, léiriú staide comhdhlúite a chruthú agus déileáil le cásanna ina gconspóidtear rochtain ar PRS. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an Ciste Eorpach Cosanta le gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain neamhtheoranta leanúnach ar PRS ar fud an domhain chun an chomhpháirt slándála agus cosanta de chumais PNT an Aontais a neartú.

4.1.2.Faire na Cruinne 

Tacaíonn Faire Spásbhunaithe na Cruinne le measúnú agus cinnteoireacht uathrialach. Is príomhchumasóir é don tslándáil agus don chosaint. Tá sé léirithe go bhfuil sé cinniúnach d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine chun seasamh in aghaidh ionsaithe na Rúise.

Cuireann SatCen cumas uathúil ar fáil maidir le hanailís a dhéanamh ar fhaisnéis gheospásúil chun tacú le cinnteoireacht ardleibhéil agus le gníomhaíocht ardleibhéil an Aontais agus a Bhallstát, agus ar an gcaoi sin tacaíonn sé le beartais an Aontais.

Cé go gcuireann Copernicus seirbhísí slándála ar fáil, ní raibh sé deartha chun ceanglais chosanta a chomhlíonadh go sonrach.

Dá bhrí sin, mar chuid d’éabhlóid sheirbhísí Copernicus, agus mar a cuireadh faoi bhráid na mBallstát cheana féin, bheadh tairbhe ag baint le seirbhís rialtais an Aontais um Fhaire na Cruinne chun seirbhís feasachta staide atá go hiomlán iontaofa, anathléimneach agus ar fáil go leanúnach a chur ar fáil. Chun breisluach a chur ar fáil, chomhlánódh sé bonneagar íomhánna satailíte náisiúnta, tráchtála agus Eorpacha, mar shampla trí bhraiteoirí nua, athfhéachaint rialta agus ardteicnící próiseála 29 . Déanfaidh an Coimisiún an éabhlóid sin ar sheirbhísí Copernicus a chur chun feidhme de réir a chéile, ag tosú le treoirthionscadal sa Chlár Spáis reatha.

Tá sé i gceist le forbairt na seirbhíse sin comhlántacht SatCen agus EUSPA a ghiaráil. Beidh príomhról ag EUSPA, ag tógáil ar an saineolas atá aige agus faoi mhaoirseacht an Choimisiúin, maidir le creidiúnú slándála, faireachán slándála agus cur chun feidhme conartha na deighleoige spáis sa chóras a bheidh ann amach anseo. Beidh ról lárnach ag SatCen maidir le rannchuidiú le riachtanais úsáideoirí san fhaisnéis gheospásúil a shainaithint agus maidir le táirgí agus seirbhísí íogaire a scaipeadh.

4.1.3.Cumarsáid Shlán

Is féidir le rochtain leanúnach dhomhanda ar chumarsáid shlán agus an‑athléimneach tacú le misin agus oibríochtaí cosanta agus slándála. Sa bhreis ar shócmhainní govsatcom réigiúnacha na mBallstát, cuirfidh IRIS² seirbhísí breisluacha ar fáil amhail anaithnideacht úsáide, aga folaigh íseal agus solúbthacht. Beidh rialú éifeachtach ag na Ballstáit trí shásraí atá coibhéiseach leis na sásraí a úsáidtear in PRS Galileo.

Ar sheirbhísí IRIS², beidh athsheachadáin sonraí spáis lenar féidir cumais spáis na mBallstát (lena náirítear cosaint) a idirnascadh go buan agus go slán. Is féidir le cumais chosanta spásbhunaithe náisiúnta nó ilnáisiúnta, amhail córais um Fhaire na Cruinne, na seirbhísí sin a úsáid chun a néifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú. Bainfidh an Coimisiún leas iomlán as buíonta domhanfhithis íseal (LEO) atá ar na bacáin le haghaidh cumais nua, lena náirítear seirbhísí méadaithe a d’fhéadfadh a bheith úsáideach don arm trí phálastaí droimiompar a chur ar fáil. Féachfaidh an Coimisiún a thuilleadh ar a mhéid is féidir le IRIS² tacú le córas cumarsáide criticiúil AE a bhunú 30 .

