EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0054

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an scóip do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 ar aghaidh.

COM/2017/054 final - 2017/017 (COD)

An Bhruiséil,3.2.2017

COM(2017) 54 final

2017/0017(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an scóip do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 ar aghaidh.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 30 final}
{SWD(2017) 31 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na nastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí eitlíochta. Faoi 2050, ceal bearta breise, meastar go dtiocfaidh méadú beagnach faoi cheathair i gcomparáid le 2010 ar líon na nastaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) ón eitlíocht idirnáisiúnta. Is léir ó roinnt staidéar nach leor bearta teicniúla agus oibríochta ina naonar, bearta ar nós na gcaighdeán CO2 le haghaidh aerárthaí nó úsáid bithbhreoslaí inbhuanaithe san áireamh, chun srian a chur ar líon na nastaíochtaí eitlíochta; dá bhrí sin, is gá bearta atá bunaithe ar an margadh a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar a bhfás. Le fás láidir na nastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na heitlíochta, bheadh baol ann go mbainfí an bonn d'iarrachtaí AE agus de na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar an leibhéal domhanda dul i ngleic leis an athrú aeráide.

In 2008, ba é an tAontas Eorpach a bhí chun tosaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht trí eitiltí idir aeradróim laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ("eitiltí laistigh de LEE" ina dhiaidh seo) a chur san áireamh, chomh maith le heitiltí idir aeradróim sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus aeradróim i dtríú tíortha ("eitiltí lasmuigh de LEE") i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE). Ba ríthábhachtach é sin chun comhaontú a fháil san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le próiseas i dtreo beart atá bunaithe ar an margadh domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an eitlíocht idirnáisiúnta, próiseas ar cuireadh tús leis in 2013. Chomh maith leis sin, cheadaigh sé don eitlíocht cur le cuspóir an Aontais Eorpaigh maidir le hastaíochtaí a laghdú faoi 20% faoi 2020 i gcomparáid le leibhéil 1990. Ar feitheamh ar chomhaontú in ICAO, agus chun forbairt beart domhanda chun astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta a rialú a chur chun cinn in ICAO, laghdaigh AE raon feidhme CTA AE go sealadach go heitiltí laistigh de LEE go dtí 2016, agus iad ag fanacht ar thoradh ICAO chun go ndéanfaí athbhreithniú ar an raon feidhme maidir le heitiltí lasmuigh de LEE. Ceal leasuithe ar bith ar an Treoir maidir le CTA AE, fillfidh CTA AE go huathoibríoch ar raon iomlán a fheidhme ó 2017 amach.

I mí Dheireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar chreat beartais 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh. Cuid lárnach de chreat 2030 is ea an sprioc cheangailteach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána AE a laghdú faoi 40% ar bhonn intíre faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Chun an sprioc seo a bhaint amach ar bhealach a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de, caithfidh na hearnálacha a chumhdaítear i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE) a gcuid astaíochtaí a laghdú faoi 43% i gcomparáid le 2005, agus caithfidh earnálacha nach bhfuil baint acu leis an CTS a gcuid astaíochtaí a laghdú faoi 30% i gcomparáid le 2005. Leis sin, ceadaíodh do AE a rannchuidiú a chur isteach faoi Chomhaontú Pháras, rud a bhí incháilithe mar ghealltanas uile-gheilleagair, lena náirítear astaíochtaí eitlíochta. Tá an tAontas Eorpach tiomanta do pháirt chuí a ghlacadh i dtreo sprioc na haeráide faoi Chomhaontú Pháras chun téamh domhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 chéim Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a shaothrú chun teorainn a choinneáil ar mhéadú teochta chuig 1.5 chéim Celsius, chomh maith leis an gcuspóir uaillmhianach arna leagan síos ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta nach ceart go sáródh glanastaíochtaí domhanda CO2 ón eitlíocht dhomhanda leibhéil 2020 ('fás atá neodrach ó thaobh carbóin de' nó CNG 2020).