Tacaíonn an Ciste Eorpach Cosanta le bloic thógála theicneolaíocha a fhorbairt le haghaidh cumarsáid spásbhunaithe athléimneach 31 is féidir a chur chun feidhme trí IRIS² agus lena nglacadh ag úsáideoirí deiridh cosanta, trí ghníomhaíochtaí a dhíríonn ar dheighleog na núsáideoirí (e.g. caighdeánú na gcomhéadan chun a gcomhtháthú i bhfeithiclí talún, mara agus aeir a éascú 32 ).

4.1.4.Feasacht Réimse an Spáis agus Faireachas agus Rianú Spáis

Tá leibhéal ard sineirgí idir Feasacht Réimse an Spáis (SDA) agus córas Faireachais agus Rianaithe Spáis (SST) an Aontais atá ann cheana chun réada spáis a bhfuil braiteoirí tiomnaithe acu a bhrath.

Tá gá le feidhmíochtaí méadaithe le haghaidh SST chun beachtas ard‑inlíochtaí seachanta imbhuailtí agus anailís bloghanailís agus athiontrála a threisiú. Na Ballstáit sin atá ag forbairt SDA, ar comhpháirtithe SST iad freisin, bainfidh siad tairbhe, dá bhrí sin, as sócmhainní SST níos feidhmiúla, lena n‑áirítear sócmhainní cosanta, chun spásárthaí níos lú agus níos lúfaire a bhrath agus a rianú trí bhíthin chomhpháirt SST de Chlár Spáis an Aontais. Beidh gá le braiteoirí agus cumais anailíse breise le haghaidh cosanta agus faisnéise chun tacú le SDA.

D’fhéadfadh buiséad an Aontais tacú leis na Ballstáit chun braiteoirí agus cumais SDA a fhorbairt ar choinníoll:

-go náirithítear comhlántacht leis an sásra atá ann cheana lena dtugtar tacaíocht do SST, agus

-go gcuirtear sreabhadh riachtanach faisnéise agus seirbhísí SDA ar fáil chun tacú le Freagairt an Aontais ar Bhagairtí Spáis, lena náirítear chun satailítí an Aontais a chosaint.

Dá réir sin, comhpháirtithe SST a bhaineann tairbhe as tacaíocht SDA, chuideodh siad le feabhas a chur ar SST trí shainaithint spásárthaí a fheabhsú, rud a chuirfeadh le catalóg uathrialach AE de réada spáis, ar cuspóir é de chuid Chlár Spáis an Aontais.

4.2.Nuálaíocht agus iomaíochas a chothú

Sa bhreis ar ghníomhaithe móra tionsclaíocha, tá ról méadaitheach ag Spás Nua maidir le seachadadh seirbhíse, lena n‑áirítear don tslándáil agus don chosaint. Is féidir leis smaointe nua, réitigh nua, teicneolaíochtaí suaiteacha agus próisis thionsclaíocha éifeachtúla a mholadh, ar féidir leo tacú leis an tslándáil agus leis an gcosaint freisin. Tá na Ballstáit ag brath níos mó agus níos mó ar sheirbhísí tráchtála chun sócmhainní náisiúnta a chomhlánú, chun cumais nua a thástáil, nó chun sócmhainní poiblí a fhorbairt.

Tá tionscal iomaíoch ríthábhachtach chun athléimneacht agus cumais an Aontais a neartú. Déanfaidh an Coimisiún Spás Nua a spreagadh le dul i méid san Aontas le tacaíocht ó chlár CASSINI 33 . Áireofar leis sin conarthaí custaiméara fadtéarmacha a fhorbairt ar bhealach níos córasaí, leas breise a bhaint as cothromas deontaisiasachtaí le tacaíocht ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón gCiste Eorpach Infheistíochta, ó shineirgí le Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais, agus ó Haiceatóin spáis/cosanta agus dúshláin a eagraítear ar bhonn bliantúil.

Déanfaidh an Coimisiún níos mó obair chomhoibríoch a dhreasú idir gnólachtaí nuathionscanta spáis, slándála agus cosanta i réimsí an taighde agus na forbartha. D’fhéadfaí teicneolaíochtaí a fhorbraítear le tacaíocht ó Fís Eorpach, mar shampla chun Meá-mhéadracht Spáis Candamach, seirbhísí ar fithis nó rochtain ar spás a fhorbairt a thuilleadh chun críocha cosanta. Déanfaidh an Coimisiún a chlár Bailíochtaithe i bhFithis/Léirithe i bhFithis a leathnú chuig teicneolaíochtaí spáis atá ábhartha d’úsáideoirí slándála agus cosanta. Cothóidh Grúpa Teicneolaíochta Cumas um an spás de chuid GEC comhar idir na Ballstáit agus a dtionscail i dtaighde spáis.