I mí Dheireadh Fómhair 2016, chomhaontaigh ICAO ag an 39ú Tionól dá chuid ar Rún maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda chun aghaidh a thabhairt ar bhonn domhanda ar an bhfás ó thaobh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2021 amach trí chóras fritháirimh, a mbeidh sé mar aidhm aige an cuspóir uaillmhianach astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta a chumasú ag leibhéil 2020. Le linn an chéad chéim den bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda (2021-2026), is rannpháirtíocht dheonach go sainráite atá i gceist maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda. Ba chóir do na tíortha móra eitlíochta ar fad an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur i bhfeidhm ó thús an dara céim in 2027. Léirigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a rún maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme le linn a chéime deonaí. Cé go bhfuil comhaontú ann maidir leis an gcuspóir uaillmhianach agus le bunchineál an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda mar chóras fritháirimh, caithfear fós roinnt mhaith gnéithe tábhachtacha den bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda atá ríthábhachtach maidir lena éifeachtúlacht agus a shláine comhshaoil ó thaobh na haeráide de, a fhorbairt agus a chomhaontú in ICAO sular féidir an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme in 2020. Bheadh baol ann go gcuirfí moill ar oibríochtú an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda má bhaineann moill ar bith leis na heilimintí seo a chomhaontú. Seans go gcuirfí moill ar Stáit freisin é a chur chun feidhme i reachtaíocht intíre, rud atá ríthábhachtach ós rud é go mbraitheann oibríochtú nithiúil an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda ar an gcineál seo gníomhaíochta ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn réigiúnach.

Ceanglaítear leis an reachtaíocht atá ann cheana go ndéanann an Coimisiún measúnú ar thoradh an 39ú Tionól de chuid ICAO, agus, i bhfianaise an mhéid sin, athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme CTA AE maidir le heitiltí isteach agus amach as LEE. Ceal leasuithe ar bith ar an reachtaíocht atá ann cheana féin, is é raon feidhme bunaidh CTA AE a bheadh infheidhme arís. I bhfianaise chomhaontú ICAO ar an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda, agus i bhfianaise thacaíocht AE dá chur i gcrích agus dá oibríochtú tráthúil, agus chur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda atá beartaithe ag AE ó 2021 amach, meastar gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht CTA AE.

Chun móiminteam sa bhreis a sholáthar do phléití idirnáisiúnta ar na rialacha atá fós fágtha agus ar an rialú is gá chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, tá sé beartaithe leanúint ar aghaidh le raon feidhme laghdaithe i gcás CTA AE (i.e. i gcás eitiltí idir aeradróim laistigh de LEE, mar a leagtar amach i Rialachán Uimh. 421/2014) i ndiaidh 2016. A luaithe a bheidh níos mó soiléireachta ann maidir le cineál agus ábhar na nionstraimí dlí arna nglacadh ag ICAO chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme chomh maith le rúin ár bpáirtithe idirnáisiúnta maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, déanfar measúnú agus athbhreithniú breise ar CTA AE don tréimhse i ndiaidh 2020. Leis seo, tabharfar aird chuí ar an gcomhsheasmhacht is gá leis an ngealltanas uile-gheilleagair ar ghlac AE leis faoi Chomhaontú Pháras, agus an cuspóir a comhaontaíodh i dtaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 40 % ar bhonn intíre faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le comhlíonadh CTA in 2017, tá sé tábhachtach go ndéanfaí an togra seo a chomhaontú go tapa idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, roimh dheireadh 2017, más féidir sin ar chor ar bith.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Sa togra seo, go ginearálta, leantar ar aghaidh le cur chuige na bhforálacha beartais atá ann cheana féin le haghaidh na nearnálacha a bhfuil baint acu leis an CTS a leagadh síos sa Treoir maidir le CTA AE agus aird chuí á tabhairt ar fhorbairtí nua agus breise in ICAO, go háirithe ar an gcomhaontú ar thángthas air maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda. D'iarr an Chomhairle Eorpach go sainráite go leanfaí ar aghaidh leis an struchtúr beartais atá i CTA AE faoi láthair agus thug sí treoir maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha don tréimhse 2021 go 2030. Ag teacht leis an treoir a fuarthas, mhol an Coimisiún Eorpach togra reachtach i mí Iúil 2015 chun athbhreithniú a dhéanamh ar CTA AE maidir le suiteálacha do-aistrithe don tréimhse i ndiaidh 2020. Níor thug an togra sin aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an eitlíocht i CTA AE a chumhdach, ós rud é go meastar gur míchuí é sin a dhéanamh roimh an 39ú Tionól de chuid ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2016. Anois, i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, agus an togra seo ag tabhairt aghaidh ar astaíochtaí eitlíochta, leantar ar aghaidh leis an gcur chuige i dtaobh astaíochtaí ó eitiltí laistigh den Eoraip faoi CTA AE. Tá an togra seo ina chomhlánú ar athbhreithniú leathan CTA a mhol an Coimisiún i mí Iúil 2015 agus tá sé i bpróiseas na comhchinnteoireachta faoi láthair.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Déantar foráil leis an togra seo do chuid de chreat beartais 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh a chur chun feidhme mar ghné lárnach i gcomhthéacs Aontas Fuinnimh athléimneach a thógáil a mbeidh beartas aeráide forásach aige. Tá tograí comhlántacha reachtacha déanta cheana féin chun cabhrú le baint amach na spriocanna difriúla arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach. Ba chóir go mbeadh na tograí seo ina gcabhair chun spriocanna aeráide CTA, agus spriocanna aeráide nach spriocanna CTA iad, a bhaint amach. Chomh maith leis sin, tugann straitéis eitlíochta an Choimisiúin agus an Straitéis maidir le soghluaiseacht astaíochta ísle aghaidh ar ghníomhaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar a laghdú a thuilleadh, mar chuid d'iarrachtaí leathan ar dhícharbónú arna nglacadh agus arna ndéanamh ag AE, lena náirítear fís 2030 freisin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar le hAirteagail 191 go 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inniúlachtaí AE i réimse an athraithe aeráide a dheimhniú agus a shonrú. Is é Airteagal 192 CFAE bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is ionstraim reatha beartais de chuid AE í an Treoir maidir le CTA AE a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2020. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní féidir cuspóirí an togra, lena leasófaí an ionstraim seo, a bhaint amach ach trí thogra ón gCoimisiún ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Is éifeachtaí feidhmiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal domhanda más féidir ná feidhmiú ar leibhéal an Bhallstáit de bharr thionchar trasteorann an athraithe aeráide agus chineál na heitlíochta atá trasnáisiúnta don chuid is mó. Is gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh spriocanna aeráide intíre agus idirnáisiúnta de chuid AE ar an mbonn is éifeachtaí, agus a chinnteoidh cur chun feidhme comhchuibhithe an bhirt atá bunaithe ar mhargadh domhanda in AE. Ar an dóigh sin, is féidir cosaint a thabhairt do rannchuidiú leordhóthanach earnáil na heitlíochta maidir le tionchar an athraithe aeráide a laghdú, agus ag an am céanna, iomaíochas earnáil eitlíochta AE a chaomhnú agus an chothroime iomaíochta i margadh intíre AE a choinneáil freisin.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaineann le spriocanna an Aontais Eorpaigh maidir le gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh 2020 agus 2030 a bhaint amach, ar bhealach a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de. Ag an am céanna, déantar dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus rialacha a thabhairt i gcrích chun cur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a éascú.