4.3.Scileanna, oideachas agus oiliúint a fhorbairt

Tá ganntanas saineolais maidir le slándáil spáis agus cosaint spáis san Aontas agus sna Ballstáit araon. Bainfidh an Coimisiún agus an tArdionadaí leas as na huirlisí atá ann cheana chun tacú le sciliú, uas‑sciliú agus athsciliú.

Chun freastal ar éileamh na mBallstát, déanfaidh GEC gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna uile an Aontais agus na mBallstát a bhaineann le slándáil agus cosaint spáis a mhapáil chun scileanna a fhorbairt a bheidh ábhartha do cheapadh beartais agus ar an leibhéal teicniúil araon. I ndlúthchomhar leis an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint, déanfaidh sé malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus curaclaim a shainiú.

Chun freastal ar éileamh an tionscail, rannchuideoidh an Coimisiún le huassciliú agus athsciliú i dtionscal an spáis, ag díriú go háirithe ar an spás don tslándáil agus don chosaint, agus beidh sé d’aidhm aige freisin rannpháirtíocht na mban a mhéadú 34 . Tacóidh sé le tionscnaimh nithiúla a eagraítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Cuirfidh sé leis an gcomhpháirtíocht mhórscála atá ann cheana maidir le scileanna aeraspáis agus cosanta, ar cuid den Chomhshocrú um Scileanna 35 í. Tá sé ag oibriú freisin le páirtithe leasmhara chun comhpháirtíocht nua ar mhórscála a fhorbairt chun tuilleadh feabhais a chur ar ghníomhaíochtaí uasscilithe agus athscilithe mac léinn agus gairmithe atá ag teastáil sa tionscal iartheachtach, lena náirítear chun riachtanais bhreise d’oibrithe cáilithe a chumhdach. Le tacaíocht ó EUSPA, forbróidh an Coimisiún Acadamh Spáis an Aontais chun cláir forbartha spáis a bhaineann leis an tslándáil a chruthú.

An bealach chun cinn

Chun feabhas a chur ar úsáid córas agus seirbhísí spáis chun críocha cosanta:

ØFaoi dheireadh 2024, molfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an Ardionadaí, treoirthionscadal chun seirbhísí tosaigh SDA a sheachadadh chun tacú le freagairt an Aontais agus chun féachaint ar shineirgí le fo-chomhpháirt SST den Chlár Spáis, d’fhonn forbairtí a dhéanamh amach anseo.

ØAgus cláir spáis an Aontais a bheidh ann amach anseo á bhforbairt ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh riachtanais mhíleata fhadtéarmacha (tréimhse ama 2035) le haghaidh seirbhísí cosanta spásbhunaithe le tacaíocht ó GEC.

ØCuirfidh an Coimisiún riachtanais agus ceanglais mhíleata san áireamh agus punann seirbhíse IRIS² á sainiú aige.

ØChun tacú le cinnteoireacht agus gníomhaíocht uathrialach an Aontais agus a Bhallstát, oibreoidh an Coimisiún chun seirbhís rialtais nua Copernicus a bhunú de réir a chéile, ag tosú le treoirthionscadal. Cuirfidh sé le ról comhlántach SatCen agus EUSPA.

ØDreasóidh an Coimisiún obair chomhoibríoch idir gnólachtaí nuathionscanta spáis, slándála agus cosanta chun seirbhísí suaiteacha a fhorbairt don tslándáil agus don chosaint.

ØFaoi dheireadh 2024, ba cheart don Ardionadaí agus don Choimisiún, le tacaíocht ó GEC, EUSPA agus ESDC, scileanna an riaracháin phoiblí agus an tionscail a fheabhsú chun seirbhísí spáis don tslándáil agus don chosaint a fhorbairt a thuilleadh, lena náirítear tríd an méid seo a leanas: gníomhaíochtaí oiliúna slándála spáis agus cosanta a mhapáil, agus an tionscal spáis iartheachtach a sciliú, lena náirítear trí chomhpháirtíocht nua ar mhórscála a bhunú.