An rogha ionstraime

I lorg Rialachán (AE) Uimh. 421/2014, a glacadh i ndiaidh an Tionóil de chuid ICAO in 2013, atá an togra le haghaidh Rialacháin seo. Fearacht Rialachán (AE) Uimh. 421/2014, tá sé tábhachtach go ndéanfaí an togra seo a chomhaontú go tapa idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, chun go mbeidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh na chéad oibleagáidí comhlíonta eile faoi CTA AE dlite i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2018. Ceal athbhreithnithe, fillfidh CTA AE ar a raon feidhme bunaidh. Dá dheasca sin, ba chóir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an togra seo a ghlacadh agus ba chóir é a thabhairt i bhfeidhm tráth nach déanaí ná tús na bliana 2018, le go soláthrófar deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil d'oibreoirí aerárthaí a mbeadh orthu, thairis sin, a lamháltais le haghaidh astaíochtaí iomlána chuig tríú tíortha, agus uathu chomh maith, a thabhairt suas faoi 30 Aibreán 2018, amhail dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE.

I bhfianaise an ama theoranta atá ar fáil, meastar gur le Rialachán is fearr is féidir an togra seo a shaothrú. Bíonn rialacháin infheidhme go díreach i ngach Ballstát, agus ceangailteach go huile agus go hiomlán, agus mar sin, is leo is fearr a chuirfí chun feidhme na leasuithe, go tráthúil agus go haonfhoirmeach, sula dtiocfaidh na spriocamanna comhlíonta don bhliain 2017 i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2018.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar CTA AE le haghaidh 2021-2030, ba chuid den obair mheasúnaithe tionchair meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le CTA a bhí ann cheana féin, agus cuireadh an measúnú sin san áireamh sa mheasúnú ar na roghanna beartais. Ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta a bhain go sonrach le CTA AE maidir leis an eitlíocht toisc nár cuireadh i bhfeidhm riamh CTA AE maidir leis an eitlíocht ina raon feidhme iomlán mar a dearadh i dtosach é. Cuireadh leasuithe ar raon feidhme CTA AE maidir leis an eitlíocht ar bhonn na measúnuithe fairsinge chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní agus chun aon chur i gcoinne a tarraingíodh anuas maidir leis an mbeart mar a dearadh i dtosach é a chur san áireamh, agus cóir chomhionann á coinneáil maidir le gach oibreoir ar na bealaí céanna. Le Measúnú Tionchair 2013 1 atá ag gabháil leis an togra le haghaidh Rialacháin (AE) Uimh. 421/2014, chomh maith leis an Measúnú Tionchair atá ag gabháil leis an togra seo, na Tuarascálacha Margadh Carbóin arna nullmhú ag an gCoimisiún, agus Pleananna Gníomhaíochta ICAO de chuid AE arna gcur faoi bhráid ICAO ag an gCoimisiún, tá meastóireacht agus measúnú éifeachtach á ndéanamh ar éifeachtúlacht agus ar fheidhmiú na Treorach maidir le CTA AE ó thaobh na heitlíochta de, agus meastar gur leordhóthanach é sin go léir maidir le tuarascáil mheastóireachta agus seiceáil oiriúnachta siarghabhálach ar an Treoir maidir le CTA AE um eitlíocht.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar athbhreithniú ar CTA AE i ndiaidh an Tionóil de chuid ICAO in 2013, reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar líne ar feadh 12 sheachtain idir 7 Márta agus 30 Bealtaine 2016. Tríd is tríd, chomhaontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara gur cheart spriocanna uaillmhianacha a chomhaontú maidir le laghduithe ar astaíochtaí san eitlíocht idirnáisiúnta agus gur uirlisí oiriúnacha iad na bearta atá bunaithe ar an margadh chun astaíochta ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú. Ní rabhthas ar aon fhocal, áfach, maidir le leibhéal inmhianaithe na huaillmhéine agus na sásraí sonracha chun astaíochtaí a laghdú. Cé go gceapann páirtithe leasmhara áirithe gur cheart do CTA AE leanúint ar aghaidh i ndiaidh 2017 faoin raon feidhme atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh de LEE, tá cuid eile díobh a mheasann gur cheart dó filleadh ar a raon iomlán feidhme (eitiltí chuig tríú tíortha agus astu san áireamh). Maidir leis an tréimhse ó 2020 amach, shonraigh go leor freagróirí gur cheart go mbraithfeadh roghanna do CTA AE ar leibhéal uaillmhéine, ar chineál, ar scóip agus ar shláine comhshaoil/éifeachtúlacht an chomhaontaithe ar thángthas air ag an Tionól de chuid ICAO in 2016. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag gabháil do theagmhálacha déthaobhacha agus iltaobhacha le páirtithe leasmhara agus le tríú tíortha.

Bailiú agus úsáid saineolais

Maidir le réamh-mheastacháin astaíochtaí foriomlána domhanda gás ceaptha teasa, d'úsáid an measúnú tionchair an Tuarascáil ar an mBearna Astaíochtaí 2015 de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus an cúigiú Tuarascáil Mheasúnachta de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide. Maidir le réamh-mheastacháin astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa AE, úsáideadh tuarascálacha ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil mar bhonn. Bunaíodh an staidéar ar shonraí ábhartha ó Thuarascálacha Comhshaoil ICAO, go háirithe maidir le hastaíochtaí agus réamh-mheastacháin astaíochtaí don eitlíocht idirnáisiúnta, chomh maith leis an bpoitéinseal astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú trí bhearta teicniúla agus oibríochta a chur i bhfeidhm. Úsáideadh sonraí fáis réamh-mheasta i dtaobh earnáil na heitlíochta mar a leagadh amach iad i dTuarascáil Chomhshaoil ICAO sa bhunsamhaltú agus sa bhunanailís eacnaiméadrach.

Measúnú tionchair

Déantar anailís sa Mheasúnú Tionchair ar roghanna éagsúla don tréimhse roimh 2020 agus don tréimhse ó 2021 amach. I dtaca leis an tréimhse roimh 2020, déantar an rogha maidir le leanúint leis an raon feidhme atá i bhfeidhm laistigh de LEE agus an rogha eile lena gcuimsítear eitiltí amach as LEE, déantar an dá rogha sin a mheasúnú agus a chomparáid i leith na bunlíne (raon iomlán). I dtaca leis an tréimhse tar éis 2020, meastar i dtaca le gach rogha go gcuimseofar leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda eitiltí chuig tríú tíortha agus eitiltí astu freisin. Tá rogha amháin ann lena meastar go ndéanfaidh an beart atá bunaithe ar mhargadh domhanda astaíochtaí laistigh de LEE a fhritháireamh, agus rogha eile lena gcoinneofar na hoibleagáidí CTA AE i leith eitiltí laistigh de LEE. Maidir leis na roghanna idirmheánacha, meastar athruithe ar CTA AE i leith eitiltí laistigh de LEE chun roinnt ailínithe a lorg leis an mbeart atá bunaithe ar mhargadh domhanda (agus CTA AE a bheith ag feidhmiú de réir cur chuige fritháirimh) nó chun an dá chóras a chumasc (agus astaíochtaí nach gcuimsítear faoin mbeart atá bunaithe ar mhargadh domhanda a chuimsiú faoi CTA AE).