5.COMHPHÁIRTÍOCHT LE HAGHAIDH IOMPRAÍOCHTAÍ FREAGRACHA SA CHIANSPÁS

Tá sé fíor-riachtanach comhpháirtíochtaí láidre seachtracha a chruthú chun comhfhís a chur chun cinn le haghaidh iompraíochtaí síochánta agus freagracha sa spás, chun freagairt do bhagairtí spáis agus chun tacú le húsáid seirbhísí spáis le haghaidh slándála agus cosanta

5.1.Noirm, rialacha agus prionsabail a chur chun cinn maidir le hiompraíochtaí freagrach sa chianspás 

Tá sé ríthábhachtach go seachnófar rás arm sa chianspás agus nach mbeidh sé ina limistéar coinbhleachta chun úsáid fhadtéarmach na timpeallachta spáis chun críocha síochánta a chosaint.

Is iad an Conradh Cianspáis ó 1967 agus na prionsabail a forbraíodh i gcreat na Náisiún Aontaithe (NA) bunchloch rialachas domhanda an chianspáis, mar aon le rúin ábhartha arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Mar chomhlánú, bheadh ionstraim trédhearcachta agus cothaithe muiníne nach mbeadh ceangailteach ó thaobh dlí ina huirlis éifeachtach 36 . Ba cheart bearta breise a bheith ina bhforlíonadh ar na huirlisí ábhartha traidisiúnta díarmála agus rialaithe arm chun aghaidh a thabhairt ar iompraíochtaí mífhreagracha a bhféadfadh géarú a bheith mar thoradh orthu, lena náirítear mar gheall ar mhíthuiscint, míléiriú nó míríomh. I ndáil leis an méid sin, is céim phragmatach, nithiúil agus intomhaiste chun cinn é tiomantas na Stát Aontaithe, agus na Fraince agus na Gearmáine freisin, gan tástáil scriosach diúracán frithshatailíte ardaithe dírigh a dhéanamh. Thacaigh an tAontas agus a Bhallstáit uile leis an Rún comhfhreagrach 37 a formheasadh ag an 77ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022.

5.2.Teagmháil a dhéanamh leis na Náisiúin Aontaithe maidir le spás agus slándáil

Bainfidh an tAontas lántairbhe as a stádas breathnóra buan sna Náisiúin Aontaithe (NA) chun gníomhú taobh le taobh lena Bhallstáit agus iad i mbun plé maidir leis an gcianspás. Leanfaidh an tAontas de bheith rannpháirteach sna nithe seo a leanas agus de rannchuidiú go gníomhach leis an méid seo a leanas:

-Coiste na Náisiún Aontaithe um Úsáidí Síochánta an Chianspáis (COPUOS) agus a fhochomhlachtaí agus an Coiste um Ghnóthaí Speisialta Polaitiúla agus um Dhíchoilíniú (an Ceathrú Coiste) de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht spáis; agus

-an Chomhdháil ar Dhíarmáil agus an Coiste um Dhíarmáil agus um Shlándail Idirnáisiúnta (an Chéad Choiste) de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil spáis.

Tacaíonn an tAontas agus na Ballstáit 38 leis an Meitheal Oscailte um bagairtí spáis a laghdú trí noirm, rialacha agus prionsabail iompraíochtaí freagracha 39 , mar chéim phragmatach a chuidíonn le comhthuiscint a fhorbairt ar a bhféadfaí a mheas gur iompraíochtaí freagracha iad.

Is é an príomhdhúshlán atá roimh an Aontas agus a Bhallstáit, agus freisin roimh comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, a chur ina luí ar thromlach mór thíortha na Náisiún Aontaithe go bhfuil cur chuige normatach ábhartha. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit chun cur leis an tacaíocht idirnáisiúnta dá seasamh maidir leis an gcianspás.

Sheol SEGS tionscnamh taidhleoireachta poiblí ‘ón mbun aníos’ chun tacaíocht a fhorbairt do Chianspás atá Sábháilte, Slán agus Inbhuanaithe (3SOS), lena gcuirtear cur chuige inbhuanaithe i leith an spáis chun cinn trí sheachaint imbhuailtí a spreagadh, cruthú smionagar fithiseach fadsaolach a laghdú agus bearta trédhearcachta agus cothaithe muiníne a chur chun cinn. Cuirfidh sé seo le taismí, míthuiscintí agus mímhuinín a laghdú.

5.3.Comhpháirtíocht leis na Stáit Aontaithe maidir le slándáil agus cosaint spáis

Meabhraítear sa Chompás Straitéiseach go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le comhpháirtíocht an Aontais leis na Stáit Aontaithe chun comhar slándála agus cosanta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a dhoimhniú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh. Tá caidreamh pribhléideach ag na Stáit Aontaithe leis an Aontas Eorpach agus le roinnt dá Bhallstáit sa réimse sin.