Léirigh an Measúnú Tionchair gur fearr a d’oirfeadh sé scóip CTA AE a choinneáil mar atá sé faoi láthair laistigh de LEE chun aghaidh a thabhairt ar an tréimhse 2017-2020 agus chun an rannchuidiú lena mbeifí ag súil ón eitlíocht a thabhairt suas chuig leibhéal chuspóir aeráide 2020. Bheadh tríú tíortha sásta leis sin freisin agus thabharfadh sé móiminteam do ICAO críoch a chur leis na rialacha nach bhfuil i bhfeidhm fós ach atá riachtanach do chur i bhfeidhm an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda; agus bheadh sin indéanta, ar chostas riaracháin fíoríseal, toisc an córas a bheith i bhfeidhm agus á chomhlíonadh ar ardchaighdeán ag cách. Dhéanfaí uasmhéadú ar ghníomhaíocht dhomhanda maolaithe ar astaíochtaí na hearnála trí bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme go hiarbhír ó 2021, faoi mar atáthar a thuar.

Tá anailís déanta ag an measúnú tionchair freisin ar roghanna difriúla don chás mar a bheidh sé i ndiaidh 2020, agus léiriú déanta ann maidir le cén rannchuidiú a dhéanfaidís i dtreo spriocanna aeráide 2030 de chuid AE, nó cibé acu a dhéanfaidís rannchuidiú ar chor ar bith. Ach i bhfianaise na neamhchinnteachta atá fós ann maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme go nithiúil, meastar nach mithid fós cinneadh a dhéanamh maidir le córas na tréimhse i ndiaidh 2020, ach moltar go mbeifí ullamh le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcás in am trátha agus roimh an dáta a mheasfar a chuirfear tús leis an mbeart.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Chun ualach na gcúraimí riaracháin a laghdú do na hoibreoirí aerárthaí is lú, is ceart feidhm a bheith ag an díolúine, go ceann deich mbliana eile, i dtaca le hoibreoirí aerárthaí neamhthráchtála a astaíonn níos lú ná 1000 tona CO2 sa bhliain.

Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cuireann sé leis an gcuspóir sin arb é atá ann ardleibhéal cosanta comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le prionsabail na forbartha inbhuanaithe a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleacht ar bith ag an togra ar bhuiséad an Chomhphobail.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Mar fhreagairt ar an dul chun cinn atá bainte amach ag an 39ú Tionól de chuid ICAO agus chun tuilleadh móiminteam ó thaobh cur chun feidhme rathúil birt atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun cinn ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2021 amach, moltar leasuithe a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí eitlíochta arna gcumhdach le CTA AE. Moltar go leathnófaí an cur chuige atá ann faoi láthair maidir le cur chun feidhme CTA AE mar a leagtar amach i Rialachán Uimh. 421/2014 é i ndiaidh 2016, go dtí go mbeidh soiléireacht leordhóthanach ann maidir le cineál agus ábhar na nionstraimí dlí arna nglacadh ag ICAO ar mhaithe le cur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda chun an Coimisiún Eorpach a cheadú chun tuilleadh measúnaithe agus athbhreithniú a dhéanamh don tréimhse i ndiaidh 2020. I gcomhréir leis an gcur chuige sin, níor chóir aon difríocht a bheith idir leithdháileadh na bliana 2017 chuig oibreoirí aerárthaí agus leithdháileadh na bliana 2016. Tá dréim leis gurb iad na socruithe seo a bheidh i bhfeidhm maidir le leithdháileadh na bliana 2017 freisin. Mar sin, a mhéid is féidir, ba chóir go mbeadh cur chun feidhme CTA AE sa bhliain sin, go dtí go gcuirfear an leasú chun feidhme, i gcomhréir le agus ag teacht le toradh deiridh an phróisis chomhaontaithe.

Is é is aidhm don togra seo an tionchar comhshaoil fíordhearfach atá ag CTA AE faoi láthair a leanúint: is cúis an tionchar sin le laghdú de thart ar 17 milliún tona astaíochtaí CO2 in aghaidh na bliana. Fágann sin go gcuidíonn an eitlíocht laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, fearacht gach earnáil eacnamaíoch eile, leis na hiarrachtaí maidir le hastaíochtaí intíre a laghdú. Mar aon lena chinntiú go leanfaidh AE de laghduithe móra in astaíochtaí ón eitlíocht a bhaint amach trí CTA AE, i gcomhréir le cuspóirí AE i leith athrú aeráide, coinníonn an togra seo spreagadh chun oibre ICAO ar siúl maidir le hoibríochtú an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda, chun toradh an mhaolaithe dhomhanda a uasmhéadú. Is léiriú dearfach é an clásal athbhreithnithe ar rún AE an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme.

Airteagal 1 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE

Leis an togra seo, leasaítear Airteagal 28a den Treoir, cuirtear dhá airteagal eile (28b agus 28c) léi, agus modhnaítear Iarscríbhinn I a ghabhann léi.

Airteagal 28a

Cuirtear leasuithe i bhfeidhm ar Airteagal 28a den Treoir maidir le CTA AE i gcás na maoluithe is infheidhme sula gcuirfear i bhfeidhm comhaontú idirnáisiúnta a chuireann beart aonair atá bunaithe ar an margadh domhanda chun feidhme. De réir an chur chuige chéanna sin a úsáidtear faoi Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 don tréimhse 2013-2016, baineann maolú, ó 2016 amach, le feidhmiú na Treorach maidir le CTA AE i gcás eitiltí chuig na réigiúin agus na tríú tíortha is forimeallaí, agus astu chomh maith, ach go gcumhdaítear go hiomlán eitiltí idir aeradróim i LEE. Ós rud é go bhfanann an scóip mar a bhí sé in 2016, fanfaidh an méid leithdháilte in aisce a fuair oibreoirí aerárthaí ar leibhéal 2016 agus mar sin, i gcomhréir leis an ngníomhaíocht laistigh de LEE, is infheidhme an fachtóir líneach laghdaithe a bhaineann le gach earnáil faoin Treoir maidir le CTA AE, ach ní bhainfidh sé ach leis an tréimhse ó 2021 amach. Ba chóir go gcaithfí go cothrom le leithdháileadh ar bith ón gcúlchiste speisialta, agus mar sin, ní mór a eisiúint a choigeartú go dtí an raon feidhme a bhfuil feidhm aige laistigh de LEE. Ba chóir freisin go gcuirfí ar ceant suimeanna atá ar cóiméid le suimeanna 2016. Bainfidh an córas le heitiltí idir tíortha lena ndearnadh comhaontú déthaobhach maidir le córais chaidhpeála agus trádála a nascadh, agus faoi théarmaí an chomhaontaithe sin amháin.

Airteagal 28b

Tugtar isteach airteagal 28b nua sa Treoir maidir le CTA ar mhaithe le hullmhúchán a dhéanamh le haghaidh beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 amach. De bhun an airteagail sin, ní mór don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le forbairtí idirnáisiúnta a bhaineann le cur i bhfeidhm an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda chomh maith leis na gníomhaíochtaí arna dtógáil ag tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar bhealaí éagsúla chun ionstraimí ábhartha de chuid ICAO a chur chun feidhme i ndlí an Aontais Eorpaigh trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le CTA AE. Féadfar tograí reachtacha a chur leis seo, de réir mar is gá.

Airteagal 28c

Chomh maith leis sin, chun ullmhú le haghaidh chur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú iomchuí a dhéanamh ar astaíochtaí a bhaineann le hoibreoirí aerárthaí chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda atá á leagan amach ag ICAO a chur chun feidhme.

Iarscríbhinn I

Leasaítear Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/AE tríd an díolúine maidir le hoibreoirí aerárthaí neamhthráchtála a astaíonn níos lú ná 1000 tona CO2 in aghaidh na bliana a shíneadh ó 2020 go 2030. Is doshéanta gur beart éifeachtach é seo toisc an obair riaracháin atá riachtanach chun CTA AE a chur chun feidhme á laghdú go mór agus laghduithe móra in astaíochtaí á mbaint amach i gcónaí trí CTA AE. Mar thoradh ar an díolúine, tháinig laghdú thart ar 2200 ar líon na noibreoirí aerárthaí a bhíonn á rialú ag Ballstáit: ní raibh ansin ach 0.2% de líon iomlán na nastaíochtaí.

2017/0017 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an scóip do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 ar aghaidh.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Ag 21ú Comhdháil Páirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) a bhí ar siúl i bPáras ó 30 Samhain go 12 Nollaig 2015, glacadh comhaontú idirnáisiúnta chun an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú. Leagtar amach i gComhaontú Pháras, inter alia, sprioc fhadtéarmach atá i gcomhréir leis an gcuspóir chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, chomh maith le hiarrachtaí a shaothrú chun é a choimeád ag 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Rinneadh Comhaontú Pháras a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4ú Samhain 2016. Chun cuspóir an Chomhaontaithe sin a bhaint amach, déanfaidh na páirtithe rannchuidithe beartaithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta a ullmhú, a tharchur agus a choinneáil ar bun.