Ó bhí 2009 ann, thionóil na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach idirphlé maidir leis an tslándáil spáis bunaithe ar dhlúthchomhar lasmuigh de limistéir shibhialtacha. Leis an bplé sin, bhíothas in ann, mar shampla, a gCórais Domhanda um Loingseoireacht Satailíte faoi seach a bhogadh ón iomaíocht a mheastar a bheith ann i dtreo comhlántacht, idir-inoibritheacht agus iomarcaíocht atá ag dul i méid.

Is féidir cur chuige comhchosúil a bheartú le haghaidh feasacht staide an spáis agus réimsí eile, ina bhféadfadh an tAontas bogadh ó spleáchas ar sheirbhísí spáis na Stát Aontaithe go comhpháirtíocht atá bunaithe ar leas frithpháirteach.

5.4.Idirphlé le tríú tíortha maidir le slándáil spáis

Tá cumarsáid thrédhearcach agus oscailte idir gníomhaithe éagsúla sa spás (lena n‑áirítear gníomhaithe sibhialta agus míleata) ríthábhachtach chun coinbhleachtaí a sheachaint agus chun cur le cothú muiníne.

Tá athbhreithniú déanta nó á dhéanamh ag líon méadaitheach tríú tíortha ar a n‑eagraíochtaí cosanta agus ar a ndúnghaoisí chun tábhacht an spáis don tslándáil agus don chosaint a aithint. Tá straitéisí slándála spáis agus cosanta forbartha ag roinnt tríú tíortha, lena n‑áirítear comhghuaillithe, ach iomaitheoirí straitéiseacha freisin, chun cumais intíre agus comhpháirtíochtaí eachtracha a fhorbairt le tíortha atá ar aon intinn leo.

Tá an tAontas ag tabhairt aghaidh níos mó ar shlándáil spáis agus ar chosaint spáis ina phléití polaitiúla le tríú tíortha. Déanfaidh SEGS agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin idirphlé foireann‑go-foireann a chur ar bun idir an tAontas agus údaráis ábhartha tríú tíortha eile, amhail Ceanada agus an Iorua, mar atá ann cheana i gcás na Stát Aontaithe agus na Seapáine.

Is deis é an t‑idirphlé sin maidir le slándáil spáis chun dul i dteagmháil le comhpháirtithe agus le comhghuaillithe, a straitéisí spáis agus slándála a phlé, comhpháirtíochtaí a bhunú chun faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a roinnt maidir le conas athléimneacht an bhonneagair spáis a mhéadú agus noirm agus caighdeáin a bhunú, réimsí a shainaithint le haghaidh comhair fhéideartha agus gníomhaíocht a chomhordú i bhfóraim iltaobhacha.

Is féidir leis an idirphlé maidir leis an spás agus leis an tslándáil a bheith ríthábhachtach freisin chun seasaimh agus cineálacha cur chuige an Aontais a chur chun cinn i bhfóraim iltaobhacha. Féadfaidh siad a bheith ina mbealach taidhleoireachta is féidir leis an Aontas a ghníomhachtú chun teannas a mhaolú nó chun teachtaireachtaí rabhaidh a chur in iúl chun gníomhaíochtaí breise a dhíspreagadh –, go háirithe agus aghaidh á tabhairt ar iompar mífhreagrach i réimse an spáis.

5.5.Comhpháirtíocht le ECAT maidir le slándáil spáis agus cosaint

Leagtar amach sa Chompás Straitéiseach cuspóirí soiléire don chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ECAT - idirphlé polaitiúil agus comhar praiticiúil i ngach réimse idirghníomhaíochta a comhaontaíodh, lena n‑áirítear gnéithe nua oibre amhail an spás.

Sa tríú dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT an 10 Eanáir 2023, dheimhnigh ceannairí institiúideacha an Aontais agus ECAT a dtiomantas a gcomhar maidir leis an spás a leathnú agus a dhoimhniú, bunaithe ar na prionsabail chomhaontaithe atá mar bhonn taca lena gcomhpháirtíocht straitéiseach.