(2)Is iad cuspóirí comhshaoil an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 191 den Chonradh, cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; sláinte an duine a chosaint; agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn domhanda, agus go háirithe, an tathrú aeráide a chomhrac.

(3)Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, leagadh síos sprioc cheangailteach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána an gheilleagair iomláin a laghdú faoi 40%, ar a laghad, faoi bhun leibhéil 1990, faoin mbliain 2030. Ag cruinniú na Comhairle an 6 Márta 2015, tugadh formheas foirmiúil don rannchuidiú sin an Aontais gona Bhallstáit ina cháil mar rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta faoi chuimsiú Chomhaontú Pháras. Foráladh i gconclúidí na Comhairle Eorpaí i nDeireadh Fómhair 2014 gur cheart an tAontas an sprioc a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30% in earnálacha an Chórais Trádála Astaíochtaí agus in earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach.

(4)Tá an tAontas agus a Bhallstáit tar éis iarraidh an comhaontú náisiúnta maidir le tionchair an gháis cheaptha teasa ón eitlíocht a laghdú a chur chun cinn ó bhí 1997 ann, agus tá reachtaíocht i bhfeidhm acu ó 2008 amach chun tionchair an athraithe aeráide ó ghníomhaíochtaí eitlíochta a theorannú trí Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE), córas atá i bhfeidhm ó bhí 2005 ann. Chun dul chun cinn a chur ar aghaidh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), tá an tAontas tar éis maoluithe faoi cheangal ama a ghlacadh faoi dhó maidir le CTA AE chun oibleagáidí comhlíonta maidir le hastaíochtaí ó eitiltí idir aeradróim sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a theorannú, agus cóir chomhionann a thabhairt d'oibreoirí aerárthaí cibé áit a bhfuil siad lonnaithe. Leis an maolú is déanaí maidir le CTA AE, Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuireadh teorainn le hoibleagáidí comhlíonta i dtaobh eitiltí laistigh de LEE idir 2013 agus 2016, agus beartaíodh athruithe ionchasacha do raon feidhme an chórais ó thaobh gníomhaíochta chuig aeradróim taobh amuigh de LEE, agus ó na haeradróim sin chomh maith céanna, ó 1 Eanáir 2017 ar aghaidh i ndiaidh an athbhreithnithe a leagadh amach sa Rialachán sin.

(5)I bhfianaise an rúin a glacadh ag an 39ú Tionól de chuid ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2016 maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur i bhfeidhm ó 2021 amach chun astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta os cionn leibhéil 2020 a fhritháireamh, meastar gur cuí leanúint ar aghaidh leis an maolú atá ann faoi láthair chun dul chun cinn a spreagadh ar an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda. Chuige sin, tá sé beartaithe go nglacfaidh ICAO le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta in 2018 lena gcomhlánaítear an Rún agus lena gcuirfear chun feidhme an córas domhanda. Ach maidir lena oibríochtú nithiúil áfach, beidh gá le gníomhaíocht ó pháirtithe ICAO ar bhonn intíre. Chomh maith leis sin, caithfidh ICAO socruithe rialaithe a fhorbairt, córas clárlainne san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba chóir go leathnófaí an maolú atá ann faoi láthair maidir le hoibleagáidí CTA AE i leith eitiltí chuig tríú tíortha, agus maidir le heitiltí astu chomh maith, faoi réir ag an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na scéime ICAO, agus chun móiminteam a chur chun cinn in ICAO agus oibríochtú na scéime ICAO a éascú. Ó cuireadh síneadh leis an maolú, ba chóir gurb ionann líon na lamháltas atá le cur ar ceant agus le heisiúint in aisce, lamháltais ón gcúlchiste speisialta san áireamh, agus líon na bliana 2016, agus ba chóir sin a bheith i gcomhréir le laghdú na hoibleagáide chun tabhairt suas.

(6)Ós rud é go gcaithfear príomhghnéithe an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a fhorbairt fós agus go mbraitheann a chur chun feidhme ar reachtaíocht intíre na Stát agus na réigiún, meastar gur cuí athbhreithniú a dhéanamh a luaithe a bheidh soiléiriú ann maidir le cineál agus inneachar na nionstraimí dlíthiúla sin roimh thús a chur leis an mbeart de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda, agus tuarascáil a chur ansin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart go ndéanfaí breithniú sa tuarascáil sin ar chaighdeáin ar bith nó ar ionstraimí eile a glacadh faoi ICAO, ar na gníomhaíochtaí arna dtógáil ag tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a bhaineann le hastaíochtaí ó 2021 amach a chur chun feidhme, agus forbairtí iomchuí idirnáisiúnta eile (e.g. rialacha faoin UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras maidir le margaí carbóin agus cuntasaíocht). Ba cheart go ndéanfaí breithniú sa tuarascáil sin ar conas na hionstraimí seo a chur chun feidhme i ndlí an Aontais Eorpaigh trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir CTA AE. Ba cheart freisin go ndéanfaí breithniú ar na rialacha is infheidhme ar eitiltí laistigh de LEE de réir mar is cuí. Ba chóir go mbeadh togra cuí ag gabháil leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir le rannchuidiú na hearnála eitlíochta i dtreo gealltanais laghdaithe uile-gheilleagair don bhliain 203O de chuid AE a áirithiú.