Tá an comhar idir an tAontas agus ECAT fós ag brath ar oscailteacht fhrithpháirteach agus ar thrédhearcacht, ar chómhalartacht agus ar chuimsitheacht, agus uathriail chinnteoireachta agus nósanna imeachta cinnteoireachta an dá eagraíocht á n‑urramú go hiomlán, agus gan dochar do chineál sonrach bheartas slándála agus cosanta aon Bhallstáit.

Tá machnamh á dhéanamh ag an dá eagraíocht ar fhorbairt an spáis ó chumas a thacaíonn le hoibríochtaí míleata agus sibhialta go réimse straitéiseach. Freagairtí an Aontais agus ECAT ar theagmhais agus bagairtí spáis, beidh siad comhlántach agus treiseoidh siad a chéile.

Féachfaidh an dá eagraíocht go comhpháirteach ar réimsí nua comhair i réimse an spáis trí mhalartuithe rialta, lena n‑áirítear cainteanna foireann‑go-foireann, tras‑fhaisnéisithe agus cuirí cómhalartacha chuig imeachtaí. D’fhéadfadh comhpháirt réimse an spáis a bheith san áireamh ar chleachtaí comhthreomhara comhordaithe a eagraíonn foireann an Aontais agus foireann ECAT.

An bealach chun cinn

ØTacóidh an tAontas le hiarrachtaí iltaobhacha chun bagairtí spáis a laghdú trí noirm, rialacha agus prionsabail maidir le hiompraíocht fhreagrach, lena náirítear trí obair na Meithle Oscailte a bhunaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

ØDéanfaidh an tArdionadaí in éineacht leis an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfeachtas taidhleoireachta poiblí 3SOS maidir le Sábháilteacht, Slándáil agus Inbhuanaitheacht sa Chianspás.

ØDéanfaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún an comhar leis na Stáit Aontaithe maidir le slándáil spáis a dhoimhniú.

ØForbróidh an tArdionadaí agus an Coimisiún idirphlé maidir leis an tslándáil spáis le comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn leo, i gcás inarb ábhartha. I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, breithneoidh siad idirphlé le tíortha nach bhfuil ar aon intinn leo.

ØForbróidh an tArdionadaí agus an Coimisiún comhar le ECAT maidir le slándáil spáis.

6.CONCLÚID

Rannchuidíonn córais agus seirbhísí spáis san Aontas le huathriail straitéiseach an Aontais agus na mBallstát. Is príomhshócmhainní iad a chuideoidh le hiomaíochas, rathúnas agus slándáil an Aontais amach anseo a mhúnlú do na glúine atá le teacht.

Leis an Straitéis Spáis um shlándáil agus cosaint, léirítear tiomantas an Aontais a leasanna slándála a chosaint agus, ag an am céanna, rás arm sa chianspás a chosc, agus dlús a chur leis na sineirgí idir an spás, an tslándáil agus an chosaint.

Tá an tAontas tiomanta d’athléimneacht na slabhraí luacha atá mar bhonn taca don éiceachóras spáis a neartú agus do thacú le nuálaíocht agus iomaíochas thionscal spáis an Aontais. Tuairisceoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí don Chomhairle ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta agus maidir le gníomhaíochtaí féideartha breise.

(1)

  Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - D’Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta

(2)

COM(2020) 605 final

(3)

D’fhéadfaí a áireamh leis sin ASATanna (diúracáin frithshatailíte) amhail diúracáin a seoladh go díreach ón talamh (ASAT ardaithe dírigh), nó spásárthaí a chuirtear i ngníomh cheana féin i bhfithis (ASAT comhfhithise), lena n-áirítear airm róbatacha nó réada diúracán.

(4)

Mar shampla, cogaíocht leictreonach, léasair agus fuinneamh eile dírithe ar shatailítí dallraithe, damáiste a dhéanamh dá gcórais leictreonacha ar bord a gcomharthaí a stopadh nó a cor bealaigh a chur orthu nó cur isteach ar a líonraí cumarsáide.

(5)

Treoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

(6)

Treoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148.

(7)

Cf aithris 5 de Threoir (CE) 2022/2557: “... Tagann earnáil an spáis faoi raon feidhme na Treorach seo i ndáil le seirbhísí áirithe a sholáthar a bhraitheann ar bhonneagar ar talamh ar le Ballstáit nó le páirtithe príobháideacha nó a bhainistíonn agus a oibríonn Ballstáit nó páirtithe príobháideacha iad; dá bharr sin, bonneagar ar leis an Aontas é nó a bhainistíonn agus a oibríonn an tAontas nó a bhainistítear nó a oibrítear ar a shon mar chuid dá chlár spáis, ní thagann sé faoi raon feidhme na Treorach seo.”

(8)

JOIN(2022) 4 final

(9)

Is é a thuigfear as fíor-riachtanach go bhfuil sé ríthábhachtach d’fheidhmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, na slándála agus na sábháilteachta sna Ballstáit.

(10)

https://www.enisa.europa.eu/

(11)

Cáilíonn Spás Nua an tionscal spáis príobháideach atá ag teacht chun cinn, tionscal atá á spreagadh ag sraith treochtaí teicneolaíochta agus nuálaíochtaí sa tsamhail ghnó agus as a dtagann laghdú ar chostais na gcóras spáis, saolré níos giorra maidir le seachadadh agus dul i bhfiontar níos minice.

(12)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020, COM(2022) 454 final

(13)

Áirítear leis sin faoi láthair rialachán tarmligthe na Treorach maidir le Trealamh Raidió, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus lena bhforchuirtear oibleagáidí ar mhonaróirí gléasanna gan sreang feabhas a chur ar a leibhéal cibearshlándála, príobháideachais agus cosanta ar chalaois.

(14)

Áirítear leis sin rochtain ar amhábhair, ábhair phróiseáilte agus ábhair ardfhorbartha

(15)

Lena n-áirítear a chláir réamhtheachtaithe, an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) agus an Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta (PADR)

(16)

Tascfhórsa Comhpháirteach an Choimisiúin-GES-GEC maidir le teicneolaíochtaí criticiúla spáis le haghaidh neamhspleáchas na hEorpa arna chruthú in 2008.

(17)

COM(2021)70 final

(18)

  An Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (europa.eu)

(19)

  An Gníomh Eorpach um Shliseanna (europa.eu)

(20)

Rialachán (AE) 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh

(21)

Airteagal 15 den Rialachán

(22)

  Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach .

(23)

Lena n-áirítear oibríochtaí ainlithe agus pálasta

(24)

Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES

(25)

Trí Chinneadh d’aontoil ón gComhairle ar thogra ón Ardionadaí.

(26)

Féadfaidh an Coimisiún bearta eacnamaíocha comhlántacha a thagann faoina inniúlacht a mholadh, mar atá ceanglais maidir le rialú onnmhairí.

(27)

I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis.

(28)

Rannchuidigh GEC leis an sainmhíniú ar riachtanais úsáideoirí míleata le haghaidh comhpháirteanna GOVSATCOM agus Feasachta Staide Spáis (SSA) de Chlár Spáis an Aontais.

(29)

Déanfaidh sé gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha (T&F) an Chiste Eorpaigh Cosanta a ghiaráil, lena n-áirítear ardteicneolaíochtaí pálasta agus teicnící próiseála sonraí, agus déanfar é a chomhlánú amach anseo trí shatailítí beaga atá an-fhrithghníomhach le haghaidh Faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht spásbhunaithe. Breithneofar sineirgí le Tionscadail PESCO, amhail an Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI).

(30)

Córas leathanbhanda ar talamh arb é is aidhm leis córais chumarsáide na chéad ghlúine eile de chuid na mBallstát a nascadh le haghaidh eagraíochtaí slándála sibhialta agus sábháilteachta, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú ar fud an Aontais agus tíortha Schengen.Bunaithe ar thionscadail Leathanbhanda agus Leathanbhanda Fís 2020, chomh maith le tionscadal Ullmhúcháin an Chiste Slándála Inmheánaí

(31)

EDF-2021-SPACE-D-EPW

(32)

EDIDP –DA- ESSOR 

(33)

Is é CASSINI tionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh chun tacú le fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna i dtionscal an spáis. https://defence-industry-space.ec.europa.eu/eu-space-policy/space-entrepreneurship-initiative-cassini_en

(34)

Teachtaireacht ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025]. COM/2020/152 final

(35)

https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=23220&langId=en

(36)

Mar shampla Cód Iompair na Háige in aghaidh leathadh diúracán balaistíoch.

(37)

‘Destructive direct‑ascent anti-satellite missile testing’ (document A/C.1/77/L.62).

(38)

Tá roinnt rannchuidithe comhpháirteacha déanta ag an Aontas, agus tá páipéir oibre náisiúnta nó trasréigiúnacha curtha isteach ag roinnt Ballstát.

(39)

Arna ghlacadh ag Rún 76/231 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

Top