(7)Chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun bearta a ghlacadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú iomchuí a dhéanamh ar astaíochtaí is infheidhme i dtaca le hoibreoirí aerárthaí chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda agus atá á leagan amach ag ICAO. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)Mar shimpliú agus chun tascanna riaracháin a laghdú le haghaidh oibreoirí beaga aerárthaí, ba cheart go leanfaí ar aghaidh le hoibreoirí aerárthaí a astaíonn níos lú ná 1000 tona CO2 in aghaidh na bliana a mheas ar feadh deich mbliana eile ar nós go bhfuil ceanglais Threoir 2003/87/CE á gcomhlíonadh acu, agus le linn na tréimhse sin, ba cheart go leagfaí amach bearta ionas gur féidir leis na hoibreoirí uile cur le laghduithe astaíochta.

(9)Is ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí aerárthaí agus údaráis náisiúnta i bhfianaise an spriocdháta chun tabhairt suas – 30 Aibreán 2018 – amhail a thagraítear i dTreoir 2003/87/CE. Dá réir sin, tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar seo a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 28a mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

i.cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus (b):

(a)na hastaíochtaí go léir ó eitiltí chuig agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013, faoi réir ag an athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 28b’’.

(b)na hastaíochtaí go léir ó eitiltí idir aeradróm atá suite i réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus aeradróm atá suite i réigiún eile de LEE i ndáil le gach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013, faoi réir ag an athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 28b’’.

ii.scriostar pointe (c).

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

i.cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Ó 1 Eanáir 2017 amach, de mhaolú ar Airteagal 3d go 3f, agus go dtí go raibh feidhm ag leasuithe a rinneadh tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b, eiseofar chuig oibreoirí aerárthaí, gach bliain, líon na liúntas a fhreagraíonn don bhliain 2016. Ó 2021 amach, beidh líon na liúntas faoi réir ag cur i bhfeidhm an fhachtóra líní dá dtagraítear in Airteagal 9.’’

ii.scriostar an tríú fomhír.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. De mhaolú ar Airteagal 3d(3), ó 1 Eanáir 2013 amach, déanfar líon na liúntas a bheidh ag gach Ballstát le cur ar ceant a laghdú i gcomhréir le cion na nastaíochtaí atá curtha i leith eitiltí nach bhfuil faoi réir an mhaolaithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.’’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"Beidh feidhm ag mír 1 maidir le tíortha lena ndéantar comhaontú de bhun Airteagal 25 nó 25a, i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe sin, agus leo siúd amháin".

(2)cuirtear isteach Airteagal 28b agus Airteagal 28c mar a leanas:

"Airteagal 28b

An tuairisciú ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda

1.Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le caighdeáin ábhartha ar bith de chuid ICAO nó maidir le hionstraimí dlí eile agus le bearta intíre arna nglacadh ag tríú tíortha ar mhaithe leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, agus maidir le forbairtí ábhartha idirnáisiúnta eile.

2.Ba cheart go ndéanfaí breithniú sa tuarascáil ar conas na hionstraimí sin de chuid ICAO a chur chun feidhme trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo. Déanfar breithniú sa tuarascáil freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le heitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE/EEA).

3.Is ceadmhach tograí a chur leis an tuarascáil, de réir mar is cuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 28a a leasú, a scriosadh, a leathnú nó a athchur, i gcomhréir le gealltanas uile-gheilleagair laghdaithe gáis ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030.

Airteagal 28c

Foráil maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda

1.Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú iomchuí a dhéanamh ar astaíochtaí chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda atá á leagan amach ag ICAA a chur chun feidhme. Is bunaithe ar phrionsabail chéanna an Rialacháin sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a bheidh na forálacha sin agus áiritheofar leo go bhfíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15 na tuarascálacha astaíochtaí a chuirtear isteach.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [23].”

(3)I bpointe (k) d’Iarscríbhinn I, cuirtear an bhliain '2030' in ionad '2020'.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) SWD(2013) 430 final
(2) IO C , , lch. .
(3) IO C , , lch. .
Top